An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VI. Srian le Cruithneachtain Indiathaigh, Min Bhuidhe agus Meascan Mine Buidhe do Dhiol.) Ar Aghaidh (CUID VIII. An Stat do Mheilt Chruithneachtan agus Bhleathaighe.)

7 1933

ACHT TORA TALMHAÍOCHTA (ARBHAR), 1933

CUID VII.

Srian le Plur, Aran, Cruithneachtain, Min Bhuidhe agus Abhair Airithe Bheathadh d'Iomportail agus le hAbhair Airithe Bheathadh d'Easportail.

Srian le plúr d'iomportáil.

85. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith aon phlúr ná min chruithneachtan d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann maran rud é—

(a) gur iomportálaí cláruithe plúir an duine sin, agus

(b) gur fé cheadúnas agus do réir cheadúnais ar n-a dheonadh fén gCuid seo den Acht so ag an Aire Tionnscail agus Tráchtála a hiomportálfar an plúr no an mhin sin.

(2) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

(3) Féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála no féadfar ar agra an Aire sin mar chúisitheoir cionta fén alt so do chúiseamh.

Srian le harán, etc., d'iomportáil.

86. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith aon arán, builíní, brioscaí, ná ullmhóidí eile, go n-úsáidtear chun a ndéanta plúr no min do meileadh ar fad no nách mór ar fad as cruithneachtain, d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann ach amháin fé cheadúnas agus do réir cheadúnais ar n-a dheonadh fén gCuid seo den Acht so ag an Aire Tionnscail agus Tráchtála.

(2) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

(3) Féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála no féadfar ar agra an Aire sin mar chúisitheoir cionta fén alt so do chúiseamh.

Srian le cruithneachtain d'iomportáil.

87. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith cruithneacht d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann maran rud é—

(a) (i) gur iomportálaí cláruithe cruithneachtan an duine sin, agus

(ii) gur fé cheadúnas agus do réir cheadúnais ar n-a dheonadh fén gCuid seo den Acht so ag an Aire Talmhaíochta a hiomportálfar an chruithneacht san, no

(b) gurb é an tAire Tionnscail agus Tráchtála an duine sin, no

(c) gur fé chead agus do réir cheada ar n-a dheonadh fén alt so ag an Aire Talmhaíochta a hiomportálfar an chruithneacht san.

(2) Más deimhin leis an Aire Talmhaíochta gur chun í do dhíol no d'úsáid mar shíol, agus chuige sin amháin, atá aon chruithneacht ag teastáil féadfaidh, tré chead a údarú d'éinne nách iomportálaí cláruithe cruithneachtan, fé réir pé coinníollacha is oiriúnach leis d'fhorchur, an chruithneacht san d'iomportáil, gan teora maidir le ham no le méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le ham no le méid, fé mar is dóich leis an Aire is ceart.

(3) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

(4) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta no féadfar ar agra an Aire sin mar chúisitheoir cionta fén alt so do chúiseamh.

Srian le cruithneachtain Indiathaigh d'iomportáil.

88. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith aon chruithneacht Indiathach d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann maran rud é—

(a) (i) gur iomportálaí cláruithe cruithneachtan Indiathaighe an duine sin, agus

(ii) gur fé cheadúnas agus do réir cheadúnais ar n-a dheonadh fén gCuid seo den Acht so ag an Aire Talmhaíochta a hiomportálfar an chruithneacht Indiathach san, no

(b) gurb é an tAire Talmhaíochta an duine sin.

(2) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

(3) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta no féadfar ar agra an Aire sin mar chúisitheoir cionta fén alt so do chúiseamh.

Srian le coirce, féar agus tuighe d'iomportáil.

89. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo, ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith aon choirce, féar ná tuighe (lasmuich d'fhéar no de thuighe bheidh in úsáid mar abhar pacála agus á iomportáil i dteanta na n-earraí gur chun iad do phacáil a bheidh sé in úsáid) d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann ach amháin fé cheadúnas agus do réir cheadúnais ar n-a dheonadh fén gCuid seo den Acht so ag an Aire Talmhaíochta.

(2) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

(3) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta no féadfar ar agra an Aire sin mar chúisitheoir cionta fén alt so do chúiseamh.

(4) Ní léireofar éinní san alt so mar ní dheineann dleathach aon fhéar no tuighe d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann a bheidh in úsáid mar abhar pacála agus go mbeidh toirmiscthe fé sna hAchtanna um Ghalair Ainmhithe, 1894 go 1932, é d'iomportáil.

Abhair bheathadh sceidealta.

90. —(1) Is abhar beathadh sceidealta chun crícheanna na Coda so den Acht so gach earra dá luaidhtear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

(2) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta, le hordú fén alt so, a dhearbhú aon earra (nách abhar beathadh sceidealta cheanna féin) do bheith ina habhar beathadh sceidealta chun crícheanna na Coda so den Acht so agus pé uair a déanfar aon ordú den tsórt san beidh an earra le n-a mbaineann an t-ordú san ina habhar beathadh sceidealta chun crícheanna na Coda so den Acht so.

(3) Gach ordú déanfar fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an orduithe sin do leagadh fé n-a bhráid amhlaidh, rún do rith ag cur an orduithe sin ar neambrí beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú san.

Srian le habhair bheathadh sceidealta d'iomportáil.

91. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith aon abhar beathadh sceidealta, ná aon tsubstaint (seachas earra eiscithe) a húsáidtear chun aon abhair bheathadh sceidealta d'ullamhú, d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann ach amháin fé cheadúnas agus do réir cheadúnais ar n-a dheonadh fén gCuid seo den Acht so ag an Aire Talmhaíochta.

(2) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

(3) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta no féadfar ar agra an Aire sin mar chúisitheoir cionta fén alt so do chúiseamh.

(4) Is earra eiscithe chun crícheanna an ailt seo gach earra dá luaidhtear i bhfo-mhíreanna (b) go (w), go huile, de mhír 7 den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, ach má dheineann an tAire ordú á dhearbhú aon earra acu san do bheith ina habhar beathadh sceidealta chun crícheanna na Coda so den Acht so, scuirfidh an earra le n-a mbaineann an t-ordú san de bheith ina hearra eiscithe chun crícheanna an ailt seo.

Ceadúnaisí iomportála.

92. —(1) Féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála, le ceadúnas, a údarú do dhuine ar bith, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leis d'fhorchur, aon earra dhíobh san le n-a mbaineann an fo-alt so d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann, gan teora maidir le ham no le méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le ham no le méid, fé mar is dóich leis an Aire sin is ceart.

Baineann an fo-alt so leis na hearraí seo leanas, eadhon:—

(a) plúr cruithneachtan;

(b) min chruithneachtan;

(c) arán;

(d) builíní;

(e) brioscaí; agus

(f) aon ullmhóid eile go n-úsáidtear chun a déanta plúr no min do meileadh ar fad no nách mór ar fad as cruithneachtain.

(2) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta, le ceadúnas, a údarú do dhuine ar bith, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leis d'fhorchur, aon earra le n-a mbaineann an fo-alt so d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann, gan teora maidir le ham no le méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le ham no le méid, fé mar is dóich leis an Aire sin is ceart.

Baineann an fo-alt so leis na hearraí seo leanas, eadhon:—

(a) cruithneacht;

(b) cruithneacht Indiathach;

(c) min bhuidhe;

(d) coirce, féar agus tuighe; agus

(e) aon abhar beathadh sceidealta no aon tsubstaint a húsáidtear chun aon abhair bheathadh sceidealta d'ullamhú.

(3) Aon cheadúnas a deonfar fén alt so, féadfaidh an tAire do dheon é é do cheiliúradh aon uair.

Baint na nAchtanna Custum.

93. —Tuigfear earraí go dtoirmisctear de bhuadh na Coda so den Acht so iad d'iomportáil do bheith ar na hearraí a háirmhítear agus a tuairiscítear ar Chlár na dToirmeasc agus na Srian maidir le hEarraí do Theacht Isteach, atá in alt 42 den Customs Consolidation Act, 1876, agus na forálacha den Acht san, mar atá san leasuithe no leathnuithe le haon Acht ina dhiaidh sin, a bhaineann le hearraí toirmisctear no sriantar d'iomportáil beidh baint acu dá réir sin.

Srian le habhair bheathadh áirithe d'easportáil.

94. —(1) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta, más oiriúnach leis é, am ar bith agus o am go ham, le hordú, na nithe seo leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) a thoirmeasc earra ar bith le n-a mbaineann an t-alt so d'easportáil ach amháin fé cheadúnas agus do réir cheadúnais ar n-a dheonadh fén alt so ag an Aire Talmhaíochta, agus

(b) aon ordú do rinne sé roimhe sin fén alt so do cheiliúradh.

(2) Pé uair a bheidh aon ordú i bhfeidhm á thoirmeasc earra ar bith le n-a mbaineann an t-alt so d'easportáil, ní bheidh sé dleathach d'éinne earra ar bith den tsórt san d'easportáil.

(3) Féadfaidh aon oifigeach Custum agus Máil earra ar bith le n-a mbaineann an t-alt so, agus a bheidh á heasportáil no go mbeifear a d'iarraidh í d'easportáil contrárdha don alt so, do choinneáil agus do thógaint agus chuige sin féadfaidh pacáid ar bith d'oscailt ina mbeidh earra ar bith den tsórt san no ’na mbeidh amhras aige a leithéid do bheith inte, agus na forálacha den Customs Consolidation Act, 1876, i dtaobh earraí tógtar fén Acht san d'ordú a bheith geallbhruidthe agus do chur de láimh, bainfid le gach earra tógfar fén alt so fé is dá mba fén Acht san do tógfaí iad.

(4) Beidh éifeacht ag an alt so fé is dá mba chuid é den Customs Consolidation Act, 1876, agus beidh baint dá réir sin ag an Acht san agus ag aon Acht le n-a leasuítear no le n-a leathnuítear an tAcht san, agus má deintear earraí ar bith go dtoirmisctear a n-easportáil leis an alt so d'easportáil contrárdha don alt so no iad do thabhairt go dtí aon chéibh no áit eile chun iad d'easportáil amhlaidh no iad d'iompar ar uisce chun iad d'easportáil amhlaidh, dlighfear an pionós céanna do chur ar an easportálaí no ar a ghníomhaire a dlightear do chur ar dhuine, fé alt 186 den Acht san, mar gheall ar earraí toirmiscthe d'iomportáil go nea-dhleathach.

(5) Baineann an t-alt so leis na hearraí seo leanas, sé sin le rá:—

(a) turscar cruithneachtan;

(b) toradh ar bith eile is féidir d'úsáid mar abhar beathadh d'ainmhithe.