An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT UM IOMPAR AR BHÓITHRE, 1933) Ar Aghaidh (CUID II. Gnothai Iompair Earrai Ceannaiochta de Bhothar do Rialail.)

8 1933

ACHT UM IOMPAR AR BHÓITHRE, 1933

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal.

1. —Féadfar an tAcht um Iompar ar Bhóithre, 1933 , do ghairm den Acht so.

Mínithe.

2. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála ;

cialluíonn an abairt “Acht 1932” an t Acht um Iompar ar Bhóithre, 1932 (Uimh. 2 de 1932) ;

foluíonn an focal “postanna” málaí puist agus pacáidí puist (seachas telegrama) mar a mínítear iad san sa Post Office Act, 1908 ;

foluíonn an abairt “earraí ceannaíochta” earraí, áirnéis, mineráil agus ainmhithe, ach ní fholuíonn sí bagáiste paisnéirí ná postanna ;

ní fholuíonn an abairt “feithicil inneall-ghluaiste” inneall bóthair iarainn, ná tram ná aon fheithicil eile ghluaiseann ar bhuan-ráileacha ;

ní fholuíonn an abairt “iompar ar luach saothair” earraí ceannaíochta d'iompar a bhíonn á gcur ar fáil do chuistiméir ag únaer na feithicle inneall-ghluaiste ar a mbíonn na hearraí ceannaíochta san á n-iompar, más i gcúrsa a seachadtha don chustuiméir sin a bhíonn na hearraí ceannaíochta san á n-iompar amhlaidh ;

cialluíonn an abairt “iompar earraí ceannaíochta de bhóthar” earraí ceannaíochta d'iompar de bhóthar ar luach saothair i bhfeithiclí inneall-ghluaiste no i bhfeithiclí bhíonn á dtarrac ag feithiclí inneall-ghluaiste, agus foluíonn sí, sa mhéid gur leis na feithiclí sin a deintear san, bailiú agus seachadadh earraí ceannaíochta a bhíodh ar siúl go dtí so ag cuideachtana bóthair iarainn, canáile, agus loingseoireachta, mar ghnó chabhartha no mar fho-ghnó dá bpríomh-ghnóthaí, no ag gníomhairí thar ceann na gcuideachtan san, ach ní fholuíonn sí—

(a) earraí ceannaíochta d'iompar de bhóthar-sheirbhísí do phaisnéirí ar n-a gceadúnú fé Acht 1932, ná

(b) postanna d'iompar de dhruim chonnartha no fé chonnradh leis an Aire Puist agus Telegrafa, ná

(c) earraí ceannaíochta d'iompar ar aon fheithicil gur postanna d'iompar is príomh-ghnó dhi i gcás ina gceaduítear agus sa mhéid go gceaduítear fén gconnradh leis an Aire Puist agus Telegrafa earraí ceannaíochta d'iompar ar an bhfeithicil sin ;

cialluíonn an abairt “cuideachta údaruithe chun earraí ceannaíochta d'iompar” cuideachta le n-a mbaineann Cuid III d'Acht 1932 agus atá i dteideal, de bhuadh ailt 28 d'Acht 1932, iompar earraí ceannaíochta de bhóthar do dhéanamh no do bheith ar siúl acu ;

cialluíonn an abairt “cuideachta údaruithe chun paisnéirí d'iompar” cuideachta le n-a mbaineann Cuid III d'Acht 1932, agus atá i dteideal, de bhuadh ailt 28 d'Acht 1932, iompar paisnéirí de bhóthar do dhéanamh no do bheith ar siúl acu ;

cialluíonn an abairt “cuideachta loingseoireachta” duine ag á mbíonn seirbhís rialta ghaltáin ar siúl go port no o phort i Saorstát Éireann ;

cialluíonn an abairt “pláta feithicle” pláta fén ainm sin ar n-a thabhairt amach fé Chuid II den Acht so ;

cialluíonn an focal “laraí” feithicil inneall-ghluaiste go gcabhail ar n-a ceapadh agus ar n-a déanamh chun earraí ceannaíochta d'iompar ;

cialluíonn an focal “tarraicire” feithicil inneall-ghluaiste—

(a) nách laraí, agus

(b) atá déanta agus ceaptha chun feithicle eile do tharrac :

cialluíonn an abairt “an leabhar clárathachta” maidir le feithicil inneall-ghluaiste an leabhar clárathachta do tugadh amach i gcóir na feithicle sin fén Roads Act, 1920 ;

tá leis an abairt “bóthar-sheirbhís do phaisnéirí” an brí céanna atá léi in Acht 1932, mar a leasuítear san leis an Acht so ;

tá leis na habairtí “ceadúnas paisneura” agus “ceadúnas paisneura bliantúil” na bríonna céanna fé seach atá leo in Acht 1932 ;

cialluíonn an abairt “meáchaint gan ualach” maidir le feithicil inneall-ghluaiste an mheáchaint gan ualach a luaidhtear sa leabhar clárathachta bhaineann leis an bhfeithicil sin ;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén Acht so.

Iomparthóirí atá ann cheana.

3. —(1) Einne adeir gur duine é ag á raibh gnó ar siúl is gnó iompair earraí ceannaíochta de bhóthar atá ann cheana do réir bhrí an ailt seo, no gur comharba i dteideal é do dhuine ag á raibh gnó ar siúl is gnó iompair earraí ceannaíochta de bhóthar atá ann cheana, féadfaidh, ar dháta nách déanaí ná mí tár éis dáta an Achta so do rith, a iarraidh ar an Aire deimhniú do dheonadh dho fén alt so.

(2) Is i scríbhinn a bheidh gach iarratas fén alt so agus luadhfar ann go hiomlán na fíora atá ag an iarratasóir le n-a rá gur duine é féin, no a roimh-shealbhadóir teidil, ag á raibh gnó ar siúl is gnó iompair earraí ceannaíochta de bhóthar atá ann cheana.

(3) Má deintear aon iarratas chun an Aire fén alt so agus dá réir, déanfaidh an tAire, i gcás gur deimhin leis, agus sa chás san amháin, gur duine é an t-iarratasóir, no a roimh-shealbhadóir teidil, ag á raibh gnó ar siúl is gnó iompair earraí ceannaíochta de bhóthar atá ann cheana, déanfaidh deimhniú do thabhairt amach don iarratasóir dá réir sin, agus aon duine dá dtabharfar amach deimhniú fén alt so beidh sé agus ní bheidh duine ar bith eile ina iomparthóir atá ann cheana chun crícheanna an Achta so.

(4) Beidh duine, chun crícheanna an ailt seo, ina dhuine ag á raibh gnó ar siúl is gnó iompair earraí ceannaíochta de bhóthar atá ann cheana, má bhí an gnó san iompair earraí ceannaíochta de bhóthar atá ann cheana ar siúl aige ar dháta an Achta so do rith agus má bhí an gnó san, ar feadh iomláine na tréimhse is gá chun gnó iompair earraí ceannaíochta de bhóthar atá ann cheana do dhéanamh de, ar siúl ag an duine sin no i ndiaidh a chéile ag daoine gur uatha no tríotha adeir an duine sin atá sé i dteideal an ghnótha san agus ag an duine sin.

(5) Chun crícheanna an ailt seo beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá :—

(a) beidh gach gnó acu so leanas ina ghnó iompair earraí ceannaíochta de bhóthar atá ann cheana, sé sin le rá :—

(i) aon ghnó iompair earraí ceannaíochta de bhóthar ar ar tosnuíodh tar éis an 1adh lá d'Iúl, 1932, agus roimh an 8adh lá d'Fheabhra, 1933, agus do bhí ar siúl sa tslí is gá do réir an fho-ailt seo ar feadh iomláine na tréimhse dar tosach dáta an tosnuithe sin agus dar críoch dáta an Achta so do rith,

(ii) gnó iompair earraí ceannaíochta de bhóthar do bhí ar siúl sa tslí is gá do réir an fho-ailt seo ar feadh iomláine na tréimhse dar tosach an 1adh lá d'Iúl, 1932, agus dar críoch dáta an Achta so do rith,

(b) ní tuigfear gnó iompair earraí ceannaíochta de bhóthar do bheith ar siúl sa tslí is gá do réir an fho-ailt seo ar feadh aon tréimhse maran rud é, i rith na tréimhse sin, go raibh an gnó san—

(i) ag féachaint do chineál an ghnótha san, ar siúl go réasúnta leanúnach, agus

(ii) ar siúl le feithicli inneall-ghluaiste do bhí ceadúnaithe go cuibhe i Saorstát Éireann fé alt 13 den Finance Act, 1920, mar atá san leasuithe le hachtacháin ina dhiaidh sin.

A thuiscint earraí ceannaíochta do bheith á n-iompar ar luach saothair.

4. —I gcás feithicle inneall-ghluaiste no feithicle bheidh á tarrac ag feithicil inneall-ghluaiste d'úsáid chun earraí ceannaíochta nách le húnaer na feithicle sin d'iompar, tuigfear chun crícheanna an Achta so, go dtí go gcruthófar a mhalairt, na hearraí ceannaíochta san do bheith á n-iompar ar luach saothair.

An lá ceaptha.

5. —(1) Féadfaidh an tAire, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Dlí agus Cirt, lá nách luaithe ná ráithe tar éis an Achta so do rith do cheapadh le hordú chun bheith mar lá cheaptha chun crícheanna an Achta so.

(2) San Acht so cialluíonn an abairt “an lá ceaptha” an lá cheapfaidh an tAire le hordú fén alt so.

Rialacháin.

6. —Féadfaidh an tAire le hordú rialacháin do dhéanamh chun gach críche no chun aon chríche acu so leanas, sé sin le rá :—

(a) ag ordú éinní dá dtagartar san Acht so mar ní orduithe no mar ní bheidh orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire ;

(b) ag ordú éinní go n-údaruítear don Aire leis an Acht so é d'ordú le rialacháin ar n-a ndéanamh fén Acht so.

Airgead.

7. —(1) Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghaidh an tAire no an Gárda Síochána chun an Achta so do chur i bhfeidhm.

(2) Déanfar gach táille gheobhaidh an tAire no Ard-Cheannphort den Ghárda Síochána fén Acht so do bhailiú agus cuntas do thabhairt ina taobh i pé slí ordóidh an tAire le ceadú an Aire Airgid.