An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CEAD SCEIDEAL.)

9 1933

ACHT NA mBÓTHAR IARAINN, 1933

DARA SCEIDEAL.

1. Sa Sceideal so cialluíonn an focal “seirbhís” seirbhís fé aon chuideachtain bhóthair iarainn no cuideachtana bóthair iarainn gur i Saorstát Éireann atá a líne no a línte no cuid dá líne no dá línte.

2. Isé cúiteamh a bheidh iníoctha le fostaí ag á raibh, ar dháta a bhriste, seirbhís leanúnach ar feadh tréimhse ba ghiorra ná cúig bliana ná aisce déanfar amach do réir na séú coda, in aghaidh gach bliana iomláine dá chuid seirbhíse, de mhéid an luach saothair agus an tsochair oifige bhliantúla do bhí aige ar dháta a bhriste.

3. Isé cúiteamh a bheidh iníoctha le fostaí ag á raibh, ar dháta a bhriste, seirbhís leanúnach ar feadh tréimhse de chúig bliana ar a laighead ná suim bhliantúil a híocfar leis le n-a shaol agus nách mó i gcás ar bith ná dhá dtrian dá luach saothair agus dá shochar oifige bhliantúil ar dháta a bhriste, agus a déanfar amach, laistigh den teorainn sin, do réir na seascadadh coda, in aghaidh gach bliana iomláine dá chuid seirbhíse, den luach saothair agus den tsochar oifige bhliantúil sin, maraon le breis a bheidh do réir líon na mblian iomlán dá chuid seirbhíse agus a déanfar amach do réir an scála so leanas :—

má bhíonn sé tar éis seirbhíse fiche blian iomlán no níos mó do thabhairt uaidh, breis de dheich seascadadh den luach saothair agus den tsochar oifige sin do bhí aige ;

má bhíonn sé tar éis seirbhíse cúig mblian déag iomlán no níos mó do thabhairt uaidh ach gan seirbhís fhiche blian iomlán do thabhairt uaidh, breis de sheacht seascadadh den luach saothair agus den tsochar oifige sin do bhí aige ;

má bhíonn sé tar éis seirbhíse deich mblian iomlán no níos mó do thabhairt uaidh ach gan seirbhís chúig mblian déag iomlán do thabhairt uaidh, breis de chuig sheascadadh den luach saothair agus den tsochar oifige sin do bhí aige ;

má bhíonn sé tar éis seirbhíse cúig mblian iomlán no níos mó do thabhairt uaidh ach gan seirbhís deich mblian iomlán do thabhairt uaidh, breis de thrí sheascadadh den luach saothair agus den tsochar oifige sin do bhí aige.

4. I gcás duine do glacadh i bhfostaíocht chuideachtan bóthair iarainn mar dhuine go gcáilíochtaí speisialta agus aois aige an uair sin ba mhó ná an aois ba ghnáth do bheith ag daoine le linn iad do thosnú i bhfostaíocht chuideachtan bóthair iarainn, féadfar an tréimhse seirbhíse bheidh tugtha uaidh aige do mhéadú tré pé méid blian do chur léi a dheallróidh bheith cóir, ag féachaint do chúrsaí speisialta an cháis, agus leis sin is ar an tréimhse mhéaduithe sin de sheirbhís a déanfar amach an cúiteamh a bheidh ag dul do.

5.   (a) I gcás duine do bheith as láthair go sealadach o n-a fhostaíocht agus é bheith, le linn na haimsire go léir a bhí sé as láthair amhlaidh, ar seirbhís in aon cheann de sna fórsaí mileata bhí ag fónamh fé údarás an Chéad Dáil Éireann, An Dara Dáil Éireann, no Rialtais Shealadaigh na hÉireann, no fé údarás an Airm, an Chabhlaigh no an Aer-Fhórsa Bhriotáinigh, no i gceachtar de sna fórsaí bhí i gcoinnibh a chéile le linn an imreasáin chathardha sna blianta 1922, 1923, 1924 no i gcoinneáil no i bpríosún de dheascaibh na seirbhíse sin, déanfar, chun crícheanna an Sceidil seo, an fhaid a bhí sé as láthair go sealadach amhlaidh d'áireamh mar chuid dá thréimhse sheirbhíse.

(b) Gan dochar d'fhorálacha na míre sin roimhe seo, i gcás duine ar bith do bheith as láthair o n-a fhostaíocht ar feadh tréimhse ba ghiorra ná bliain toisc bóthair iarainn no cuid de bhóthar iarainn do dhúnadh ar fad no go leathrannach, de dheascaibh an imreasáin chathardha, sna blianta 1922 no 1923, ní tuigfear go ndearna an fhaid do bhí sé as láthair amhlaidh bearna ina fhostaíocht má bhí sí gan aon bhearna eile do bheith inte, ach ní déanfar an fhaid sin d'áireamh mar chuid dá thréimhse sheirbhíse chun cúitimh do dhéanamh amach fén Acht so.

6. I gcás duine ar bith do bheith tar éis seirbhíse do thabhairt uaidh mar phrintíseach céirde fé aon chuideachtain bhóthair iarainn, ní déanfar tréimhse na printíseachta san d'áireamh mar chuid dá thréimhse sheirbhíse.

7. Pé uair is liúntas bliantúil an cúiteamh is iníoctha le fostaí cuideachtan bóthair iarainn agus a bheidh an fostaí sin i dteideal sochair i bhfuirm aois-liúntais is iníoctha amach as aon chiste rann-íocach aois-liúntais no sochair dá dtugadh cuideachta bhóthair iarainn ag á raibh sé ar fostú síntiúisí, isé bheidh sa liúntas bhliantúil sin, d'ainneoin éinní atá sa Sceideal so, ná an deifríocht idir méid an liúntais bhliantúla do bheadh iníoctha dá mba ná beadh an fostaí sin i dteideal aon tsochair den tsórt san agus méid bliantúil no luach bliantúil an tsochair sin, agus ina theanta san íocfaidh an chuideachta bhóthair iarainn sin leis an bhfostaí sin cnap-shuim is có-ionann le méid iomlán na síntiús d'íoc an fostaí sin uair ar bith leis an gciste aois-liúntais no sochair.

8. Duine ar bith a bheidh ag fáil suime bliantúla i bhfuirm chúitimh féadfaidh, laistigh de bhliain o dháta shocruithe méid na suime bliantúla san, a iarraidh ar an gcuideachtain bhóthair iarainn do bhris é an ceathrú cuid ar a mhéid den tsuim bhliantúil sin do ghlanadh tré shuim chaipitiúil airgid d'íoc agus ní dhéanfaidh an chuideachta bhóthair iarainn sin diúltadh go mí-réasúnta do ghéilleadh d'aon iarratas den tsórt san.