An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Feithiclí Inneall-Ghluaiste do Roinnt ina gCineálacha, etc.) Ar Aghaidh (CUID IV. Teoranta Luais d'Fheithicli Inneall-Ghluaiste.)

11 1933

ACHT UM THRÁCHT AR BHÓITHRE, 1933

CUID III.

Ceadunaisi chun Feithicli Inneall-Ghluaiste do Thiomaint.

Údarás ceadúnúcháin.

21. —Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “údarás ceadúnúcháin” comhairle chontae no chontae-bhuirge.

Toirmeasc ar fheithicil inneallghluaiste do thiomáint gan ceadúnas.

22. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith feithicil inneall-ghluaiste do thiomáint ar aon bhóthar mara mbeidh ceadúnas aige (dá ngairmtear ceadúnas tiomána san Acht so) a bheidh deonta dho fén gCuid seo den Acht so, agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, á cheadúnú an fheithicil sin do thiomáint.

(2) Ní bheidh sé dleathach d'únaer feithicle inneall-ghluaiste duine eile d'fhostú chun na feithicle inneall-ghluaiste sin do thiomáint ar aon bhóthar mara mbeidh ag an duine fostófar amhlaidh ceadúnas tiomána bheidh deonta dho fén gCuid seo den Acht so, agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, á cheadúnú an fheithicil sin do thiomáint.

(3) Gach duine thiomáinfidh feithicil inneall-ghluaiste no fhostóidh duine eile chun feithicle inneall-ghluaiste do thiomáint contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air má sé an chéad chionta aige é agus, má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin, fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná ráithe no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

(4) Gach duine ciontófar ar an slí achmair sa chionta san fén alt so gurb é is ann do ná feithicil inneall-ghluaiste do thiomáint contrárdha don alt so agus do bhí, le linn do an chionta san do dhéanamh, dí-cháilithe chun ceadúnais tiomána do bheith aige dlighfear an pionós so leanas do chur air in ionad an phionóis a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo, sé sin le rá, fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná ráithe no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile má sé an chéad chionta aige é, no, má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin, fíneáil ná raghaidh thar céad púnt no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

Srian le seilbh cheadúnaisí tiomána.

23. —(1) Ní bheidh ceadúnas tiomána ag éinne fé bhun sé mblian déag d'aois.

(2) Ní bheidh ag éinne uair ar bith níos mó ná aon cheadúnas tiomána amháin a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire.

Iarrataisí ar cheadúnaisí tiomána.

24. —(1) Féadfaidh duine ar bith ná beidh fé bhun sé mblian déag d'aois agus ná beidh de thurus na huaire dí-cháilithe leis an Acht so ná fé chun ceadúnais tiomána do bheith aige, féadfaidh a iarraidh ar an údarás ceadúnúcháin gur ina líomatáiste feidhmiúcháin a chomhnuíonn sé de ghnáth no bhíonn gnó ar siúl aige ceadúnas tiomána do dheonadh dho no, má sé is gá sa chás, athnuachaint do dhéanamh ar cheadúnas tiomána bheidh an uair sin no bhí roimhe sin aige.

(2) Beidh gach iarratas fén alt so sa bhfuirm orduithe agus beidh sé fé láimh an iarratasóra agus luadhfar ann aois an iarratasóra maraon le pé mion-innste eile bheidh orduithe agus beidh deimhniú infheadhmachta ag gabháil leis do deonadh don iarratasóir fé Chuid VI den Acht so laistigh de mhí roimh dháta an iarratais no beidh ann no beidh ina theanta dearbhú sa bhfuirm seo leanas fé láimh an iarratasóra, sé sin le rá :—

“Dearbhuím leis seo ná fuil aon ghalar orm agus ná fuilim fé aon mhí-chumas aigne no cuirp, chó fada lem' eolas, is deallrathach do bhéarfadh go mbeadh sé contabharthach don phuiblíocht mise do thiomáint feithicle inneall-ghluaiste in áit phuiblí.”

(3) Má luaidhtear in iarratas fén alt so go bhfuil an t-iarratasóir os cionn bliain is fiche d'aois beidh san ina luadh ar aois an iarratasóra do réir bhrí an fho-ailt sin roimhe seo den alt so.

(4) Má sé a hiarrfar in iarratas fén alt so ná ceadúnas tiomána do dheonadh tré athnuachaint do dhéanamh ar cheadúnas do deonadh roimhe sin agus má bhíonn ag an údarás ceadúnúcháin chun a ndéanfar an t-iarratas san deimhniú infheadhmachta do lóisteáil an t-iarratasóir chun críche iarratais roimhe sin fén alt so, féadfar, in ionad deimhniú infheadhmachta do bheith ag gabháil leis an iarratas san a céad-luaidhtear, dearbhú sa bhfuirm seo leanas fé láimh an iarratasóra do bheith i dteanta an iarratais sin no ann, sé sin le rá :—

“Dearbhuím leis seo nár thárla dhom, chó fada lem' eolas, bheith, o tugadh an deimhniú infheadhmachta amach dom dar dáta an           lá de                        , fé aon mhíchumas nua no mí-chumas méaduithe aigne no cuirp do dhéanfadh deifir do dhleathacht an deimhnithe sin.”

(5) Má dheineann duine ar bith dearbhú fén alt so do shighniú a bheidh bréagach go bhfios do beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh téarma nách sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

(6) Má deintear, in aon chúiseamh mar gheall ar chionta fén alt so, cruthúnas do thabhairt gur sealbhóir ar cheadúnas tiomána ar n-a dheonadh tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so an té bheidh á chúiseamh amhlaidh beidh an cruthúnas san ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, go ndearna an duine sin dearbhú sa bhfuirm is gá do réir an ailt seo do shighniú.

Ceadúnaisí tiomána do dheonadh.

25. —(1) Ar iarratas do dhéanamh go cuibhe fén gCuid seo den Acht so agus dá réir chun údaráis cheadúnúcháin á iarraidh ortha ceadúnas tiomána do dheonadh agus ar an iarratasóir do dhéanamh íoca leis an údarás ceadúnúcháin sin sa diúité máil is gá de thurus na huaire do réir dlí a íoc ar cheadúnas tiomána do thógaint amach, ansan, maran léir don údarás ceadúnúcháin sin go bhfuil an t-iarratasóir fé bhun sé mblian déag d'aois no go bhfuil sé dícháilithe leis an Acht so no fé chun ceadúnais tiomána do bheith aige no ná fuil sé ina ghnáth-chomhnaí ná ná bíonn gnó ar siúl aige i líomatáiste feidhmiúcháin an údaráis sin, déanfaid ceadúnas tiomána do dheonadh don iarratasóir sin.

(2) Beidh gach ceadúnas tiomána sa bhfuirm orduithe agus luadhfar ann aois an iarratasóra fé mar a bheidh san curtha síos aige ina iarratas ar an gceadúnas san, agus fós an dáta ar a dtosnóidh an ceadúnas san fén alt so agus pé nithe eile is gá do réir an Achta so do bheith sa cheadúnas san.

(3) Féadfar ceadúnas tiomána a dheonfaidh údarás ceadúnúcháin fén alt so do dhuine go mbeidh no go raibh ceadúnas tiomána aige ar n-a dheonadh roimhe sin do ag an údarás ceadúnúcháin sin agus a bheidh i bhfeidhm fós no bheidh tar éis dul in éag laistigh den ráithe roimhe sin, féadfar san do dheonadh amhlaidh tré athnuachaint do dhéanamh ar an gceadúnas san do deonadh roimhe sin.

(4) I gcás an té dá ndeonfaidh údarás ceadúnúcháin ceadúnas tiomána fén alt so do bheith, le linn an deonta san, i seilbh cheadúnais tiomána ar n-a dheonadh dho roimhe sin ag an údarás ceadúnúcháin sin no ag aon údarás ceadúnúcháin eile agus a bheidh fós gan dul in éag, tosnóidh an ceadúnas tiomána san a céad-luaidhtear díreach ar dhul in éag don cheadúnas san do deonadh roimhe sin, agus i ngach cás eile is díreach tar éis a dheonta thosnóidh ceadúnas tiomána dheonfaidh údarás ceadúnúcháin.

(5) Má chuireann duine ina luighe ar údarás cheadúnúcháin go bhfuil ceadúnas tiomána do dheon an t-údarás ceadúnúcháin sin do imithe amú no millte no díthithe féadfaidh an t-údarás ceadúnúcháin sin dúbláid den cheadúnas san do thabhairt amach don duine sin agus féadfaid táille nách mó ná scilling d'éileamh ar an dúbláid sin.

Oibriúchán ceadúnaisí tiomána.

26. —(1) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt anso ina dhiaidh seo, déanfaidh agus déarfaidh gach ceadúnas tiomána deonfar tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so an té dá ndeonfar é do cheadúnú—

(a) má bhíonn no nuair a bheidh sé bliana déag slán ag an duine sin gan é bheith seacht mbliana déag d'aois, mótar-rothar do thiomáint, agus

(b) má bhíonn no nuair a bheidh seacht mbliana déag slán ag an duine sin gan é bheith ocht mbliana déag d'aois, aon tsaghas mótar-fheithicle éadtruime no mótarrothair do thiomáint, agus

(c) má bhíonn no nuair a bheidh ocht mbliana déag slán ag an duine sin gan é bheith bliain is fiche d'aois, aon tsaghas feithicle inneall-ghluaiste do thiomáint ach amháin mótar-fheithicil trom no gluaisteoir faid a bheidh paisnéirí á n-iompar ag an bhfeithicil no an gluaisteoir sin ar luach saothair, agus

(d) má bhíonn no nuair a bheidh bliain is fiche slán ag an duine sin, aon tsaghas feithicle inneall-ghluaiste do thiomáint.

(2) I gcás duine do bheith, le linn tosach feidhme na Coda so den Acht so, i seilbh cheadúnais ar n-a dheonadh dho fé alt 3 den Motor Car Act, 1903, agus a bheidh i bhfeidhm le linn an tosach feidhme sin, beidh éifeacht ag pé foráil acu so leanas is infheidhmithe, sé sin le rá :—

(a) má bhí an duine sin i seilbh cheadúnais no cheadúnaisí fén alt san 3 go leanúnach ar feadh tréimhse nár ghiorra ná sé mí agus dar chríoch an tosach feidhme sin, oibreoidh an ceadúnas san no an ceadúnas is déanaí acu san (do réir mar bheidh) agus gach ceadúnas a deonfar tré athnuachaint do dhéanamh ar an gcéanna fén gCuid seo den Acht so, oibreoidh (i dteanta aon oibriúcháin no éifeachta eile bheidh ag an gceadúnas no ag an athnuachaint sin fén gCuid seo den Acht so agus gan dochar don oibriúchán no don éifeacht san) chun an duine sin do cheadúnú, ón tosach feidhme sin, chun aon tsaghas feithicle inneallghluaiste do thiomáint a cheadúnaigh an ceadúnas san do a thiomáint díreach roimh an tosach feidhme sin, no

(b) má bhí an duine sin i seilbh cheadúnais no cheadúnaisí fén alt san 3 go leanúnach ar feadh tréimhse ba ghiorra ná sé mhí ach nár ghiorra ná dhá mhí agus dar críoch an tosach feidhme sin agus má bhí sé díreach roimh an tosach feidhme sin ag tiomáint feithicle inneall-ghluaiste chun no i gcúrsa a shlí bheatha do thuilleamh, oibreoidh an ceadúnas san no an ceadúnas is déanaí acu san (do réir mar bheidh) agus gach ceadúnas a deonfar tré athnuachaint do dhéanamh ar an gcéanna fén gCuid seo den Acht so, oibreoidh (i dteanta aon oibriúcháin no éifeachta eile bheidh ag an gceadúnas no ag an athnuachaint sin fén gCuid seo den Acht so agus gan dochar don oibriúchán no don éifeacht san) chun an duine sin do cheadúnú, ón tosach feidhme sin, chun na feithicle inneall-ghluaiste do bhí á tiomáint aige amhlaidh mar adubhradh do thiomáint, maraon le haon fheithicil inneall-ghluaiste eile de chineál na feithicle sin.

(3) Gach ceadúnas tiomána deonfar fén gCuid seo den Acht so (le n-a n-áirmhítear ceadúnas a deonfar amhlaidh tré athnuachaint) do dhuine bheidh tar eis deimhniú infheadhmachta teoranta do lóisteáil leis an údarás ceadúnúcháin aon uair roimhe sin, ní cheadóidh agus déarfaidh ná ceaduíonn ach feithicil inneallghluaiste do thiomáint a bheidh den chineál áirithe no de chineál de sna cineálacha áirithe bheidh luaidhte chuige sin sa deimhniú san no sa deimhniú is déanaí den tsórt san agus a hainmneofar sa cheadúnas san agus í gléasta leis na feistisí speisialta no na nithe speisialta bheidh luaidhte sa deimhniú san no sa deimhniú is déanaí den tsórt san agus a háirmheofar agus a tuairisceofar sa cheadúnas san sna téarmaí céanna ina mbeid áirmhithe agus tuairiscithe sa deimhniú san no sa deimhniú is déanaí den tsórt san, do réir mar bheidh.

(4) Gach ceadúnas tiomána deonfar fén gCuid seo den Acht so (le n-a n-áirmhítear ceadúnas tiomána deonfar amhlaidh tré athnuachaint) do dhuine bheidh tar éis deimhniú infheadhmachta chun othar-charáiste do thiomáint do lóisteáil leis an údarás ceadúnúcháin aon uair roimhe sin, ní cheadóidh agus déarfaidh ná ceaduíonn ach feithicil inneall-ghluaiste do thiomáint a bheidh den chineál áirithe no de chineál de sna cineálacha airithe bheidh luaidhte chuige sin sa deimhniú san no sa deimhniú is déanaí den tsórt san agus a hainmneofar sa cheadúnas san agus é den phátrún agus den déanamh speisialta bheidh luaidhte sa deimhniú san no sa deimhniú is déanaí den tsórt san agus a háirmheofar agus a tuairisceofar sa cheadúnas san sna téarmaí céanna ina mbeidh sé áirmhithe agus tuairiscithe sa deimhniú san no sa deimhniú is déanaí den tsórt san, do réir mar bheidh.

An té dá ndeonfar ceadúnas tiomána do scríobhadh a ainme air.

27. —(1) Beidh sé de dhualgas ar gach duine dá ndeonfar ceadúnas tiomána tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so a ainm do scríobhadh láithreach ar an gceadúnas san san áit a taisbeántar ann chuige sin.

(2) D'ainneoin éinní atá san Acht so ní bheidh aon cheadúnas tiomána deonfar tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so i bhfeidhm ná ní bheidh éifeacht ar bith aige go dtí go mbeidh an té dá ndeonfar é tar éis a ainme do scríobhadh air do réir an ailt seo.

Ré cheadúnais tiomána.

28. —Fé réir forálacha na Coda so den Acht so beidh gach ceadúnas tiomána i bhfeidhm ar feadh bliana ón dáta ar a dtosnóidh sé agus raghaidh in éag ansan.

Feithicil inneallghluaiste do thiomáint le linn bheith neamhinfheadhma.

29. —Gach duine thiomáinfidh feithicil inneall-ghluaiste in áit phuiblí agus aon ghalar air no é fé mí-chumas aigne no cuirp, go bhfios do, is deallrathach do bhéarfadh go mbeadh sé contabharthach don phuiblíocht é do thiomáint na feithicle sin in áit phuiblí beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air má sé an chéad chionta aige é agus, má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin, fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead.

Feithicil inneallghluaiste do thiomáint le linn bheith ar meisce.

30. —(1) Gach duine dhéanfaidh agus é ar meisce feithicil inneall-ghluaiste do thiomáint, no tabhairt fé n-a tiomáint, in áit phuiblí beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear, má sé an chéad chionta fén alt so aige é, fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná ráithe no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile agus, má sé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin fén alt so aige é, fíneáil ná raghaidh thar céad púnt no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

(2) Pé uair a ciontófar duine i gcionta fén alt so déanfaidh an chúirt a chiontóidh an duine sin amhlaidh ordú (dá ngairmtear san Acht so ordú dí-cháilíochta iarmartach) á dhearbhú an duine sin do bheith dí-cháilithe chun ceadúnais tiomána do bheith aige ar feadh na tréimhse sin is dóich leis an gcúirt sin is ceart agus a luadhfaidh san ordú san ach nách giorra ná an tréimhse mhinimum oiriúnach.

(3) Chun crícheanna an ailt seo ach ní chun críche ar bith eile, tuigfear duine do bheith ar meisce agus é ag tiomáint feithicle inneall-ghluaiste no ag tabhairt fé fheithicil inneall-ghluaiste do thiomáint má bhíonn an chúirt sásta go raibh an duine sin, de dheascaibh é d'ól dighe meisciúla no de dheascaibh é do thógaint druganna, in a leithéid sin de riocht ná raibh ar a chumas an fheithicil sin do choimeád fé réir éifeachtúil agus í ar gluaiseacht.

(4) Pé uair is dóich le ball den Ghárda Síochána go bhfuil cionta fén alt so á dhéanamh no go bhfuiltear tar éis san do dhéanamh, féadfa sé an té is dóich leis atá ag déanamh an chionta san no atá tar éis an chionta san do dhéanamh do ghabháil gan barántas.

(5) Má dheineann Breitheamh den Chúirt Dúithche duine do chiontú i gcionta fén alt so luighfidh athchomharc i gcoinnibh an chiontuithe sin chun an Bhreithimh den Chúirt Chuarda gur laistigh dá Chuaird atá dúthaigh no aon chuid de dhúthaigh an Bhreithimh Chúirte Dúithche sin agus beidh breith an Bhreithimh Chúirte Cuarda san ina breith dheiridh gan aon dul tháirsi, agus ar éisteacht an athchomhairc sin déanfaidh an Breitheamh san, má dhaingníonn an ciontú san, daingniú ar an ordú dí-cháilíochta iarmartach do rinneadh maidir leis an duine sin ach féadfaidh, i gcás na tréimhse bheidh luaidhte san ordú san do dhul thar an tréimhse mhinimum oiriúnach, an tréimhse bheidh luaidhte san ordú san do laigheadú i dtreo ná beidh ann ach pé tréimhse (nách lugha ná an tréimhse mhinimum oiriúnach) is dóich leis is ceart.

(6) San alt so cialluíonn an abairt “an tréimhse mhinimum oiriúnach”—

(a) maidir le duine do chiontú den chéad uair fén alt so, bliain o dháta an chiontuithe sin;

(b) maidir le duine do chiontú an dara huair no aon uair ina dhiaidh sin fén alt so, trí bliana o dháta an chiontuithe sin.

Fo-orduithe dí-cháilíochta.

31. —(1) I gcás duine do chiontú i gcionta fén Acht so no ar aon tslí eile maidir le feithicil inneall-ghluaiste no maidir le tiomáint aon fheithicle den tsórt san (seachas cionta fén alt deiridh sin roimhe seo den Acht so) no i gcoir no i gcionta gur húsáideadh feithicil inneall-ghluaiste chun a dhéanta, féadfaidh an chúirt a chiontóidh an duine sin amhlaidh, féadfaidh, gan dochar d'aon phionós eile a húdaruítear le dlí do ghearradh, ordú (dá ngairmtear fo-ordú dí-cháilíochta san Acht so) do dhéanamh á dhearbhú an duine do ciontuíodh amhlaidh do bheith dí-cháilithe chun ceadúnais tiomána do bheith aige ar feadh pé tréimhse is dóich leis an gcúirt sin is ceart agus a luadfaidh san ordú san.

(2) I ngach cás ina bhféadfar athchomharc do dhéanamh alos aon chúirte do chiontú duine ar bith i gcionta go bhféadfar ar a chiontú ann fo-ordú dí-cháilíochta do dhéanamh, beidh ag an gcúirt go ndlighinse chun an athchomhaire sin d'éisteacht, beidh aici dlighinse chun fo-orduithe dhí-cháilíochta do dhaingniú no do chur ar nea-mbrí no d'atharú.

(3) Fo-ordú dí-cháilíochta dhéanfaidh Breitheamh den Chúirt Dúithche féadfar athchomharc do dhéanamh ina choinnibh fé is dá mbeadh an t-ordú san ina ordú chun an duine gur ina choinnibh a déanfar an t-ordú san d'íoc suime peannaidighe agus beidh baint agus éifeacht ag alt 18 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1928 ( Uimh. 15 de 1928 ), dá réir sin.

Orduithe dí-cháilíochta speisialta.

32. —(1) Má bhíonn amhrus ag oifigeach den Ghárda Síochána nách ísle céim ná ceannphort go bhfuil duine is sealbhóir ar cheadúnas tiomána neamh-infheadhma, de dheascaibh mí-chumais aigne no chuirp, chun feithicle inneall-ghluaiste do thiomáint, féadfaidh an t-oifigeach san ordú fén bhfo-alt so i dtaobh an duine sin d'iarraidh ar Bhreitheamh den Chúirt Dúithche go ndlighinse san áit ina gcomhnuíonn an duine sin do ghnáth agus más deimhin leis an mBreitheamh san go bhfuil an duine sin neamhinfheadhma, de dheascaibh mí-chumais aigne no chuirp, chun feithicle inneall-ghluaiste do thiomáint féadfaidh ordú do dhéanamh á dhearbhú an duine sin do bheith, de dheascaibh an mhí-chumais aigne no chuirp a luaidhtear san ordú san, dí-cháilithe chun ceadúnais tiomána do bheith aige ar feadh pé tréimhse is dóich leis an mBreitheamh san is ceart agus a luadhfaidh san ordú san.

(2) Féadfar le hordú dí-cháilíochta déanfar fén alt so, féadfar, más oiriúnach san leis an gCúirt a dhéanfaidh an t-ordú san, a údarú don té dí-cháileofar leis an ordú san deimhniú infheadhmachta teoranta, no deimhniú infheadhmachta chun othar-charáiste do thiomáint, d'iarraidh agus, má gheibheann sé deimhniú den tsórt san, an ceadúnas tiomána san do ghlacadh agus do shealbhú a cheaduíonn an tAcht so do dheonadh do dhuine i seilbh an deimhnithe sin.

(3) Ní déanfar aon ordú fén alt so alos duine ar bith mara mbeifear tar éis fógra deich lá ar a laighead, i dtaobh an orduithe sin d'iarraidh, do thabhairt don duine sin i scríbhinn.

(4) Isé gairmtear san Acht so d'orduithe déanfar fén alt so ná orduithe dí-cháilíochta speisialta.

Oibriúchán orduithe dí-cháilíochta.

33. —(1) Beidh duine go ndéanfar ordú dí-cháilíochta ina thaobh dí-cháilithe chun ceadúnais tiomána do bheith aige ar feadh na tréimhse luadhfar chuige sin san ordú san, agus an ceadúnas tiomána (más aon cheann é) bheidh ag an duine sin ar dháta an orduithe sin beidh sé ar fiunraoi go dtí go mbeidh an tréimhse sin caithte no an ceadúnas san imithe in éag, pe'ca ní aca san is túisce thárlóidh.

(2) Ní bheidh oibriú orduithe dhí-cháilíochta ar fiunraoi ná ar athló toisc athchomhaire do dhéanamh i gcoinnibh an orduithe sin no i gcoinnibh an chiontuithe gur dá dhruim a déanfar an t-ordú san mara n-orduighidh an chúirt a dhéanfaidh an t-ordú san a mhalairt.

(3) Pé uair a déanfar ordú dí-cháilíochta i dtaobh duine is sealbhóir, ar dháta an orduithe sin, ar cheadúnas tiomána, déanfaidh an duine sin, laistigh de chúig lá tar éis an orduithe sin do dhéanamh, an ceadúnas san do sheachadadh do chléireach chúirte dúithche na dúithche ina ndearnadh an t-ordú san agus leis sin cuirfidh an cléireach san an ceadúnas san chun an údaráis cheadúnúcháin do thug amach é agus coinneoidh an t-údarás ceadúnúcháin sin an ceadúnas tiomána san ach, má thárlann tréimhse fiunraoi an cheadúnais sin fén alt so do chaitheamh roimh dhul in éag don cheadúnas san, bhéarfaidh an ceadúnas san thar n-ais don duine sin ar san d'éileamh tar éis bheith caithte don tréimhse fiunraoi sin agus roimh dhul in éag don cheadúnas san.

(4) Gach duine ar a gceangaltar leis an alt so ceadúnas tiomána do sheachadadh do chléireach chúirte dúithche agus ar a dteipfidh an ceadúnas san do sheachadadh amhlaidh laistigh den aimsir a ceaptar chuige sin leis an alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear, mara gcuiridh ina luighe ar an gcúirt nách féidir do, toisc an cheadúnais sin do bheith díthithe no toisc aon chúise eile, an ceadúnas san do sheachadadh do réir an ailt seo, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air agus fíneáil bhreise ná raghaidh thar púnt in aghaidh gach lae leanfaidh an cionta.

(5) San alt so foluíonn an abairt “ordú dí-cháilíochta” ordú dí-cháilíochta iarmartach, fo-ordú dí-cháilíochta, agus ordú dícháilíochta speisialta.

Orduithe dí-cháilíochta speisialta do chur ar ceal.

34. —(1) Duine ar bith go mbeifear tar éis orduithe dhícháilíochta speisialta do dhéanamh ina thaobh féadfaidh, aon am agus (ach amháin mar a luaidhtear anso ina dhiaidh seo) o am go ham tar éis ráithe o dháta an orduithe sin do bheith caithte agus roimh an tréimhse dhí-cháilíochta luaidhtear san ordú san do bheith caithte, a iarraidh ar Bhreitheamh den Chúirt Dúithche go ndlighinse san áit ina gcomhnuíonn an duine sin de ghnáth an t-ordú san do chur ar ceal agus féadfaidh an Breitheamh san, fé mar is dóich leis is ceart ag féachaint do chúrsaí uile an cháis, diúltú do ghéilleadh don iarratas san no ordú do dhéanamh ag cur an orduithe dhí-cháilíochta speisialta san ar ceal o pé dáta is dóich leis is ceart agus a luadhfaidh san ordú san.

(2) Pé uair a déanfar ordú fén alt so ag cur orduithe dhí-cháilíochta speisialta ar ceal, tuigfear chun gach críche an tréimhse dhí-cháilíochta bheidh luaidhte san ordú dí-cháilíochta speisialta san do bheith caithte an dáta luadhfar san ordú san a céad-luaidhtear chun an orduithe dhí-cháilíochta speisialta san do dhul ar ceal.

(3) Más rud é go n-iarrfar fén alt so ordú dí-cháilíochta speisialta do chur ar ceal agus go ndiúltófar do ghéilleadh don iarratas san ní déanfar, laistigh de ráithe tar éis an diúltuithe sin, aon iarratas fén alt so chun an orduithe dhí-cháilíochta speisialta chéanna do chur ar ceal.

(4) Ní déanfar ordú ar bith fén alt so ag cur orduithe dhícháilíochta speisialta ar ceal mara mbeifear tar éis fógra deich lá ar a laighead, i dtaobh an orduithe sin d'iarraidh, do thabhairt i scríbhinn don cheannphort den Ghárda Síochána don cheanntar ina mbeidh gnáth-chomhnaí ar an té bheidh ag déanamh an iarratais sin.

Cúl-scríbhinn do chur ar cheadúnaisí tiomána.

35. —(1) Pé uair a déanfar duine is sealbhóir ar cheadúnas tiomána do chiontú i gcionta maidir le tiomáint fheithicle inneallghluaiste féadfaidh an chúirt, mara ndeinidh ordú dí-cháilíochta iarmartach no fo-ordú dí-cháilíochta, a chur fé ndeár mion-innste ar an gciontú san do chúl-scríobhadh sa tslí orduithe ar an gceadúnas san.

(2) Pé uair a déanfar duine is sealbhóir ar cheadúnas tiomána do chiontú i gcionta maidir le tiomáint fheithicle inneall-ghluaiste agus a dhéanfaidh an chúirt ordú dí-cháilíochta iarmartach no fo-ordú dí-cháilíochta ar an duine sin do chiontú sa chionta san, cuirfidh an chúirt fé ndeár mion-innste ar an gciontú san agus ar an ordú san do chúl-scríobhadh sa tslí orduithe ar an gceadúnas san.

(3) Pé uair a déanfar ordú dí-cháilíochta speisialta i dtaobh duine ar bith, cuirfidh an chúirt fé ndeár mion-innste ar an ordú san do chúl-scríobhadh sa tslí orduithe ar an gceadúnas tiomána (más aon cheann é) bheidh ag an duine sin.

Orduithe agus cúl-scríbhinní do chur in úil.

36. —Pé uair a dhéanfaidh cúirt ordú dí-cháilíochta iarmartach, fo-ordú dí-cháilíochta, no ordú dí-chailíochta speisialta, no ordú ag cur aon orduithe dhí-cháilíochta den tsórt san ar nea-mbrí no á atharú, no ordú ag cur orduithe dhí-cháilíochta speisialta ar ceal, no a dhéanfaidh (gan aon ordú dí-cháilíochta den tsórt san do dhéanamh) a chur fé ndeár mion-innste ar chiontú do chúlscríobhadh ar cheadúnas tiomána, cuirfidh an chúirt sin fé ndeár fógra i dtaobh an orduithe no na cúl-scríbhinne sin do chur chun an Aire agus cuirfidh seisean an t-ordú no an chúl-scríbhinn sin in úil do gach údarás ceadúnúcháin i Saorstát Éireann.

Cúl-scríbhinn d'aistriú chun ceadúnais nua.

37. —(1) Pé uair a deonfar ceadúnas tiomána (dá ngairmtear an ceadúnas nua anso feasta) fén gCuid seo den Acht so do dhuine is sealbhóir le linn an deonta san no ba shealbhóir roimh an deonadh san ar cheadúnas tiomána (dá ngairmtear an seana-cheadúnas anso feasta) ar ar cuireadh cúl-scríbhinn fén gCuid seo den Acht so, déanfaidh an t-údarás ceadúnúcháin a dheonfaidh an ceadúnas nua (mara mbeidh an duine sin tar éis teacht i dteideal fén alt so ceadúnas tiomána gan cúl-scríbhinn air d'fháil) cóip den chúlscríbhinn no de gach cúl-scríbhinn ar an seana-cheadúnas do chúlscríobhadh ar an gceadúnas nua, agus chun gach críche beidh an ceadúnas nua go san cúl-scríobhtha air ina cheadúnas tiomána ar ar cúl-scríobhadh fén gCuid seo den Acht so.

(2) Má dheineann duine is sealbhóir no ba shealbhóir ar cheadúnas tiomána ar ar cúl-scríobhadh fén gCuid seo den Acht so ceadúnas tiomána d'iarraidh fén Acht so agus dá réir agus a chur ina luighe ar an údarás ceadúnúcháin ar a n-iarrfaidh an ceadúnas san go raibh ceadúnas tiomána aige go dleathach ar feadh tréimhse leanúnach de thrí bliana ar a laighead no ar feadh sreatha de thréimhsí nea-leanúnacha nár lugha a n-iomlán na cúig bliana agus o thosach na tréimhse leanúnaighe sin no na céad tréimhse de sna tréimhsí nea-leanúnacha san (pe'ca aca é) go dtí dáta an iarratais sin nár cuireadh cúl-scríbhinn fén gCuid seo den Acht so ar cheadúnas tiomána do bhí aige ach amháin tré údarás cheadúnúcháin do chúl-scríobhadh fén alt so ar cheadúnas nua, déanfar an ceadúnas tiomána (más aon cheann é), a dheonfaidh an t-údarás ceadúnúcháin sin don duine sin ar an iarratas san, do dheonadh gan aon chúl-scríbhinn fén gCuid seo den Acht so air agus ní bheidh chun críche ar bith ina cheadúnas ar ar cúlscríobhadh fén gCuid seo den Acht so, agus tosnóidh ar bheith i bhfeidhm díreach ar é do dheonadh má bhíonn an duine sin le linn an iarratais sin ina shealbhóir ar cheadúnas tiomána ná beidh imithe in éag agus má thugann suas an ceadúnas tiomána san don údarás cheadúnúcháin sin.

Pionóisí mar gheall ar cheadúnas d'fháil le linn bheith dí-cháilithe, etc.

38. —(1) Má dheineann duine ar bith go mbeifear tar éis ordú dí-cháilíochta iarmartach no fo-ordú dí-cháilíochta no ordú dícháilíochta speisialta do dhéanamh ina thaobh ceadúnas tiomána (seachas pé ceadúnas tiomána (más aon cheann é) a údaruíonn an t-ordú san do a bheith aige) d'iarraidh no d'fháil sara mbeidh an tréimhse dhí-cháilíochta luaidhtear san ordú san caithte beidh an duine sin ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná ráithe no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile má sé an chéad chionta aige é agus, má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin, fíneáil ná raghaidh thar céad púnt no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

(2) Má dheineann duine ar bith go mbeidh a cheadúnas tiomána no (i gcás duine ná beidh ceadúnas tiomána aige) go raibh a cheadúnas tiomána deiridh fé chúl-scríobhadh fén gCuid seo den Acht so ceadúnas tiomána d'iarraidh no d'fháil gan mion-innste ar an gcúl-scríobhadh san do thabhairt uaidh, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná ráithe no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile má sé an chéad chionta aige é agus, má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin, fíneáil ná raghaidh thar céad púnt no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

(3) Pé uair do gheobhaidh duine ceadúnas tiomána agus a ciontófar é ina dhiaidh sin i gcionta fén alt so maidir leis an gceadúnas san d'fháil, beidh an ceadúnas san agus tuigfear go raibh sé riamh gan brí gan éifeacht.

Ceadúnaisí tiomána do thaisbeáint ar n-a éileamh san do bhall den Ghárda Síochána.

39. —(1) Féadfaidh aon bhall den Ghárda Síochána a éileamh ar dhuine ar bith a bheidh ag tiomáint feithicle inneall-ghluaiste a cheadúnas tiomána do thaisbeáint agus má dhiúltuíonn an duine sin no má theipeann air an ceadúnas san do thaisbeáint ar an láthair sin beidh sé ciontach i gcionta fén alt so mara ndeinidh, laistigh de chúig lá tar éis an dáta ar ar héilíodh air an ceadúnas san do thaisbeáint, a cheadúnas do thaisbeáint i bpearsain do bhall den Ghárda Síochána ag stáisiún leis an nGárda Síochána d'ainmnigh an duine sin nuair do héilíodh air amhlaidh an ceadúnas san do thaisbeáint.

(2) Pé uair a dhéanfaidh duine ar bith ar a n-éileofar san go dleathach fén alt so a cheadúnas tiomána do thaisbeáint ach go ndiúltóidh no go dteipfidh air a leigint don bhall den Ghárda Síochána dhéanfaidh an t-éileamh san an ceadúnas san do léigheamh beidh an duine sín ciontach i gcionta fén alt so.

(3) Pé uair a dhiúltóidh duine ar bith no theipfidh ar dhuine ar bith ar a n-éileofar san go dleathach fén alt so a cheadúnas tiomána do thaisbeáint no a thaisbeánfaidh an ceadúnas san ach go dteipfidh air no go ndiúltóidh a leigint don bhall den Ghárda Síochána dhéanfaidh an t-éileamh an ceadúnas san do léigheamh, no pé uair a thaisbeánfaidh duine ar bith a cheadúnas tiomána ag stáisiún leis an nGárda Síochána do réir forálacha fo-ailt (1) den alt so ach go dteipfidh air no go ndiúltóidh a leigint don bhall den Ghárda Síochána dá dtaisbeánfar an ceadúnas san amhlaidh é do léigheamh, féadfaidh an ball san a ainm agus a sheoladh d'éileamh ar an duine sin agus má dhiúltuíonn an duine sin no má theipeann air a ainm agus a sheoladh do thabhairt uaidh no má bheireann uaidh ainm no seoladh bheidh bréagach no mí-threorach beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so.

(4) Féadfaidh aon bhall den Ghárda Síochána gabháil do dhéanamh gan barántas—

(a) ar dhuine ar bith a dhéanfaidh do réir an ailt seo a cheadúnas tiomána do thaisbeáint don bhall san ach a dhiúltóidh no go dteipfidh air a leigint don bhall san é do léigheamh, no

(b) ar dhuine ar bith a dhéanfaidh, nuair éileoidh an ball san a ainm agus a sheoladh air go dleathach fén alt so, diúltú no teip maidir le n-a ainm agus le n-a sheoladh do thabhairt uaidh no ainm no seoladh do thabhairt uaidh is eol don bhall san do bheith bréagach no míthreorach.

(5) Duine ar bith a bheidh ciontach i gcionta fén alt so dlighfear, ar a chiontú ann ar an slí achmair fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

(6) Duine dhéanfaidh, ar é do thaisbeáint ceadúnais tiomána do bhall den Ghárda Síochána do réir an ailt seo, a leigint don bhall san an méid sin den cheadúnas san d'fheiscint agus do léigheamh ina mbeidh ainm, seoladh, agus sighniú (más ann do) an té dar deonadh an ceadúnas san, dáta a dheonta, agus ainm an údaráis cheadúnúcháin do dheon é, tuigfear chun crícheanna an ailt seo é do leigint don bhall san an ceadúnas san do léigheamh.

(7) Duine ná déanfaidh, ar san d'éileamh air go dleathach fén alt so, a cheadúnas tiomána do thaisbeáint, toisc nách sealbhóir ar cheadúnas tiomána é tuigfear é do theip air a cheadúnas tiomána do thaisbeáint do réir bhrí an ailt seo.

Sighniú do scríobhadh ar bhall den Ghárda Síochána dá éileamh san.

40. —Féadfaidh aon bhall den Ghárda Síochána a iarraidh ar dhuine ar bith a bheidh ag tiomáint feithicle inneall-ghluaiste no bheidh ag taisbeáint a cheadúnais tiomána ag stáisiún leis an nGárda Síochána do réir an ailt dheiridh sin roimhe seo a ainm do shighniú i leabhar agus le peann luadha chuirfidh an ball san ar fáil agus san áit sa leabhar san a thaisbeánfaidh an ball san do agus más rud é, ar san d'iarraidh ar an duine sin agus an leabhar agus an peann luadha san do chur ar fáil do, go ndéanfaidh diúltú no go dtabharfaidh faillí maidir le n-a ainm do shighniú sa leabhar san no leis an bpeann luadha san no san áit sa leabhar san a thaisbeánfaidh an ball san do beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

Ceadúnaisí tiomána do thabhairt i láthair na cúirte.

41. —(1) Pé uair a ciontófar sealbhóir cheadúnais tiomána in aon chionta maidir le tiomáint fheithicle inneall-ghluaiste déanfaidh, má iarrann an chúirt a chiontóidh é amhlaidh san air, an ceadúnas san do thabhairt i láthair, agus má theipeann air san do dhéanamh beidh sé ciontach i gcionta fén alt so.

(2) Pé uair a hiarrfar ordú dí-cháilíochta speisialta déanfaidh an té gur ina thaobh a hiarrfar san, má iarrann agus nuair a iarrfaidh cúirt éistithe an iarratais sin air san do dhéanamh, an ceadúnas san do thabhairt i láthair agus má theipeann air déanamh amhlaidh beidh sé ciontach i gcionta fén alt so.

(3) Gach duine bheidh ciontach i gcionta fén alt so dlighfear, ar a chiontú ann ar an slí achmair, fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

Ceadúnaisí do dheonadh do dhaoine chomhnuíonn lasmuich de Shaorstát Éireann.

42. —(1) Féadfaidh an tAire socrú do dhéanamh chun údarásanna ceadúnúcháin no daoine eile do dheonadh ceadúnas tiomána do dhaoine chomhnuíonn de ghnáth lasmuich de Shaorstát Éireann agus chuige seo féadfaidh le hordú rialacháin do dhéanamh i dtaobh gach ní no éinní acu so leanas, sé sin le rá :-

(a) na daoine fhéadfaidh na ceadúnaisí sin do dheonadh;

(b) na táillí, más ann dóibh, a híocfar alos deonta na gceadúnas san;

(c) na táillí sin do chur de láimh;

(d) ní no rud ar bith eile maidir le deonadh na gceadúnas san.

(2) An méid den Motor Car (International Circulation) Act, 1909, a bhaineann le tiománaithe do cheadúnú beidh éifeacht aige fé is dá ndeintí tagairtí don Chuid seo den Acht so do chur ann in ionad na dtagairtí atá ann don Motor Car Act, 1903.

(3) Gach rialachán a déanfar fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialacháin sin do leagadh fé n-a bhráid amhlaidh, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san.

Rialacháin i dtaobh ceadúnaisí tiomána.

43. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú rialacháin do dhéanamh i dtaobh gach ní no éinní acu so leanas, sé sin le rá :—

(a) údaráis cheadúnúcháin do dheonadh ceadúnas tiomána;

(b) na cláir a choimeádfaidh údaráis cheadúnúcháin alos na gceadúnas tiomána a deonfar;

(c) údaráis cheadúnúcháin do thabhairt amach ceadúnas dubláideach in ionad ceadúnas tiomána bheidh caillte, díthithe no millte;

(d) mion-innste ar cheadúnaisí tiomána bheidh deonta ag údaráis cheadúnúcháin do chur in úil d'údaráis cheadúnúcháin eile;

(e) eolas a bheidh ag údaráis cheadúnúcháin i dtaobh daoine do dí-cháilíodh chun ceadúnas tiomána bheith acu agus i dtaobh daoine gur cúl-scríobhadh ar a gceadúnaisí tiomána fén gCuid seo den Acht so do chur ar fáil chun úsáide ball den Ghárda Síochána agus daoine eile;

(f) cosc do chur le ceadúnas tiomána do thabhairt amach (ach amháin i bhfuirm athnuachainte) do dhuine go mbeidh ceadúnas tiomána aige.

(2) Cólíonfaidh gach údarás ceadúnúcháin gach rialachán a déanfar fén alt so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire.

(3) Gach rialachán a déanfar fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialacháin sin do leagadh fé n-a bhráid amhlaidh, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san.

Ciontaí oifigeach d'údaráis cheadúnúcháin.

44. —Gach oifigeach d'údarás cheadúnúcháin a dhéanfaidh, agus é á thabhairt le tuiscint gur i gcólíonadh a dhualgas mar oifigeach den tsórt san é, éinní (tré ghníomh no tré fhaillí) is sárú ag an údarás ceadúnúcháin sin ar an Acht so no ar rialachán ar n-a dhéanamh fé no a dhéanfaidh, ina aonar no i gcó-cheilg le duine eile, a chur fé ndeár no tabhairt fé n-a chur fé ndeár go ndéanfaidh an t-údarás ceadúnúcháin sin éinní (tré ghníomh no tré fhaillí) is sárú ar an Acht so no ar rialachán ar n-a dhéanamh fé, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air no, más rogha leis an gCúirt é. príosúntacht ar feadh téarma nách sia ná ráithe.

Eifeacht seanacheadúnaisí fén Motor Car Act, 1903.

45. —(1) Gach ceadúnas do deonadh fé alt 3 den Motor Car Act, 1903, agus dar dáta lá éigin roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so agus a bheidh i bhfeidhm i dtosach feidhme na Coda so den Acht so tuigfear (d'ainneoin dáta roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so do bheith air) gur ceadúnas tiomána é ar n-a dheonadh fén gCuid seo den Acht so an dáta san is dáta don cheadúnas san agus dá réir sin beidh an fheidhm agus an éifeacht chéanna ag gach ceadúnas den tsórt san tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so do bheadh aige dá mba fén gCuid seo den Acht so agus ar an dáta san is dáta dho a deonfaí an ceadúnas san.

(2) I gcás ceadúnais do deonadh fé alt 3 den Motor Car Act, 1903, do bheith ar fiunraoi i dtosach feidhme na Coda so den Acht so de bhíthin orduithe do rinne an chúirt fé alt 4 den Acht san, tuigfear chun crícheanna na Coda so den Acht so an té is sealbhóir ar an gceadúnas san do bheith dí-cháilithe chun ceadúnais tiomána do bheith aige ar feadh tréimhse an fhiunraoi sin de bhuadh fo-orduithe dhí-cháilíochta ar n-a dhéanamh fén gCuid seo den Acht so an dáta ar a ndearnadh an chéad ordú san a luaidhtear.

(3) I gcás orduithe, ag dí-cháiliú duine chun ceadúnais fé alt 3 den Motor Car Act, 1903, do bheith aige, do rinne an chúirt fé alt 4 den Acht san, do bheith i bhfeidhm i dtosach feidhme na Coda so den Acht so, tuigfear tar éis an Achta so do rith an t-ordú san do bheith ina fho-ordú dí-cháilíochta ar n-a dhéanamh ag an gcúirt fén gCuid seo den Acht so an dáta ar a ndearnadh an chéad ordú san a luaidhtear agus beidh éifeacht ag an ordú san dá réir sin.

(4) I gcás ceadúnais do deonadh fé alt 3 den Motor Car Act, 1903, do bheith fé chúl-scríobhadh do cuireadh air fé alt 4 den Acht san, tuigfear chun crícheanna na Coda so den Acht so an cúlscríobhadh san do dhéanamh fén gCuid seo den Acht so agus san ar dháta an chúl-scríobhtha san.