An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Teoranta Luais d'Fheithicli Inneall-Ghluaiste.) Ar Aghaidh (CUID VI. Deimhnithe Inniulachta agus Deimhnithe Infheadhmachta.)

11 1933

ACHT UM THRÁCHT AR BHÓITHRE, 1933

CUID V.

Arachas Eigeanta I gCas Unaeri Feithicli Inneall-Ghluaiste.

E d'oblagáid bheith fé árachas no fé urruíocht.

56. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith (dá ngairmtear an tiománaí sin anso feasta) feithicil inneall-ghluaiste do thiomáint in áit phuiblí tráth ar bith maran rud é go mbeadh árachóir feithicle no urruitheoir feithicle no duine saortha freagarthach do réir dlí i ndíobháil do thiocfadh de dheascaibh na feithicle sin do thiomáint go nea-chúramach an tráth san no mara mbeidh i bhfeidhm an tráth san—

(a) polasaí arachais ceaduithe le n-a ndeintear an tiománaí sin, no duine éigin eile do bheadh freagarthach do réir dlí i ndíobháil do thiocfadh de dheascaibh an tiománaí sin do thiomáint na feithicle sin go nea-chúramach an tráth san, do chur fé árachas in aghaidh gach suime dá mhéid (lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt anso ina dhiaidh seo) go dtiocfaidh an tiománaí sin no a ionadaí pearsanta no an duine eile sin no a ionadaí pearsanta (do réir mar bheidh) chun bheith freagarthach ina híoc le duine ar bith (seachas na daoine eiscithe mar a mínítear san sa Chuid seo den Acht so) i bhfuirm dhamáiste no costaisí mar gheall ar dhíobháil do phearsain no do mhaoin ar n-a teacht as an tiománaí sin do thiomáint na feithicle sin go nea-chúramach an tráth san, no

(b) urruíocht cheaduithe le n-a n-urruítear go n-íocfaidh an tiománaí sin, no duine éigin eile do bheadh freagarthach do réir dlí i ndíobháil do thiocfadh de dheascaibh an tiománaí sin do thiomáint na feithicle sin go neachúramach an tráth san, gach suim dá mhéid (lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt anso ina dhiaidh seo) go dtiocfaidh an tiománaí sin no a ionadaí pearsanta no an duine eile sin no a ionadaí pearsanta (do réir mar bheidh) chun bheith freagarthach ina híoc le duine ar bith (seachas na daoine eiscithe mar a mínítear san sa Chuid seo den Acht so) i bhfuirm dhamáiste no costaisí mar gheall ar dhíobháil do phearsain no do mhaoin ar n-a teacht as an tiománaí sin do thiomáint na feithicle sin go nea-chúramach an tráth san, no

(c) polasaí agus urruíocht có-nasctha ceaduithe le n-a ndeintear, maidir le gach suim dá mhéid (lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt anso ina dhiaidh seo) go dtiocfaidh an tiománaí sin no a ionadaí pearsanta no duine éigin eile do bheadh freagarthach do réir dlí i ndíobháil do thiocfadh de dheascaibh an tiománaí sin do thiomáint na feithicle sin go nea-chúramach an tráth san no ionadaí pearsanta an duine sin (do réir mar bheidh) chun bheith freagarthach ina híoc le duine ar bith (seachas na daoine eiscithe mar a mínítear san sa Chuid seo den Acht so) i bhfuirm dhamáiste no costaisí mar gheall ar dhíobháil do phearsain no do mhaoin ar n-a teacht as an tiománaí sin do thiomáint na feithicle sin go nea-chúramach an tráth san, cuid díobh do chur in áirithe tríd an tiománaí sin no an duine eile sin do chur fé árachas in aghaidh na coda san de sna suimeanna san agus an chuid eile dhíobh do chur in áirithe tré n-a urrú go n-íocfaidh an tiománaí sin no an duine eile sin an chuid eile sin de sna suimeanna san.

(2) An t-árachas, an urruíocht, no an t-árachas agus an urruíocht có-nasctha (do réir mar bheidh) is gá do réir an ailt seo féadfaidh a bheith fé réir na teorann so leanas agus na heisceachta so leanas no fé réir ceachtair acu, sé sin le rá :—

(a) sa mhéid go mbainfidh le díobháil do mhaoin, féadfar a shocrú gan an t-árachas no an urruíocht no an t-árachas agus an urruíocht có-nasctha san (do réir mar bheidh) do dhul thar míle púnt in aghaidh díobhála thiocfaidh as aon ghníomh áirithe nea-chúraim no as aon tsreath áirithe de ghníomhartha nea-chúraim gurb é bheidh ionta i dteanta a chéile ná aon teagmhas amháin, agus

(b) féadfar aon fhreagarthacht (de bhreis ar an bhfreagarthacht do réir gnáth-dhlí no do reir reachta bhaineann leis an gcás) fé n-a raghaidh an duine fé árachas no an prímh-fhéicheamh (do réir mar bheidh) tré chonnradh speisialta, féadfar san d'eisciú ón bhfreagarthacht a cuirfear in áirithe leis an árachas no leis an urruíocht no leis an árachas agus an urruíocht có-nasctha san (do réir mar bheidh).

(3) Pé uair a thiomáinfidh duine ar bith feithicil inneall-ghluaiste in áit phuiblí contrárdha don alt so beidh an duine sin agus fós (marab é an duine sin únaer na feithicle sin) an t-únaer san, gach duine acu ar leithligh, ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná ráithe no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile má sé an chéad chionta aige é agus, má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin, fíneáil ná raghaidh thar céad púnt no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

(4) Má cruthuítear gur thárla do dhuine, ar n-a éileamh air go dleathach fén gCuid seo den Acht so deimhniú árachais no deimhniú urruíochta no deimhniú saoirse do thaisbeáint, é do dhiúltú no é do theip air aon deimhniú den tsórt san do thaisbeáint ar an éileamh san do dhéanamh air no laistigh de pé am ina dhiaidh sin a lomháltar leis an gCuid seo den Acht so, beidh san ina fhianaise prima facie go raibh an fheithicil inneall-ghluaiste do bhí á tiomáint ag an duine sin tráth an éilimh sin á tiomáint an tráth san ag an duine sin contrárdha don alt so.

(5) I gcás duine do chúiseamh i gcionta fén alt so agus gurb é sin is únaer ar an bhfeithicil inneall-ghluaiste gur ina taobh adeirtear do rinneadh an cionta san, is cosaint mhaith ar an gcúiseamh san an duine sin do chruthú gur gan a chead do bhí an fheithicil sin á tiomáint ar an ócáid adeirtear do rinneadh an cionta san agus go ndearna sé gach ní ba ghá do réir réasúin chun cosc do chur leis an bhfeithicil sin do thiomáint ar an ócáid sin no gur sheirbhíseach do an té do bhí ag tiomáint na feithicle sin ar an ócáid sin agus gur contrárdha dá chuid orduithe do bhí sé ag tiomáint na feithicle sin amhlaidh.

(6) I gcás duine do chúiseamh i gcionta fén alt so agus é do bheith ar an ócáid adeirtear do rinneadh an cionta san, ina sheirbhíseach d'únaer na feithicle inneall-ghluaiste gur ina taobh adeirtear do rinneadh an cionta san, is cosaint mhaith ar an gcúiseamh san an duine sin do chruthú gur do réir orduithe soiléire an únaera san do bhí sé ag tiomáint na feithicle sin ar an ócáid sin.

Fíneáil in ionad airgid damáiste agus príosúntacht i dteanta airgid damáiste.

57. —(1) Má ciontuítear duine i gcionta fén alt deiridh sin roimhe seo den Acht so agus má cruthuítear chun sástachta na Cúirte chiontóidh an duine sin amhlaidh go ndearnadh díobháil (seachas díobháil eiscithe mar a mínítear san san alt so) do phearsain no do mhaoin tríd an bhfeithicil, gur ina taobh do rinneadh an cionta san, do thiomáint go nea-chúramach ar an ócáid ar a ndearnadh an cionta san agus más dóich leis an gCúirt sin go mbeadh duine éigin, a bheidh i láthair sa Chúirt sin no bheidh á ionadú os cóir na Cúirte sin an uair sin, i dteideal airgid damáiste, alos na díobhála san, do bhaint amach in aicsean síbhialta i gcoinnibh an té ciontófar amhlaidh, féadfaidh an Chúirt sin, más oiriúnach san léi agus má dheineann an té bheidh i láthair no á ionadú amhlaidh a thoiliú chuige sin, fíneáil do ghearradh ar an té ciontófar amhlaidh, i dteanta aon phionóis eile a húdaruítear leis an alt deiridh sin roimhe seo, fíneáil nách mó ná an t-airgead damáiste is dóich leis an gCúirt sin do bheadh an té bheidh i láthair no á ionadú amhlaidh i dteideal a bhaint amach amhlaidh i gcoinnibh an té ciontófar amhlaidh.

(2) Má deintear, fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so, fíneáil do ghearradh ar dhuine ciontófar beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá :—

(a) féadfaidh an Chúirt a ghearrfaidh an fhíneáil sin an duine sin a ciontófar do dhaoradh chun téarma príosúntachta ar bith, nách sia ná sé mhí, mara n-íoctar an fhíneáil sin laistigh de pé am nách giorra ná coicíos a cheapfaidh an Chúirt sin;

(b) íocfar méid na fíneála san leis an té gur mar gheall ar a cheart chun airgid damáiste do bhaint amach do gearradh an fhíneáil sin agus, má bhíonn níos mó ná éinne amháin den tsórt san ann, is i pé cionúireachtaí ordóidh an Chúirt a híocfar é;

(c) má íocann an duine sin a ciontófar an fhíneáil sin beidh an t-íoc san ina chosaint mhaith ar aon aicsean síbhialta dhéanfaidh éinne le n-ar híocadh an fhíneáil sin no aon chuid di amhlaidh do bhunú alos na díobhála gur ina taobh do gearradh an fhíneáil sin amhlaidh;

(d) gan dochar d'aon cheart athchomhairc a bheidh ag éinne eile, beidh ag an duine no ag éinne de sna daoine le n-a ndéanfar an fhíneáil sin iníoctha ceart athchomhairc (ná bainfidh ach le ní no nithe acu so leanas, sé sin le rá, méid na fíneála san agus an duine gur leis a bheidh agus na cionúireachtaí ina mbeidh sé iníoctha) chun Breithimh na Cúirte Cuarda gur laistigh dá Chuaird atá Dúthaigh no aon chuid de Dhúthaigh an Bhreithimh do ghearr an fhíneáil sin, agus beidh breith an Bhreithimh Chúirte Cuarda san ar an athchomharc san ina breith dheiridh.

(3) I gcás airgid damáiste do bhaint amach in aicsean síbhialta, i gcoinnibh duine do ciontuíodh i gcionta fén alt deiridh sin roimhe seo den Acht so, alos díobhála do theacht do phearsain no do mhaoin de dheascaibh na feithicle inneall-ghluaiste gur ina taobh do rinneadh an cionta san do thiomáint go nea-chúramach ar an ócáid ar a ndearnadh an cionta san, féadfaidh an Chúirt, gur os a cóir a bainfear an t-airgead damáiste sin amach amhlaidh, féadfaidh, más rud é na híocfar an t-airgead damáiste laistigh de cheithre lá déag no laistigh de pé tréimhse is sia ná san a chinnfidh an Chúirt (maran duine de sna daoine dúntar amach mar a mínítear san san alt so an té do bhain an t-airgead damáiste sin amach amhlaidh), a ordú go ndéanfar láithreach an té gur ina choinnibh do baineadh an t-airgead damáiste sin amach amhlaidh do thógaint i gcoimeád agus do chur i bpríosún ar feadh pé tréimhse acu so leanas is giorra, sé sin le rá, go ceann sé mí o am an duine sin do thógaint i gcoimeád no go dtí go ndéanfaidh an duine sin méid an airgid damáiste sin d'íoc leis an té do bhain amach amhlaidh é agus pé suim (más aon cheann é) a cheapfaidh an Chúirt do lóisteáil sa Chúirt mar urrús in íoc na gcostaisí do bhain an duine deiridh sin a luaidhtear amach san aicsean san.

(4) Chun crícheanna an ailt seo is díobhála eiscithe na díobhála so leanas, sé sin le rá :—

(a) aon díobháil do thárla, ar an ócáid ar a ndearnadh an cionta bhaineann leis an gcás, do mhaoin do bhí, ar an ócáid sin, sa bhfeithicil gur ina taobh do rinneadh an cionta san no á cur isteach sa bhfeithicil sin no á tógaint amach aisti, agus

(b) marar fheithicil sheirbhíse puiblí an fheithicil sin, aon díobháil phearsanta do thárla, ar an ócáid sin, do dhuine ar bith do bhí, ar an ócáid sin, sa bhfeithicil sin no ag dul isteach inti no ag túirling di.

(5) San alt so foluíonn tagairtí do dhíobháil phearsanta no do dhíobháil don phearsain díobháil is trúig bháis.

Arachóir feithicle.

58. —San Acht so cialluíonn an abairt “árachóir feithicle” duine is cuideachta árachais de thurus na huaire do réir bhrí an Assurance Companies Act, 1909, mar a hoiriúnuítear san leis an Acht um Oiriúnú Achtanna, 1922 (Uimh. 2 de 1922) , no fé, agus mar a leasuítear é leis an Acht so, agus a bheidh tar éis déanamh do réir an Achta san mar a hoiriúnuítear agus a leasuítear é amhlaidh.

Urruitheoir feithicle.

59. —San Acht so cialluíonn an abairt “urruitheoir feithicle” duine—

(a) nách árachóir feithicle, agus

(b) a dheineann urruíochta ceaduithe do thabhairt amach, agus

(c) do lóisteáil agus a choimeádfaidh lóisteálta le Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais an éarlais a húdaruítear leis an gCuid seo den Acht so do dhaoine do lóisteáil a bheidh ar intinn urruíochta ceaduithe do thabhairt amach.

Duine saortha.

60. —Sa Chuid seo den Acht cialluíonn an abairt “duine saortha” duine—

(a) nách árachóir feithicle ná urruitheoir feithicle, agus

(b) do lóisteáil agus a choimeádfaidh lóisteálta le Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais an éarlais a húdaruítear leis an gCuid seo den Acht so do dhaoine do lóisteáil gur mian leo bheith ina ndaoine saortha.

Earlaisí o urruitheoirí feithicle agus o dhaoine saortha.

61. —(1) Féadfaidh duine ar bith (seachas árachóir feithicle) bheidh ar intinn urruíochta ceaduithe do thabhairt amach no gur mian leis bheith ina dhuine shaortha suim chúig mhíle déag púnt do lóisteáil agus do choimeád lóisteálta le Cuntasóir na gCuirteanna Breithiúnais.

(2) Déanfaidh Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais gach suim a lóisteálfar leis fén alt so do shuncáil i pé cinn de sna hurrúis, go mbeidh sé údaruithe do réir dlí cistí san Ard-Chúirt do shuncáil ionta, ordóidh an té bheidh ag lóisteáil na héarlaise sin no á coimeád lóisteálta, agus déanfar an t-ioncum a thiocfaidh as na hurrúis sin d'íoc leis an duine sin.

(3) Ní dhéanfaidh Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais éarlais do ghlacadh fén alt so ach amháin ar bharántas ón Aire Tionnscail agus Tráchtála.

(4) Féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála, le hordú, rialacha do dhéanamh maidir le hiarrataisí ar bharántaisí chun crícheanna an ailt seo, le héarlaisí d'íoc agus le hiad do shuncáil no deighleáil leo, le stuic, scaireanna, no urrúis eile do lóisteáil in ionad airgid, leis an ioncum d'íoc a thiocfaidh o am go ham chun bheith dlite ar aon urrúis ina mbeidh éarlaisí suncálta de thurus na huaire, agus le héarlaisí do tharrac amach agus d'aistriú.

Polasaí árachais ceaduithe.

62. —(1) Beidh polasaí árachais ina pholasaí árachais ceaduithe do réir bhrí an Achta so i gcás é bheith do réir gach coinníll acu so leanas agus sa chás san amháin, sé sin le rá :—

(a) árachóir feithicle dá thabhairt amach do dhuine (dá ngairmtear an duine fé árachas san Acht so) bheidh ainmnithe ann; agus

(b) an t-árachóir feithicle do bhéarfaidh amach é dá cheangal air féin leis an bpolasaí sin an duine fé árachas d'árachadh in aghaidh gach suime dá mhéid go dtiocfaidh an duine fé árachas no a ionadaí pearsanta chun bheith freagarthach ina híoc le duine ar bith (seachas na daoine eiscithe mar a mínítear san san Acht so) i bhfuirm airgid damáiste no costaisí mar gheall ar dhíobháil do phearsain no do mhaoin ar n-a teacht as an duine fé árachas, no as éinne de pé daoine eile (más ann dóibh) a bheidh luaidhte chuige sin sa pholasaí sin, do thiomáint feithicle inneall-ghluaiste, le n-a mbaineann an polasaí sin, go nea-chúramach i rith na tréimhse (dá ngairmtear an tréimhse dhíona san Acht so) bheidh luaidhte chuige sin sa pholasaí sin; agus

(c) gan freagarthacht an árachóra fén bpolasaí do bheith fé réir aon choinníll, srianadh, ná teorann a horduítear mar choinníoll, srian no teora (do réir mar bheidh) ná cuirfear isteach i bpolasaí árachais ceaduithe; agus

(d) gan bheith ar chumas an árachóra deireadh do chur leis an tréimhse dhíona, roimh dheireadh do theacht léi tré imeacht aimsire, ach amháin le toiliú an duine fé árachas no tar éis fógra seacht lá do thabhairt i scríbhinn don duine fé árachas.

(2) Ní déanfar polasaí árachais a bheidh do réir na gcoinníoll uile atá curtha síos sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so, ní déanfar, de bhíthin forálacha do bheith ann de bhreis ar na forálacha agus gan iad bun os cionn leis na forálacha is gá do réir na gcoinníoll san do bheith ann agus dá bhíthin sin amháin, an polasaí árachais sin do chosc ar bheith ina pholasaí árachais ceaduithe.

(3) Ní déanfar polasaí árachais do chosc ar bheith ina pholasaí árachais ceaduithe de bhíthin an árachais a deintear tríd do bheith fé réir na teorann so leanas agus fé réir na heisceachta so leanas no fé réir ceachtair acu san, agus dá bhíthin sin amháin, sé sin le rá :—

(a) sa mhéid go mbainfidh le díobháil do mhaoin, socrú do bheith ann gan an t-árachas san do dhul thar míle púnt in aghaidh díobhála thiocfaidh as aon ghníomh áirithe nea-chúraim no as aon tsreath áirithe de ghníomhartha nea-chúraim gurb é bheidh ionta i dteanta a chéile ná aon teagmhas amháin, agus

(b) aon fhreagarthacht (de bhreis ar an bhfreagarthacht do réir gnáth-dhlí no do réir reachta bhaineann leis an gcás) fé n-a raghaidh an duine fé árachas tré chonnradh speisialta d'eisciú ón árachas san.

Urruíocht. cheaduithe

63. —(1) Beidh urruíocht ina hurruíocht cheaduithe do réir bhrí an Achta so i gcás í bheith do réir gach coinníll acu so leanas agus sa chás san amháin, sé sin le rá :—

(a) árachóir feithicle no urruitheoir feithicle dá tabhairt amach do dhuine (dá ngairmtear an prímh-fhéicheamh san Acht so) bheidh ainmnithe inti; agus

(b) an t-árachóir feithicle no an t-urruitheoir feithicle do bhéarfaidh amach í dá cheangal air féin leis an urruíocht san dul in urrús air go n-íocfaidh an prímhfhéicheamh no a ionadaí pearsanta gach suim dá mhéid go dtiocfaidh an prímh-fhéicheamh no a ionadaí pearsanta chun bheith freagarthach ina híoc le duine ar bith (seachas na daoine eiscithe mar a mínítear san san Acht so) i bhfuirm airgid damáiste no costaisí mar gheall ar dhíobháil do phearsain no do mhaoin ar n-a teacht as an bprímh-fhéicheamh, no as éinne de pé daoine eile (más ann dóibh) a bheidh luaidhte chuige sin san urruíocht san, do thiomáint feithicle inneallghluaiste, le n-a mbaineann an urruíocht san, go neachúramach i rith na tréimhse (dá ngairmtear an tréimhse dhíona san Acht so) bheidh luaidhte chuige sin san urruíocht san; agus

(c) gan an fhreagarthacht a bheidh, fén urruíocht, ar an árachóir no ar an urruitheoir do bhéarfaidh amach an urruíocht san do bheith fé réir aon choinníll, srianadh, ná teorann a horduítear mar choinníoll, srian, no teora (do réir mar bheidh) ná cuirfear isteach in urruíocht cheaduithe; agus

(d) gan bheith ar chumas an árachóra no an urruitheora bhéarfaidh amach an urruíocht san deireadh do chur leis an tréimhse dhíona, roimh dheireadh do theacht léi tré imeacht aimsire, ach amháin le toiliú an phrímhfhéichimh no tar éis fógra seacht lá do thabhairt i scríbhinn don phrímh-fhéicheamh.

(2) Ní déanfar urruíocht a bheidh do réir na gcoinníoll uile atá curtha síos sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so, ní déanfar, de bhíthin forálacha do bheith inti de bhreis ar na forálacha agus gan iad bun os cionn leis na forálacha is gá do réir na gcoinníoll san do bheith inti agus dá bhíthin sin amháin, an urruíocht san do chosc ar bheith ina hurruíocht cheaduithe.

(3) Ní déanfar urruíocht do chosc ar bheith ina hurruíocht cheaduithe de bhíthin na hurruíochta do bheirtear tríthi do bheith fé réir na teorann so leanas agus fé réir na heisceachta so leanas no fé réir ceachtair acu san, agus dá bhíthin sin amháin, sé sin le rá :—

(a) sa mhéid go mbainfidh le díobháil do mhaoin, socrú do bheith ann gan an urruíocht san do dhul thar míle púnt in aghaidh díobhála thiocfaidh as aon ghníomh áirithe nea-chúraim no as aon tsreath áirithe de ghníomhartha nea-chúraim gurb é bheidh ionta i dteanta a chéile ná aon teagmhas amháin, agus

(b) aon fhreagarthacht (de bhreis ar an bhfreagarthacht do réir gnáth-dhlí no do réir reachta bhaineann leis an gcás) fé n-a raghaidh an prímh-fhéicheamh tré chonnradh speisialta d'eisciú ón urruíocht san.

Polasaí agus urruíocht có-nasctha ceaduithe.

64. —(1) Beidh scríbhinn ina scríbhinn is polasaí agus urruíocht có-nasctha ceaduithe do réir bhrí an Achta so i gcás í bheith do réir gach coinníll acu so leanas, agus sa chás san amháin, sé sin le rá :—

(a) í dá tabhairt amach do dhuine (dá ngairmtear an duine fé árachas san Acht so) bheidh ainmnithe inti; agus

(b) í do bheith do réir na gcoinníoll uile go n-éilíonn an tAcht so polasaí árachais ceaduithe do bheith dá réir ach amháin gan an t-árachas a deintear tríthi do bhaint le hiomlán na suimeanna go n-éilíonn na coinníollacha san iad do chur in áirithe leis an árachas san; agus

(c) an t-urruitheoir feithicle do bhéarfaidh amach an scríbhinn sin do dhul in urruíocht air leis an scríbhinn sin go n-íocfaidh an duine fé árachas an méid sin de sna suimeanna san ná beidh curtha in áirithe leis an árachas san; agus

(d) sa mhéid go mbaineann an scríbhinn sin leis an urruíocht san, í do bheith do réir na gcoinníoll uile go n-éilíonn an tAcht so urruíocht cheaduithe do bheith dá réir.

(2) Ní déanfar scríbhinn a bheidh do réir na gcoinníoll uile atá curtha síos sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so, ní déanfar, de bhíthin forálacha do bheith inti de bhreis ar na forálacha agus gan iad bun os cionn leis na forálacha is gá do réir na gcoinníoll san do bheith inti agus dá bhíthin sin amháin, an scríbhinn sin do chosc ar bheith ina scríbhinn is polasaí agus urruíocht có-nasctha ceaduithe.

(3) Ní déanfar scríbhinn do chosc ar bheith ina scríbhinn is polasaí agus urruíocht có-nasctha ceaduithe de bhíthin an árachais a deintear tríthi agus na hurruíochta do bheirtear tríthi do bheith fé réir na teorann so leanas agus fé réir na heisceachta so leanas no fé réir ceachtair acu san, agus dá bhíthin sin amháin, sé sin le rá :—

(a) sa mhéid go mbainfidh le díobháil do mhaoin, socrú do bheith ann gan an t-árachas agus an urruíocht san do dhul thar míle púnt in aghaidh díobhála thiocfaidh as aon ghníomh áirithe nea-chúraim no as aon tsreath áirithe de ghníomhartha nea-chúraim gurb é bheidh ionta i dteanta a chéile ná aon teagmhas amháin, agus

(b) aon fhreagarthacht (de bhreis ar an bhfreagarthacht do réir gnáth-dhlí no do réir reachta bhaineann leis an gcás) fé n-a raghaidh an duine fé árachas tré chonnradh speisialta d'eisciú ón árachas agus ón urruíocht san.

(4) I gcás polasaí árachais ar n-a thabhairt amach ag árachóir feithicle agus urruíocht ar n-a tabhairt amach ag árachóir eile feithicle no ag urruitheoir feithicle do bheith, dá mbé an duine céanna do bhéarfadh amach iad agus dá léightí iad le chéile mar aon scríbhinn amháin, ina scríbhinn is polasaí agus urruíocht cónasctha ceaduithe, tuigfear, chun crícheanna an Achta so, gur scríbhinn amháin an polasaí agus an urruíocht san le chéile agus gur polasaí agus urruíocht có-nasctha ceaduithe iad, agus bainfidh an Chuid seo den Acht so leo dá réir sin, fé réir an atharuithe go ndéanfar tagairtí don té do thug amach an polasaí agus urruíocht có-nasctha san do léiriú mar thagairtí don té do thug amach an chuid a bhaineann leis an gcás den chéanna.

Pionós mar gheall ar chalaois, etc., le linn polasaí no urruíochta d'fháil.

65. —(1) Gach duine dhéanfaidh aon chalaois, no dhéanfaidh aon phlé cúise no ráiteas (i scríbhinn no de bhréithre béil no tré n-a iompar) is eol do do bheith bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach, d'fhonn go ndéanfaí polasaí árachais ceaduithe, uruíocht cheaduithe, no polasaí agus urruíocht có-nasctha ceaduithe do thabhairt amach do féin no do dhuine eile no le linn an chéanna do bheith á thabhairt amach amhlaidh, beidh sé ciontach i mí-iompar agus ar a chiontú ann ar díotáil dlighfear príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná dhá bhliain no, más rogha leis an gCúirt é, fíneáil ná raghaidh thar céad púnt do chur air.

(2) Déanfar fo-alt B d'alt 77 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 ( Uimh. 10 de 1924 ), do léiriú agus beidh éifeacht aige fé is dá mbeadh an mí-iompar a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so ar cheann de sna cásanna luaidhtear go speisialta sa bhfo-alt san B.

Na daoine eiscithe.

66. —(1) Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “daoine eiscithe” na daoine seo leanas, sé sin le rá :—

(a) duine ar bith a dhéanfaidh éileamh alos díobhála pearsanta dho féin do thárla agus é i bhfeithicil inneallghluaiste (seachas feithicil sheirbhíse puiblí) le n-a mbaineann an scríbhinn ionbhainte, agus

(b) duine ar bith a dhéanfaidh éileamh alos díobhála pearsanta (agus díobháil phearsanta is trúig bháis d'áireamh) do dhuine eile i gcás ina mbeadh an duine sin is déanaí luaidhtear ina dhuine eiscithe fén mír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so dá mbeadh sé féin ag déanamh éilimh alos na díobhála pearsanta san agus (i gcás san do bheith oiriúnach) dá mba nár thrúig bháis do an díobháil phearsanta san, agus

(c) duine ar bith a dhéanfaidh éileamh alos díobhála do mhaoin do thárla le linn na maoine sin do bheith i bhfeithicil no ar fheithicil inneall-ghluaiste le n-a mbaineann an scríbhinn ionbhainte, agus

(d) duine ar bith a dhéanfaidh éileamh alos díobhála do mhaoin do thárla le linn na maoine sin do bheith ar únaeracht no i seilbh no i gcoimeád no fé chúram an té is duine fé árachas no is prímh-fhéicheamh sa scríbhinn ionbhainte, agus

(e) daoine ar bith a dhéanfaidh éileamh alos díobhála, d'aon droichead meáchana no d'aon bhóthar no d'aon rud ar bhóthar no fé bhóthar, do thárla de dhruim meáchana feithicle inneall-ghluaiste, no de dhruim creatha do theacht de dheascaibh feithicle inneall-ghluaiste, le n-a mbaineann an scríbhinn ionbhainte, agus

(f) duine ar bith a dhéanfaidh éileamh alos díobhála do mhaoin do thárla de dhruim coire do phléascadh is cuid d'fheithicil inneall-ghluaiste le n-a mbaineann an scríbhinn ionbhainte no de dhruim spréacha no luatha bhí ag teacht as aon fheithicil den tsórt san, agus

(g) duine ar bith a dhéanfaidh éileamh alos díobhála do féin no do dhuine ar bith eile go mbeadh aige ina taobh teideal chun éilimh do dhéanamh i gcoinnibh an té is duine fé árachas no is prímh-fhéicheamh sa scríbhinn ionbhainte agus chun cúitimh no faoisimh eile do mholadh dho fén Workmen's Compensation Act, 1906, no fé aon Acht (ar n-a rith roimh an Acht so no dá éis) le n-a leathnuítear no le n-a leasuítear an tAcht san.

(2) San alt so—

(a) cialluíonn an abairt “scríbhinn ionbhainte” an polasaí árachais ceaduithe, an urruíocht cheaduithe, no an polasaí agus urruíocht co-nasctha ceaduithe (do réir mar bheidh) gur ina thaobh a húsáidtear an abairt “daoine eiscithe,” agus

(b) foluíonn tagairtí do dhíobháil ar n-a tárlachtaint le linn bheith i bhfeithicil no ar fheithicil díobháil ar n-a tárlachtaint le linn bheith ag dul isteach sa bhfeithicil sin no bheith ag dul anáirde uirthi, no le linn bheith á chur isteach inti no uirthi, no le linn bheith ag túirling di, no le linn bheith á thógaint amach aisti no anuas di agus díobháil ar n-a teacht de dheascaibh duine no maoine do chaitheamh amach as an bhfeithicil sin no anuas di.

Comhacht leathnuithe chun rialachán do dhéanamh maidir le hiarratas ar cheadúnas fén Finance Act, 1920.

67. —An chomhacht chun rialachán do dhéanamh a bronntar le halt 12 den Roads Act, 1920, leathnófar í agus deintear leis seo í do leathnú i dtreo gur cuid di rialacháin do dhéanamh á cheangal ar dhuine bheidh ag iarraidh ceadúnais fé alt 13 den Finance Act, 1920, (mar a leasuítear san le hachtacháin ina dhiaidh sin) alos feithicle inneall-ghluaiste cruthúnas no cruthúnas áirithe do thabhairt i láthair á thaisbeáint gur duine eiscithe an duine sin no ar theacht i ngníomh don cheadúnas a bheidh á iarraidh amhlaidh go mbeidh polasaí árachais ceaduithe no urruíocht cheaduithe no polasaí agus urruíocht có-nasctha ceaduithe i bhfeidhm ag árachadh tiomáint na feithicle sin ag an duine sin no ag daoine eile ar a ordú san no le n-a thoiliú.

Deimhniú árachais agus deimhniú urruíochta.

68. —(1) Pé uair a dhéanfaidh árachóir feithicle polasaí árachais ceaduithe no polasaí agus urruíocht có-nasctha ceaduithe do thabhairt amach do dhuine ar bith bhéarfaidh an t-árachóir feithicle sin don duine sin an líon orduithe deimhniú (go ngairmtear san Acht so deimhniú árachais de gach deimhniú fé leith acu) sa bhfuirm orduithe á dheimhniú go ndearnadh an polasaí árachais ceaduithe sin no an polasaí agus urruíocht có-nasctha ceaduithe sin do thabhairt amach amhlaidh agus ag luadh mion-innste orduithe an pholasaí sin no an pholasaí agus na hurruíochta san.

(2) Pé uair a dhéanfaidh árachóir feithicle no urruitheoir feithicle urruíocht cheaduithe do thabhairt amach do dhuine ar bith, bhéarfaidh an t-árachóir feithicle no an t-urruitheoir feithicle sin don duine sin an líon orduithe deimhniú (go ngairmtear san Acht so deimhniú urruíochta de gach deimhniú fé leith acu) sa bhfuirm orduithe á dheimhniú go ndearnadh an urruíocht cheaduithe sin do thabhairt amach agus ag luadh mion-innste orduithe na hurruíochta san.

(3) Chun crícheanna an ailt seo tuigfear gurb é bheidh i ngach athnuachaint a déanfar ar pholasaí árachais ceaduithe, ar pholasaí agus urruíocht có-nasctha ceaduithe, no ar urruíocht cheaduithe ná polasaí árachais ceaduithe, polasaí agus urruíocht có-nasctha ceaduithe, no urruíocht cheaduithe, do réir mar bheidh, do thabhairt amach.

Eifeacht dheimhnithe árachais no dheimhnithe urruíochta.

69. —(1) Pé uair a dhéanfaidh árachóir feithicle deimhniú árachais do thabhairt amach á dheimhniú go ndearna an t-árachóir feithicle sin polasaí árachais ceaduithe do thabhairt amach do dhuine áirithe (dá ngairmtear sa bhfo-alt so an duine fé árachas), ansan—

(a) mara ndeinidh agus faid ná déanfaidh an t-árachóir feithicle sin aon pholasaí den tsórt san a tuairiscítear sa deimhniú san do thabhairt amach don duine fé árachas, tuigfear, idir an árachóir feithicle sin agus duine ar bith eile seachas an duine fé árachas, an t-árachóir feithicle sin do thabhairt pholasaí áirithe cheaduithe amach don duine fé árachas agus an céanna ar gach slí do réir na tuairisce agus na mion-innste tugtar sa deimhniú san, agus

(b) más rud é go mbeidh an t-árachóir feithicle sin tar éis an pholasaí sin a tuairiscítear sa deimhniú san do thabhairt amach don duine fé árachas ach gur lugha tairbhe do dhaoine dhéanfaidh éileamh fén bpolasaí sin no dá bhuadh i gcoinnibh an árachóra fheithicle sin, go díreach no tríd an duine fé árachas, téarmaí an pholasaí sin ná mion-innste an pholasaí sin mar a tugtar iad sa deimhniú san, tuigfear, idir an árachóir feithicle sin agus duine ar bith eile seachas an duine fé árachas, an polasaí sin do bheith i dtéarmaí atá ar gach slí do réir na mion-innste sin a tugtar sa deimhniú san.

(2) Pé uair a dhéanfaidh árachóir feithicle deimhniú árachais do thabhairt amach á dheimhniú go ndearna an t-árachóir feithicle sin polasaí agus urruíocht có-nasctha ceaduithe do thabhairt amach do dhuine áirithe (dá ngairmtear sa bhfo-alt so an duine fé árachas), ansan—

(a) mara ndeinidh agus faid ná déanfaidh an t-árachóir feithicle sin aon pholasaí agus urruíocht có-nasctha ceaduithe den tsórt san a tuairiscítear sa deimhniú san do thabhairt amach don duine fé árachas, tuigfear, idir an árachóir feithicle sin agus duine ar bith eile seachas an duine fé árachas, an t-árachóir feithicle sin do thabhairt polasaí agus urruíochta chó-nasctha cheaduithe amach don duine fé árachas agus an céanna ar gach slí do réir na tuairisce agus na mion-innste tugtar sa deimhniú san, agus

(b) más rud é go mbeidh an t-árachóir feithicle sin tar éis an pholasaí agus na hurruíochta chó-nasctha san a tuairiscítear sa deimhniú san do thabhairt amach don duine fé árachas ach gur lugha tairbhe do dhaoine dhéanfaidh éileamh fén bpolasaí agus urruíocht cónasctha san no dá bhuadh i gcoinnibh an árachóra fheithicle sin, go díreach no tríd an duine fé árachas, téarmaí an pholasaí agus na hurruíochta chó-nasctha san ná mion-innste an pholasaí agus na hurruíochta chó-nasctha san mar a tugtar iad sa deimhniú san, tuigfear, idir an árachóir feithicle sin agus duine ar bith eile seachas an duine fé árachas, an polasaí agus urruíocht có-nasctha san do bheith i dtéarmaí atá ar gach slí do réir na mion-innste sin a tugtar sa deimhniú san.

(3) Pé uair a dhéanfaidh urruitheoir feithicle deimhniú urruíochta do thabhairt amach á dheimhniú go ndearna an t-urruitheoir feithicle sin urruíocht cheaduithe do thabhairt amach do dhuine áirithe (dá ngairmtear sa bhfo-alt so an prímhfhéicheamh), ansan—

(a) mara ndeinidh agus faid ná déanfaidh an t-urruitheoir feithicle sin aon urruíocht den tsórt san a tuairiscítear sa deimhniú san do thabhairt amach don phrímhfhéicheamh, tuigfear, idir an urruitheoir feithicle sin agus duine ar bith eile seachas an prímh-fhéicheamh, an t-urruitheoir feithicle sin do thabhairt urruíochta ceaduithe amach don phrímh-fhéicheamh agus an céanna ar gach slí do réir na tuairisce agus na mioninnste tugtar sa deimhniú san, agus

(b) más rud é go mbeidh an t-urruitheoir feithicle sin tar éis na hurruíochta san a tuairiscítear sa deimhniú san do thabhairt amach don phrímh-fhéicheamh ach gur lugha tairbhe do dhaoine dhéanfaidh éileamh fén urruíocht san no dá buadh i gcoinnibh an urruitheora fheithicle sin, go díreach no tríd an bprímh-fhéicheamh, téarmaí na hurruíochta san ná mion-innste na hurruíochta san mar a tugtar iad sa deimhniú san, tuigfear, idir an urruitheoir feithicle sin agus duine ar bith eile seachas an prímh-fhéicheamh, an urruíocht san do bheith i dtéarmaí atá ar gach slí do réir na mion-innste sin a tugtar sa deimhniú san.

(4) Ní bheidh aon diúité stampa inéilithe, de bhíthin éinní atá san alt so, ar dheimhniú árachais ná ar dheimhniú urruíochta ná beadh inéilithe ar an gcéanna dá mba ná hachtófaí an t-alt so.

Deimhniú saortha.

70. —Féadfaidh árachóir feithicle, urruitheoir feithicle, no duine saortha, féadfaidh, tráth ar bith, deimhniú no deimhnithe (go ngairmtear san Acht so deimhniú saortha de gach deimhniú fé leith acu) sa bhfuirm orduithe do thabhairt amach alos aon fheithicle inneall-ghluaiste is leis, á dheimhniú gur leis an fheithicil sin agus ag luadh na mion-innste orduithe maidir le n-a fhreagarthacht i ndíobháil ar n-a teacht as an bhfeithicil sin do thiomáint go nea-chúramach.

Deimhniú do thaisbeáint ar san d'éileamh.

71. —(1) Féadfaidh aon bhall den Ghárda Síochána a éileamh ar dhuine ar bith a bheidh ag tiomáint feithicle inneall-ghluaiste deimhniú árachais no deimhniú urruíochta no deimhniú saortha, maidir leis an duine sin do thiomáint na feithicle sin ar an ócáid sin, do thaisbeáint agus má dhiúltuíonn an duine sin no má theipeann air aon deimhniú den tsórt san do thaisbeáint ar an láthair sin beidh sé ciontach i gcionta fén alt so mara ndeinidh, laistigh de chúig lá tar éis an dáta ar ar héilíodh air an deimhniú san do thaisbeáint, an deimhniú san do thaisbeáint i bpearsain do bhall den Ghárda Síochána ag stáisiún leis an nGárda Síochána d'ainmnigh an duine sin nuair do héilíodh air amhlaidh an deimhniú san do thaisbeáint.

(2) Pé uair a dhéanfaidh duine ar bith ar a n-éileofar san go dleathach fén alt so deimhniú árachais no deimhniú urruíochta no deimhniú saortha do thaisbeáint ach go ndiúltóidh no go dteipfidh air a leigint don bhall den Ghárda Síochána dhéanfaidh an t-éileamh san an deimhniú taisbeánfar amhlaidh do léigheamh agus do scrúdú beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so.

(3) Pé uair a dhiúltóidh duine ar bith no a theipfidh ar dhuine ar bith, ar a n-éileofar san go dleathach fén alt so, deimhniú árachais no deimhniú urruíochta no deimhniú saortha do thaisbeáint no a thaisbeánfaidh deimhniú den tsórt san ach go dteipfidh air no go ndiúltóidh a leigint don bhall den Ghárda Síochána dhéanfaidh an t-éileamh an deimhniú taisbeánfar amhlaidh do léigheamh agus do scrúdú, no pé uair a thaisbeánfaidh duine ar bith deimhniú den tsórt san ag stáisiún leis an nGárda Síochána do réir forálacha fo-ailt (1) den alt so ach go dteipfidh air no go ndiúltóidh a leigint don bhall den Ghárda Síochána dá dtaisbeánfar an deimhniú san amhlaidh é do léigheamh agus do scrúdú, féadfaidh an ball san a ainm agus a sheoladh d'éileamh ar an duine sin agus má dhiúltuíonn an duine sin no má theipeann air a ainm agus a sheoladh do thabhairt uaidh no má bheireann uaidh ainm no seoladh bheidh bréagach no míthreorach beidh sé ciontach i gcionta fén alt so.

(4) Féadfaidh aon bhall den Ghárda Síochána gabháil do dhéanamh gan barántas—

(a) ar dhuine ar bith a dhéanfaidh do réir an ailt seo deimhniú árachais, deimhniú urruíochta, no deimhniú saortha do thaisbeáint ach a dhiúltóidh no go dteipfidh air leigint don bhall san an deimhniú san do léigheamh, no

(b) ar dhuine ar bith a dhéanfaidh, nuair a éileoidh an ball san a ainm agus a sheoladh air go dleathach fén alt so, diúltú no teip maidir le n-a ainm agus le n-a sheoladh do thabhairt uaidh no ainm no seoladh do thabhairt uaidh is eol don bhall san do bheith bréagach no míthreorach.

(5) Gach duine bheidh ciontach i gcionta fén alt so dlighfear, ar a chiontú ann ar an slí achmair, fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

E d'oblagáid deimhniú do thabhairt suas.

72. —(1) Pé uair a thárlóidh do thréimhse dhíona fé pholasaí árachais ceaduithe no fé pholasaí agus urruíocht có-nasctha ceaduithe deireadh do chur léi, no í do chur ar fiunraoi, ar aon tslí roimh dheireadh do theacht léi tré imeacht aimsire, seachadfaidh an duine fé árachas, laistigh de sheacht lá tar éis deireadh do chur leis an tréimhse dhíona san no tar éis í do chur ar fiunraoi, don árachóir feithicle do thug amach an polasaí sin no an polasaí agus urruíocht san, an deimhniú árachais is déanaí bheidh tugtha uaidh ag an árachóir feithicle sin alos an pholasaí sin no an pholasaí agus na hurruíochta san.

(2) Pé uair a tharlóidh do thréimhse dhíona fé urruíocht cheaduithe deireadh do chur léi, no í do chur ar fiunraoi, ar aon tslí roimh dheireadh do theacht léi tré imeacht aimsire, seachadfaidh an prímh-fhéicheamh, laistigh de sheacht lá tar éis deireadh do chur leis an tréimhse dhíona san no tar éis í do chur ar fiunraoi, don árachóir feithicle no don urruitheoir feithicle do thug amach an urruíocht cheaduithe sin, an deimhniú urruíochta is déanaí bheidh tugtha uaidh ag an árachóir feithicle no ag an urruitheoir feithicle sin alos na hurruíochta ceaduithe sin.

(3) Gach duine gur gá dho do réir an ailt seo deimhniú árachais no deimhniú urruíochta do sheachadadh agus go dteipfidh air an deimhniú san do sheachadadh do réir an ailt seo beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar púnt do chur air in aghaidh gach lae leanfaidh an cionta san.

Rialacháin maidir le deimhnithe árachais, etc.

73. —Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh gach ní no éinní acu so leanas, sé sin le rá :—

(a) deimhnithe árachais agus deimhnithe urruíochta d'iarraidh agus do thabhairt amach, agus deimhnithe saortha do dhéanamh agus do thabhairt amach;

(b) cóipeanna no deimhnithe nua do thabhairt amach in ionad aon deimhniú den tsórt san a bheidh caillte no díthithe;

(c) na deimhnithe sin do choimeád, do thaisbeáint, do chur ar ceal, agus do thabhairt suas.

E d'oblagáid fógra do thabhairt don árachóir no don urruitheoir i dtaobh tionóisce.

74. —(1) Pé uair a thárlóidh, maidir le feithicil inneall-ghluaiste, teaghmas gur féidir dá dheascaibh an t-árachóir feithicle do thug amach polasaí árachais ceaduithe no polasaí agus urruíocht cónasctha ceaduithe, no an prímh-fhéicheamh fé urruíocht cheaduithe bheidh i bhfeidhm an uair sin alos na feithicle sin, do theacht chun bheith freagarthach in airgead d'íoc le duine ar bith, bhéarfaidh únaer na feithicle sin, chó luath agus is féidir é tar éis an teagmhais sin do thárlachaint no marab ina láthair do thárla an teagmhas san laistigh d'ocht n-uaire is dachad a' chluig tar éis eolais d'fháil do mar an gcéad uair ar an teagmhas san do thárlachtaint, bhéarfaidh, don árachóir feithicle do thug amach an polasaí sin no an polasaí agus urruíocht san no don árachóir feithicle no don urruitheoir feithicle do thug amach an urruíocht san (pe'ca aca is gá sa chás), fógra i scríbhinn i dtaobh an teagmhais sin do thárlachtaint, maraon le pé mion-innste bheidh ar eolas no ar fáil aige i dtaobh an teagmhais sin agus a theastóidh go réasúnta ón árachóir no ón urruitheoir sin.

(2) Féadfaidh foráil a bheith i bpolasaí árachais ceaduithe, i bpolasaí agus urruíocht có-nasctha ceaduithe, no in urruíocht cheaduithe, ag saoradh an duine fé árachas no an phrímhfhéichimh (do réir mar bheidh) fén gcéanna ón oblagáid sin a forchuirtear leis an alt so go ndéanfar an fógra luaidhtear sa chéad fho-alt den alt so do thabhairt, agus má bhíonn foráil den tsórt san i bpolasaí árachais ceaduithe, i bpolasaí agus urruíocht có-nascha ceaduithe, no in urruíocht cheaduithe ní sárú ar an alt so é do theip ar an duine fé árachas no ar an bprímh-fhéicheamh (do réir mar bheidh) fén gcéanna an fógra san do thabhairt uaidh.

(3) Duine ar bith go dteipfidh air, contrárdha don alt so, aon fhógra no aon mhion-innste do thabhairt, laistigh den am a luaidhtear san alt so, d'árachóir feithicle no d'urruitheoir feithicle (fé mar is gá sa chás) is gá dho do réir an ailt seo do thabhairt don árachóir no don urruitheoir sin beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

(4) Aon fhógra no aon mhion-innste is gá do réir an ailt seo d'únaer feithicle do thabhairt d'aon árachóir feithicle no urruitheoir feithicle féadfaidh an t-únaer san san do thabhairt tríd an bhfógra no na mion-innste sin do chur tríd an bpost i gclúdach a bheidh dúnta i gceart agus ar a mbeidh an táille chuibhe roimhíoctha agus a bheidh dírithe chun an árachóra fheithicle no an urruitheora fheithicle sin (fé mar is gá sa chás) agus tuigfear an fógra no na mion-innste sin do thabhairt laístigh den am a luaidhtear san alt so chun an fhógra no na mion-innste sin do thabhairt má cuirtear an céanna tríd an bpost amhlaidh laistigh den am san.

E d'oblagáid ar thiománaí fógra do thabhairt don únaer i dtaobh tionóisce.

75. —(1) Pé uair a thárlóidh, maidir le feithicil inneall-ghluaiste, teagmhas gur féidir dá dheascaibh an t-árachóir feithicle do thug amach polasaí agus urruíocht có-nasctha ceaduithe, no an prímhfhéicheamh fé urruíocht cheaduithe bheidh i bhfeidhm an uair sin alos na feithicle sin, do theacht chun bheith freagarthach in airgead d'íoc le duine ar bith déanfaidh an té is tiománaí na feithicle sin le linn an teagmhais sin do thárlachtaint (marab é féin únaer na feithicle sin no an duine fé árachas fén bpolasaí sin no fén bpolasaí agus urruíocht có-nasctha san no an prímhfhéicheamh fén urruíocht san no maran i láthair únaera na feithicle sin a thárlann an teagmhas san) déanfaidh fógra i dtaobh an teagmhais sin do thárlachtaint, maraon le mion-innste iomlána ar an gcéanna, do thabhairt d'únaer na feithicle sin chó luath agus is féidir é tar éis don teagmhas san do thárlachtaint.

(2) Duine ar bith go dteipfidh air, contrárdha don alt so, aon fhógra no aon mhion-innste do thabhairt, laistigh den am a luaidhtear san alt so, d'únaer feithicle inneall-ghluaiste is gá dho do réir an ailt seo do thabhairt don únaer san beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

(3) Aon fhógra no aon mhion-innste is gá do réir an ailt seo do dhuine ar bith do thabhairt d'únaer feithicle inneall-ghluaiste féadfar san do thabhairt tríd an bhfógra no na mion-innste sin do chur tríd an bpost i gclúdach a bheidh dúnta i gceart agus ar a mbeidh an táille chuibhe roimh-íoctha agus a bheidh dírithe chun an únaera san.

An Assurance Companies Act, 1909, do leasú.

76. —(1) Beidh éifeacht ag alt 1 den Assurance Companies Act, 1909, mar a hoiriúnuítear san leis an Acht um Oiriúnú Achtanna, 1922 (Uimh. 2 de 1922) , no fé, fé is dá gcuirtí an mhír seo leanas i ndiaidh míre (e) dhe :—

“ (f) mechanically propelled vehicle insurance business, that is to say, the business of effecting contracts of insurance against loss of or damage to or arising out of or in connection with the use of mechanically propelled vehicles, including third party risks.”

(2) I gcás cuideachtan árachais do réir bhrí an Assurance Companies Act, 1909, mar a hoiriúnuítear san amhlaidh, do bheith ag gabháil do ghnó árachais feithiclí inneall-ghluaiste, beidh feidhm ag an Acht san maidir leis an ngnó san, fé réir na n-atharú so leanas, sé sin le rá :—

(a) an tsuim a bheidh le lóisteáil agus le coimeád lóisteálta ag an gcuideachtain fé alt 2 den Acht san alos an ghnótha san ní bheidh ann ach suim de chúig mhíle dhéag púnt;

(b) aon lóisteáil eile dhéanfaidh no bheidh déanta ag an gcuideachtain fén alt san 2 ní shaorfaidh iad ón suim sin de chúig mhíle dhéag púnt do lóisteáil agus do choimeád lóisteálta amhlaidh ná ní dhéanfaidh lóisteáil na suime sin de chúig mhíle dhéag púnt an chuideachta do shaoradh i bpáirt ná go hiomlán o aon lóisteáil eile fén Acht san do dhéanamh;

(c) ní bhainfidh ailt 5 agus 6 den Acht san leis an gcuideachtain;

(d) déanfaidh an chuideachta ráiteas ar a ngnó árachais feithiclí inneall-ghluaiste d'ullamhú gach bliain i pé fuirm ordóidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála o am go ham agus déanfar an ráiteas san do chlóbhualadh, do shighniú, agus do lóisteáil leis an Aire sin do réir ailt 7 den Acht san agus beidh feidhm ag an alt san dá réir sin;

(e) bainfidh míreanna (d), (e), (f), agus (g) d'alt 32 den Acht san leis an gcuideachtain fé is dá mbeadh na míreanna san leagtha amach anso ach an abairt “mechanically propelled vehicle insurance business” do chur in ionad na habairte “accident insurance business” i ngach áit ina bhfuil an abairt sin sna míreanna san.

Arachóirí feithicle, urruitheoirí feithicle agus daoine saortha do choimeád breacachán agus do thabhairt eolais uatha.

77. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh chun gach críche no aon chríche acu so leanas, sé sin le rá :—

(a) á cheangal ar árachóirí feithicle breacacháin do choimeád i dtaobh gach polasaí árachais cheaduithe, gach polasaí agus urruíochta chó-nasctha cheaduithe, agus gach urruíochta ceaduithe do bhéarfaid amach;

(b) á cheangal ar urruitheoirí feithicle breacacháin do choimeád i dtaobh gach urruíochta ceaduithe do bhéarfaid amach;

(c) á cheangal ar dhaoine saortha breacacháin do choimeád i dtaobh gach deimhnithe shaortha do bhéarfaid amach;

(d) á ordú cadiad na nithe cuirfear sna breacacháin sin;

(e) á chur ar chumas bhall den Ghárda Síochána agus oifigeach don Aire na breacacháin sin d'iniúchadh;

(f) á cheangal ar árachóirí feithicle eolas do thabhairt do bhaill den Ghárda Síochána agus d'oifigigh don Aire i dtaobh polasaithe árachais ceaduithe, i dtaobh polasaithe agus urruíochtaí có-nasctha ceaduithe, agus i dtaobh urruíochtaí ceaduithe, do thug na hárachóirí feithicle sin amach;

(g) á cheangal ar urruitheoirí feithicle eolas do thabhairt do bhaill den Ghárda Síochána agus d'oifigigh don Aire i dtaobh urruíochtaí ceaduithe do thug na hurruitheoirí feithicle sin amach.

(2) Gach duine dhéanfaidh ní ar bith (tré ghníomh no tré fhaillí) is sárú ar rialachán ar n-a dhéanamh fén alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air agus, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil bhreise ná raghaidh thar púnt in aghaidh gach lae leanfaidh an cionta san.

Forálacha ilghnéitheacha i dtaobh airgid árachaithe no urruithe.

78. —(1) Má deir duine (dá ngairmtear an t-éilitheoir san alt so) go bhfuil sé i dteideal suime do bhaint d'únaer no de thiománaí feithicle inneall-ghluaiste, no má fuair sé in aon chúirt bhreithiúnais (in imeachta gur tugadh fógra ina dtaobh don árachóir feithicle no don urruitheoir feithicle luaidhtear anso ina dhiaidh seo) breithiúntas i gcoinnibh an únaera no an tiománaí sin i suim (socruithe no nea-shocruithe), ’na mbeidh an t-únaer no an tiománaí sin árachaithe in aghaidh na freagarthachta inti le polasaí árachais cheaduithe no ’na mbeidh a híoc ag an únaer no ag an tiománaí sin urruithe le hurruíocht cheaduithe no ’na mbeidh an t-únaer no an tiománaí sin díonta ina taobh le polasaí agus urruíocht cónasctha ceaduithe, féadfaidh an t-éilitheoir fógra i scríbhinn i dtaobh an éilimh ar an suim sin no i dtaobh an bhreithiúntais inti do sheirbheáil ar an árachóir feithicle do thug amach an polasaí sin no an polasaí agus urruíocht san no ar an árachóir feithicle no ar an urruitheoir feithicle do thug amach an urruíocht san (do réir mar bheidh) agus ar an bhfógra san do sheirbheáil beidh éifeacht ag pé forálacha acu so leanas a bhaineann leis an gcás, sé sin le rá :—

(a) ní dhéanfaidh an t-árachóir feithicle sin, tar éis an fhógra san do sheirbheáil, íoc leis an únaer no leis an tiománaí sin, alos na suime bheidh á éileamh amhlaidh ag an éilitheoir no ina bhfuair sé breithiúntas amhlaidh, in aon mhéid is mó ná an méid (más ann do) a bheidh íoctha ag an únaer no ag an tiománaí sin leis an éilitheoir alos na suime sin;

(b) má bhíonn an t-éilitheoir tar éis breithiúntais d'fháil sa tsuim sin amhlaidh no más rud é, tar éis an fhógra san do sheirbheáil, go bhfuighe sé breithiúntas sa tsuim sin no in aon chuid di amhlaidh, íocfaidh an t-árachóir feithicle no an t-urruitheoir feithicle sin leis an éilitheoir an méid sin den airgead (pe'ca airgead damáiste no costaisí é) ina bhfuarthas no ina bhfuighfear breithiúntas amhlaidh a bheidh árachaithe no urruithe ag an árachóir feithicle no ag an urruitheoir feithicle sin agus ná beidh íoctha ar aon tslí eile leis an éilitheoir sin, agus beidh an íocaíocht san, chó fada agus théigheann an t-árachóir no an prímh-fhéicheamh, ina híocaíocht dleathach fén bpolasaí árachais ceaduithe sin no fén bpolasaí agus urruíocht có-nasctha ceaduithe sin no fén urruíocht cheaduithe sin;

(c) má bhíonn an t-éilitheoir tar éis breithiúntais d'fháil sa tsuim sin amhlaidh no más rud é, tar éis an fhógra san do sheirbheáil, go bhfuighe sé breithiúntas sa tsuim sin no in aon chuid di amhlaidh, ach ná beidh sé tar éis méide iomláin an bhreithiúntais sin do bhaint den únaer no den tiománaí sin no den árachóir feithicle no den urruitheoir feithicle sin, féadfaidh an t-éilitheoir a iarraidh ar an gCúirt ina bhfuair an breithiúntas san cead do thabhairt do an breithiúntas san d'fheidhmiú i gcoinnibh an árachóra fheithicle no an urruitheora fheithicle sin agus leis sin féadfaidh an Chúirt sin, más dóich léi san do bheith ceart, géilleadh don iarratas san maidir le méid iomlán an bhreithiúntais sin no maidir le haon chuid áirithe den mhéid sin;

(d) mara mbíonn an t-éilitheoir tar éis breithiúntais d'fháil sa tsuim sin amhlaidh, féadfaidh an t-éilitheoir a iarraidh ar aon chúirt dlighinse inniúla i Saorstát Éireann, in ar mian leis imeachta do bhunú chun na suime sin do bhaint den únaer no den tiománaí sin, cead do thabhairt do na himeachta san do bhunú agus do chur ar aghaidh i gcoinnibh an árachóra fheithicle no an urruitheora fheithicle sin (do réir mar bheidh) in ionad iad do bhunú agus do chur ar aghaidh i gcoinnibh an únaera no an tiománaí sin, agus féadfaidh an chúirt sin, más deimhin léi ná fuil an t-únaer no an tiománaí sin i Saorstát Éireann no nách féidir é d'fháil no nách féidir próiseas na cúirte sin do sheirbheáil air no go bhfuil sé ceart agus cothrom, toisc aon réasúin eile, géilleadh don iarratas san, féadfaidh géilleadh don iarratas san agus leis sin beidh an t-éilitheoir i dteideal na himeachta san do bhunú agus do chur ar aghaidh i gcoinnibh an árachóra fheithicle no an urruitheora fheithicle sin agus aon tsuim do bhaint sna himeachta san den árachóir feithicle no den urruitheoir feithicle sin do bheadh sé i dteideal a bhaint den únaer no den tiománaí sin agus ’na mbeidh a híoc árachaithe no urruithe ag an árachóir feithicle no ag an urruitheoir feithicle sin;

(e) ní sheasóidh an t-árachóir feithicle no an t-urruitheoir feithicle sin ar aon nea-dhleathacht ná ní phléidhfidh aon nea-dhleathacht, mar scór chun diúltú d'airgead d'íoc leis an éilitheoir no mar chosaint ar imeachta bhunóidh an t-éilitheoir, is nea-dhleathacht sa pholasaí árachais sin, san urruíocht san no sa pholasaí agus urruíocht có-nasctha san (do réir mar bheidh) eiríonn as aon chalaois no as aon cham-thuairisc no ráiteas bréagach (pe'ca go calaoiseach do rinneadh san no nách eadh) ba ní ná raibh baint ag an éilitheoir leis no nárbh eol do é dhéanamh agus, i gcás é bheith ina mhí-iompar fén gCuid seo den Acht so, nárbh abhar cúisimh agus ciontuithe fén alt san den Chuid seo den Acht so bhaineann leis an scéal.

(2) Má thárlann do dhuine (dá ngairmtear anso feasta an duine fé árachas) a bheidh tar éis polasaí árachais cheaduithe no polasaí agus urruíochta chó-nasctha cheaduithe do thógaint amach, má thárlann do san, i gcás gur duine aonair é, é do theacht chun bheith gnó-bhriste no chun bheith do-acfuinneach no é d'fháil bháis no, i gcás gur cólucht corpruithe é, a ghnó do chríochnú no, i gcás gur páirtnéireacht no comhlachas neamh-ionchorpruithe eile é, é do scur ní bheidh airgead is iníoctha leis an duine fé árachas, fén bpolasaí sin no fén bpolasaí agus urruíocht san, ionchurtha ach chun lán-ghlanta do dhéanamh i ngach éileamh dleathach a bheidh ag treas-pháirtithe i gcoinnibh an duine fé árachas agus ’na mbeidh an t-airgead san iníoctha ina thaobh agus ní bheidh aon chuid den airgead san ina sócmhainní leis an duine fé árachas ná ionchurtha chun íoctha fiacha an duine fé árachas (seachas na héilithe sin) sa ghnó-bhriseadh no sa do-acfuinneacht san no i riaradh estáit an duine sin fé árachas no sa chríochnú gnótha no sa scur san, agus ní hionchruthuithe d'aon éileamh den tsórt san sa ghnó-bhriseadh, sa do-acfuinneacht, sa riaradh, sa chríochnú ghnótha, no sa scur san.

(3) Ní bhaineann an t-alt so ach le héilithe gur gá do réir na Coda so den Acht so árachas no urruíocht no árachas agus urruíocht có-nasctha do thógaint amach in aghaidh na freagarthachta ionta agus ní bhaineann le héilithe (pe'ca bheid árachaithe le polasaí árachais ceaduithe no le hurruíocht cheaduithe no ná beid) nách gá amhlaidh ina dtaobh aon árachas ná urruíocht den tsórt san.

(4) Déanfar, i ngach cás ina gceaduíonn an có-théacs é, tagairtí san alt so d'únaer no do thiománaí feithicle inneall-ghluaiste do léiriú mar thagairtí fholuíonn ionadaí pearsanta an únaera san no an tiománaí sin, do réir mar bheidh.

An éarlais do chur chun críche agus d'aisíoc.

79. —(1) San alt so—

cialluíonn an focal “éarlais” éarlais airgid ar n-a lóisteáil le Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais fén Assurance Companies Act, 1909, mar a leathnuítear san leis an gCuid seo den Acht so, chun duine do cháiliú chun gnótha do dhéanamh mar árachóir feithicle no fén gCuid seo den Acht so chun duine do cháiliú chun gnótha do dhéanamh mar urruitheoir feithicle no chun duine do shaoradh ón gCuid seo den Acht so;

cialluíonn an focal “taisceoir” duine bheidh tar éis éarlaise do lóisteáil;

cialluíonn an abairt “scríbhinn cheaduithe” scríbhinn is polasaí árachais ceaduithe, urruíocht cheaduithe no polasaí agus urruíocht có-nasctha ceaduithe.

(2) Pé uair do gheobhaidh duine (dá ngairmtear fiach-éilitheoir breithiúntais san alt so) breithiúntas i gcúirt ar bith i gcoinnibh taisceora i suim le n-a mbaineann an t-alt so, féadfaidh an Ard-Chúirt, ar iarratas an fhiach-éilitheora bhreithiúntais agus más deimhin léi gan aon earraí do bheith ag an taisceoir is féidir do thógaint i bhfeidmiúchán mar shásamh sa bhreithiúntas san, a ordú go ndéanfaidh Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais méid an bhreithiúntais sin, maraon leis na costaisí do bhain leis an ordú san agus le n-a iarraidh agus leis na himeachta fé, d'íoc amach as an éarlais a bheidh lóisteálta ag an taisceoir.

(3) Pé uair a déanfar méid breithiúntais d'íoc fén alt so amach as éarlais féadfaidh an taisceoir do lóisteáil an éarlais sin suim is có-ionann leis an suim do híocadh amach as an éarlais sin amhlaidh do lóisteáil le Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais mar bhreis agus mar shlánú ar an éarlais sin, agus go dtí go lóisteálfaidh an taisceoir sin an tsuim sin amhlaidh tuigfear gan é bheith ag cólíonadh na bhforálacha den Chuid seo den Acht so no den Assurance Companies Act, 1909, mar a leathnuítear san leis an gCuid seo den Acht so, a bhaineann le héarlaisí do lóisteáil.

(4) Pé uair a thárlóidh do thaisceoir, i gcás gur duine aonair é, é do theacht chun bheith gnó-bhriste no chun bheith do-acfuinneach no é d'fháil bháis no, i gcás gur cólucht corpruithe é, a ghnó do chríochnú no, i gcás gur páirtnéireacht no comhlachas neamhionchorpruithe eile é, é do scur ní bheidh an éarlais a bheidh lóisteálta ag an taisceoir sin ionchurtha sa chéad dul síos ach chun íoctha fiachaisí an taisceora i suimeanna le n-a mbaineann an t-alt so agus nuair a bheidh na fiachaisí uile den tsórt san a bheidh ar an taisceoir sin glanta go hiomlán beidh an éarlais sin ionchurtha mar shócmhainní generálta is leis an taisceoir.

(5) Pé uair is deimhin leis an Ard-Chúirt, ar iarratas taisceora no duine bheidh ag éileamh tré thaisceoir no fé agus tar éis fógra do bheith tugtha don Aire Tionnscail agus Tráchtála agus tar éis pé foillsiú fógrán do bheith déanta ordóidh an Ard-Chúirt, é bheith ceart agus cothrom an éarlais a bheidh lóisteálta ag an taisceoir sin d'íoc leis an té bheidh ag déanamh an iarratais sin, féadfaidh an Ard-Chúirt a ordú go n-íocfar an éarlais sin leis an duine sin gan coinníoll no fé réir pé coinníollacha is ceart dar leis an Ard-Chúirt a luadh san ordú san.

(6) Ní bhaineann an t-alt so ach—

(a) le suimeanna gur gá do réir na Coda so den Acht so árachas no urruíocht no árachas agus urruíocht cónasctha do thógaint amach i gcoinnibh na freagarthachta ionta agus ina bhfuil an taisceoir freagarthach mar árachóir no urruitheoir ar an gcéanna, agus

(b) le suimeanna gur ghá do réir na Coda so den Acht so don taisceoir, dá mba nár thaisceoir é, árachas no urruíochi no árachas agus urruíocht có-nasctha do thógaint amach i gcoinnibh na freagarthachta ionta.

Socrú speisialta do dhaoine ná comhnuíonn i Saorstát Éireann.

80. —Féadfaidh an tAire socrú do dhéanamh chun a chur in usacht do dhaoine chomhnuíonn lasmuich de Shaorstát Éireann de ghnáth an Chuid seo den Acht so do chólíonadh, agus chuige sin féadfaidh, le hordú, rialacháin do dhéanamh ag atharú gach ceann no aon cheann d'fhorálacha na Coda so den Acht so maidir leis na daoine sin ach ní hi slí gurbh ionann san nách mór agus duine ar bith do shaoradh o sna hoblagáidí forchuirtear leis an gCuid seo den Acht so.