Ar Aghaidh (SCEIDEAL.)

12 1933


Uimhir 12 de 1933.


ACHT IMEALL TRÁGHA, 1933.


ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN LÉASANNA AGUS CEADÚNAISÍ DO DHEONADH MAIDIR LE hIMEALL TRÁGHA IS LE SAORSTÁT ÉIREANN AGUS CHUN AN DLÍ BHAINEAS LE hIMEALL TRÁGHA AGUS LE TRÁIGH MHARA DO LEASÚ GO GENERÁLTA. [30adh Meitheamh, 1933.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “ an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

cialluíonn an abairt “ imeall trágha” an méid atá laistíos de shnáth mhara na ngnáth-thaoidí no na meán-taoidí de ghrinneall agus de thráigh na fairrge agus na n-abhann taoide agus na n-inbhear taoide uile agus fós de ghrinneall agus de thráigh sruthchlaisí, crompán agus bághanna uile na fairrge no aon abhann no inbhir den tsórt san;

cialluíonn an abairt “ tailte taoide” an méid atá laistíos de shnáth mhara na ngnáth-rabhartaí de ghrinneall agus de thráigh na fairrge agus na n-abhann taoide agus na n-inbhear taoide uile agus fós de ghrinneall agus de thráigh sruthchlaisí, crompán, agus bághanna uile na fairrge no aon abhann no inbhir den tsórt san;

cialluíonn an abairt “ tráigh mhara” an t-imeall trágha agus gach cladach, port, agus aill i bhfogas do san agus foluíonn sí an ghaineamh agus na carraigreacha uile i bhfogas don imeall trágha;

cialluíonn an abairt “ abhar cladaigh” gaineamh, cré, gairbhéal, clocha tuirlinge, clocha, carraigreacha, agus substaintí minearáil ar uachtar na trágha mara agus foluíonn sí oiréadain charraige no aon tsubstainte minearáil os cionn uachtair na trágha mara agus fós foluíonn sí muiríneach ag fás ar an tráigh mhara agus fós feamain pe'ca ag fás no préamhuithe ar an tráigh mhara dhi no cruinnithe no curtha i dtír ansan ag taoide, gaoith agus tonntracha no ag aon cheann acu san;

cialluíonn an abairt “ daingean mara” falla, piara, fánán adhmaid, cuaillí, banncán no obair eile ar bith do rinneadh chun tailimh, foirginte no déanmhais eile ar bith do chaomhaint ar dhíobháil ón bhfairrge no o thonntracha no o thaoidí na fairrge;

foluíonn an focal “ léas” cur-ar-cíos ar feadh bliana no ar feadh tréimhse ar bith is giorra ná bliain;

foluíonn an focal “ téarma” tréimhse de bhliain agus tréimhse ar bith is giorra ná bliain;

déanfar tagairtí d'imeall trágha is le Saorstát Éireann do léiriú mar thagairtí d'imeall trágha is le Saorstát Éireann de thurus na huaire pe'ca de bhuadh Airtiogail 11 den Bhunreacht é no de dhruim éinní eile ar bith (anois no feasta).

Comhacht don Aire chun léasanna ar imeall trágha do thabhairt uaidh.

2. —(1) Más dóich leis an Aire go raghadh sé chun leasa na puiblíochta léas do thabhairt d'éinne ar aon imeall trágha is le Saorstát Éireann, féadfaidh an tAire, fé réir forálacha an Achta so, le dintiúir fé n-a shéala oifigiúil an t-imeall trágha san maraon leis na foirgintí agus na déanmhais eile (más aon cheann é) air do leithliú don duine sin ar léas ar feadh pé téarma, nách sia ná naoi mbliana nóchad agus é ag tosnú ar dháta an léasa san no roimhe sin, is dóich leis an Aire is ceart.

(2) Gach léas a tabharfar fén alt so déanfar (maran dóich leis an Aire gur cheart, ar mhaithe leis an bpuiblíocht, an léas san do thabhairt in aisce) é do thabhairt fé réir íocaíochta do dhéanamh leis an Aire i pé airgead, i bhfuirm fhíneála no íocaíochta eile roimh ré no i bhfuirm chíosa no íocaíochta tréimhsiúla eile no i bhfuirm rí-chíosa ar abhar a haistreofar no i ngach fuirm no in aon fhuirm acu san, is dóich leis an Aire is ceart agus ar a gcó-aontóidh leis an duine dá dtabharfar an léas san.

(3) In ainneoin éinní atá san alt so, ní déanfar aon léas le n-a ngearrfar cíos no íocaíocht bhliantúil eile is mó ná deich bpúint sa bhliain do thabhairt fén alt so gan ceadú an Aire Airgid.

(4) Beidh i ngach léas a tabharfar fén alt so comhacht no coinníoll chun ath-iontrála do dhéanamh ar an léasaí do shárú aon chumhnanta ar thaobh an léasaí (le n-a n-áirmhítear cumhnant chun cíosa, rí-chíosa no airgid eile d'íoc), coinníll, no có-aontuithe bheidh sa léas san no ar é do theip air déanamh dá réir no é do chólíonadh.

(5) Ní bheidh i léas ar bith a tabharfar fén alt so aon chumhnant ná có-aontú chun an léasa san d'athnuachaint.

(6) Beidh (fé réir forálacha an ailt seo) i ngach léas fén alt so pé cumhnanta, coinníollacha, agus có-aontuithe is dóich leis an Aire do bheith ceart no do raghadh chun leasa na puiblíochta agus ar a gcó-aontóidh leis an duine dá dtabharfar an léas san.

(7) Féadfaidh léas a tabharfar fén alt so baint leis na minearáil uile ar an imeall trágha leithlítear no ann chó fada síos le triocha troigh o uachtar an imeall trágha san, agus fós leis an gceart chun na minearál san d'fháil agus do thógaint, ach ní bhainfidh aon léas den tsórt san le haon mhianaigh ná minearáil is sia síos ná triocha troigh fé uachtar an imeall trágha leithlítear.

(8) Pé uair a hiarrfar léas ar an Aire fén alt so, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, fiosrúchán puiblí do dhéanamh i dtaobh an léasa san do thabhairt uaidh.

Comhacht don Aire chun ceadúnaisí imeall trágha do dheonadh.

3. —(1) Más dóich leis an Aire go raghadh sé chun leasa na puiblíochta ceadúnas do dheonadh d'éinne alos aon imeall trágha is le Saorstát Éireann á údarú don duine sin aon abhar do shuidheamh no aon earraí, rudaí, déanmhais, no oibreacha do shuidheamh no do thógáil san imeall trágha san no air, no aon abhar cladaigh d'aistriú ón imeall trágha san, no aon mhinearáil san imeall trágha san agus nách sia síos ná triocha troigh fé n-a uachtar d'fháil agus do thógaint, no an t-imeall trágha san d'úsáid no do shealbhú chun críche ar bith, féadfaidh an tAire, fé réir forálacha an Achta so, le dintiúir fé n-a shéala oifigiúil an ceadúnas san do dheonadh don duine sin ar feadh pé téarma, nách sia ná naoi mbliana nóchad agus é ag tosnú ar dháta an cheadúnais sin no roimhe sin, is dóich leis an Aire is ceart.

(2) Gach ceadúnas a deonfar fén alt so déanfar (maran dóich leis an Aire gur cheart, ar mhaithe leis an bpuiblíocht, an ceadúnas san do dheonadh in aisce) é do dheonadh fé réir íocaíochta do dhéanamh leis an Aire i pé airgead, i bhfuirm fhíneála no íocaíochta eile roimh ré no i bhfuirm chíosa no íocaíochta tréimhsiúla eile no i bhfuirm rí-chíosa ar abhar a haistreofar no i ngach fuirm no in aon fhuirm acu san, is dóich leis an Aire is ceart agus ar a gcó-aontóidh leis an duine dá ndeonfar an ceadúnas san.

(3) Más dóich leis an Aire ceadúnas a bheidh beartuithe a dheonadh fén alt so do bheith nea-tháchtach mar gheall ar a chineál no a ré no éinní eile, agus gur cheart é do dheonadh in aisce no fé réir íocaíochta ná beidh ach in ainm bheith ina híocaíocht féadfar, in ainneoin éinní atá san alt so, an ceadúnas san do dheonadh i bhfuirm cheada i scríbhinn fé láimh an Aire no fé láimh dhuine de phríomh-oifigigh a Roinne.

(4) In ainneoin éinní atá san alt so, ní déanfar aon cheadúnas gur gá don cheadúnaí dá réir cíos no íocaíocht bhliantúil eile d'íoc is mó ná deich bpúint sa bhliain do dheonadh fén alt so gan ceadú an Aire Airgid.

(5) Beidh i ngach ceadúnas a deonfar fén alt so comhacht don Aire chun deireadh do chur leis an gceadúnas san ar an gceadúnaí do shárú aon chumhnanta ar thaobh an cheadúnaí (le n-a n-áirmhítear cumhnant chun cíosa, rí-chíosa no airgid eile d'íoc), coinníll no có-aontuithe bheidh sa cheadúnas san no ar é do theip air déanamh dá réir no é do chólíonadh.

(6) Ní bheidh in aon cheadúnas a deonfar fén alt so aon chumhnant ná có-aontú chun an cheadúnais sin d'athnuachaint.

(7) Beidh (fé réir forálacha an ailt seo) i ngach ceadúnas a deonfar fén alt so pé cumhnanta, coinníollacha, agus có-aontuithe is dóich leis an Aire do bheith ceart no do raghadh chun leasa na puiblíochta agus ar a gcó-aontóidh leis an duine dá ndeonfar an ceadúnas san.

(8) Ní bhainfidh aon cheadúnas a deonfar fén alt so le haon mhinearáil is sia síos ná triocha troigh fé uachtar an imeall trágha le n-a mbainfidh an ceadúnas san ná ní údaróidh aon mhinearáil den tsórt san d'aistriú.

(9) Pé uair a hiarrfar ar an Aire ceadúnas do dheonadh fén alt so, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, fiosrúchán puiblí do dhéanamh i dtaobh an cheadúnais sin do dheonadh.

Tabhairt suas, scaoileadh agus cur i leataoibh maidir le léasanna agus ceadúnaisí.

4. —(1) Féadfaidh an tAire, más dóich leis agus pé uair is dóich leis gur ceart san do dhéanamh, glacadh le haon léas no ceadúnas ar imeall trágha is le Saorstát Éireann do thabhairt suas pe'ca fén Acht so no roimh an Acht so do rith do tugadh no do deonadh an léas no an ceadúnas san.

(2) Féadfaidh an tAire, más dóich leis agus pé uair is dóich leis gur ceart san do dhéanamh, aon chumhnant no coinníoll a bheidh in aon léas no ceadúnas (pe'ca fén Acht so no roimh an Acht so do rith do tugadh no do deonadh é) ar imeall trágha is le Saorstát Éireann do chur i leataoibh no do scaoileadh le dintiúir fé n-a shéala oifigiúil, pe'ca beifear tar éis an chumhnanta no an choinníll sin do shárú no ná beifear agus féadfaidh fós, más dóich leis agus pé uair is dóich leis gur ceart san do dhéanamh, scaoileadh le haon tsárú (pe'ca trúig gheallbhruidthe é no nách eadh) ar aon chumhnant no coinníoll a bheidh in aon léas no ceadúnas den tsórt san.

(3) Féadfaidh an tAire glacadh le tabhairt-suas, no cumhnant no coinníoll do chur i leataoibh no do scaoileadh, no scaoileadh le sárú ar chumhnant no ar choinníoll fén alt so agus san, fé mar is dóich leis is ceart, gan comaoin no ar pé comaoin is dóich leis is ceart.

Comhacht don Aire imeall trágha, etc., d'fháil.

5. —Féadfaidh an tAire aon uair más rogha leis é, ach fé réir toilithe an Aire Airgid—

(a) aon imeall trágha, no aon éasáid, profit-a-prendre, no ceart eile ar aon imeall trágha, no aon cheart chun raice nách le Saorstát Éireann, do cheannach, tré chó-aontú, ar pé praghas agus ar pé téarmaí is dóich leis, agus an toiliú roimhráite faighte aige, is ceart; no

(b) léas ar feadh pé téarma, ar pé cíos, agus fé réir pé cumhnanta agus coinníollacha is dóich leis, agus an toiliú roimhráite faighte aige, is ceart, do thógaint, tré chó-aontú ar aon imeall trágha, no ar aon éasáid, profit-a-prendre no ceart eile ar aon imeall trágha, no ar aon cheart chun raice nách le Saorstát Éireann.

Ordú á thoirmeasc abhar cladaigh d'aistriú o thráigh mhara.

6. —(1) San Acht so cialluíonn an abairt “ ordú toirmisc” ordú bheidh no tuigfear a bheith déanta fén alt so á thoirmeasc abhar cladaigh d'aistriú o líomatáiste de thráigh mhara.

(2) Pé uair is dóich leis an Aire, maidir le habhar cladaigh de shaghas ar bith no d'aon tsaghas no saghsanna áirithe d'aistriú no d'aistriú gan srian o aon líomatáiste áirithe de thráigh mhara, go ndearna san no gur dócha go ndéanfaidh dochar do chearta puiblí ar bith a bhaineann leis an líomatáiste sin de thráigh mhara no d'aon tailte no uisce i gcomharsanacht an líomatáiste sin, no go ndearna san no gur dócha go ndéanfaidh díobháil d'aon talamh no d'aon fhoirgint, falla, piara, no déanmhas eile, féadfaidh an tAire le hordú a thoirmeasc ar éinne abhar cladaigh de shaghas ar bith no den tsaghas no de sna saghsanna áirithe sin (fé mar is gá sa chás) d'aistriú ón líomatáiste sin de thráigh mhara.

(3) Féadfaidh an tAire aon uair le hordú, más rogha leis é, ordú toirmisc do cheiliúradh no do leasú.

(4) Pé uair a dhéanfaidh an tAire ordú toirmisc no bheidh sé ar aigne ordú toirmisc do dhéanamh, do leasú, no do cheiliúradh, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, fiosrúchán puiblí do dhéanamh i dtaobh an orduithe sin do bhuanú, do dhéanamh, do leasú, no do cheiliúradh (do réir mar bheidh).

(5) Gach duine aistreoidh aon abhar cladaigh o aon imeall trágha no tráigh mhara contrárdha d'ordú toirmisc beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air má sé an chéad chionta aige é agus fíneáil de dheich bpúint má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin, agus an t-abhar cladaigh do haistríodh amhlaidh do gheallbhruideadh i ngach cás.

(6) Gach ordú rinneadh fé alt 14 den Harbours Act, 1814, agus atá i bhfeidhm le linn an Achta so do rith leanfaidh de bheith i bhfeidhm in ainneoin an ailt sin d'athghairm leis an Acht so, agus tuigfear chun gach críche gach ordú den tsórt san do dhéanamh fén alt so ar an dáta ar a ndearnadh é cé gur dáta roimh an Acht so do rith an dáta san.

(7) Ní oibreoidh ordú toirmisc chun cosc do chur le ceadúnas do dheonadh fén Acht so chun abhair chladaigh d'aistriú o imeall trágha le n-a mbaineann an t-ordú san ná chun cosc do chur le habhar cladaigh d'aistriú ón imeall trágha san fé cheadúnas agus do réir cheadúnais ar n-a dheonadh (pe'ca roimh an ordú san do dhéanamh é no dá éis sin) fén Acht so.

Fógra á thoirmeasc abhar cladaigh d'aistriú o imeall trágha.

7. —(1) Pé uair is dóich leis an Aire, maidir le habhar cladaigh d'aistriú o aon líomatáiste d'imeall trágha is le Saorstát Éireann agus ná beidh aon ordú toirmisc i bhfeidhm ina thaobh, gur cheart san do shrianadh no do rialú, féadfaidh an tAire fógra (dá ngairmtear fógra toirmisc san alt so) i scríbhinn do sheirbheáil ar dhuine ar bith á thoirmeasc ar an duine sin abhar cladaigh de shaghas ar bith no d'aon tsaghas no saghsanna áirithe d'aistriú ón líomatáiste sin d'imeall trágha.

(2) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith ar a seirbheálfar fógra toirmisc aon abhar cladaigh le n-a mbaineann an fógra san d'aistriú (ach amháin fé cheadúnas agus do réir cheadúnais ar n-a dheonadh fén Acht so) ón líomatáiste d'imeall trágha le n-a mbaineann an fógra san.

(3) Gach duine aistreoidh aon abhar cladaigh o aon imeall trágha contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air má sé an chéad chionta aige é agus fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin.

Rialacháin i dtaobh na puiblíochta d'úsáid imeall trágha.

8. —(1) Más dóich agus pé uair is dóich leis an Aire, maidir leis an bpuiblíocht do dhul isteach ar aon líomatáiste áirithe d'imeall trágha is le Saorstát Éireann no d'úsáid an chéanna, gur cheart ar mhaithe leis an bpuiblíocht, san do thoirmeasc, do shrianadh, do rialáil, no do rialú, go buan no go sealadach, féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh chun toirmisc, srianta, rialála no rialuithe do dhéanamh, sa tslí, sa mhéid, agus ar feadh na tréimhse sin, go dteorainn no gan teorainn, is dóich leis an Aire is ceart, maidir leis an bpuiblíocht do dhul isteach ar an líomatáiste sin d'imeall trágha no d'úsáid an chéanna chun críche ar bith no chun aon chríche no crícheanna áirithe seachas na crícheanna a heiscítear anso ina dhiaidh seo.

(2) Gach duine dhéanfaidh éinní (pe'ca tré ghníomh no tré fhaillí é) is sárú ar rialachán a bheidh déanta fén alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

(3) Pé uair a dhéanfaidh an tAire rialachán, no bheidh sé ar aigne rialachán do dhéanamh, fén alt so, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, fiosrúchán puiblí do dhéanamh i dtaobh an rialacháin sin do bhuanú no do dhéanamh (do réir mar bheidh).

(4) Ní bhainfidh rialacháin a déanfar fén alt so le haon imeall trágha d'úsáid chun crícheanna loingseoireachta no iascaigh ná le habhar cladaigh d'aistriú ón gcéanna ná ní dhéanfaidh deifir don úsáid ná don aistriú san.

An tAire d'údarú daingne mara do thógáil.

9. —(1) Féadfaidh duine ar bith gur mian leis aon daingean mara do thógáil ar aon tráigh mhara nách leis féin agus nách le Saorstát Éireann a iarraidh ar an Aire a údarú dho an daingean san do thógáil, agus leis sin féadfaidh an tAire, más deimhin leis gur gá daingean mara do thógáil chun maoine an duine sin do chosaint agus gur cheart agus gur chóir comhacht do thabhairt don duine sin an daingean san do thógáil, féadfaidh le hordú a údarú don duine sin an daingean mara luaidhtear san iarratas san uaidh, go pé atharuithe (más aon cheann é) is dóich leis an Aire is ceart do luadh, do thógáil ar an tráigh mhara san.

(2) Féadfaidh an tAire pé coinníollacha agus srianta (ar a n-áirmhítear coinníollacha i dtaobh cúitimh do mheas agus d'íoc) is dóich leis is ceart do chur isteach in aon ordú dhéanfaidh fén alt so.

(3) Pé uair a hiarrfar ar an Aire ordú do dhéanamh fén alt so, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, fiosrúchán puiblí do dhéanamh i dtaobh an orduithe sin do dhéanamh.

(4) Déarfaidh agus déanfaidh ordú fén alt so a údarú don duine bheidh ainmnithe ann dul isteach ar an tráigh mhara bheidh luaidhte ann agus daingean mara áirithe do thógáil ar an tráigh mhara san, ach san fé réir cúitimh d'íoc i ngach díobháil a déanfar agus fé réir pé coinníollacha agus srianta bheidh luaidhte san ordú san.

Déanmhais do thógáil ar imeall trágha.

10. —(1) Ní dhéanfaidh duine ar bith aon fhoirgint, piara, falla ná buan-dhéanmhas eile do thógáil ar aon tailte taoide nách le Saorstát Éireann ach amháin do réir mapaí, pleananna agus áireamhachtaí le n-a n-aontóidh an tAire.

(2) Ní dhiúltóidh an tAire d'aontú fén alt so le haon mhapaí, pleananna, agus áireamhachtaí ar aon chúis ach amháin ar an gcúis go mbeadh déanmhas do tógfaí do réir na mapaí, na bpleananna, agus na n-áireamhacht san ina bhac, no go dtiocfadh no gur deallrathach go dtiocfadh dá dheascaibh (go díreach no go nea-dhíreach) bac do chur, ar loingseoireacht no ar iascach.

(3) Pé uair a tógfar aon déanmhas contrárdha don alt so agus is dóich leis an Aire go bhfuil an déanmhas san ina bhac, no go dtagann no gur deallrathach go dtiocfaidh dá dheascaibh (go díreach no go nea-dhíreach) bac do chur, ar loingseoireacht no ar iascach, féadfaidh an tAire fógra i scríbhinn do sheirbheáil ar an duine do thóg an déanmhas san no, má bhíonn an duine sin tar éis bháis no (i gcás é bheith ina chólucht chorpruithe) más scurtha dho no maran fios cé hé an duine sin no maran féidir é d'fháil, ar dhuine ar bith bheidh i seilbh an déanmhais sin, fógra á cheangal ar an duine sin an déanmhas san do leagadh agus d'aistriú laistigh de pé am (nach giorra ná mí) ón bhfógra san do sheirbheáil is dóich leis an Aire is ceart agus a luadhfaidh sa bhfógra san.

(4) Pé uair a theipfidh ar dhuine ar a seirbheálfar fógra fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so an déanmhas le n-a mbaineann an fógra san do leagadh agus d'aistriú laistigh den am a bheidh luaidhte chuige sin sa bhfógra san, féadfaidh an tAire (fé mar is gá sa chás) an déanmhas san do leagadh agus d'aistriú no leagadh agus aistriú an déanmhais sin do chríochnú no a chur fé ndeár (fé mar is gá sa chás) an déanmhas san do leagadh agus d'aistriú no leagadh agus aistriú an déanmhais sin do chríochnú agus (in aon chás) beidh sé i dteideal costaisí agus caiteachaisí an leagtha agus an aistrithe no an chríochnuithe sin (pe'ca aca é) d'fháil ón duine sin ar ar seirbheáladh an fógra san amhlaidh agus iad do bhaint den duine sin mar fhiacha síbhialta in aon Chúirt dlighinse inniúla.

Fothracha déanmhas d'aistriú o imeall trágha.

11. —(1) Má bhíonn aon fhoirgint, piara, falla no déanmhas eile do tógadh (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é) le húdarás dleathach no dá éamais sin ar aon imeall trágha, pe'ca le Saorstát Éireann é no nách eadh, má bhíonn san ar droch-staid no ina fhothrach agus más dóich leis an Aire go bhfuil san ina bhac, no go dtagann no gur deallrathach go dtiocfaidh dá dheascaibh (go díreach no go nea-dhíreach) bac do chur, ar loingseoireacht no ar iascach, féadfaidh an tAire an déanmhas san do leagadh agus d'aistriú no a chur fé ndeár an déanmhas san do leagadh agus d'aistriú, agus féadfaidh chuige sin a údarú do dhuine ar bith dul isteach ar an déanmhas san agus ar an imeall trágha agus ar an tráigh mhara comhgarach do san.

(2) Ní dhéanfaidh an tAire fén alt so aon déanmhas gur fios cé hé a únaer, agus gur féidir a únaer d'fháil, do leagadh ná d'aistriú ná a chur fé ndeár é do leagadh agus d'aistriú gan fógra i scríbhinn do sheirbheáil ar an únaer sin á cheangal air an déanmhas san do dheisiú no é do leagadh agus d'aistriú agus ag tabhairt caoi réasúnta dho chun san do dhéanamh.

(3) Pé uair a dhéanfaidh an tAire aon déanmhas do leagadh agus d'aistriú no a chur fé ndeár é do leagadh agus d'aistriú fén alt so, beidh an tAire i dteideal costaisí agus caiteachaisí an leagtha agus an aistrithe sin d'fháil o únaer an déanmhais sin agus iad do bhaint den únaer sin mar fhiacha síbhialta in aon Chúirt dlighinse inniúla.

Déanmhais do tógadh go neadhleathach ar imeall trágha is leis an Stát.

12. —(1) I gcás aon fhoirginte, piara, falla no déanmhais eile do thógáil (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é) gan údarás dleathach ar imeall trágha is le Saorstát Éireann, féadfaidh an Breitheamh den Chúirt Dúithche go ndlighinse sa cheanntar ina bhfuil an t-imeall trágha san, féadfaidh ar iarratas an Aire (fé mar is gá sa chás)—

(a) ordú do dhéanamh á cheangal ar an duine do thóg an déanmhas san no, má bhíonn an duine sin tár éis bháis no (i gcás é bheith ina chólucht chorpruithe) más scurtha dho no maran fios cé hé an duine sin no maran féidir é d'fháil, á cheangal ar dhuine ar bith bheidh i seilbh an déanmhais sin an déanmhas san do leagadh agus d'aistriú laistigh d'am áirithe, no

(b) más deimhin leis an mBreitheamh san go bhfuil an duine do thóg an déanmhas san tar éis bháis no (i gcás é bheith ina chólucht chorpruithe) gur scurtha dho no nách fios cé hé no nách féidir é d'fháil agus ná fuil duine ar bith i seilbh an déanmhais sin, ordú do dhéanamh á údarú don Aire an déanmhas san do leagadh agus d'aistriú.

(2) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le déanamh agus le hoibriú orduithe fén alt so á cheangal ar dhuine (dá ngairmtear an cosantóir sa bhfo-alt so) déanmhas do leagadh agus d'aistriú, sé sin le rá:—

(a) ní déanfar an t-ordú san gan fógra do thabhairt don chosantóir á rá gur hiarradh go ndéanfaí an t-ordú san;

(b) ní déanfar an t-ordú san maran rud é gur thairg an tAire léas do thabhairt fén Acht so don chosantóir ar an imeall trágha ar a bhfuil an déanmhas san tógtha agus nár glacadh leis an tairisgint sin no go ndearna an tAire deimhniú agus é séaluithe le n-a shéala oifigiúil do thabhairt amach á dheimhniú go bhfuil an déanmhas san ina bhac no go dtagann dá dheascaibh go díreach no go nea-dhíreach bac do chur, ar loingseoireacht;

(c) i gcás an orduithe sin do dhéanamh agus i gcás gan an cosantóir do leagadh agus d'aistriú an déanmhais sin laistigh den am a bheidh luaidhte san ordú san, féadfaidh an tAire an déanmhas san do leagadh agus d'aistriú no a chur fé ndeár an déanmhas san do leagadh agus d'aistriú agus beidh sé i dteideal costaisí agus caiteachaisí an leagtha agus an aistrithe sin d'fháil ón gcosantóir agus iad do bhaint de mar fhiacha síbhialta.

Toirmeasc ar abhar do chur ar imeall trágha.

13. —(1) Ní dhéanfaidh duine ar bith, gan toiliú an Aire ná ar aon tslí ach do réir an toilithe sin, aon abhar ar bith do chur ná a chur fé ndeár é do chur ar aon imeall trágha ná ar aon tráigh mhara no áit eile o n-a n-éalódh an t-abhar san no o n-a n-iomprófaí é tré oibriú na hiomtharrainge, na gaoithe, an uisce no cúise nádúrtha eile go dtí an t-imeall trágha san.

(2) Gach duine dhéanfaidh no chuirfidh fé ndeár go ndéanfar aon abhar ar bith do chur ar aon imeall trágha, tráigh mhara no áit eile contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

(3) Pé uair a ciontófar duine i gcionta fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, féadfaidh an Chúirt a chiontóidh an duine sin amhlaidh, más dóich leis an gCúirt sin gur ceart déanamh amhlaidh, ordú do dhéanamh á cheangal ar an duine sin, laistigh d'am áirithe, an t-abhar gur mar gheall ar a chur do ciontuíodh é amhlaidh d'aistriú ón imeall trágha, ón tráigh mhara no ón áit eile ar ar cuireadh é amhlaidh, agus gach abhar eile (mas ann do) do chur sé ar an imeall trágha, an tráigh mhara no an áit eile sin contrárdha don alt so d'aistriú ón gcéanna.

(4) Má theipeann ar dhuine ar bith go ndéanfar ordú ina thaobh fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so an t-ordú san do chólíonadh beidh an duine sin ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air agus fós fíneáil bhreise ná raghaidh thar púnt in aghaidh gach lae leanfar den teip sin.

Toirmeasc ar earraí díobhálacha do chur ar thailte taoide.

14. —(1) Ní chaithfidh, ní chuirfidh ná ní fhágfaidh duine ar bith ar aon tailte taoide, ná ní chaithfidh amach sa bhfairrge comhgarach d'aon tailte den tsórt san, aon ghloine, séiní, earra cré, miotal ná earra eile (slán no briste) do dhéanfadh díobháil, no d'fhéadfadh díobháil do dhéanamh, do dhuine do bheadh ag folcadh no ag lapadáil ar na tailte sin no uatha no ag úsáid na dtailte sin ar aon tslí eile, ná fós aon abhar ná substaint (soladach no fliuchánach) do bheadh no d'fhéadfadh bheith díobhálach no mí-thaithneamhach d'éinne den tsórt san.

(2) Gach duine dhéanfaidh aon earra, abhar, no substaint do chaitheamh, do chur, no d'fhágaint ar aon tailte taoide no do chaitheamh amach sa bhfairrge contrárdha don alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

Fianaise ar theideal chun imeall trágha.

15. —(1) I gcás ina ndearnadh, ar chíos cúirte do shocrú fé sna hAchtanna Dlí Thalmhan, suim do chur mar bhreis no do chur isteach leis an gcíos san i dtaobh aon imeall trágha no mar gheall ar aon cheart no saoráid do bheith ann no mar gheall ar aon cheart no saoráid adeirtear do bheith ann chun abhair do thógaint o aon imeall trágha, ní bheidh ordú an fho-choimisiúin no na cúirte ag socrú an chíosa san ina fhianaise, i gcoinnibh an Stáit, ar únaeracht an imeall trágha san ná ar cheart do bheith ann chun an abhair sin do thógaint.

(2) Ní leor feamainn a cuirtear no a caithtear aníos ar aon imeall trágha tré oibriú na taoide, na gaoithe agus na dtonn no tré oibriú aon cheann acu agus ná bíonn préamhuithe ná ag fás air do bheith á tógaint, ar feadh aon tréimhse dá fhaid, ón imeall trágha san, ná ceart adeirtear do bheith ann chun na feamainne sin do thógaint o aon imeall trágha do bheith á chur ar cíos no ar ceadúnas chun daoine eile ar feadh aon tréimhse dá fhaid, ní leor san ann féin agus gan a thuilleadh chun seilbhe do bheith ar an imeall trágha san ná mar chruthúnas ar theideal chun an imeall trágha san.

Dlighinse na Cúirte Cuarda.

16. —(1) Beidh dlighinse ag an gCúirt Chuarda agus féadfaidh dlighinse d'fheidhmiú in aicsin ag baint le himeall trágha no le cearta ar imeall trágha no alos imeall trágha i gcás gan aon luacháil, fé dhlí na mbocht, do bheith ar an imeall trágha san agus gur deimhin leis an gCúirt nách mó ná seasca púnt luach cothrom bliantúil an imeall trágha san.

(2) Isé fheidhmeoidh an dlighinse bronntar ar an gCúirt Chuarda leis an alt so ná an Breitheamh den Chúirt Chuarda bheidh ceaptha de thurus na huaire don Chuaird ina bhfuil an t-imeall trágha san no ina bhfuil an chuid is mó den imeall trágha san.

Fógra don Aire i dtaobh imeall trágha do dhíol, etc., ar shlite áirithe.

17. —(1) Ní déanfar aon imeall trágha ná aon cheart ar imeall trágha no alos imeall trágha do dhíol ná do leithliú ná teideal chun an chéanna do dhearbhú fén Landed Estates Court (Ireland) Act, 1858, mar atá san leasuithe, leathnuithe, agus curtha i mbaint tré achtacháin ina dhiaidh sin, gan fógra do thabhairt roimh ré don Aire.

(2) Ní déanfar aon ordú dílsiúcháin, fiat dílsiúcháin, ná scríbhinn eile, oibreoidh chun aon imeall trágha no aon cheart ar imeall trágha no alos imeall trágha do dhílsiú in éinne no do leithliú chun éinne, ní déanfar san fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh gan fógra do thabhairt roimh ré don Aire.

(3) Ní dhéanfaidh ná ní thabharfaidh aon Aire, Coimisinéirí na nOibreacha Puiblí in Éirinn, Coimisiún Talmhan na hÉireann, ná aon Chúirt ná Binse, aon ordú, toiliú, aontú, ceadúnas ná iasacht, ná ní dhéanfaid aon ghníomh, do bhainfeadh le haon imeall trágha no do dhéanfadh deifir do, gan fógra do thabhairt roimh ré don Aire.

Fiosrúcháin phuiblí.

18. —Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach fiosrúchán puiblí dhéanfaidh an tAire fén Acht so, sé sin le rá:—

(a) isé dhéanfaidh an fiosrúchán san ná pé duine cheapfaidh an tAire, agus is san am agus san áit a cheapfaidh an tAire déanfar é;

(b) cuirfidh an tAire fé ndeár go dtabharfar, i pé slí is dóich leis is ceart, fógra i dtaobh an fhiosrúcháin sin do dhéanamh don phuiblíocht agus do pé daoine áirithe is dóich leis is ceart;

(c) beidh comhacht ag an duine bheidh ag déanamh an fhiosrúcháin sin fianaise do ghlacadh fé mhionn agus chuige sin daoine do chur fé mhionn;

(d) na costaisí uile fé n-a raghaidh an tAire chun fiosrúcháin phuiblí do dhéanamh i dtaobh ar cheart léas, ceadúnas, ordú no scríbhinn eile, d'iarr duine áirithe, do dhéanamh no do dheonadh no nár cheart, isé íocfaidh iad, mara n-orduighidh an tAire le ceadú an Aire Airgid a mhalairt, ná an duine sin do rinne an t-iarratas san, agus isé an tAire Airgid a shocróidh méid na gcostas san agus nuair a bheidh san socair amhlaidh féadfaidh an tAire é do bhaint den duine sin mar fhiacha síbhialta in aon Chúirt dlighinse inniúla;

(e) pé uair a thárlóidh, maidir leis na costaisí no le haon chuid de sna costaisí fé n-a raghaidh an tAire chun fiosrúcháin phuiblí do dhéanamh, ná beid san iníoctha ag duine áirithe fén mír dheiridh sin roimhe seo den alt so, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costaisí sin no an chuid sin de sna costaisí sin;

(f) féadfaidh an duine dhéanfaidh fiosrúchán puiblí fén alt so, más dóich leis san do bheith ceart, a ordú go n-íocfaidh aon duine áirithe do bhí i láthair no go raibh ionadaí uaidh i láthair ag an bhfiosrúchán san na costaisí agus na caiteachaisí fé n-a ndeachaidh duine ar bith eile tré theacht i láthair no tré ionadaí uaidh do theacht i láthair agus tré fhianaise do thabhairt i láthair ag an bhfiosrúchán san;

(g) pé uair ordóidh an duine dhéanfaidh fiosrúchán puiblí fén alt so go n-íocfaidh duine áirithe na costaisí agus na caiteachaisí fé n-a ndeachaidh duine eile, déanfaidh máistir measaireachta den Ard-Chúirt na costaisí agus na caiteachaisí sin do mheas agus d'fháil amach ar éileamh an té le n-ar horduíodh amhlaidh no ar éileamh an té dar horduíodh amhlaidh na costaisí agus na caiteachaisí sin d'íoc agus nuair a bheidh na costaisí agus na caiteachaisí sin measta agus faighte amach amhlaidh féadfaidh an té le n-ar horduíodh amhlaidh iad d'íoc méid na gcostaisí agus na geaiteachaisí sin do bhaint den té dar horduíodh amblaidh iad d'íce mar fhiacha gnáth-chonnartha in aon chúirt dlighinse inniúla.

Fógra i dtaobh é bheith beartaithe ordú do dhéanamh no i dtaobh iarratais ar ordú, ar léas no ar cheadúnas.

19. —Pé uair a bheartóidh an tAire ordú do dhéanamh fén Acht so no a hiarrfar ar an Aire léas do thabhairt no ordú do dhéanamh no ceadúnas do dheonadh fén Acht so, féadfaidh an tAire, más oiriunach leis é, a chur fé ndeár fógra i dtaobh an bheartaithe no an iarratais sin d'fhoillsiú pé tráthanna agus i pé slí is dóich leis is ceart, agus féadfaidh leis an bhfógra san caoi do thabhairt do gach duine ag á mbeidh leas sa scéal ar agóidí do dhéanamh chun an Aire agus ar chúis do phlé leis alos an orduithe, an léasa no an cheadúnais sin (do réir mar bheidh) agus féadfaidh treoracha do chur sa bhfógra san maidir leis an am, leis an slí, agus leis an áit ina bhféadfar na hagóidí sin do dhéanamh agus an chúis sin do phlé.

Ráiteas bliantúil do leagadh. fé bhráid an Oireachtais.

20. —Leagfaidh an tAire fé bhráid gach Tighe den Oireachtas i ngach bliain airgeadais ráiteas ina mbeidh na nithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) mion-innste i dtaobh gach léasa do tugadh agus gach ceadúnais do deonadh fén Acht so i rith na bliana airgeadais díreach roimhe sin, agus

(b) méid iomlán na gcíos go léir agus na n-íocaíocht tréimhsiúil eile go léir do bhailigh an tAire fé aon léas no ceadúnas no de bhuadh aon léasa no ceadúnais imeall trágha (pe'ca fén Acht so no roimh an Acht so do rith do tugadh no do deonadh é) i rith na bliana airgeadais sin díreach roimhe sin, agus

(c) éinní eile bhaineann le himeall trágha agus is dóich leis an Aire is ceart do chur sa ráiteas san.

Orduithe fén Acht so d'fhoillsiú.

21. —(1) Gach ordú dhéanfaidh an tAire fén Acht so foillseofar é san Iris Oifigiúil chó luath tar éis a dhéanta agus a bheidh caoi ann chuige sin.

(2) Pé uair a dhéanfaidh an tAire ordú fén Acht so, féadfaidh an tAire, mas oiriúnach agus pé uair is oiriúnach leis san do dhéanamh, a chur fé ndeár an t-ordú san no fógra i dtaobh a dhéanta d'fhoillsiú san imeall trágha, sna tailte taoide, san tráigh mhara, no san líomatáiste eile le n-a mbaineann an t-ordú san, no i gcomharsanacht an chéanna agus féadfaidh a chur fé ndeár an foillsiú san do dhéanamh i ngach slí no in aon tslí acu so leanas, sé sin le rá, tré fhógraíocht i bpáipéar no i bpáipéirí nuachta léightear sa cheanntar ina bhfuil an líomatáiste sin, tré fhógraí foláraimh do chur suas sa líomatáiste sin no ina chomharsanacht, no ar aon tslí cile.

Forálacha airgeadais.

22. —(1) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é, a híocfar gach costas fé n-a raghaidh an tAire chun an Achta so do chur i bhfeidhm.

(2) Déanfar gach cíos, fíneáil, rí-chíos, agus airgead eile a híocfar leis an Aire fé aon léas, ceadúnas, no scríbhinn eile no alos aon léasa, ceadúnais, no scríbhinn eile tabharfar no deonfar fén Acht so d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste ar pé slí ordóidh an tAire Airgid.

Costaisí déanta orduithe do bhaint amach.

23. —(1) Pé uair a dhéanfaidh an tAire ordú fén Acht so ar iarratas no ar impí dhuine ar bith, féadfaidh an tAire, más dóich leis gur ceart san do dhéanamh, na costaisí fé n-a ndeachaidh an tAire maidir le déanamh agus le foillsiú an orduithe sin do bhaint den duine sin mar fhiacha síbhialta.

(2) In aon imcachta chun aon chostaisí do bhaint amach is ionbhainte amach de bhuadh an ailt seo, beidh deimhniú fé shéala oifigiúil an Aire á dheimhniú go ndearnadh ordú áirithe fén Acht so ar iarratas no ar impí dhuine áirithe agus ag deimhniú méid na gcostaisí fé n-a ndeachaidh an tAire maidir le déanamh agus le foillsiú an orduithe sin, beidh san ina fhianaise dho-chlaoite ar na nithe bheidh deimhnithe amhlaidh.

Scuirfidh Achtanna áirithe de bhaint do bheith acu le himeall trágha.

24. —Ar an Acht so do rith, scuirfidh Acht na dTailte Stáit, 1924 (Uimh. 45 de 1924) , de bhaint do bheith aige le himeall trágha no le cearta ar imeall trágha no alos imeall trágha agus scuirfidh Acht na Mianach agus na Minearál, 1931 (Uimh. 54 de 1931) , de bhaint do bheith aige le mianaigh agus minearáil san imeall trágha no fé agus nách sia síos ná triocha troigh fé uachtar an imeall trágha.

Athghairm.

25. —Deintear leis seo na hachtacháin a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.

Gearr-theideal.

26. —Féadfar an tAcht Imeall Trágha, 1933 , do ghairm den Acht so.