Ar Aghaidh (SCEIDEAL. Achtachain a hAthghairmtear.)

14 1933


Uimhir 14 de 1933.


ACHT TOGHACHÁIN (LEASÚ), 1933.


ACHT CHUN LEASUITHE ÁIRITHE DO DHÉANAMH AR AN DLÍ TOGHACHÁIN DE DHRUIM AIRTIOGAL 17 DEN BHUNREACHT DO SCRIOSADH AMACH.

[15adh Iúl, 1933.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Timpeal Toghachán, 1923 (Uimh. 12 de 1923) ;

tá an bhrí chéanna leis an abairt “toghachán Dála” atá léi sa Phríomh-Acht.

An éarlais do thabhairt thar n-ais d'iarrthóir a toghfar.

2. —Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt le fo-alt (6) d'alt 20 den Phríomh-Acht, pé uair a déanfar iarrthóir i dtoghachán Dála do thogha déanfar, chó luath agus is féidir é tar éis fógartha tora an toghacháin sin, an éarlais d'fhág sé féin no do fágadh thar a cheann do réir an ailt sin 20 do thabhairt thar n-ais don té d'fhág an éarlais sin.

Alt 51 den Phríomh-Acht do leasú.

3. —Deintear leis seo fo-alt (1) d'alt 51 den Phríomh-Acht do leasú tré sna focail agus na lúibíní “(má thugann sé an mhóid a horduítear le Bunreacht Shaorstáit Éireann)” do scriosadh amach agus tré sna focail agus na luibíní “(má dheineann sé do réir Bhuan-Orduithe Dháil Éireann)” do chur isteach ina n-ionad san, agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Alt 57 den Phríomh-Acht do leasú.

4. —Deintear leis seo fo-alt (1) d'alt 57 den Phríomh-Acht do leasú tré sna focail agus na lúibíní “(má thugann sé an mhóid a horduítear le Bunreacht Shaorstáit Éireann)” do scriosadh amach agus tré sna focail agus na lúibíní “(má dheineann sé do réir Bhuan-Orduithe Sheanaid Éireann)” do chur isteach ina n-ionad san, agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Athghairm.

5. —Deintear leis seo na hachtacháin a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.

Gearr-theideal agus luadh.

6. —(1) Féadfar an tAcht Toghacháin (Leasú), 1933 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna Timpeal Toghachán, 1923 go 1933, do ghairm de sna hAchtanna Timpeal Toghachán, 1923 go 1927, agus den Acht so le chéile.