An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CEAD SCEIDEAL. Diuitethe Thosnuionn an iiadh Bealtaine, 1933.) Ar Aghaidh (TRIU SCEIDEAL. Diuite ar Thorthai.)

15 1933

ACHT AIRGID, 1933

DARA SCEIDEAL.

Diuitethe Thosnuionn an 3adh Meitheamh, 1933.

Uimh. Thag.

An Saghas Earra is Ionchurtha fé Dhiúité

Ráta an Diúité

Ráta Tosaíochta an Diúité

Forálacha Speisialta

1

Gabhadáin fholmha atá, dar leis na Coimisinéirí Ioncuim, déanta ar fad no nách mór ar fad de chart-chlár, de phaist-chlár, de phaistchlár teann no d'abhar eile dá samhail sin agus coda (ar n-a ndéanamh ar fad no nách mór ar fad d'aon abhar den tsórt san dar leis na Coimisinéirí Ioncuim) de ghabhadáin den tsórt san.

50%

331/3%

Pé uair is dóich leis an Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.

2

Cadhnraidh thiorma agus coda (seachas slata carbóin, caipíní práis, agus logaill phráis) de chadhnraidh thiorma.

50%

331/3%

Ní déanfar an diúité forchuirtear le halt 8 den Acht Airgid, 1926 ( Uimh. 35 de 1926 ), d'éileamh ná do ghearradh ar aon earra is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

Pé uair is dóich leis an Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.

3

Feithiclí ar rothaí (nách feithiclí inneallghluaiste) a húsáidtear de ghnáth chun leanbhaí d'iompar agus coda de sna feithiclí sin, ach gan na coda so leanas d'áireamh, sé sin le rá:—

(a) rothaí agus coda de rothaí;

(b) acastóirí;

(c) plod-ghárdaí;

(d) luamháin;

(e) hannlaí;

(f) siúntaí húda;

(g) cluasáin agus eallóga luamhán;

(h) corn-luasca.

75%

50%

Ní déanfar an diúité forchuirtear leis an Acht Airgid, 1932 (Uimh. 20 de 1932) , agus a luaidhtear ag uimhir thagartha 23 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san d'éileamh ná do ghearradh ar aon earra is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim rialacháin do dhéanamh le n-a socrófar earraí is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so, agus do bhéarfaidh daoine ná beidh ag fanúint i Saorstát Éireann ach ar feadh tamaill isteach i Saorstát Éireann, do bheith saor i bpáirt no go hiomlán ón diúité sin ar feadh tréimhse teoranta.

Más deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim earra is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so do bheith de shaghas atá ceaptha, déanta agus beartuithe chun leanbhaí síorbhreoite no leanbhaí laga d'iompar no í bheith ina cuid d'earra den tsaghas san féadfaidh, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, a cheadú an earra san d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha uirthi no aon diúité den tsórt san do híocadh ar an earra san d'iomportáil d'aisíoc.

An cmt.

An cmt.

Má bhíonn aon earra

4

Púdair uachtair oighreata.

60s. 0d.

45s. 0d.

is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so ina cuid no ina táthchuid d'aon earraí, déanta no ullamhuithe, a hiomportálfar ní bheidh feidhm ag an Customs Tariff Act, 1876, ná ag Alt 7 den Finance Act, 1901, maidir leis an méid den earra san a bheidh sna hearraí sin.