Ar Aghaidh (Sceideal (A). Deontaisi.)

20 1933


Uimhir 20 de 1933.


ACHT LEITHREASA, 1933


ACHT CHUN SUIMEANNA ÁIRITHE AS AN bPRÍMH-CHISTE DO CHUR CHUN SEIRBHÍSE NA BLIANA DAR CRÍOCH AN tAONÚ LÁ DÉAG AR FHICHID DE MHÁRTA MÍLE NAOI gCÉAD A CEATHAIR TRIOCHAD AGUS CHUN NA SOLÁTHAR A DEONADH SA tSIOSÓN SO DEN OIREACHTAS DO CHUR I LEITHREAS.

[28adh Iúl, 1933.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

DEONTAISI AS AN bPRIMH-CHISTE.

£17,750,847 do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste.

1. —Féadfaidh an tAire Airgid suim sheacht milleon déag, seacht gcéad agus caoga míle, ocht gcéad agus seacht bpúint ceathrachad do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste agus í do chur chun iomlánú do dhéanamh ar an soláthar a deonadh chun seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá déag ar fhichid de Mhárta, míle naoi gcéad a ceathair triochad.

Comhacht don Aire Airgid chun airgid d'fháil ar iasacht.

2. —(1) Féadfaidh an tAire Airgid aon tsuim no suimeanna ná raghaidh a n-iomlán thar seacht milleon déag, seacht gcéad agus caoga míle, ocht gcéad agus seacht bpúint ceathrachad d'fháil ar iasacht o aon duine agus féadfaidh Banc na hÉireann an céanna do roimh-íoe leis agus chun críche na hiasachta san féadfaidh an tAire Airgid aon urrúsanna do bhunú agus do thabhairt amach ar pé ráta úis agus fé pé coinníollacha i dtaobh aisíoca, fuascailte no éinní eile is oiriúnach leis.

(2) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thoradh fáis a bheidh muirear colna agus úis aon urrúsanna tabharfar amach fén Acht so agus muirear na gcostaisí fé n-a raghfar i dtaobh tabhairt amach na n-urrús san.

(3) Aon airgead a gheobhfar de bharr urrúsanna tabharfar amach fén Acht so cuirfear chun creidiúna do chuntas an Stát-Chiste é agus beidh sé ina chuid den Phrímh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon tslí 'na mbeidh an Ciste sin ar fáil.

DEONTAISI DO CHUR I LEITHREAS.

Suimeanna vótáladh i gcóir seirbhísí soláthair do chur i leithreas.

3. —Na suimeanna uile deontar as an bPrímh-Chiste, leis an Acht so agus leis an Acht eile luaidhtear i Sceideal (A) a ghabhann leis an Acht so, chun an tsoláthair a deonadh do dhéanamh iomlán agus 'na ndeineann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal san, suim ocht milleon fichead, ceithre céad agus triocha míle, ceithre céad agus naoi bpúint déag, cuirtear iad i leithreas agus tuigfear iad do bheith curtha i leithreas o dháta rithte na nAchtanna luaidhtear sa Sceideal san (A) chun na seirbhísí agus na gcríoch a luaidhtear i Sceideal (B) a ghabhann leis seo. An achmaireacht ar sceidil agus na sceidil a ghabhann léi sin, maraon leis na nótaí (más ann dóibh) a ghabhann leis na sceidil sin, tuigfear gur cuid den Acht so iad díreach fé mar a bheidís i gcorp an Achta so.

I dteanta na suimeanna deontar leis seo as an bPrímh-Chiste, féadfar na suimeanna a taisbeántar fé seach sa cholún deiridh de Sceideal (B) a ghabhann leis seo do chur chun úsáide amach as aon airgead a horduítear fé alt 2 den Public Accounts and Charges Act, 1891, a chur chun úsáide mar leithreasaí i gcabhair do sna deontaisí i gcóir na seirbhísí agus na gcríoch a luaidhtear sa Sceideal san.

Dearbhú is gá dhéanamh i gcásanna áirithe sara bhfuighfear suimeanna cuireadh i leithreas.

4. —Ní bhfuighidh duine aon chuid de dheontas a deonfar do réir an Achta so, i gcóir seirbhísí neamh-fheidhmiúla, go dtí go ndéanfaidh pé dearbhú a hordófar o am go ham le barántas ón Aire Airgid do shighniú i bhfianaise duine de sna daoine a hordófar sa bharántas san:

Ach má deintear aon íocaíocht den tsórt san níos minicí ná uair sa ráithe féadfaidh an tAire Airgid cead do thabhairt gan ach aon dearbhú amháin do thabhairt i láthair in aghaidh gach ráithe.

Einne dhéanfaidh dearbhú chun críche an ailt seo agus a fhios aige neamh-fhírinne do bheith in aon phonc táchtach de, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so, agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar triocha púnt do chur air.

Gearr-theideal.

5. —Féadfar, chun gach críche, an tAcht Leithreasa, 1933 , do ghairm den Acht so.

An achmaireacht ar sceidil (a) agus (b) da dtagartar san acht so.