An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Comhlucht Siuicre Éireann, Teoranta.) Ar Aghaidh (SCEIDEAL. Coinniollacha go nDeanfaidh an Chuideachta da Reir.)

31 1933

ACHT DÉANTÓIREACHTA SIÚICRE, 1933

CUID III.

Comhachta Speisialta don Chuideachtain Maidir le Talamh, etc., do Thogaint go hEigeanta agus le hOibreacha Iompair do Dheanamh, do Choinneail i dTreo agus d'Oibriu.

Oibreacha iompair.

17. —Chun crícheanna na Coda so den Acht so is oibreacha iompair gach ceann de sna hoibreacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) bóthar iarainn;

(b) tram-bhealach;

(c) cábla-bhealach san aer;

(d) aon oibreacha eile chun earraí d'iompar.

Teora ama chun comhacht fén gCuid seo d'fheidhmiú.

18. —Scuirfidh na comhachta bronntar ar an gCuideachtain leis an gCuid seo den Acht so de bheith infheidhmithe i gcionn cúig mblian o am an Achta so do rith.

Ceart chun dul isteach ar thalamh.

19. —Féadfaidh an Chuideachta dul isteach ar aon talamh chun fiosrú, taighde, no scrúdú ar bith do dhéanamh ann is gá roimh éinní do dhéanamh, no bhaineann le héinní do dhéanamh, a húdaruítear don Chuideachtain leis an gCuid seo den Acht so do dhéanamh.

Comhacht don Chuideachtain chun oibreacha iompair do dhéanamh, do choinneáil i dtreo, agus d'oibriú.

20. —(1) Féadfaidh an Chuideachta, chun crícheanna gnótha na Cuideachtan, na hoibreacha iompair sin is oiriúnach leo do dhéanamh, do choinneáil i dtreo agus d'oibriú.

(2) Féadfaidh an Chuideachta a gcuid oibreacha iompair do dhéanamh, do choinneáil i dtreo, agus d'oibriú ar aon bhóthar no bealach puiblí no os cionn an chéanna.

(3) Más rud é go bhféadfadh agus pe uair fhéadfadh, de dheascaibh aon oibreacha iompair ar n-a ndéanamh ag an gCuideachtain fén alt so do dhéanamh no do choinneáil i dtreo no d'oibriú, díobháil ar bith do theacht don phuiblíocht, déanfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála, le hordú, a cheangal ar an gCuideachtain gach ní do dhéanamh maidir leis na hoibreacha san is dóich leis is gá chun cosanta na puiblíochta agus a luadhfaidh san ordú san, agus beidh sé de dhualgas ar an gCuideachtain déanamh do réir mar a ceanglófar ortha leis an ordú san.

An Chuideachta do thógaint tailimh, etc., go héigeanta.

21. —(1) Féadfaidh an Chuideachta, chun crícheanna gnótha na Cuideachtan, gach ní no einní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) talamh ar bith do thógaint go héigeanta (agus san go buan no go sealadach);

(b) aon éasáid, cead slí, ceart uisce, ceart iascaigh, no ceart eile ar thalamh no uisce ar bith no maidir leis an gcéanna do thógaint go héigeanta (agus san go buan no go sealadach).

(2) Féadfaidh an Chuideachta chun aon oibreacha iompair do dhéanamh, do choinneáil i dtreo agus d'oibriú ceachtar ní acu so leanas no iad araon do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) talamh ar bith do thógaint go héigeanta (agus san go buan no go sealadach);

(b) aon cheart ar thalamh ar bith no maidir leis an gcéanna do thógaint go héigeanta (agus san go buan no go sealadach).

(3) Aon uair tar éis an Achta so do rith agus roimh leithliú do dhéanamh no cúiteamh do dhéanamh amach féadfaidh an Chuideachta, fé réir forálacha an ailt seo, dul isteach ar thalamh ar bith agus seilbh do thógaint air, no ceart ar bith d'fheidhmiú a húdaruítear don Chuideachtain leis an alt so do thógaint go héigeanta.

(4) Sara bhfeidhmeoidh aon chomhacht dá mbronntar ortha leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo déanfaidh an Chuideachta—

(a) i gcás aon éasáide do thógaint go sealadach, fógra coicíse ar a laighead do thabhairt roimh ré i scríbhinn d'únaer na héasáide no na maoine eile bheidh i gceist;

(b) i gcás tailimh ar bith do thógaint, fógra míosa ar a laighead no, más tigh comhnaithe ina ndeintear comhnaí an talamh san, fógra ráithe ar a laighead do thabhairt roimh ré i scríbhinn do shealbhaire na dtailte;

(c) i gcás ar bith eile, fógra míosa ar a laighead do thabhairt i scríbhinn d'únaer an chirt no na maoine eile bheidh i gceist.

(5) Beidh i dteanta gach fógra fén alt so plean ar a dtaisbeánfar go hiomlán agus go soiléir an talamh no an ceart le n-a mbaineann an fógra.

(6) Chun aon fhógra ceangaltar, leis an alt so, do thabhairt do dhuine ar bith is leor é do chur tríd an bpost cláruithe i gclúdach fé sheoladh an duine sin san áit chomhnaithe is déanaí is eol do bheith aige agus tuigfear an fógra san do thabhairt amhlaidh an uair a seachadfaí an clúdach san i ngnáth-chúrsa an phuist san áit gurb é a seoladh atá air.

Cúiteamh d'íoc agus do dhéanamh amach.

22. —(1) Déanfaidh an Chuideachta cúiteamh, alos tailimh a thógfaidh an Chuideachta go héigeanta (pe'ca go buan no go sealadach é) fé fho-alt (1) no fé fho-alt (2) den alt deiridh sin roimhe seo, d'íoc leis na daoine uile agus fé seach go mbeidh teideal acu chuige no go mbeidh estáit no leasanna acu ann, agus cúiteamh, alos no i dtaobh éasáidí, cead slí, ceart uisce, ceart iascaigh, agus ceart eile tógfar go héigeanta (pe'ca go buan no go sealadach é) fé fho-alt (1) den alt san, d'íoc le n-a n-únaer no leis na daoine uile agus fé seach go mbeidh teideal acu chun an tailimh no go mbeidh estáit no leasanna acu sa talamh gur air no maidir leis a tógfar na cirt sin amhlaidh, agus cúiteamh, alos no i dtaobh ceart ar thalamh ar bith no maidir le talamh ar bith a tógfar go héigeanta (pe'ca go buan no go sealadach é) fé fho-alt (2) den alt san, d'íoc le n-a únaer no leis na daoine uile agus fé seach go mbeidh teideal acu chun an tailimh sin no go mbeidh estáit no leasanna acu ann, agus is eadrascánaí oifigiúil a shocróidh agus is fén Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, agus dá réir a socrófar an cúiteamh san cheal có-aontuithe.

(2) Gach éileamh ar chúiteamh alos tailimh no cirt ar bith a tógfar go héigeanta fén gCuid seo den Acht so is laistigh de bhliain tar éis don Chuideachtain dul isteach den chéad uair ar an talamh san no tar éis dóibh an ceart san d'fheidhmiú den chéad uair a déanfar é.

(3) Bainfidh ailt 69 go 83 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, le cúiteamh ar bith is iníoctha ag an gCuideachtain fén alt so agus le maoin, corpordha no nea-chorpordha, thógfaidh an Chuideachta go héigeanta fén gCuid seo den Acht so do leithliú chúichi, agus chun críche na bainte sin tuigfear gurb í an Chuideachta bunuitheoir an ghnótha.