An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT UM CHONGNAMH DHÍOMHAOINTIS, 1933) Ar Aghaidh (CUID II. Deimhnithe Cailiochta.)

46 1933

ACHT UM CHONGNAMH DHÍOMHAOINTIS, 1933

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal.

1. —Féadfar an tAcht um Chongnamh Dhíomhaointis, 1933 , do ghairm den Acht so.

Mínithe.

2. —(1) San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén Acht so.

(2) Is baile-líomatáiste chun crícheanna an Achta so gach líomatáiste fé leith acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) gach contae-bhuirg,

(b) buirg Dhún Laoghaire,

(c) gach bailecheanntar go líon daoine (do réir an mhóráirimh dhaoine bheidh ina mhór-áireamh is déanaí den tsórt san de thurus na huaire) is mó ná seacht míle.

Tosach feidhme.

3. —(1) Tiocfaidh an tAcht so (ach amháin an méid sin de údaruíonn do dhaoine deimhnithe cáilíochta d'iarraidh no congnamh díomhaointis d'iarraidh) i bhfeidhm díreach ar é do rith.

(2) An méid sin den Acht so údaruíonn do dhaoine deimhnithe cáilíochta d'iarraidh tiocfa sé i bhfeidhm, maidir le gach bailelíomatáiste, pé lá ceapfar alos an líomatáiste sin le hordú ón Aire fén bhfo-alt so, agus féadfar laetheanta deifriúla do cheapadh amhlaidh maidir le baile-líomatáistí deifriúla no maidir le cuid de sna líomatáistí sin.

(3) An méid sin den Acht so údaruíonn do dhaoine deimhnithe cáilíochta d'iarraidh tiocfa sé i bhfeidhm, maidir le gach páirt de Shaorstát Éireann nách cuid d'aon bhaile-líomatáiste, pé lá ceapfar le hordú ón Aire fén bhfo-alt so.

(4) An méid sin den Acht so údaruíonn do dhaoine congnamh díomhaointis d'iarraidh tiocfa sé i bhfeidhm, maidir le gach bailelíomatáiste, pé lá ceapfar alos an líomatáiste sin le hordú ón Aire fén bhfo-alt so, agus féadfar laetheanta deifriúla do cheapadh amhlaidh maidir le baile-líomatáistí deifriúla no maidir le cuid de sna líomatáistí sin.

(5) An méid sin den Acht so údaruíonn do dhaoine congnamh díomhaointis d'iarraidh tiocfa sé i bhfeidhm, maidir le gach páirt de Shaorstát Éireann nách cuid d'aon bhaile-líomatáiste, pé lá ceapfar le hordú ón Aire fén bhfo-alt so.

(6) Is le haontú an Aire Airgid a déanfar gach ordú dhéanfaidh an tAire fén alt so.

Míniú ar dhíomhaointeas.

4. —(1) Ní tuigfear duine do bheith díomhaoin do réir bhrí an Achta so—

(a) aon lá oibríonn sé ar págh no ar luach saothair eile, pe'ca in airgead no in earraí no i slí eile ar bith a híocfar san, ná

(b) i rith aon tréimhse is tréimhse fostaíochta do réir bhrí an ailt seo maidir leis an duine sin.

(2) Chun crícheanna an Achta so déanfar dhá thréimhse dhíomhaointis nách giorra ná dhá lá an ceann, 'na mbeidh tréimhse eatorra nách sia ná dhá lá agus gur ceithre huaire fichead ar a mhéid a bheidh duine ar fostú le n-a linn, déanfar san d'áireamh mar thréimhse leanúnach dhíomhaointis maidir leis an duine sin, agus beidh brí dá réir sin leis an abairt “díomhaoin go leanúnach.”

(3) Féadfaidh an tAire, le rialacháin ar n-a ndéanamh aige fén Acht so, a ordú, go generálta no alos aon aicme no aicmí áirithe daoine no alos aon cheanntair no ceanntar áirithe, tréimhse ar bith do bheith ina tréimhse fostaíochta, agus dá réir sin ní déanfar duine ar bith den acime sin no bheidh ina chomhnaí sa cheanntar san d'áireamh, le linn na tréimhse fostaíochta san, mar dhuine díomhaoin do réir bhrí an Achta so.

Cleithiúnaithe.

5. —Chun crícheanna an Achta so isiad na daoine seo leanas agus ní haon daoine eile is cleithiúnaithe aon duine áirithe, sé sin le rá:—

(a) bean chéile an duine sin, i gcás í do bheith in éin-tigheas leis an duine sin agus gan í bheith ag obair (ar shlí seachas bheith ag gabháil dá gnáth-dhualgaisí tighe) de ghnáth ar págh no ar luach saothair eile agus sa chás san amháin, agus

(b) fear céile an duine sin, i gcás é do bheith in éin-tigheas leis an duine sin agus á chothú ag an duine sin agus nách féidir do de dheascaibh laige cuirp no aigne é féin do chothú agus sa chás san amháin, agus

(c) clann díomhaoin an duine sin (ar a n-áirmhítear leaschlann agus clann go ndearna sé no sí é féin no í féin do chur i loco parentis dóibh) ná fuil ocht mbliana déag slán acu agus gurb é an duine sin a dheineann iad do chothú ar fad no nách mór ar fad, agus

(d) máthair an duine sin, i gcás an duine sin do ghabháil air féin a bheith freagarthach ina cothú agus gan seachtó blian do bheith slán aice ach gur baintreach í agus nách féidir di de dheascaibh laige cuirp no aigne í féin do chothú no gur breoiteacháin í féin agus a fear céile agus nách féidir dóibh de dheascaibh laige cuirp no aigne iad féin do chothú agus sa chás san amháin, agus

(e) athair an duine sin, i gcás an duine sin do ghabháil air féin bheith freagarthach ina chothú agus gan seachtó blian do bheith slán aige ach gur breoiteachán é agus nách féidir do de dheascaibh laige cuirp no aigne é féin do chothú agus sa chás san amháin, agus

(f) driotháracha agus driofúracha an duine sin atá ina ndílleachtaithe agus ná fuil ocht mbliana déag slán acu agus gurb é an duine sin a dheineann de ghnáth iad do chothú no go bhfuil ocht mbliana déag slán acu agus ná fuil seachtó blian slán acu ach nách féidir dóibh, de dheascaibh laige cuirp no aigne, iad féin do chothú agus gurb é an duine sin a dheineann de ghnáth iad do chothú.

Oifigigh um chongnamh dhíomhaointis.

6. —(1) Féadfaidh an tAire, le ceadú an Aire Airgid, pé daoine agus pé méid daoine is dóich leis is ceart do cheapadh chun bheith ina n-oifigigh um chongnamh dhíomhaointis chun crícheanna an Achta so, agus beidh gach duine ceapfar amhlaidh i seilbh a oifige mar oifigeach den tsórt san ar pé téarmaí agus coinníollacha, agus ar pé luach saothair, a chinnfidh an tAire le ceadú an Aire Airgid.

(2) Féadfar, le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén Acht so, a ordú, fé réir forálacha an Achta so, cadé an cleachta agus an nós-imeachta gur dá réir a dhéanfaidh oifigigh um chongnamh dhíomhaointis feidhmiú ar a bhfeidhmeanna fén Acht so.

(3) San Acht so cialluíonn an abairt “oifigeach um chongnamh dhíomhaointis” oifigeach um chongnamh dhíomhaointis ar n-a cheapadh fén alt so.

Rialacháin.

7. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú rialacháin do dhéanamh ag ordú éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú no ag ordú éinní no aon ruda a húdaruítear go soiléir leis an Acht so a ordú le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén Acht so.

(2) Féadfar, le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén alt so ag ordú fuirme iarratais chun críche ar bith fén Acht so, a cheangal ar an iarratasóir na ráitisí uile no aon cheann de sna ráitisí dhéanfaidh sa bhfuirm sin d'fhíorú le dearbhú reachtúil.

(3) Gach rialachán a déanfar fén Acht so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialacháin sin do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí, beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san.

Oifigigh um chongnamh dhíomhaointis, etc., do thógaint dearbhú reachtúil.

8. —Má dheineann aon rialacháin a déanfar fén alt deiridh sin roimhe seo a cheangal ar an iarratasóir fíorú do dhéanamh le dearbhú reachtúil ar na ráitisí uile no ar aon cheann de sna ráitisí dhéanfaidh i bhfuirm iarratais a bheidh orduithe leis na rialacháin sin chun críche ar bith fén Acht so, féadfaidh oifigeach um chongnamh dhíomhaointis no aon oifigeach eile don Aire go n-údarás ón Aire chuige sin an dearbhú reachtúil sin do thógaint agus do ghlacadh.