An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CEAD SCEIDEAL. Diuitethe Custum Airithe.)

52 1933

ACHT AIRGID (DIÚITÉTHE CUSTUM AGUS MÁIL), 1933

DARA SCEIDEAL.

Leasuithe ar Achtanna.

Uimh. Thag.

An tAcht dá nDeintear Deifir

Cineál an Leasuithe

1

An tAcht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 2), 1932 (Uimh. 11 de 1932) .

Déanfar an diúité forchuirtear le halt 4 den Acht so d'éileamh, do ghearradh, agus d'íoc—

(a) ar bhróga is ionchurtha fén diúité sin agus a bheidh déanta, ar fad no nách mór ar fad, de chúitsiúc, d'abhar do rinneadh do-fhlichte le cúitsiúc, d'abhar do clúduíodh le cúitsiúc, no d'aon dá abhar no níos mó acu san, do réir na rátaí seo leanas in ionad na rátaí luaidhtear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san, sé sin le rá:—

(i) más mó ná naoi n-orlaigh mórfhaid na bróige o sháil go rinn lasmuich—do réir dhá scilling an bhróg, agus

(ii) i ngach cás eile—do réir naoi bpingne an bhróg, agus

(b) ar earraí luaidhtear i mír 3 den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san agus a n-uachtair déanta, ar fad no nách mór ar fad, de leathar agus de chroiceann no de cheachtar acu san—do réir ráta triocha per cent. de luach na hearra in ionad an ráta luaidhtear sa mhír sin.

Ní bhainfidh fo-alt (2) den alt san 4 leis an diúité forchuirtear leis an alt san i gcás an diúité sin do bheith inéilithe do réir ráta ceaptar le ceachtar de sna míreanna san roimhe seo.

2

An tAcht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 2), 1932 (Uimh. 11 de 1932) .

Déanfar an diúité forchuirtear le halt 7 den Acht so d'éileamh, do ghearradh, agus d'íoc—

(a) ar chótaí do rinneadh do-fhlichte agus ar a mbeidh an diúité sin inéilithe fé mhír (a) d'fho-alt (1) den alt san 7—do réir pé ráta acu so leanas gur as a gheobhfar, i ngach cás fé leith, an méid diúité is mó, sé sin le rá, ráta dhá scilling agus sé pingne an earra no an ráta luaidhtear sa mhír sin (a), agus

(b) ar chótaí móra agus ar chulaithcanna bheidh déanta, ar fad no nách mór ar fad, d'earraí fighte agus iad san déanta i bpáirt no go hiomlán d'olainn no d'olainn snáth-dhúbalta agus a bheidh oiríúnach d'fhir agus ar a mbeidh an diúité sin inéilithe fén mír sin (a)—do réir pé ráta acu so leanas gur as a ghcobhfar, i ngach cás fé leith, an méid diúité is mó, sé sin le rá, ráta deich scillinge an cóta mór no an chulaith (pe'ca aca é) no an ráta luaidhtear sa mhír sin (a), agus

(c) ar chótaí, ar bheisteanna, agus ar bhrístí bheidh déanta, ar fad no nách mór ar fad, d'earraí fighte agus iad san déanta i bpáirt no go hiomlán d'olainn no d'olainn snáth-dhúbalta agus a bheidh oiriúnach d'fhir agus a hiomportálfar ar leithligh agus ar a mbeidh an diúité sin inéilithe fén mír sin (a)—do réir pé ráta acu so leanas gur as a gheobhfar, i ngach cás fé leith, an méid diúité is mó, sé sin le rá, ráta ceithre scillinge an cóta, dhá scilling an bheist, agus ceithre scillinge an bríste, no an ráta luaidhtear sa mhír sin (a), agus

(d) ar chótaí móra agus ar chulaitheanna bheidh déanta, ar fad no nách mór ar fad, d'earraí fighte agus iad san déanta i bpáirt no go hiomlán d'olainn no d'olainn snáthdhúbalta agus a bheidh oiriúnach do bhuachaillí agus ar a mbeidh an diúité sin inéilithe fén mír sin (a)—do réir pé ráta acu so leanas gur as a gheobhfar, i ngach cás fé leith, an méid diúité is mó, sé sin le rá, ráta cúig scillinge an cóta mór no an chulaith (pe'ca aca é) no an ráta luaidhtear sa mhír sin (a), agus

(e) ar chótaí, ar bheisteanna, agus ar bhrístí bheidh déanta, ar fad no nách mór ar fad, d'earraí fighte agus iad san déanta i bpáirt no go hiomlán d'olainn no d'olainn snáth-dhúbalta agus a bheidh oiriúnach do bhuachaillí agus a hiomportálfar ar leithligh agus ar a mbeidh an diúité sin inéilithe fén mír sin (a)—do réir pé ráta acu so leanas gur as a gheobhfar, i ngach cás fé leith, an méid diúité is mó, sé sin le rá, ráta dhá scilling an cóta, scilling an bheist, agus dhá scilling an bríste no an ráta luaidhtear sa mhír sin (a), agus (f) ar chulaitheanna folcaidh do réir méide is có-ionann le cúig is dachad per cent. de luach na hearra in ionad an ráta luaidhtear i mír (c) d'fho-alt (1) den mhír sin 7, agus

(g) ar na hearraí seo leanas nuair a bheidh an diúité sin inéilithe ortha fé mhír (d) d'fho-alt (1) den alt san 7 agus a hiomportálfar iad chun iad do dhíol no chun iad do chur fé n-a thuilleadh déantóireachta agus iad do dhíol ina dhiaidh sin —do réir pé ráta acu so leanas gur as a gheobhfar, i ngach cás fé leith, an méid diúité is mó, sé sin le rá, an ráta luaidhtear sa mhír sin (d) no ráta—

(i) cúig scillinge an ceann ar chótaí móra;

(ii) cúig scillinge an chulaith ar chulaitheanna bheidh oiriúnach d'fhir no do bhuachaillí;

(iii) dhá scilling an cóta, scilling an bheist, agus dhá scilling an bríste ar chótaí, ar bheisteanna, agus ar bhrístí bheidh oiriúnach d'fhir no do bhuachaillí agus a hiomportálfar ar leithligh;

(iv) cúig scillinge an chulaith no an chulaithirt (do réir mar bheidh) ar chulaitheanna agus ar chulaithirtí bheidh oiriúnach do mhná no do chailíní;

(v) dhá scilling agus sé pingne an ceann ar chótaí, ar sciortaí, agus ar bhaill eile de chulaitheanna no de chulaithirtí bheidh oiriúnach do mhná no do chailíni agus a hiomportálfar ar leithligh;

(vi) dhá scilling agus sé pingne an froca no an gúna (do réir mar bheidh) ar fhrocaí agus ar ghúnaí bheidh oiriúnach do mhná no do chailíní; agus

(h) ar chótaí móra agus ar chulaitheanna bheidh oiriúnach d'fhir no do bhuachaillí agus ar a mbeidh an diúité sin inéilithe fé mhír (e) d'fho-alt (1) den alt san 7—do réir pé ráta acu so leanas gur as a gheobhfar, i ngach cás fé leith, an méid diúité is mó, sé sin le rá, ráta cúig scillinge an cóta mór no an chulaith (do réir mar bheidh) no an ráta luaidhtear sa mhír sin (e), agus

(i) ar chótaí, ar bheisteanna, agus ar bhrístí bheidh oiriúnach d'fhir no do bhuachaillí agus a hiomportálfar ar leithligh agus ar a mbeidh an diúité sin inéilithe fén mír sin (e)—do réir pé ráta acu so leanas gur as a gheobhfar, i ngach cás fé leith, an méid diúité is mó, sé sin le rá, ráta dhá scilling an cóta, scilling an bheist, agus scilling an bríste no an ráta luaidhtear sa mhír sin (e), agus

(j) ar stocaí agus gearra-stocaí, ar fho-éadach cniotálta, agus ar chairdiogain, for-ionair, gersithe, agus bheisteanna cniotálta agus earraí den tsaghas san nuair a bheidh an diúité sin inéilithe ortha fé mhír (e) d'fho-alt (1) den alt san 7 no fé mhír (c) d'fho-alt (1) d'alt 6 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 4), 1932 ( Uimh. 34 de 1932 )—do réir pé ráta acu so leanas gur as a gheobhfar, i ngach cás fé leith, an méid diúité is mó, sé sin le rá, an ráta luaidhtear sa mhír sin (e) no sa mhír sin (c), pe'ca aca san is infheidhmithe, no ráta—

(i) sé scillinge an dosaen péire ar stocaí agus gearra-stocaí;

(ii) dhá scilling déag an dosaen earraí ar fho-éadach cniotálta;

(iii) fiche scilling an dosaen earraí ar chairdiogain, for-ionair, gersithe, agus bheisteanna cniotálta, agus earraí den tsaghas san.

Ag an uimhir thagartha so léireofar an focal “briste” mar fhocal a chialluíonn earra amháin pe'ca “bríste” no “péire bríste” gairmtear di, agus léireofar é freisin mar fhocal a fholuíonn treabhsar fada, treabhsar gairid, bríste, bríste glúnach, agus earraí eile den tsaghas san.

3

An tAcht Airgid, 1932 (Uimh. 20 de 1932) .

Déanfar an abairt “oibriú déantóireachta” in alt 12 den Acht so do léiriú agus beidh éifeacht aice mar abairt a fholuíonn aon oibriú céirde agus fos mar abairt a fholuíonn aon oibriúchán céirde, pe'ca déanamh, cur le chéile, deisiúchán no obair eile den tsaghas san a bheidh ann, agus léireofar an focal “déantóir” agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

4

An tAcht Airgid, 1932 (Uimh. 20 de 1932) .

Déanfar fo-alt (7) d'alt 22 den Acht so do leasú mar leanas, sé sin le rá:—

(a) tré sna focail “no bleibíní” do chur isteach i mír (e) i ndiaidh an fhocail “síolta,” agus

(b) tré sna focail agus na míreanna so leanas do chur i ndeire an fho-ailt sin, sé sin le rá:—

“agus

(f) cúibeanna de shalainn folcaidh, agus

(g) cuilnimheanna.”

5

An tAcht Airgid, 1932 (Uimh. 20 de 1932) .

Déanfar an Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do leasú mar leanas, sé sin le rá:—

(a) tríd an bhforáil atá sa chúigiú colún, ag uimhreacha tagartha 4, 8, 15, 16, 17, agus 37, agus le n-a gceaduítear ceadúnaisí do dheonadh chun iomportála do dhéanamh saor ón diúité, do scriosadh amach i ngach cás agus tríd an bhforáil seo leanas do chur ina hionad san i ngach cás:—

“Pé uair is dóich leis an Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim le ceadúnas a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.”

(b) tríd an bhforáil seo leanas do chur isteach sa chúigiú colún ag uimhir thagartha 20:—

“Pé uair is dóich leis an Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim le ceadúnas a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.”

6

An tAcht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 4), 1932 (Uimh. 34 de 1932) .

Déanfar an Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do leasú mar leanas, sé sin le rá:—

(a) tré sna focail “agus pictiúirí i bhfrámaí bheidh déanta, ar fad no nách mór ar fad, d'adhmad” atá sa dara colún ag uimhir thagartha II do scriosadh amach agus tré sna focail “pe'ca ar leithligh no go bpictiúir ionta a hiomportálfar iad” do chur ina n-ionad san;

(b) tríd an bhfocal “plátaí” sa dara colún ag uimhir thagartha 12 do scriosadh amach agus tríd an bhfocal “gréasanna” do chur ina ionad san;

(c) tríd an bhforáil seo leanas do chur isteach sa chúigiú colún ag uimhir thagartha 14:—

“Pé uair is dóich leis an Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh ná Coimisinéirí Ioncuim le ceadúnas a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.”

7

An tAcht Airgid, 1933 (Uimh. 15 de 1933) .

Déanfar an tAcht so do leasú mar leanas, sé sin le rá, ag uimhir thagartha 3 sa Dara Sceideal:—

(a) tré sna focail uile o sna focail “ach gan” go dtí an focal “cornluasca” sa dara colún do scriosadh amach, agus

(b) tríd an bhforáil seo leanas do chur isteach sa chúigiú colún:—“Pé uair is dóich leis an Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim le ceadúnas a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.”