17 1934


Uimhir 17 de 1934.


ACHT UM IOMPAR AR BHÓITHRE, 1934.


ACHT CHUN AN ACHTA UM IOMPAR AR BHÓITHRE, 1933 , DO LEASÚ. [18adh Bealtaine, 1934.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —(1) San Acht so—

cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht um Iompar ar Bhóithre, 1933 (Uimh. 8 de 1933) ;

cialluíonn an abairt “ceadúnuithe go cuibhe” ceadúnuithe go cuibhe i Saorstát Éireann fé alt 13 den Finance Act, 1920, mar atá san leasuithe le hachtacháin ina dhiaidh sin.

(2) Gach focal agus abairt dá dtugann an Príomh-Acht brí áirithe chun crícheanna an Achta san tá leis san Acht so an bhrí tugtar do amhlaidh.

Iompar ar luach saothair.

2. —I gcás feithicle inneall-ghluaiste no feithicle ar n-a tarrac ag feithicil inneall-ghluaiste d'úsáid chun earraí ceannaíochta d'iompar is le húnaer na feithicle inneall-ghluaiste sin, ní tuigfear chun crícheanna an Phríomh-Achta na hearraí ceannaíochta san do bheith á n-iompar ar luach saothair.

“Larai.”

3. —Tuigfear feithicil inneall-ghluaiste do bheith ina laraí do réir bhrí an Phríomh-Achta i gcás í do bheith do réir na gcoinníollacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) í do bheith ina feithicil a bheidh déanta agus ceaptha chun paisnéirí d'iompar;

(b) í do bheith ina feithicil go n-ionaid suidhte do sheisear paisnéirí ar a mhéid (gan an tiománaí d'áireamh);

(c) í do bheith ina feithicil a bheidh á húsáid de thurus na huaire chun páipéirí nuachta d'iompar ar luach saothair.

Leabhar Clárathachta.”

4. —Deintear leis seo an míniú tugtar ar an abairt “leabhar clárathachta” in alt 2 den Phríomh-Acht do leasú tré sna focail “no cóip de mhion-innste clárathachta na feithicle sin ar n-a tabhairt amach ag an údarás do cheadúnuigh an fheithicil sin fén Roads Act, 1920” do chur isteach sa chéanna i ndiaidh na bhfocal “Roads Act, 1920” agus ar an bPríomh-Acht agus an Acht so do bheith á léiriú agus á gcur in éifeacht bhéarfar aire chuibhe don leathnú deintear ar bhrí na habairte sin leis an leasú san.

Alt 3 den Phríomh-Acht do leasú.

5. —Athghairmtear leis seo an tAcht um Iompar ar Bhóithre (Uimh. 2), 1933 (Uimh. 39 de 1933) , agus ina ionad san achtuítear leis seo go léireofar fo-alt (1) d'alt 3 den Phríomh-Acht agus go mbeidh éifeacht aige agus go dtuigfear éifeacht do bheith riamh aige fé is dá ndeintí na focail agus na figiúirí “an 1adh lá d'Abrán, 1934,” do chur isteach in ionad na bhfocal “mí tar éis dáta an Achta so do rith” atá anois sa bhfo-alt san.

Iomparthóirí atá ann cheana.

6. —I gcás únaerachta gnótha iompair earraí ceannaíochta de bhóthar d'aistriú, roimh an lá ceaptha, o dhuine dar tugadh amach deimhniú fé alt 3 den Phríomh-Acht alos an ghnótha san, tuigfear, d'ainneoin éinní atá i bhfo-alt (3) den alt san 3, an duine chun a n-aistreofar an únaeracht san do bheith ina iomparthóir atá ann cheana chun crícheanna an Phríomh-Achta.

Ordú fé alt 5 den Phríomh-Acht do chur ar nea-mbrí.

7. —Dearbhuítear leis seo aon ordú do rinneadh roimh an Acht so do rith fé fho-alt (1) d'alt 5 den Phríomh-Acht do bheith, agus tuigfear é do bheith riamh, gan bhrí gan éifeacht, agus dá réir sin féadfar ordú do dhéanamh fén bhfo-alt san (1) tráth ar bith tar éis an Achta so do rith.

Tosach feidhme ceadúnaisí áirithe earraí ceannaíochta do chur siar.

8. —Gach ceadúnas earraí ceannaíochta do deonadh roimh an lá ceaptha agus adubhairt go dtosnódh an 1adh lá d'Fheabhra, 1934, tosnóidh, d'ainneoin éinní atá in alt 19 den Phríomh-Acht no sa cheadúnas san, ar an lá ceaptha agus leanfaidh i bhfeidhm (mara dtuitidh ar lár no mara gceiliúrtar é roimhe sin fén bPríomh-Acht agus fé réir aon chur-ar-fiunraoi fén Acht san) ar feadh bliana ón lá ceaptha agus raghaidh in éag ansan mara ndeintear é d'athnuachaint fén bPríomh-Acht.

Alt 9 den Phríomh-Acht do leasú.

9. —Deintear leis seo alt 9 den Phríomh-Acht do leasú sna slite seo leanas agus léireofar é agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

(a) tré sna focail “earraí ceannaíochta á n-iompar” do chur i bhfo-alt (2) den alt san in ionad na bhfocal “gnó iompair earraí ceannaíochta de bhóthar ar siúl” atá anois sa bhfo-alt san;

(b) tríd an bhfo-alt breise seo leanas do chur isteach i ndiaidh fo-ailt (3) den alt san, sé sin le rá:—

“(4) Má cruthuítear go ndearna duine earraí ceannaíochta d'iompar i bhfuirm iompair earraí ceannaíochta de bhóthar, tuigfear, chun crícheanna an ailt seo, an duine sin d'iompar na n-earraí ceannaíochta san amhlaidh i gcúrsa gnótha iompair earraí ceannaíochta de bhóthar a bhí ar siúl aige.”

Alt 12 den Phríomh-Acht do leasú.

10. —Deintear leis seo fo-alt (4) d'alt 12 den Phríomh-Acht do leasú tré sna focail “no cuideachta loingseoireachta” do chur isteach i ndiaidh na bhfocal “seachas cuideachta údaruithe chun earraí ceannaíochta d'iompar” atá anois ann, agus léireofar an fo-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Riailmheáchaintí laraí agus riailmheáchaintí tarraicire d'atharú.

11. —(1) Má dheineann duine ar bith—

(a) is ceadúnaí, fé cheadúnas earraí ceannaíochta iomparthóra atá ann cheana, dá bhfuil riail-mheáchaint laraí ceaptha, agus

(b) adeir gurb é is únaer laraí no laraithe ar bith do bhí do réir na gcoinníollacha oiriúnacha,

a iarraidh ar an Aire roimh an lá ceaptha ordú do thabhairt uaidh fén bhfo-alt so, féadfaidh an tAire, más deimhin leis bunús do bheith leis an méid adeir an ceadúnaí sin, a ordú an riailmheáchaint laraí don cheadúnaí sin do mhéadú pé meáchaint a cheapfa sé agus nách mó, i gcás gan an méid adeir an ceadúnaí sin do bhaint ach le haon laraí amháin, ná meáchaint an laraí sin gan ualach no nách mó, i gcás an méid adeir an ceadúnaí sin do bhaint le dhá laraí no níos mó, ná meáchaintí iomlána na laraithe sin gan ualach, agus, má bheirtear an t-ordú san amhlaidh, isé is riail-mheáchaint laraí don cheadúnaí sin chun crícheanna an Phríomh-Achta ná an chéad riail-mheáchaint laraí agus í méaduithe amhlaidh.

(2) Má dheineann duine ar bith—

(a) is ceadúnaí, fé cheadúnas earraí ceannaíochta iomparthóra atá ann cheana, dá bhfuil riail-mheáchaint tarraicire ceaptha, agus

(b) adeir gurb é is únaer tarraicire no tarraicirí ar bith do bhí do réir na gcoinníollacha oiriúnacha,

a iarraidh ar an Aire roimh an lá ceaptha ordú do thabhairt uaidh fén bhfo-alt so, féadfaidh an tAire, más deimhin leis bunús do bheith leis an méid adeir an ceadúnaí sin, a ordú an riail mheáchaint tarraicire don cheadúnaí sin do mhéadú pé meáchaint a cheapfa sé agus nách mó, i gcás gan an méid adeir an ceadúnaí sin do bhaint ach le haon tarraicire amháin, ná meáchaint an tarraicire sin gan ualach no nách mó, i gcás an méid adeir an ceadúnaí sin do bhaint le dhá tharraicire no níos mó, ná meáchaintí iomlána na dtarraicirí sin gan ualach, agus, má bheirtear an t-ordú san amhlaidh, isé is riail-mheáchaint tarraicire don cheadúnaí sin chun crícheanna an Phríomh-Achta ná an chéad riail-mhéachaint tarraicire agus í méaduithe amhlaidh.

(3) Má dheineann duine ar bith—

(a) is ceadúnaí, fé cheadúnas earraí ceannaíochta iomparthóra atá ann cheana, ná fuil aon riail-mheáchaint laraí ceaptha dho, agus

(b) adeir gurb é is únaer laraí no laraithe ar bith do bhí do réir na gcoinníollacha oiriúnacha,

a iarraidh ar an Aire roimh an lá ceaptha ordú do thabhairt uaidh fén bhfo-alt so, féadfaidh an tAire, más deimhin leis bunús do bheith leis an méid adeir an ceadúnaí sin, a ordú gurb é is riailmheáchaint laraí don cheadúnaí sin chun crícheanna an Phríomh-Achta ná pé meáchaint a cheapfa sé agus nách mó, i gcás gan an méid adeir an ceadúnaí sin do bhaint ach le haon laraí amháin, ná meáchaint an laraí sin gan ualach no nách mó, i gcás an méid adeir an ceadúnaí sin do bhaint le dhá laraí no níos mó, ná meáchaintí iomlána na laraithe sin gan ualach, agus, má bheirtear an t-ordú san amhlaidh, isé an mheáchaint a ceapfar amhlaidh is riail-mheáchaint laraí don cheadúnaí sin chun crícheanna an Phríomh-Achta.

(4) Má dheineann duine ar bith—

(a) is ceadúnaí, fé cheadúnas earraí ceannaíochta iomparthóra atá ann cheana, ná fuil aon riail-mheáchaint tarraicire ceaptha dho, agus

(b) adeir gurb é is únaer tarraicire no tarraicirí ar bith do bhí do réir na gcoinníollacha oiriúnacha,

a iarraidh ar an Aire roimh an lá ceaptha ordú do thabhairt uaidh fén bhfo-alt so, féadfaidh an tAire, más deimhin leis bunús do bheith leis an méid adeir an ceadúnaí sin, a ordú gurb é is riailmheáchaint tarraicire don cheadúnaí sin chun crícheanna an Phríomh-Achta ná pé meáchaint a cheapfa sé agus nách mó, i gcás gan an méid adeir an ceadúnaí sin do bhaint ach le haon tarraicire amháin, ná meáchaint an tarraicire sin gan ualach no nách mó, i gcás an méid adeir an ceadúnaí sin do bhaint le dhá tharraicire no níos mó, ná meáchaintí iomlána na dtarraicirí sin gan ualach, agus, má bheirtear an t-ordú san amhlaidh, isé an mheáchaint a ceapfar amhlaidh is riail-mheáchaint tarraicire don cheadúnaí sin chun crícheanna an Phríomh-Achta.

(5) Pé uair a dhéanfaidh duine ar bith—

(a) is ceadúnaí, fé cheadúnas earraí ceannaíochta iomparthóra atá ann cheana, dá bhfuil riail-mheáchaint laraí ceaptha, agus

(b) adeir—

(i) go bhfuil laraí ar bith (dá ngairmtear an seanalaraí sa bhfo-alt so), go ndearnadh a mheáchaint gan ualach do chur san áireamh nuair do bhí an riail-mheáchaint laraí sin á cinneadh, gan bheith ion-úsáidthe a thuilleadh agus go bhfuiltear tar éis laraí eile (dá ngairmtear an laraí nua sa bhfo-alt so) do chur ina ionad gur mó a mheáchaint gan ualach ná meáchaint an tseana-laraí gan ualach, agus

(ii) go ndearnadh an pláta feithicle (má b'aon cheann é) do tugadh amach alos an tseana-laraí do thabhairt suas ag an stáisiún chun plátaí feithicle do thabhairt amach ag ár tugadh amach é,

a iarraidh ar an Aire ordú do thabhairt uaidh fén bhfo-alt so, féadfaidh an tAire, más deimhin leis bunús do bheith leis an méid adeir an ceadúnaí sin agus gur mar a chéile nách mór acfuinn iompair an laraí nua agus acfuinn iompair an tseana-laraí, a ordú an riail-mheáchaint laraí don cheadúnaí sin do mhéadú meáchaint is có-ionann leis an deifríocht idir meáchaint an laraí nua gan ualach agus meáchaint an tseana-laraí gan ualach, agus, má bheirtear an t-ordú san, isí is riail-mheáchaint laraí don cheadúnaí sin chun crícheanna an Phríomh-Achta ná an chéad riailmheáchaint laraí agus í méaduithe amhlaidh.

(6) Pé uair a dhéanfaidh duine ar bith—

(a) is ceadúnaí, fé cheadúnas earraí ceannaíochta iomparthóra atá ann cheana, dá bhfuil riail-mheáchaint tarraicire ceaptha, agus

(b) adeir—

(i) go bhfuil tarraicire ar bith (dá ngairmtear an seanatharraicire sa bhfo-alt so), go ndearnadh a mheáchaint gan ualach do chur san áireamh nuair do bhí an riail-mheáchaint tarraicire sin á cinneadh, gan bheith ion-úsáidthe a thuilleadh agus go bhfuiltear tar éis tarraicire eile (dá ngairmtear an tarraicire nua sa bhfo-alt so) do chur ina ionad gur mó a mheáchaint gan ualach ná meáchaint an tseana-tharraicire gan ualach, agus

(ii) go ndearnadh an pláta feithicle (má b'aon cheann é) do tugadh amach alos an tseana-tharraicire do thabhairt suas ag an stáisiún chun plátaí feithicle do thabhairt amach ag ár tugadh amach é,

a iarraidh ar an Aire ordú do thabhairt uaidh fén bhfo-alt so, féadfaidh an tAire, más deimhin leis bunús do bheith leis an méid adeir an ceadúnaí sin agus gur mar a chéile nách mór acfuinn tarraiceoireachta an tarraicire nua agus acfuinn tarraiceoireachta an tseana-tharraicire, a ordú an riail-mheáchaint tarraicire don cheadúnaí sin do mhéadú meáchaint is có-ionann leis an deifríocht idir meáchaint an tarraicire nua gan ualach agus meáchaint an tseana-tharraicire gan ualach, agus, má bheirtear an t-ordú san, isí is riail-mheáchaint tarraicire don cheadúnaí sin chun crícheanna an Phríomh-Achta ná an chéad riailmheáchaint tarraicire agus í méaduithe amhlaidh.

(7) Tuigfear feithicil inneall-ghluaiste, is laraí no tarraicire agus is le ceadúnaí fé cheadúnas earraí ceannaíochta iomparthóra atá ann cheana, tuigfear chun crícheanna an ailt seo san do bheith do réir na gcoinníollacha oiriúnacha má bhíonn an fheithicil sin—

(a) do réir na gcoinníollacha uile seo leanas, sé sin le rá:—

(i) gurbh fheithicil í ba leis an gceadúnaí sin an dáta cinnteach do luadhadh san iarratas ar an gceadúnas san, agus

(ii) gurbh fheithicil í ná raibh ceadúnuithe go cuibhe an dáta san, agus

(iii) gurbh fheithicil í a bhí ceadúnuithe go cuibhe tráth ar bith i rith an dá mhí dhéag chalendair dar chríoch an 1adh lá d'Iúl, 1932; no

(b) do réir na gcoinníollacha so leanas, eadhon—

(i) gurbh fheithicil í do horduíodh roimh an Sadh lá d'Fheabhra, 1933, agus

(ii) gurbh fheithicil í do seachadadh don cheadúnaí roimh an 12adh lá de Mheitheamh, 1933.

(8) Beidh gach iarratas fé aon fho-alt den alt so i scríbhinn, agus luadhfar ann go hiomlán na scóranna is foras don iarratas, agus bhéarfar ann mion-innste iomlána i dtaobh na bhfeithiclí inneall-ghluaiste le n-a mbaineann an t-iarratas, agus beidh ina theanta na leabhair chlárathachta bhaineann leis na feithiclí sin.

(9) Gach duine dhéanfaidh iarratas fé aon fho-alt den alt so déanfaidh, ar an Aire dá cheangal san air, gach eolas breise do thabhairt don Aire theastóidh ón Aire chun an iarratais sin do bhreithniú.

(10) Féadfaidh an tAire a chur mar cheangal, maidir le haon ráiteas fíre cuirfear in aon iarratas fé aon fho-alt den alt so no cuirfear mar fhreagra chun an Aire ar eisean d'iarraidh eolais bhreise fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo, go bhfíorófar an ráiteas san le dearbhú reachtúil o dhuine éigin go n-eolas pearsanta ar an bhfíor a bheidh ann.

(11) Pé uair do bhéarfaidh an tAire ordú uaidh fén alt so ar n-a iarraidh san don duine is ceadúnaí fé cheadúnas earraí ceannaíochta iomparthóra atá ann cheana, déanfaidh an tAire pé leasuithe ar an gceadúnas san is gá chun éifeachta do thabhairt don ordú san.

Táillí ar iarrataisí ar phlátaí feithicle do thabhairt amach.

12. —Féadfar, le rialacháin ar n-a ndéanamh fé fho-alt (6) d'alt 30 den Phríomh-Acht, táillí deifriúla d'ordú alos—

(a) iarrataisí ar phlátaí feithicle fén alt san 30 i gcásanna 'na mbeidh a gcúrsaí do réir na gcoinníollacha so leanas, sé sin le rá:—

(i) feithicil gur tugadh amach pláta feithicle ina taobh do scur de bheith ceadúnuithe go cuibhe, agus

(ii) an pláta feithicle sin do sheachadadh, ar an scur san, do bhall den Ghárda Síochána ag an stáisiún chun plátaí feithicle do thabhairt amach ag ár tugadh amach an pláta feithicle sin, agus

(iii) a iarraidh go cuibhe fé alt 30 den Phríomh-Acht laistigh de naoi mí tar éis an tseachadtha san pláta feithicle do thabhairt amach alos na feithicle sin; agus

(b) iarrataisí ar phlátaí feithicle fén alt san 30 i gcásanna ná beidh a gcúrsaí do réir na gcoinníollacha san.

Alt 38 den Phríomh-Acht do leasú.

13. —Deintear leis seo fo-alt (1) d'alt 38 den Phríomh-Acht do leasú tré sna focail “tar éis dáta thosnuithe an cheadúnais sin díreach i ndiaidh an deonta san no tar éis an aistrithe sin” do chur in ionad na bhfocal “tar éis an deonta no an aistrithe sin” atá anois ann, agus léireofar an fo-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Srian le hiarrataisí fé fho-alt (1) d'alt 51 den Phríomh-Acht.

14. —Ní ceaduithe aon iarratas do chur chun an Aire fé fho-alt (1) d'alt 51 den Phríomh-Acht i rith na tréimhse de dhá bhliain a thosnóidh i gcionn bliana ón lá ceapfar, le hordú ar n-a dhéanamh tar éis an Achta so do rith fé fho-alt (1) d'alt 5 den Phríomh-Acht, chun bheith mar lá ceaptha chun crícheanna an Achta san.

Gearr-theideal.

15. —Féadfar an tAcht um Iompar ar Bhóithre, 1934 , do ghairm den Acht so.