30 1934


Uimhir 30 de 1934.


ACHT NA dTITHE (FORÁLACHA AIRGID AGUS FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA) (LEASÚ), 1934.


ACHT CHUN LEASUITHE AGUS LEATHNUITHE DO DHÉANAMH AR ACHT NA dTITHE (FORÁLACHA AIRGID AGUS FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1932 . [26adh Iúl, 1934.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Míniú.

1. —San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” Acht na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932 (Uimh. 19 de 1932) .

Fo-alt (1) d'alt 5 den Phríomh-Acht do leasú.

2. —Deintear leis seo fo-alt (1) d'alt 5 den Phríomh-Acht do leasú sna slite seo leanas, sé sin le rá:—

(a) an tagairt don 1adh lá d'Abrán, 1935, atá i bhfo-mhír (iii) de mhír (b) léireofar í mar thagairt don 1adh lá d'Abrán, 1936;

(b) cuirfear isteach, i ndiaidh na fo-mhíre sin (iii) de mhír (b), fo-mhír nua mar leanas, sé sin le rá:—

“(iv) cúig púint is dachad, más rud é gur ar an 12adh lá de Bhealtaine, 1932, no dá éis sin a tosnuíodh no a tosnófar ar thógáil an tighe sin agus go mbeidh sí críochnuithe an 1adh lá d'Abrán, 1936, no dá éis, ach roimh an 1adh lá d'Abrán, 1937”;

(c) an tagairt atá i ngach ceann de sna míreanna (c), (d), (e), (f), (g), (h) agus (i) don 1adh lá d'Abrán, 1935, léireofar í mar thagairt don 1adh lá d'Abrán, 1937,

agus déanfar an fo-alt san do léiriú agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Méid iomlán na ndeontas do mhéadú.

3. —Athghairmtear leis seo fo-alt (5) d'alt 5 den Phríomh-Acht agus ina ionad san achtuítear leis seo ná raghaidh méideanna iomlána na ndeontas a dheonfaidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí fén alt san 5 fé mar a leasuítear é leis an Acht so, ná raghaidh san thar suim milleoin agus ceithre chéad míle púnt.

Gearr-theideal agus luadh.

4. —(1) Féadfar Acht na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha) (Leasú), 1934 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar Achtanna na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932 agus 1934, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.