An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (SEU SCEIDEAL.) Ar Aghaidh (OCHTU SCEIDEAL. Achtachain go nDeintear na Diuitethe Futha do Scur.)

31 1934

ACHT AIRGID, 1934

SEACHTU SCEIDEAL.

Achtanna Airgid Airithe d'Athghairm agus do Leasu.

Uimh. Thag.

An tAcht dá ndeintear deifir.

Cineál na hAthghairme no an Leasuithe.

1

Acht Airgid (Uimh. 2), 1927 (Uimh. 38 de 1927) .

Déanfar an diúité forchuirtear le halt 2 den Acht a luaidhtear sa dara colún ag an uimhir thagartha so d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc do réir pé ráta acu so leanas gur as a gheobhfar, i ngach cás fé leith, an méid diúité is mó, sé sin le rá, ráta dhá phingin an earra no an ráta luaidhtear san alt san 2.

Ní bhainfidh alt 25 den Acht Airgid, 1924 ( Uimh. 27 de 1924 ), leis an diúité sin a forchuirtear leis an alt san 2 agus dá réir sin ní bheidh an t-éileamh minimum a forchuirtear leis an alt san 25 inéilithe maidir leis an diúité sin.

2

Acht Airgid 1931 ( Uimh. 31 de 1931 ).

Athghairmtear leis seo fo-alt (2) d'alt 7 den Acht a luaidhtear sa dara colún ag an uimhir thagartha so.

3

Acht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 4), 1931 (Uimh. 43 de 1931) .

Athghairmtear leis seo fo-ailt (2) agus (3) d'alt 1 den Acht a luaidhtear sa dara colún ag an uimhir thagartha so, agus ina n-ionad san, beidh éifeacht ag an bhforáil seo leanas, sé sin le rá:—

Pé uair is dóich leis an Aire Airgid, tar éis do dul i gcomhair e leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is ionchurtha fén diúité forchuirtear leis an alt san 1 den Acht san a luaidhtear sa dara colún ag an uimhir thagartha so d'iomportáil, no glacadh le n-a seachadadh as banna-stóras, gan an diúité sin do bheith íoctha ortha, agus an iomportáil no an glacadh san do dhéanamh gan teora maidir le ham no le méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le ham no le méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.

4

Acht Airgid (Diúitéthe Custum), 1932 (Uimh. 11 de 1932) .

Deintear leis seo alt 12 den Acht a luaidhtear sa dara colún ag an uimhir thagartha so do leasú mar leanas, sé sin le rá:—

(a) i bhfo-alt (1), tré sna focail “agus nách ionchurtha fé dhiúité mar thorthaí” atá i bhfo-alt (1) do scriosadh amach as an áit ina bhfuilid sa bhfo-alt san; agus

(b) tré sna focail uile i bhfo-alt (3) o sna focail “agus leanfaidh torthaí i sioróip” go deireadh an fho-ailt do scriosadh amach.

5

Acht Airgid, 1932 (Uimh. 20 de 1932) .

Más deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim gur chuige atá aon chompáirteanna de phianótha á n-iomportáil ná chun iad d'úsáid chun pianótha do dhéanamh no do chóghabháil (i méid atá ceaduithe de thurus na huaire ag an Aire Tionnscail agus Tráchtála), i Saorstát Éireann, féadfaid, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, an diúité forchuirtear le halt 16 den Acht a luaidhtear sa dara colún ag an uimhir thagartha so d'éileamh agus do ghearradh, alos na gcompáirteanna san, do réir méid is có-ionann le deich per cent. de luach na hearra in ionad an ráta luaidhtear san alt san 16.

Ní bhainfidh alt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité sin nuair a héileofar é, do réir na forála san roimhe seo, do réir méid is có-ionann le deich per cent. de luach na hearra.

6

Acht Airgid 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ).

Déanfar fo-alt (7) d'alt 22 den Acht a luaidhtear sa dara colún ag an uimhir thagartha so (mar a leasuítear san ag uimhir thagartha 4 sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid (Diúitéthe Custum agus Máil), 1933 (Uimh. 52 de 1933) do leasú tuille tré sna focail agus na míreanna so leanas do chur isteach i ndeireadh an fho-ailt sin, sé sin le rá:—

“agus

(h) gleothán, agus

(i) bigheán.”

7

Acht Airgid, 1932 (Uimh. 20 de 1932) .

Athghairmtear leis seo alt 36 den Acht a luaidhtear sa dara colún ag an uimhir thagartha so.

8

Acht Airgid, 1932 (Uimh. 20 de 1932) .

Deintear leis seo an Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht a luaidhtear sa dara colún ag an uimhir thagartha so do leasú mar leanas, sé sin le rá:—

(a) tríd an bhfocal “páipeurachas” atá sa dara colún ag uimhir thagartha 16 (mar a leasuítear san ag uimhir thagartha 10 sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 4), 1932 (Uimh. 34 de 1932) , agus ag uimhir thagartha 5 sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid (Diúitéthe Custum agus Máil), 1933 (Uimh. 52 de 1933) ) do scriosadh amach as an gcéad áit ina bhfuil sé sa dara colún agus tríd an bhfocal “earraí” do chur isteach sa dara colún san in ionad an fhocail a scriostar amach amhlaidh, agus

(b) tríd an mír seo leanas do ch u isteach sa dara colún ag an uimhir thagartha san 16 (mar a leasuítear san mar adubhradh), sé sin le rá:—

“(g) cártaí puist, cártaí cuarda, cártaí gnótha, cártaí beannachta, cártaí cuiridh, cártaí deigh-mhéinne agus cártaí menu.”

(c) tríd an bhforáil seo leanas do chur isteach ag an uimhir thagartha sna 16 (mar a leasuítear san mar adubhradh), sé sin le rá:—

“Ní bhainfidh alt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so nuair a bheidh sé agus sa mhéid go mbeidh sé inéilithe ar earraí luaidhtear i mír (b) sa dara colún.”

9

Acht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 4), 1932 (Uimh. 34 de 1932) .

Déanfar an Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht a luaidhtear sa dara colún ag an uimhir thagartha so do leasú ag uimhir thagartha 14 tríd an mír seo leanas do chur isteach sa dara colún den Sceideal san, sé sin le rá:—

“(d) cúplála, siúntaí, agus feistisí eile dá samhail is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim atá ceaptha, déanta agus beartuithe chun iad d'úsáid i gceangal le feadáin no le píopaí agus ar a bhfuil aon scrobha-shnáth imeachtrach agus nách sia ná órlach go leith a dtras-line imeachtrach ag aon scrobha-shnáth den tsaghas san.”

10

Acht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 4), 1932 (Uimh. 34 de 1932) .

Déanfar an Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht a luaidhtear sa dara colún ag an uimhir thagartha so do leasú mar leanas, sé sin le rá:—

(a) tríd an bhfocal “scilling” atá i mír (d), fomhír (12), sa dara colún ag uimhir thagartha 16 do scriosadh amach agus tré sna focail “naoi bpingne” do chur isteach sa bhfomhír sin in ionad an fhocail do scriosadh amach amhlaidh; agus

(b) tré fho-mhíreanna (34) agus (41) de mhír (d) atá sa dara colún ag an uimhir thagartha san 16 (mar a leasuítear san ag uimhir thagartha 5 sa Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1933 (Uimh. 15 de 1933) ), do scriosadh amach; agus

(c) tré sna fo-mhíreanna so leanas do chur isteach, i ndeireadh míre (d), sa dara colún, ag an uimhir thagartha san 16 (mar a leasuítear san mar adubhradh), sé sin le rá:—

“(47) cosa agus ranna de chosa i gcóir scríobán no glantóirí simné no camra agus compáirteanna (déanta ar fad no nách mór ar fad d'adhmad) de chosa no de ranna den tsórt san;

(48) stopóga, buaca, spadhla agus duláin i gcóir cascanna no bairillí.”

11

Acht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 4), 1932 (Uimh. 34 de 1932) .

Déanfar an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht a luaidhtear sa dara colún ag an uimhir thagartha so d'athghairm mar leanas, sé sin le rá:—

(a) tré sna leitreacha agus na figiúirí seo leanas do chur isteach sa tríú colún ag uimhir thagartha 7, sé sin le rá:—

(i) os coinne míre (b) sa dara colún, na leitreacha agus na figiúirí “an cmt., 60s.”

(ii) os coinne míre (c) sa dara colún agus os coinne míre (d) sa cholún chéanna agus os coinne míre (e) sa cholún chéanna, na leitreacha agus na figiúirí “an lb., 3s.”, agus

(b) tré sna fígiúirí agus an leitir “45s.” do chur isteach sa cheathrú colún os coinne míre (b) sa dara colún ag an uimhir thagartha san 7, agus

(c) tríd an bhforáil seo leanas do chur isteach sa chúigiú colún ag an uimhir thagartha san 7, sé sin le rá:—

“Ní bhainfidh Alt 8 den Finance Act, 1919, leis na diúitéthe luaidhtear i míreanna (c), (d), agus (e) fé seach sa dara colún ag an uimhir thagartha so.”

12

Acht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 4), 1932 (Uimh. 34 de 1932) .

Déanfar an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht a luaidhtear sa dara colún ag an uimhir thagartha so d'athghairm mar leanas, sé sin le rá:—

(a) tríd an bhfigiúir agus an leitir “6d.” sa dara háit ina bhfuilid sa tríú colún ag uimhir thagartha 10 do scriosadh amach agus na leitreacha agus na figiúirí “an cmt., 84s.” do chur isteach ina n-ionad, agus

(b) tríd an bhfigiúir agus an leitir “4d.” sa dara háit ina bhfuilid sa cheathrú colún ag an uimhir thagartha san 10 do scriosadh amach, agus

(c) tríd an bhforáil seo leanas do chur isteach sa chúigiú colún ag an uimhir thagartha san 10, sé sin le rá:—

“Ní bhainfidh Alt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité luaidhtear i mír (c) sa dara colún ag an uimhir thagartha so.”

13

Acht Airgid, 1933 (Uimh. 15 de 1933) .

Déanfar Cuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht a luaidhtear sa dara colún ag an uimhir thagartha so do leasú mar leanas, sé sin le rá:—

(a) tré mhír (d) sa dara colún, ag uimhir thagartha 12, do scriosadh amach, agus

(b) tríd an mír seo leanas do chur isteach sa dara colún ag uimhir thagartha 17:—

“(e) postaí geata agus colúin gheata.”

14

Acht Airgid, 1933 (Uimh. 15 de 1933) .

Déanfar an Tríú Sceideal a ghabhann leis no Acht a luaidhtear ag an uimhir thagartha so da leasú mar leanas, sé sin le rá:—

(a) tré sna focail “aon tráth den bhliain agus iad leasuithe in uisce no a hiomportálfar amh” do chur isteach i ndiaidh an fhocail “hiomportálfar” sa dara colún ag uimhir thagartha 4, agus

(b) tré sna focail “aon tráth den bhliain agus iad leasuithe in uisce no a hiomportálfar amh” do chur isteach i ndiaidh an fhocail “hiomportálfar” sa dara colún ag uimhir thagartha 5 agus tré sna figiúirí agus na leitreacha “24adh” do scriosadh amadh agus na figiúirí agus na leitreacha “15 adh” do chur isteach ina n-ionad, agus

(c) tré sna focail “aon tráth den bhliain agus iad leasuithe in uisce no a hiomportálfar amh” do chur isteach i ndiaidh an fhocail “hiomportálfar” sa dara colún ag uimhir thagartha 6.