An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CEAD SCEIDEAL. Diuitethe Airithe Custum.) Ar Aghaidh (TRIU SCEIDEAL. Diulte ar Bhaill Eadaigh agus Coir Ghleasta Phearsanta.)

31 1934

ACHT AIRGID, 1934

DARA SCEIDEAL.

Diuite ar Bhroga agus ar Bhroga Isle.

Uimh. Thag.

An Saghas Earra is Ionchurtha fé Dhiúité

Ráta an Diúité

1

Bróga agus bróga ísle go bhfuil a n-uachtair déanta ar fad no nách mór ar fad de leathar agus de chroiceann, no de cheachtar acu ach gan áireamh do dhéanamh ar bhróga ná ar bhróga ísle is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim atá ceaptha, déanta, agus beartuithe i gcóir naoidhnán ná fós ar bhróga atá déanta ar fad no nách mór ar fad de chúitsiúc, d'abhar do rinneadh díonach le cúitsiúc, d'abhar do clúduíodh le cúitsiúc no de dhá abhar no níos mo acu san le chéile.

Méid is cóionann le triocha per cent. de luach na hearra.

2

Buinn chumtha, sála cumtha, uachtair chumtha; agus páirteanna cumtha de bhuinn, de shála, no d'uachtair agus iad déanta ar fad no nách mór ar fad de leathar agus de chroiceann no de cheachtar acu, ach gan áireamh do dhéanamh ar bhuinn, ar shála ná ar uachtair is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim atá ceaptha, déanta, agus beartuithe chun iad d'úsáid chun bróga no bróga ísle do dhéanamh do naoidhnáin ná fós ar pháirteanna de sna buinn, de sna sála, no de sna huachtair dheiridh sin a luaidhtear.

Méid is cóionann le triocha per cent. de luach na hearra.

3

Bróga agus bróga ísle ná fuil a n-uachtair déanta ar fad no nách mór ar fad de leathar agus de chroiceann no de cheachtar acu, ach gan áireamh do dhéanamh ar bhróga ná ar bhróga ísle is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim atá ceaptha, déanta agus beartuithe i gcóir naoidhnán ná fós ar bhróga atá déanta ar fad no nách mór ar fad de chúitsiúc, d'abhar do rinneadh díonach le cúitsiúc, d'abhar do clúduíodh le cúitsiúc no de dhá abhar no níos mó acu san le chéile ná fós ar bhróga ísle go bhfuil a mbuinn déanta ar fad no go leathrannach de chúitsiúc no d'abhar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is cúitsiúc saordha no bréige no is abhar ina bhfuil cúitsiúc mar tháthchuid.

Méid is cóionann le fiche per cent. de luach na hearra.

4

Buinn chumtha, sála cumtha, uachtair chumtha, agus páirteanna cumtha de bhuinn, de shála, no d'uachtair, ná fuil déanta ar fad no nách mór ar fad de leathar agus de chroiceann no de cheachtar acu, ach gan áireamh do dhéanamh ar bhuinn, ar shála ná ar uachtair is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim atá ceaptha, déanta agus beartuithe chun iad d'úsáid chun bróga no bróga ísle do dhéanamh do naoidhnáin ná fós ar pháirteanna de sna buinn, de sna sála ná de sna huachtair dheiridh sin a luaidhtear.

Méid is cóionann le fiche per cent. de luach na hearra.

5

Bróga atá déanta ar fad no nách mór ar fad de chúitsiúc, d'abhar do rinneadh díonach le cúitsiúc, d'abhar do clúduiodh le cúitsiúc no de dhá abhar no níos mó acu san le chéile ach gan áireamh do dhéanamh ar bhróga is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim atá ceaptha, déanta, agus beartuithe i gcóir naoidhnán.

Pé ráta acu so leanas a bhaineann leis an gcás, sé sin le rá:—

(a) más mó ná naoi n-órlach mórfhaid na bróige o sháil go rinn lasmuich - dhá scilling an bhróg;

(b) más mó ná naoi n-órlach an mhór-fhaid sin lasmuich-naoi bpingne an bhróg.

6

Bróga ísle go bhfuil a mbuinn déanta ar fad no nách mór ar fad de chúitsiúc no d'abhar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is cúitsiúc saordha no bréige no is abhar ina bhfuil cúitsiúc mar tháthchuid, agus ná fuil a n-uachtair déanta ar fad no nách mór ar fad de leathar agus de chroiceann no de cheachtar acu san, ach gan áireamh do dhéanamh ar bhróga ísle is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim atá ceaptha, déanta, agus beartuithe i gcoir naoidhnán.

Sé pingne an bhróg íseal.