Ar Aghaidh (SCEIDEAL.)

39 1934


Uimhir 39 de 1934.


ACHT COMHAR-CHUMANN TALMHAÍOCHTA (DEBENTIUIRI), 1934.


ACHT CHUN A CHUR AR CHUMAS CUMANN ÁIRITHE ATÁ CLÁRUITHE FÉN INDUSTRIAL AND PROVIDENT SOCIETIES ACT, 1893, DEBENTIUIRI DO THABHAIRT AMACH, AGUS AIRGEAD D'FHÁIL AR IASACHT AR URRUS NA CODA SAN DÁ gCAIPITAL NÁR hEILIODH, AGUS CHUN CRÍCHEANNA EILE BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE. [13adh Meán Fhómhair, 1934.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaíochta;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén Acht so;

cialluíonn an abairt “an clár” an Clár de Mhuirir ag Comhar-Chumainn Talmhaíochta a bheidh á choimeád do réir an Achta so.

Iasachtaithe údaruithe.

2. —(1) Beidh na daoine seo leanas ina n-iasachtaithe údaruithe chun crícheanna an Achta so, sé sin le rá:—

(a) Aire ar bith, is ceann ar Roinn Stáit;

(b) Coimisinéirí na nOibreacha Puiblí in Éirinn;

(c) Corparáid an Cháirde Thalmhaíochta, Teoranta;

(d) Cuideachta an Cháirde Thionnscail, Teoranta;

(e) Cuideachta na Déirí-Dheighleála, Teoranta;

(f) cólucht corpruithe ar bith ag á mbíonn gnó bancaereachta ar siúl go dleathach;

(g) aon chólucht corpruithe eile no duine eile ar n-a cheadú ag an Aire go generálta no maidir le headar-ghnó áirithe.

(2) San Acht so cialluíonn an abairt “iasachtaí údaruithe” duine is iasachtaí údaruithe, de bhuadh an ailt seo, chun crícheanna an Achta so.

Cumann do dheimhniú mar chomharchumann talmhaíochta.

3. —(1) Féadfaidh cumann ar bith a bheidh cláruithe fén Industrial and Provident Societies Act, 1893, an deimhniú san a luaidhtear anso ina dhiaidh seo d'iarraidh alos an chumainn sin ar an Aire tráth ar bith sa bhfuirm agus sa tslí orduithe.

(2) Pé uair a gheobhaidh an tAire iarratas fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so agus is deimhin leis—

(a) an cumann gur ina thaobh atá an t-iarratas san á dhéanamh do bheith ina chomhar-chumann, agus

(b) cuspóirí uile no cuid mhaith de chuspóirí an chumainn sin do bheith ina gcuspóirí talmhaíochta, agus

(c) é bheith oriúnach, ag féachaint do chúrsaí uile an cháis, go mbeadh ag an gcumann san na comhachta agus na príbhléidí bronntar leis an Acht so ar chomharchumann talmhaíochta,

féadfaidh deimhniú sa bhfuirm orduithe do thabhairt amach don chumann san á dheimhniú an cumann san do bheith ina chomharchumann talmhaíochta chun crícheanna an Achta so.

(3) Féadfaidh an tAire uair ar bith, fé mar is rogha leis féin é, deimhniú ar bith a bheidh tugtha amach aige fén alt so do cheiliúradh sa bhfuirm agus sa tslí orduithe, agus leis sin scuirfidh an cumann le n-ar bhain an deimhniú san de bheith ina chomhar-chumann talmhaíochta chun crícheanna an Achta so ach ní dhéanfaidh an ceiliúradh agus an scur san dochar ná deifir do dhleathacht éinní do rinne an cumann san roimhe sin.

(4) San Acht so (ach amháin san alt so) cialluíonn an abairt “comhar-chumann talmhaíochta” cumann ar n-a chlárú fén Industrial and Provident Societies Act, 1893, agus 'na mbeidh deimhniú tugtha amach ina thaobh fén alt so agus an deimhniú san gan ceiliúradh de thurus na huaire.

Comharchumainn talmhaíochta do thabhairt debentiúirí amach.

4. —(1) Féadfaidh comhar-chumann talmhaíochta, bheidh údaruithe le n-a gcuid rialacha airgead d'fháil ar iasacht, féadfaid, uair ar bith, fé réir forálacha an ailt seo, agus leis an toiliú sin ón Aire a luaidhtear san Acht so agus pe'ca bheidh sé údaruithe le rialacha an chumainn sin debentiúirí do thabhairt amach no ná beidh no bheidh san toirmiscthe le rialacha an chumainn sin no ná beidh, debentiúirí do thabhairt amach d'iasachtaí údaruithe ar bith chun a chur in áirithe don iasachtaí sin go ndéanfar aisíoc, go n-ús no gan ús, in aon tsuim chaipitail airgid ar n-a tabhairt ag an iasachtaí sin ar iasacht don chumann san roimh na debentiúirí sin do thabhairt amach (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é) no beifear ar intinn do thabhairt ar iasacht amhlaidh le linn no tar éis na tabhartha amach san, no go mbeidh cuid de ar n-a tabhairt ar iasacht amhlaidh agus go mbeifear ar intinn amhlaidh an chuid eile dhi do thabhairt ar iasacht.

(2) Ní dhéanfaidh comhar-chumann talmhaíochta debentiúirí do thabhairt amach fén alt so maran rud é go mbeidh comhacht ag coiste an chumainn sin, fé rialacha an chumainn sin, airgead d'fháil ar iasacht agus go mbeidh an méid a bheidh le fáil ar iasacht ar urrús na ndebentiúirí sin ionfhálta do réir na comhachta san no go mbeifear tar éis rúin, ag aontú leis na debentiúirí sin do thabhairt amach, do rith ag cruinniú speisialta de scaireánaigh an chumainn sin ar n-a chomóradh go soiléir chun an rúin sin do bhreithniú agus, má ceaptar san do bheith oiriúnach, chun é do rith.

(3) Bainfidh na forálacha so leanas le debentiúirí do bhéarfaidh comhar-chumann talmhaíochta amach fén alt so, sé sin le rá:—

(a) féadfar a rá sna debentiúirí sin go ndeintear an t-airgead a hurruítear leo do mhuirearú i gceachtar slí no ar an dá shlí acu so leanas, sé sin le rá, mar mhuirear shocair ar aon mhaoin áirithe (le n-a n-áirmhítear caipital nár héilíodh) leis an gcumann san no mar mhuirear so-ghluaiste ar na sócmhainní, ar an maoin, agus ar an ngnó (go n-eisceachta áirithe no dá n-éamais) is leis an gcumann san de thurus na huaire agus o am go ham;

(b) féadfaidh na forálacha san uile no aon chuid de sna forálacha san do bheith sna debentiúirí sin, chun na hurraíochta cuirtear in áirithe leo d'fheidhmiú no do dhéanamh éifeachtach, is gnáthach do bheith i ndebentiúirí thugann cuideachta theoranta amach;

(c) oibreoidh na debentiúirí sin agus beidh éifeacht acu do réir na dtéarmaí bheidh ionta sa mhéid a bheidh na téarmaí sin údaruithe leis an Acht so.

(4) Féadfaidh comhar-chumann talmhaíochta debentiúirí do thabhairt amach fén alt so tré aon debentiúir amháin do thabhairt amach chun méide iomláin na suime airgid d'urrú gur chun é d'urrú do bhéarfar an debentiúir sin amach no tré shreath de dhebentiúirí do thabhairt amach alos suimeanna ar leithligh agus iad pari passu agus a méid iomlán có-ionann le lán-mhéid na suime airgid sin, agus in aon chás beidh tosaíocht ag an tabhairtamach san ar aon debentiúirí do bhéarfaidh an cumann san amach ina dhiaidh sin fén alt so.

(5) Debentiúirí do bhéarfaidh comhar-chumann talmhaíochta amach fén alt so féadfaidh dintiúir iontaobhais bheith ina dteanta agus ina chó-urrus ortha, dintiúir den tsaghas ghenerálta is gnáthach i dtaobh dintiúirí iontaobhais a deintear chun crícheanna den tsórt chéanna maidir le cuideachtain teoranta do thabhairt debentiúirí no stuic debentiúra amach.

(6) Pé uair do bhéarfaidh comhar-chumann talmhaíochta debentiúirí amach fén alt so, déanfaidh an t-iasachtaí údaruithe dá dtabharfar amach na debentiúirí sin, déanfaidh, laistigh de lá is fiche tar éis a dtugtha amach, a iarraidh sa bhfuirm agus sa tslí orduithe ar an Aire an tabhairt-amach san do chlárú sa chlár, agus má theipeann ar an iasachtaí údaruithe sin an clárú san d'iarraidh amhlaidh tiocfaidh gach debentiúir a bheidh sa tabhairt-amach san chun bheith agus beidh sé gan bhrí gan éifeacht ar an tréimhse sin de lá is fiche do bheith caithte.

Toiliú an Aire le debentiúirí do thabhairt amach.

5. —(1) Féadfaidh comhar-chumann talmhaíochta ar bith go mbeidh beartuithe acu debentiúirí do thabhairt amach fén Acht so a iarraidh ar an Aire sa bhfuirm agus sa tslí orduithe toiliú leis an tabhairt-amach san.

(2) Déanfaidh comhar-chumann talmhaíochta bheidh ag déanamh iarratais chun an Aire fén alt so an t-eolas agus na mion-innste sin go léir do thabhairt don Aire theastóidh uaidh maidir le staid airgeadais an chumainn sin agus maidir leis na debentiúirí bheidh beartuithe do thabhairt amach agus le n-a mbainfidh an t-iarratas san.

(3) Féadfaidh an tAire, fé mar is rogha leis féin é, toiliú no diúltú do thoiliú le debentiúirí do thabhairt amach a bheidh beartuithe do thabhairt amach agus 'na mbeidh iarratas déanta chuige ina dtaobh fén alt so.

(4) Is i scríbhinn agus sa bhfuirm orduithe bheidh gach toiliú do bhéarfaidh an tAire fén alt so le debentiúirí do thabhairt amach a bheidh beartuithe do thabhairt amach agus luadhfar ann ainm an chomhar-chumainn talmhaíochta fhéadfaidh agus ainm an duine dá bhféadfar na debentiúirí sin do thabhairt amach maraon le méid na suime airgid agus mion-innste eile i dtaobh na suime airgid gur chun í d'urrú a féadfar na debentiúirí sin do thabhairt amach, agus féadfaidh gach coinníoll, teora, agus srian maidir leis na debentiúirí sin do thabhairt amach do bheith i ngach toiliú den tsórt san is dóich leis an Aire is ceart do chur isteach sa toiliú san, agus go háirithe coinníoll á chur mar cheangal na debentiúirí sin do bheith i bhfuirm áirithe.

(5) Beidh i ngach debentiúir do bhéarfar amach fén Acht so ráiteas sa bhfuirm orduithe á rá go bhfuil sé á thabhairt amach fén Acht so, agus gur le toiliú an Aire atáthar á thabhairt amach amhlaidh, agus luadhfar ann na mion-innste orduithe i dtaobh an toilithe sin.

(6) Ní oibreoidh éinní san Acht so chun a údarú do chomharchumann talmhaíochta debentiúirí do thabhairt amach fén Acht so ar chuma seachas fén toiliú agus do réir an toilithe, ar gach slí, bheidh tugtha ag an Aire fén alt so chun na debentiúirí sin do thabhairt amach.

Comhacht chun airgead d'fháil ar iasacht ar urrús caipitail nár héilíodh.

6. —(1) I gcás comhar-chumainn talmhaíochta do bheith údaruithe le n-a gcuid rialacha airgead d'fháil ar iasacht (pe'ca go generálta é no fé réir sriantachtaí maidir leis an iasachtaí no leis an méid) ar urrús muirir ar an gcuid sin dá gcaipital nár héilíodh, féadfaidh an cumann san, le toiliú an Aire agus fé réir na sriantachtaí (más aon cheann é) a bheidh forchurtha le n-a gcuid rialacha, airgead d'fháil ar iasacht, fé n-a gcuid rialacha agus dá réir, o iasachtaí údaruithe ar urrús muirir ar an gcuid sin dá gcaipital nár héilíodh, agus féadfaid, leis an toiliú san agus fé réir na sriantachtaí sin (más aon cheann é) adubhradh, an chuid sin dá gcaipital nár héilíodh do mhuirearú dá réir sin.

(2) Féadfaidh an tAire, fé mar is rogha leis féin é, toiliú no diúltú do thoiliú le comhar-chumann talmhaíochta d'fháil aon airgid ar iasacht agus do dhéanamh na coda san de chaipital nár héilíodh do mhuirearú fén alt so agus, más rud é go dtabharfa sé aon toiliú den tsórt san, féadfaidh pé coinníollacha agus sriantachtaí, is dóich leis is ceart, do chur ag gabháil leis an toiliú san.

(3) Pé uair a déanfar, fén alt so, muirear do chur ar an gcuid sin nár héilíodh de chaipital chomhar-chumainn talmhaíochta, déanfaidh an t-iasachtaí údaruithe gur ina fhábhar a déanfar an muirear san do chur amhlaidh a iarraidh ar an Aire sa bhfuirm agus sa tslí orduithe, laistigh de lá is fiche tar éis curtha an mhuirir sin, an muirear san do chlárú sa chlár, agus má theipeann ar an iasachtaí údaruithe sin an clárú san d'iarraidh amhlaidh, tiocfaidh an muirear san chun bheith agus beidh sé gan bhrí gan éifeacht ar an tréimhse sin de lá is fiche do bheith caithte.

Comhacht don Aire chun caipital nár héilíodh do mhuirearú.

7. —(1) Pé uair is deimhin leis an Aire, ar iarratas o Chorparáid an Cháirde Thalmhaíochta, Teoranta—

(a) airgead do bheith dlite don Chorparáid sin o chumann atá luaidhte sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so alos iasachta do thug an Chorparáid sin don chumann san roimh an Acht so do rith, agus

(b) nuair do tugadh an iasacht san amhlaidh go raibh có-aontú i scríbhinn idir an gCorparáid sin agus an cumann san go ndéanfaí méid na hiasachta san agus an t-ús air d'urrú (i dteanta aon urrúis eile do tugadh) tré mhuirear ar an gcuid sin nár héilíodh de chaipital an chumainn sin, agus

(c) nuair do tugadh an iasacht san go raibh sé údaruithe le rialacha an chumainn sin muirearú do dhéanamh (pe'ca go generálta no i bhfábhar na Corparáide sin é) ar an gcuid sin nár héilíodh de chaipital an chumainn sin,

déanfaidh an tAire le hordú an tsuim chaipitail (a luadhfar san ordú san) a bheidh dlite ar dháta an orduithe sin don Chorparáid sin ón gcumann san ar scór na hiasachta san, maraon leis an ús uirthi sin do réir an ráta luadhfar san ordú san, do mhuirearú i bhfábhar na Corparáide sin ar an gcuid sin nár héilíodh de chaipital an chumainn sin.

(2) Gach ordú déanfar fén alt so oibreoidh sé chun an tsuim chaipitiúil a luadhfar chuige sin san ordú san, maraon leis an ús uirthi sin do réir an ráta luadhfar san ordú san, do mhuirearú, i bhfábhar Corparáide an Cháirde Thalmhaíochta, Teoranta, ar an gcuid sin nár héilíodh de chaipital an chumainn a luadhfar san ordú san mar chéad-mhuirear agus mar phríomh-mhuirear ar an gcuid sin den chaipital san agus tosach ag an muirear san ar gach muirear eile (más aon cheann é) bheidh ar an gcéanna, pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin do muirearadh é, agus beidh an muirear san infheidhmithe ag an gCorparáid sin dá réir sin.

(3) Ní bheidh aon diúité stampa iníoctha fén Stamp Act, 1891, ar aon ordú déanfar fén alt so.

(4) Gach ordú déanfar fén alt so cláróidh an tAire sa chlár é agus foillseofar é san Iris Oifigiúil chó luath agus bheidh caoi ann chuige sin tar éis a dhéanta.

Caipital do héilíodh agus ar a mbeidh muirear do chur chun críche.

8. —(1) Pé uair a bheidh an chuid sin nár héilíodh de chaipital chumainn a bheidh cláruithe fén Industrial and Provident Societies Act, 1893, fé mhuirear, ar n-a chur uirthi fén Acht so tré dhebentiúir no tré ordú no ar shlí eile, ní déanfar, faidh a bheidh aon airgead colna no ús a bheidh á urrú leis an muirear san amuich agus gan íoc, cuid ar bith de chaipital an chumainn sin a héileofar tar éis churtha an mhuirir sin, ní déanfar san do chur chun críche ar bith seachas chun no mar chabhair chun an airgid cholna san agus an úis sin d'íoc.

(2) Pé uair a déanfar cuid ar bith do héilíodh de chaipital chumainn a bheidh cláruithe fén Industrial and Provident Societies Act, 1893, do chur chun críche contrárdha don alt so, beidh gach ball de choiste an chumainn sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air.

(3) I gcás baill de choiste chumainn do chúiseamh i gcionta fén alt so, beidh sé ina chosaint mhaith ar an gcúiseamh san an ball san do chruthú, maidir le caipital do héilíodh do chur chun críche éagcóraí agus go n-abartar gurb é a chur chun críche amhlaidh an cionta san, nár vótáil sé leis sin agus ná raibh aon pháirt aige ann ná ná raibh sé freagarthach, go díreach ná go nea-dhíreach, ann.

An clár de mhuirir ag Comhar-Chumainn Talmhaíochta.

9. —(1) Coimeádfaidh an tAire, sa bhfuirm agus sa tslí orduithe, clár dá ngairmfear agus ar a dtabharfar an Clár de Mhuirir ag Comhar-Chumainn Talmhaíochta agus dá ngairmtear an clár san Acht so.

(2) Cuirfidh an tAire fé ndeár go gclárófar sa chlár—

(a) gach ordú dhéanfaidh fén Acht so agus is gá do réir an Achta so do chlárú amhlaidh, agus

(b) gach debentiúir do bhéarfaidh comhar-chumann talmhaíochta amach fén Acht so agus go n-iarrfar go cuibhe fén Acht so iad do chlárú sa chlár, agus

(c) na muirir uile dhéanfaidh comhar-chumann talmhaíochta fén Acht so a chur ar an gcuid sin dá gcaipital nár héilíodh agus go n-iarrfar go cuibhe fén Acht so iad do chlárú sa chlár.

(3) Beidh an clár ar nochtadh chun a iniúchta ag an bpuiblíocht san áit orduithe i rith na dtráthanna orduithe ar íoc pé táille nách mó ná scilling a bheidh orduithe le toiliú an Aire Airgid.

(4) Beidh an clárú déanfar sa chlár ar dhebentiúirí ar n-a dtabhairt amach fén Acht so ag comhar-chumann talmhaíochta no ar mhuirear ar n-a chur, le hordú no ar shlí eile fén Acht so, ar an gcuid sin nár héilíodh de chaipital chomhar-chumainn talmhaíochta no chumainn eile bheidh cláruithe fén Industrial and Provident Societies Act, 1893, beidh san ina fhógra do gach duine, ag á mbeidh deighleála leis an gcumann san, i dtaobh na ndebentiúirí sin do bheith tugtha amach no an mhuirir sin do bheith ann, do réir mar bheidh.

(5) Na táillí uile a híocfar fén alt so baileofar iad in airgead agus tógfar iad i pé slí ordóidh an tAire Airgid o am go ham, agus déanfar iad d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste do réir orduithe an Aire Airgid.

Na Bills of Sale (Ireland) Acts, 1879 and 1883, do dhúnadh amach.

10. —Ní bhainfidh éinní atá sna Bills of Sale (Ireland) Acts, 1879 and 1883, le debentiúir ar bith do bhéarfar amach fén Acht so ná le haon mhuirear a cuirfear, le hordú ón Aire no ar shlí eile fén Acht so, ar an gcuid sin nár héilíodh de chaipital chomhar-chumainn talamhaíochta.

Srian le rialacha d'atharú.

11. —D'ainneoin éinní atá in achtachán ar bith eile, ní dhéanfaidh Clárathóir na gCumann Tionnscail agus Soláthair aon atharú ar rialacha chomhar-chumainn talmhaíochta do chlárú a dhéanfaidh aon tsóinseáil no atharú ar chuspóirí an chumainn sin, dar leis, mara mbeidh an tAire tar éis an atharuithe sin do cheadú i scríbhinn.

Rialacháin.

12. —Féadfaidh an tAire le hordú rialacháin do dhéanamh ag ordú éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú.

Costaisí.

13. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghaidh an tAire chun an Achta so do chur i bhfeidhm.

Gearr-theideal.

14. —Féadfar an tAcht Comhar-Chumann Talmhaíochta (Debentiúirí), 1934 , do ghairm den Acht so.