Ar Aghaidh (CEAD SCEIDEAL. DAILCHEANNTAIR ATHCHOIRITHE.)

5 1935


Uimhir 5 de 1935.


ACHT TOGHACHÁIN (DÁILCHEANNTAIR D'ATHCHÓIRIÚ), 1935.


ACHT CHUN ATHCHÓIRITHE DO DHÉANAMH, DO RÉIR AIRTIOGAIL 26 DEN BHUNREACHT, AR NA DÁILCHEANNTAIR (SEACHAS DÁILCHEANNTAIR PHRÍOMH-SCOILE) Ó N-A dTOGHTAR BAILL DHÁIL ÉIREANN AGUS CHUN LÍON BALL DHÁIL ÉIREANN D'ATHRÚ DE DHRUIM AN ATHCHÓIRITHE SIN AGUS CHUN LEASUITHE DO DHÉANAMH, CHUN NA gCRÍCHEANNA SAN AGUS CHUN CRÍCHEANNA EILE, AR AN DLÍ BHAINEAS LE BAILL DE DHÁIL ÉIREANN DO THOGHADH. [27 adh Feabhra, 1935.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

An Príomh-Acht.

1. —(1) San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an t Acht Timpeal Toghachán, 1923 (Uimh. 12 de 1923) .

(2) Gach focal agus abairt le n-a gcuireann an Príomh-Acht brí áirithe chun crícheanna an Achta san tá leis san Acht so an brí cuirtear leis amhlaidh, ach amháin go gcialluíonn an focal “orduithe” orduithe le hordú ar n-a dhéanamh ag an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí.

Dáilcheanntair d'athchóiriú.

2. —Leasuítear leis seo mar leanas an tOchtú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht, sé sin le rá:—

(a) tré sna focail “naoi gcéad déag a trí is fiche” atá anois i riail 2 den Ochtú Sceideal san do scriosadh amach agus na focail “naoi gcéad déag a ceathair triochad” do chur isteach sa riail sin in ionad na bhfocal a scriostar amach amhlaidh, agus

(b) tré Chuid I den Ochtú Sceideal san do scriosadh amach agus Cuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur isteach sa Sceideal san in ionad na Coda scriostar amach amhlaidh, agus

(c) tre Chuid II den Ochtú Sceideal san do scriosadh amach agus Cuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur isteach sa Sceideal san in ionad na Coda scriostar amach amhlaidh,

agus déanfar an Príomh-Acht, agus go háirithe alt 50 de, do léiriú agus béidh éifeacht aige dá réir sin.

Líon ball Dháil Éireann.

3. —An méid d'fho-alt (1) d'alt 50 den Phríomh-Acht le n-a n-achtuítear go mbeidh Dáil Éireann có-dhéanta de chéad agus trí baill chaogad scuirfidh d'éifeacht do bheith aige le linn tosach feidhme an Achta so agus ina ionad san achtuítear leis seo go mbeidh Dáil Éireann có-dhéanta de chéad agus ocht mbaill triochad a toghfar o dháilcheanntair bhuirge agus o dháilcheanntair chontae, maraon le pé méid ball (más aon bhall é) is gá de thurus na huaire do réir dlí do thoghadh o dháilcheanntair phríomh-scoile.

Cinn chóimhrimh agus cinn chóimhrimh chonganta.

4. —(1) An t-oifigeach a luaidhtear sa dara colún den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so os coinne ainme aon dáilcheanntair sa chéad cholún den Dara Sceideal san isé is ceann cóimhrimh don dáilcheanntar san.

(2) Na forálacha atá sa tríú colún den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so os coinne ainme aon dáilcheanntair sa chéad cholún den Dara Sceideal san beidh éifeacht acu maidir leis an gceann cóimhrimh conganta don dáilcheanntar san.

(3) Athghairmtear leis seo fo-alt (1) d'alt 23 den Phríomh-Acht.

Dáilcheanntar an Chinn Chomhairle.

5. —Isé Dáilcheanntar Contae na Gaillimhe Thoir, mar a mínítear é i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, is dáilcheanntar a bheidh chun crícheanna Airtiogail 21 den Bhunreacht ar có-réir le Dáilcheanntar Contae na Gaillimhe mar atá sé le linn an Achta so do rith.

Alt 41 den Phríomh-Acht do leasú.

6. —Leasuítear leis seo mír (b) d'fho-alt (2) d'alt 41 den Phríomh-Acht tré sna focail “i gceangal leis an dáilcheanntar” atá ann fé láthair do scriosadh amach agus na focail “i gceangal leis an gcontae ina bhfuil an dáilcheanntar no an chuid is mó dhe” do chur isteach sa mhír sin in ionad na bhfocal a scriostar amach amhlaidh agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Leathanach teidil liostaí de thoghthóirí, etc.

7. —(1) Ar leathanach teidil gach liosta de thoghthóirí, gach liosta d'éilitheoirí, gach liosta d'agóidí agus gach cláir de thoghthóirí a hullamhófar, fén gCéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht, tar éis an Achta so do rith agus roimh thosach feidhme an Achta so d'aonad chlárathachta i ndáilcheanntar atá ann le linn an Achta so do rith agus nách ionann achar agus ainm do agus do dháilcheanntar a mínítear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, taisbeánfar sa tslí orduithe ainm an dáilcheanntair a mínítear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus ina mbeidh an t-aonad clárathachta maraon le hainm an dáilcheanntair sin atá ann fé láthair agus ina bhfuil an dáilcheanntar san le linn an Achta so do rith.

(2) Tiocfaidh an t-alt so i ngníomh díreach ar an Acht so do rith.

Tosach feidhme an Achta so.

8. —Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so tiocfaidh an tAcht so i ngníomh díreach ar an Oireachtas do scur den chéad uair tar éis an Achta so do rith.

Gearr-theideal agus luadh.

9. —(1) Féadfar an tAcht Toghacháin (Dáilcheanntair d'Athchóiriú), 1935 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna Toghacháin 1923 go 1935, do ghairm de sna hAchtanna Toghacháin, 1923 go 1927, agus den Acht so le chéile.