Ar Aghaidh (SCEIDEAL. ACHTACHAIN A hATHGHAIRMTEAR.)

6 1935


Uimhir 6 de 1935.


ACHT LEASUITHE AN DLÍ CHOIRIÚLA, 1935.


ACHT CHUN SOCRUITHE BHREISE AGUS FHEABHSA DO DHÉANAMH CHUN CAILÍNÍ ÓGA DO CHOSAINT AGUS CHUN DEIREADH DO CHUR LE DRUTHLANNA AGUS LE MÉIRDREACHAS, AGUS CHUN AN DLÍ BHAINEAS LE CIONTAÍ INNSCNE DO LEASÚ CHUN NA gCRÍCHEANNA SAN AGUS CHUN CRÍCHEANNA EILE.

[28adh Feabhra, 1935.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Cailín fé bhun cúig mblian déag d'aois do thruailliú.

1. —(1) Duine ar bith a dhéanfaidh lánamhnas nea-dhleathach le cailín ar bith fé bhun cúig mblian déag d'aois beidh sé ciontach i bhfeleontacht agus ar a chiontú ann dlighfear pian-tseirbhís le n-a shaol no ar feadh aon téarma nách giorra ná trí bliana no príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná dhá bhliain do chur air.

(2) Duine ar bith do bhéarfaidh fé lánamhnas nea-dhleathach do dhéanamh le cailín ar bith fé bhun cúig mblian déag d'aois beidh sé ciontach i mí-iompar agus, i gcás a chiontuithe den chéad uair sa mhí-iompar san, dlighfear pian-tseirbhís ar feadh aon téarma nách sia ná cúig bliana agus nách giorra ná trí bliana no príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná dhá bhliain do chur air no, i gcás an dara ciontuithe no aon chiontuithe ina dhiaidh sin sa mhí-iompar san, pian-tseirbhís ar feadh aon téarma nách sia ná deich mbliana agus nách giorra ná trí bliana no príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná dhá bhliain.

Cailín idir cúig bliana déag agus seacht mbliana déag d'aois do thruailliú.

2. —(1) Duine ar bith a dhéanfaidh lánamhnas nea-dhleathach le cailín a bheidh cúig bliana déag d'aois no os a chionn agus fé bhun seacht mblian déag d'aois beidh sé ciontach i mí-iompar agus, i gcás a chiontuithe den chéad uair sa mhí-iompar san, dlighfear pian-tseirbhís ar feadh aon téarma nách sia ná cúig bliana agus nách giorra ná trí bliana no príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná dhá bhliain no, i gcás an dara ciontuithe no aon chiontuithe ina dhiaidh sin sa mhí-iompar san, pian-tseirbhís ar feadh aon téarma nách sia ná deich mbliana agus nách giorra ná trí bliana no príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná dhá bhliain.

(2) Duine ar bith do bhéarfaidh fé lánamhnas nea-dhleathach do dhéanamh le cailín a bheidh cúig bliana déag d'aois no os a chionn agus fé bhun seacht mblian déag d'aois beidh sé ciontach i mí-iompar agus, i gcás a chiontuithe den chéad uair sa mhí-iompar san, dlighfear príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná dhá bhliain do chur air no, i gcás an dara ciontuithe no aon chiontuithe ina dhiaidh sin sa mhí-iompar san, pian-tseirbhís ar feadh aon téarma nách sia ná cúig bliana agus nách giorra ná trí bliana no príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná dhá bhliain.

(3) Ní déanfar cúiseamh ar bith i gcionta, a dearbhuítear leis an alt so do bheith ina mhí-iompar, do thosnú níos déanaí ná bliain tar éis an dáta ar a ndeirtear do rinneadh an cionta san.

Comhacht chun duine do chiontú ar shlí eile seachas mar a díotálfar.

3. —Más rud é, ar thriail aon díotála in éigean no ar thriail aon chionta dá ndeintear feleontacht le halt 1 den Acht so, gur deimhin leis an ngiúiré an cosantóir do bheith ciontach i gcionta fé alt 3 den Criminal Law Amendment Act, 1885, no fé alt 1 no alt 2 den Acht so, no in ionnsaí nea-náireach, ach nách deimhin leo an cosantóir do bheith ciontach sa bhfeleontacht a cuirtear ina leith sa díotáil sin no i dtabhairt fén gcéanna, ansan agus i ngach cás dá shórt féadfaidh an giúiré an cosantóir do shaoradh ón bhfeleontacht san agus é d'fháil ciontach i gcionta den tsórt san roimhráite no in ionnsaí nea-náireach (do réir mar a bheidh) agus leis sin dlighfear an cosantóir do phionósú díreach fé is dá gciontuítí é i gcionta den tsórt san roimhráite no sa mhí-iompar san, ionnsaí nea-náireach, do réir mar a bheidh.

Mná no cailíní nea-meabhracha no leath-mheabhracha no lagintinneacha do thruailliú.

4. —(1) Duine ar bith a dhéanfaidh lánamhnas nea-dhleathach no bhéarfaidh fé lánamhnas nea-dhleathach do dhéanamh le mnaoi no le cailín ar bith is duine nea-meabhrach no leath-mheabhrach no lag-intinneach agus, toisc cúrsaí an cháis, nách ionann agus éigean é beidh sé ciontach i mí-iompar más léir o chúrsaí an cháis go raibh a fhios ag an duine sin, le linn an lánamhnais sin no na hiarrachta san do dhéanamh, gur dhuine nea-meabhrach no leath-mheabhrach no lag-intinneach (do réir mar a bheidh) an bhean no an cailín sin an uair sin agus ar a chiontú ann dlighfear príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná dhá bhliain do chur air.

(2) Ní déanfar cúiseamh ar bith i gcionta, a dearbhuítear leis an alt so do bheith ina mhí-iompar, do thosnú níos déanaí ná bliain tar éis an dáta ar a ndeirtear do rinneadh an cionta san.

Ciontaí áirithe do thriail ar an slí achmair.

5. —(1) Aon chionta cuirfear i leith duine agus is cionta a dearbhuítear le haon alt acu san roimhe seo den Acht so do bheith ina mhí-iompar beidh dlighinse ag Breitheamh den Chúirt Dúithche é thriail ar an slí achmair mara mbeidh sa chionta cuirfear i leith an duine sin ach iarracht ar lánamhnas do dhéanamh agus gur dóich leis an mBreitheamh gurb ionann na fíora do cruthuíodh i gcoinnibh an duine sin agus mion-chionta is intrialta ar an slí achmair agus mara ndeinidh an duine sin (tar éis don Bhreitheamh ceist do chur chuige) cur in aghaidh a thrialta amhlaidh.

(2) I gcás Breitheamh den Chúirt Dúithche do thriail chionta ar an slí achmair i bhfeidhmiú na dlighinse a bronntar leis an alt so ní raghaidh an pionós a ghearrfaidh an Breitheamh mar gheall ar an gcionta san thar sé mhí príosúntachta.

Pionóisí mar gheall ar chiontaí áirithe.

6. —In ionad ailt 52 (a hathghairmtear leis an Acht so) den Offences against the Person Act, 1861, mar leasuítear san le halt 19 den Criminal Law Amendment Act, 1885, achtuítear leis seo pé duine ciontófar in aon ionnsaí nea-náireach ar mhnaoi no ar chailín ar bith go ndlighfear, i gcás a chiontuithe den chéad uair in aon chionta den tsórt san, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná dhá bhliain do chur air agus, i gcás an dara ciontuithe no aon chiontuithe ina dhiaidh sin in aon chionta den tsórt san, piantseirbhís ar feadh aon téarma nách sia ná cúig bliana agus nách giorra ná trí bliana no príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná dhá bhliain.

Alt 2 den Criminal Law Amendment Act, 1885, do leasú.

7. —Leasuítear leis seo alt 2 den Criminal Law Amendment Act, 1885, tré sna focail “under twenty-one years of age” do scriosadh amach as agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Alt 3 den Criminal Law Amendment Act, 1885, do leasú.

8. —Leasuítear leis seo alt 3 den Criminal Law Amendment Act, 1885, tré sna focail “alcoholic or other intoxicant or any” do chur isteach ann roimh an bhfocal “drug” agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Alt 6 den Criminal Law Amendment Act, 1885, do leasú.

9. —Leasuítear leis seo alt 6 den Criminal Law Amendment Act, 1885, ar na slite seo leanas, sé sin le rá:—

(a) tríd an bhfocal “fifteen” do chur in ionad an fhocail “thirteen” i ngach áit ina bhfuil an focal san san alt san, agus

(b) tríd an bhfocal “seventeen” do chur in ionad an fhocail “sixteen” sa chéad áit ina bhfuil an focal san san alt san, agus

(c) tríd an bprovíso ghabhann leis an alt san do scríosadh amach,

agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Alt 12 den Criminal Law Amendment Act, 1885, do leasú.

10. —Leasuítear leis seo alt 12 den Criminal Law Amendment Act, 1885, tríd an bhfocal “twenty-one” do chur in ionad an fhocail “sixteen” agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Ailt 16, 17 agus 18 den Children Act, 1908, do leasú.

11. —Leasuítear leis seo ailt 16, 17 agus 18 den Children Act, 1908, tríd an bhfocal “seventeen” do chur in ionad an fhocail “sixteen” i ngach áit ina bhfuil an focal san sna hailt sin agus léireofar na hailt sin agus beidh éifeacht acu dá réir sin.

An Punishment of Incest Act, 1908, do leasú.

12. —Leasuítear leis seo an Punishment of Incest Act, 1908, ar na slite seo leanas, sé sin le rá:—

(a) cuirfear an focal “fifteen” in ionad an fhocail “thirteen” san chéad áit ina bhfuil an focal san sa phrovíso ghabhann le fo-alt (1) d'alt 1, agus

(b) déanfar an tagairt atá sa phrovíso san a ghabhann le halt 4 den Criminal Law Amendment Act, 1885, do léiriú mar thagairt d'alt 1 (a bhaineann le cailíní fé bhun cúig mblian déag d'aois do thruailliú) den Acht so, agus

(c) cuirfear an focal “seventeen” in ionad an fhocail “sixteen” san áit ina bhfuil an focal san in alt 2,

agus léireofar an tAcht san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

An cionta san, drúthlann do choimeád.

13. —(1) In ionad ailt 13 (a hathghairmtear leis an Acht so) den Criminal Law Amendment Act, 1885. achtuítear leis seo, maidir le duine ar bith—

(a) a dhéanfaidh drúthlann do choimeád no do bhainistí no ghníomhóidh no chabhróidh i mbainistí drúthlainne, no

(b) is tionónta no léasaí no sealbhaire ar aon áitreabh no is duine i bhfeighil aon áitreibh, agus a cheadóidh go feasach an t-áitreabh san no aon chuid de d'úsáid mar dhrúthlainn no chun méirdreachais do bheith ar siúl ann de ghnáth, no

(c) is léasaí no is tiarna ar aon áitreabh no is gníomhaire don léasaí no don tiarna san, agus a dhéanfaidh an t-áitreabh san no aon chuid de do chur ar cíos agus a fhios aige an t-áitreabh san no cuid éigin de do bheith le húsáid mar dhrúthlainn no a bheidh páirteach go toiliúil i leanúint den áitreabh san no d'aon chuid de d'úsáid mar dhrúthlainn,

go mbeidh sé ciontach i mí-iompar agus go ndlighfear, i gcás a chiontuithe den chéad uair sa mhí-iompar san, fíneáil ná raghaidh thar céad púnt do chur air no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile agus, i gcás an dara ciontuithe no aon chiontuithe ina dhiaidh sin sa mhí-iompar san, fíneáil ná raghaidh thar dhá chéad agus caoga púnt no, más rogha leis an gcúirt é, pian-tseirbhís ar feadh aon téarma nách sia ná cúig bliana agus nách giorra ná trí bliana no príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná dhá bhliain no an fhíneáil sin agus an phiantseirbhís no an phríosúntacht san le chéile.

(2) Aon chionta cuirfear i leith duine agus a dearbhuítear leis an alt so do bheith ina mhí-iompar beidh dlighinse ag Breitheamh den Chúirt Dúithche é thriail ar an slí achmair mara ndearnadh an duine go gcuirfear an cionta sin ina leith amhlaidh do chiontú cheana in aon mhí-iompar den tsórt san agus mara ndeinidh an duine sin (tar éis don Bhreitheamh ceist do chur chuige) cur i gcoinnibh a thrialta amhlaidh.

(3) Bainfidh ailt 5, 6, agus 7 den Disorderly Houses Act, 1751, mar a leasuítear san le halt 7 den Disorderly Houses Act, 1818, le cúisithe mar gheall ar chionta dearbhuítear leis an alt so do bheith ina mhí-iompar.

An chosaint sin, duine fé bhun cúig mblian déag d'aois do thabhairt a toile.

14. —Ní cosaint do dhuine, ar n-a chur ina leith go ndearna sé ionnsaí nea-náireach ar dhuine fé bhun cúig mblian déag d'aois, a chruthú gur thoiligh an dara duine sin leis an ngníomh go ndeirtear gurb é an t-ionnsaí nea-náireach san é.

Dlighinse chun ciontaí áirithe do thriail ar an slí achmair.

15. —(1) Beidh dlighinse ag Breitheamh den Chúirt Dúithche aon chionta cuirfear i leith duine agus le n-a mbaineann an t-alt so do thriail ar an slí achmair más dóich leis an mBreitheamh gurb ionann na fíora do cruthuíodh i gcoinnibh an duine chúisithe agus mion-chionta is intrialta ar an slí achmair agus mara ndeinidh an duine cúisithe (tar éis don Bhreitheamh ceist do chur chuige) cur i gcoinnibh a thrialta amhlaidh.

(2) I gcás Breitheamh den Chúirt Dúithche do thriail chionta ar an slí achmair i bhfeidhmiú na dlighinse bronntar leis an alt so ní raghaidh an pionós a ghearrfaidh an Breitheamh mar gheall ar an gcionta san thar sé mhí príosúntachta.

(3) Baineann an t-alt so leis na ciontaí seo leanas, sé sin le rá:—

(a) cionta ar bith a dearbhuítear le halt 11 den Criminal Law Amendment Act, 1885, do bheith ina mhí-iompar i gcás an duine cúisithe do bheith os cionn sé mblian déag d'aois agus an duine le n-a ndearnadh an gníomh go ndeirtear gurb é an cionta é do bheith fé bhun sé mblian déag d'aois no ina duine nea-meabhrach no leathmheabhrach no lag-intinneach, agus

(b) ionnsaí nea-náireach ar dhuine fé bhun cúig mblian déag d'aois.

Deireadh do chur le méirdreachas.

16. —(1) Gach méirdreach choiteann a gheobhfar ag síomántacht in aon tsráid, bealach, no áit eile agus í ag tathant no ag sireadh ar lucht gabhála na slí chun crícheanna méirdreachais no ag ciapadh lucht gabhála na slí ar aon chuma eile beidh sí ciontach i gcionta fén alt so agus ar a ciontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá phúnt do chur uirthi másé an chéad chionta den tsórt san aici é no príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aici é.

(2) Bainfidh an Probation of Offenders Act, 1907, le ciontaí fén alt so fé is dá ndeintí na focail “or to the prospects of the moral reclamation of the person or persons charged” do chur isteach i bhfo-alt (1) d'alt 1 den Acht san díreach roimh na focail “it is inexpedient to inflict any punishment.”

Toirmeasc ar fhrithgheiniúacha do dhíol agus d'iomportáil.

17. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith aon fhrithgheiniúnach do dhíol ná do chur ar taisbeáint, do thairisgint, d'fhógairt no do choimeád chun a dhíolta ná an céanna d'iomportáil no tabhairt fé n-a iomportáil isteach i Saorstát Éireann chun a dhíolta.

(2) Duine ar bith a ghníomhóidh contrárdha don fho-alt san roimhe seo den alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile agus, in aon chás, frithgheiniúnach ar bith gur ina thaobh do rinneadh an cionta san do gheallbhruideadh.

(3) Tuigfear frithgheiniúnacha do bheith ar na hearraí a háirmhítear agus a tuairiscítear ar Chlár na dToirmeasc agus na Srian maidir le hEarraí do Theacht Isteach atá in alt 42 den Customs Consolidation Act, 1876, agus beidh feidhm dá réir sin ag na forálacha den Acht san (mar leasuítear no a leathnuítear san le hAchtanna ina dhiaidh sin) a bhaineann le hearraí toirmiscthe d'iomportáil.

(4) San alt so cialluíonn an focal “frithgheiniúnach” aon fhearas, ionstruimint, drug, ullamhóid no rud a bheidh ceaptha, ullamhuithe no beartuithe chun cosc do chur le toircheas do theacht as lánamhnas idir daoine.

Gníomh nea-náireach do dhéanamh go puiblí.

18. —Gach duine dhéanfaidh, in aon áit no in aice no i radharc aon áite tré n-a ngabhann an phuiblíocht de thora cirt no ceada, gníomh ar bith i slí nea-náireach no i slí do bhéarfadh scannal do dhaoine no do dhéanfadh dochar do mhoráltacht na puiblíochta beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá phúnt do chur air no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná mí.

Drúthlanna do chuardach.

19. —(1) Más deimhin le Breitheamh den Chúirt Dúithche o fhaisnéis tiomanta o bhall den Ghárda Síochána nách ísle céim ná cigire go bhfuil cúis réasúnta le hamhras gur drúthlann aon áitreabh áirithe sa líomatáiste chúirte dúithche go mbeidh sé an uair sin ag feidhmiú dlighinse ina thaobh féadfaidh an Breitheamh san barántas cuardaigh do thabhairt amach maidir leis an áitreabh san.

(2) Déanfaidh barántas cuardaigh do bhéarfar amach fén alt so a údarú do bhall ar bith den Ghárda Síochána a hainmneofar ann chuige sin agus nách ísle céim ná cigire dul isteach (agus san le fóiréigean más gá é) san áitreabh a luadhfar sa bharántas san uair ar bith fé cheann mí o dháta an bharántais sin do thabhairt amach agus an t-áitreabh san d'iniúchadh agus do chuardach agus, gach duine fé leith do gheobhfar san áitreabh san le linn an iniúchta no an chuardaigh sin, a ainm agus a sheoladh d'éileamh air.

(3) Ball den Ghárda Síochána, nách ísle céim ná cigire, a bheidh ag iniúchadh agus ag cuardach áitreibh fé bharántas chuardaigh do bhéarfar amach fén alt so féadfaidh pé baill eile den Ghárda Síochána (de chéim ar bith) is dóich leis is ceart do bheith in éineacht leis agus cabhrú leis san iniúchadh agus sa chuardach san.

(4) Má theipeann ar dhuine ar bith no má dhiúltann sé a ainm agus a sheoladh do thabhairt do bhall den Ghárda Síochána éileoidh a ainm agus a sheoladh air fén alt so no má bheireann ainm bhréagach no seoladh bréagach don bhall san beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

Athghairm.

20. —Deintear leis seo na hachtacháin a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.

Gearr-theideal agus luadh.

21. —(1) Féadfar Acht Leasuithe an Dlí Choiriúla, 1935 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar Achtanna Leasuithe an Dlí Choiriúla, 1885 go 1935, do ghairm de sna Criminal Law Amendment Acts, 1885 to 1912, agus den Acht so le chéile.