Ar Aghaidh (CEAD SCEIDEAL. Bailecheanntair ina mBeidh Feidhm ag an Acht.)

30 1935


Uimhir 30 de 1935.


ACHT UM RÁTAÍ AR THALAMH THALMHAÍOCHTA (FAOISEAMH) (UIMH. 2), 1935.


ACHT CHUN MÉID AN DEONTAIS TALMHAÍOCHTA DÁ dTAGARTAR IN ALT 48 DEN LOCAL GOVERNMENT (IRELAND) ACT, 1898, IN AGHAIDH NA BLIANA AIRGEADAIS DAR TOSACH AN CHÉAD LÁ d'ABRÁN, 1935, DO MHÉADÚ TUILLEADH AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN AN DEONTAIS SIN AGUS É MÉADUITHE AMHLAIDH DO CHUR CHUN CRÍCHE AGUS I dTAOBH NITHE EILE BHAINEAS LE FAOISEAMH DO THABHAIRT Ó RÁTAÍ AR THALAMH THALMHAÍOCHTA. [2adh Lúnasa, 1935.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —(1) Cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí;

ní fholuíonn an focal “contae” contae-bhuirg;

cialluíonn an abairt “bailecheanntar sceidealta” bailecheanntar a luaidhtear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so;

cialluíonn an abairt “Acht 1898” an Local Government (Ireland) Act, 1898, mar a hoiriúnuítear é le haon achtachán no fé aon achtachán ina dhiaidh sin;

cialluíonn an abairt “Acht 1925” an t Acht Rialtais Áitiúla (Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta), 1925 (Uimh. 35 de 1925) ;

cialluíonn an abairt “Acht 1931” an t Acht Rialtais Áitiúla (Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta), 1931 (Uimh. 28 de 1931) ;

cialluíonn an abairt “Acht 1934-1935” an t Acht um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1935 (Uimh. 1 de 1935) ;

foluíonn an abairt “bliain airgeadais” bliain airgeadais áitiúil;

cialluíonn an abairt “an bhliain airgeadais seo” an bhliain airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1935;

cialluíonn an focal “luacháil” nuair a húsáidtear é gan coinníoll luacháil fé sna hAchtanna Luachála;

cialluíonn an abairt “líomatáiste rátúcháin”—

(a) nuair a húsáidtear í maidir le comhairle chontae, an chontae sin ach gan aon bhailecheanntair inti d'áireamh mar chuid di, agus

(b) nuair a húsáidtear í maidir le comhairle bhailecheanntair, an bailecheanntar san;

ní fholuíonn an abairt “talamh talmhaíochta” aon talamh is cuid de bhóthar iarainn no de chanáil ná aon talamh i mbailecheanntar sceidealta do bhí, le linn Achta 1898 do rith, suidhte i mbailecheanntar sláintíochta ach, fé réir na n-eisceacht san agus fé réir aon dearbhuithe déanfar fén gcéad fho-alt ina dhiaidh seo den alt so, foluíonn sí gach talamh atá iontrálta mar thalamh sna liostaí luachála fé sna hAchtanna Luachála agus atá suidhte i líomatáiste rátúcháin chomhairle contae no bailecheanntair sceidealta;

cialluíonn an abairt “tionóntachán tailimh thalmhaíochta” ionoighreacht no tionóntachán ionrátuithe is talamh talmhaíochta i bpáirt no go hiomlán;

lasmuich de chás ina n-éilíonn an có-théacs a mhalairt cialluíonn an abairt “an deontas talmhaíochta” suim na ndeontas so leanas, sé sin le rá:—

(a) an deontas talmhaíochta dá dtagartar in alt 48 d'Acht 1898, agus

(b) an deontas breise fé Acht 1925, agus

(c) an deontas breise nua fé Acht 1931, agus

(d) an deontas is gá don Aire Airgid do réir an Achta so do dheonadh an bhliain airgeadais seo.

(2) Féadfaidh comhairle chontae no bhailecheanntair sceidealta, más ceart san dar leo, a dhearbhú nách talamh talmhaíochta chun crícheanna an Achta so ná chun crícheanna Achta 1898 mar a bheirtear feidhm do no mar a deintear deifir do leis an Acht so an talamh is clós do thigh chomhnaithe áirithe i líomatáiste rátúcháin na comhairle sin, agus leis sin ní bheidh an talamh san ina thalamh thalmhaíochta chun na gcrícheanna san.

An luacháil áirithe d'fháil amach.

2. —(1) Is do réir na bhforálacha so leanas do gheobhfar amach an luacháil áirithe bheidh ar aon talamh talmhaíochta in aon chontae áirithe chun crícheanna an Achta so, sé sin le rá:—

(a) i gcás gan duine do bheith rátuithe ach alos aon tionóntacháin tailimh thalmhaíochta amháin sa chontae sin agus nách mó ná fiche púnt luacháil an tailimh thalmh aíochta sa tionóntachán san fé sna hAchtanna Luachála, isí luacháil áirithe bheidh ar an talamh talmhaíochta san ná an luacháil atá air fé sna hAchtanna Luachála;

(b) i gcás duine do bheith rátuithe alos dhá thionóntachán tailimh thalmhaíochta no níos mó sa chontae sin agus nách mó ná fiche púnt méid iomlán luachálanna an tailimh thalmhaíochta go léir sna tionóntacháin sin fé sna hAchtanna Luachála, isí luacháil áirithe bheidh ar an talamh talmhaíochta i ngach tionóntachán díobh san ná an luacháil atá air fé sna hAchtanna Luachála;

(c) i gcás duine do bheith rátuithe fén Acht Rialtais Áitiúla (Rátaí ar Thithe Comhnaithe Beaga), 1928 (Uimh. 4 de 1928) , mar únaer alos dhá thionóntachán tailimh thalmhaíochta no níos mó sa chontae sin, isí luacháil áirithe bheidh ar an talamh talmhaíochta i ngach tionóntachán díobh san ná an luacháil atá air fé sna hAchtanna Luachála;

(d) i gcás gan Coimisiún Talmhan na hÉireann do bheith rátuithe ach alos aon tionóntacháin tailimh thalmhaíochta amháin sa chontae sin agus gur mó ná fiche púnt luacháil an tailimh thalmhaíochta sa tionóntachán san fé sna hAchtanna Luachála, isí luacháil áirithe bheidh ar an talamh talmhaíochta san ná fiche púnt;

(e) i gcás Coimisiún Talmhan na hÉireann do bheith rátuithe alos dhá thionóntachán tailimh thalmhaíochta no níos mó sa chontae sin agus gur mó ná fiche púnt méid iomlán luachálanna an tailimh thalmhaíochta go léir sna tionóntacháin sin fé sna hAchtanna Luachála, isí luacháil áirithe bheidh ar an talamh talmhaíochta i ngach tionóntachán díobh san ná an luacháil atá air fé sna hAchtanna Luachála no fiche púnt, pe'ca suim acu san is lugha i ngach cás;

(f) beidh feidhm ag an bhforáil seo leanas i gcás gan feidhm do bheith ag aon cheann de sna míreanna san roimhe seo den alt so agus sa chás san amháin, sé sin le rá:—

(i) i gcás gan duine do bheith rátuithe ach alos aon tionóntacháin tailimh thalmhaíochta amháin sa chontae sin, isí luacháil áirithe bheidh ar an talamh talmhaíochta sa tionóntachán san ná fiche púnt, agus

(ii) i gcás duine do bheith rátuithe alos dhá thionóntachán tailimh thalmhaíochta no níos mó sa chontae sin, tuigfear chun crícheanna an Achta so gur aon tionóntachán tailimh thalmhaíochta amháin na tionóntacháin sin le chéile, agus isí luacháil áirithe bheidh ar an talamh talmhaíochta san aon tionóntachán amháin sin ná fiche púnt.

(2) San alt so léireofar an focal “contae” mar fhocal a chialluíonn an chontae, agus gach bailecheanntar sceidealta atá sa chontae sin d'áireamh mar chuid di, ach gan aon cheann de sna bailecheanntair eile atá sa chontae sin d'áireamh mar chuid di.

Tionóntacháin i seilbh iontaobhaí.

3. —I gcás duine do bheith rátuithe alos dhá thionóntachán tailimh thalmhaíochta no níos mó san aon chontae amháin agus gur deimhin leis an Aire go bhfuil ceann no níos mó ach ná fuil gach ceann de sna tionóntacháin sin (dá ngairmtear an gabháltas no na gabháltaisí iontaobhais san alt so) ar seilbh ag an duine sin mar iontaobhaí fé iontaobhas ná baineann leis na cinn no leis an gceann eile de sna tionóntacháin sin agus fé ná faghann an duine sin tairbhe ar bith no ná faghann sé ach tairbhe leathrannach as an seilbh sin féadfaidh an tAire, más dóich leis é bheith réasúnta san do dhéanamh ag féachaint do chúrsaí uile an cháis, a dhearbhú an gabháltas no na gabháltaisí iontaobhais do bheith ar seilbh ar leithligh o sna cinn eile no ón gceann eile de sna tionóntacháin sin, agus leis sin agus ina dhiaidh sin faid a bheidh an t-iontaobhas san ar marthain maidir leis an ngabháltas no leis na gabháltaisí iontaobhais, agus ní maidir le haon chinn no ceann eile de sna tionóntacháin sin, beidh feidhm agus éifeacht ag an Acht so maidir leis na tionóntacháin sin uile fé is dá mbeadh an gabháltas no na gabháltaisí iontaobhais agus na cinn no an ceann eile de sna tionóntacháin sin ar seilbh fé seach ag daoine deifriúla.

An deontas talmhaíochta do mhéadú.

4. —(1) Deonfaidh an tAire Airgid, an bhliain airgeadais seo, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, deontas de thrí chéad agus seachtó míle púnt agus deonfaidh an tAire sin an deontas san amhlaidh mar mhéadú (de bhreis ar an deontas breise fé Acht 1925 agus ar an deontas breise nua fé Acht 1931) ar an deontas talmhaíochta dá dtagartar in alt 48 d'Acht 1898 agus tuigfear chun crícheanna gach achtacháin atá anois i bhfeidhm gur cuid an deontas san den deontas talmhaíochta san dá dtagartar san alt san 48 agus, go sonnrách, beidh an deontas san fé réir forálacha ailt 40 den Irish Land Act, 1903.

(2) As an deontas talmhaíochta in aghaidh na bliana airgeadais seo, íocfar le comhairle gach contae de sna contaethe uile agus fé seach i Saorstát Éireann an tsuim a luaidhtear sa dara colún den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so os coinne ainme na contae mar a bhfuil san sa chéad cholún den Dara Sceideal san, agus gach suim a híocfar amhlaidh le comhairle tuigfear gurb í an tsuim í deimhnítear fé alt 48 d'Acht 1898 do bheith iníoctha leis an gcomhairle sin i rith na bliana airgeadais seo, agus dá réir sin gach achtachán a bhaineann leis an suim a deimhnítear amhlaidh do bheith iníoctha le comhairle (pe'ca roimh an suim sin do thabhairt amach no dá éis sin a bhaineann sé léi amhlaidh) bainfidh, fé réir forálacha an Achta so, leis an suim is iníoctha leis an gcomhairle sin do réir an fho-ailt sin.

(3) Sé chéad déag agus ochtó púnt, trí scillinge déag, agus sé pingne an tsuim is iníoctha as an deontas talmhaíochta sa bhliain airgeadais seo le hArd-Mhéara Ró-onórach, Seanóirí agus Buirgéisigh Chathair Bhaile Atha Cliath fé alt 50 d'Acht 1898 mar a bheirtear feidhm do le halt 26 den Acht Rialtais Áitiúla (Baile Atha Cliath), 1930 ( Uimh. 27 de 1930 ).

(4) An dáiliú déanfar do réir an ailt seo ar an deontas talmhaíochta in aghaidh na bliana airgeadais seo is dáiliú iomlán ar an deontas talmhaíochta san é agus beidh éifeacht aige d'ainneoin éinní atá in aon Acht eile.

(5) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag fo-alt (5) d'alt 6 den Acht Rialtais Áitiúla, 1927 ( Uimh. 3 de 1927 ), maidir leis an deontas talmhaíochta in aghaidh na bliana airgeadais seo agus léireofar an t-alt san 6 agus beidh éifeacht aige, maidir leis an deontas talmhaíochta san, dá réir sin.

Ráta an liúntais phríomhdha.

5. —San Acht so cialluíonn an abairt “ráta an liúntais phríomhdha” maidir le contae ar bith an ráta gurbh é ráta an liúntais phríomhdha é do réir bhrí agus chun crícheanna an Achta 1934-1935 maidir leis an gcontae sin.

An liúntas príomhdha.

6. —Lomhálfaidh gach comhairle chontae an bhliain airgeadais seo, do réir an Achta so, do gach duine atá rátuithe alos tionóntacháin tailimh thalmhaíochta (is ionoighreacht no tionóntachán is talamh talmhaíochta i bpáirt no go hiomlán atá suidhte laistigh de líomatáiste rátúcháin na comhairle sin) liúntas (dá ngairmtear an liúntas príomhdha san Acht so) a háirmheofar—

(a) do réir ráta an liúntais phríomhdha, agus

(b) ar pé luacháil acu so leanas is lugha, sé sin le rá, luacháil áirithe an tailimh thalmhaíochta atá sa tionóntachán san no luacháil pé méid den talamh thalmhaíochta san atá suidhte laistigh de líomatáiste rátúcháin na comhairle sin.

An liúntas fostaíochta.

7. —(1) San alt so—

cialluíonn an abairt “an tréimhse cháilitheach” an tréimhse dar thosach an 1adh lá d'Eanar, 1934, agus dar chríoch an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1934, agus cialluíonn an abairt “oibrí fásta” duine fireann ná raibh an 1adh lá d'Eanar, 1934, fé bhun seacht mbliana déag ná os cionn seachtó bliain d'aois agus nár shealbhaire rátuithe é féin ná a bhean chéile, aon tráth i rith na tréimhse cáilithighe, ar thalamh thalmhaíochta gur chúig púint no níos mó a luacháil no suim a luachálanna i rith na tréimhse cáilithighe.

(2) I gcás—

(a) oibrí fásta, no gach duine de dhá oibrí fhásta no níos mó, do bheith ag obair ar feadh na tréimhse cáilithighe ar fad ar aon talamh talmhaíochta (dá ngairmtear an talamh talmhaoíchta céad-luaidhte sa bhfo-alt so) atá i líomatáiste rátúcháin chomhairle contae; agus

(b) luacháil an tailimh thalmhaíochta chéad-luaidhte do bheith níos mó an bhliain airgeadais seo ná luacháil áirithe an tailimh thalmhaíochta sa tionóntachán ina bhfuil an talamh talmhaíochta céad-luaidhte; agus

(c) an duine atá rátuithe le haghaidh seirbhíse na bliana airgeadais seo alos an tionóntacháin sin d'éileamh an liúntais a luaidhtear anso ina dhiaidh seo ar an gcomhairle sin fén alt so agus dá réir,

lomhálfaidh an chomhairle sin don duine sin, do réir an Achta so, in aghaidh gach oibrí fásta fé leith den tsórt san liúntas (dá ngairmtear an liúntas fostaíochta san Acht so) a háirmheofar do réir ráta an liúntais phríomhdha agus ar an mbreis atá (an bhliain airgeadais seo) ag luacháil an tailimh thalmhaíochta chéad-luaidhte ar luacháil áirithe an tailimh thalmhaíochta sa tionóntachán ina bhfuil an talamh talmhaíochta céad-luaidhte, ach gan an méid ar a n-áirmheofar an liúntas fostaíochta amhlaidh do dhul in aon chás thar an suim do gheobhfar tré shuim dhá phúnt déag agus deich scillinge do mhéadú fén uimhir d'oibrithe fásta bhí ag obair ar an talamh talmhaíochta céad-luaidhte ar feadh na tréimhse cáilithighe ar fad.

(3) I gcás dhá oibrí fhásta no níos mó do bheith ag obair i ndiaidh a chéile ar aon talamh talmhaíochta i rith na tréimhse cáilithighe agus na tréimhsí fé seach gur ar a bhfeadh a bhí na hoibrithe fásta san fé seach ag obair amhlaidh do bheith as a chéile i slí ná raibh aon tráth den tréimhse cháilithigh ná raibh duine amháin ar a laighead de sna hoibrithe fásta san ag obair ar an talamh talmhaíochta san agus ná raibh aon oibrí fásta den tsórt san ag obair amhlaidh ar feadh na tréimhse cáilithighe ar fad, ansan agus sa chás san (pe'ca bhí dhá cheann no níos mó de sna tréimhsí sin fé seach ag rith isteach ar a chéile no ná raibh) tuigfear chun crícheanna an ailt seo gur aon oibrí fásta amháin do bhí ag obair ar an talamh talmhaíochta san ar feadh na tréimhse cáilithighe ar fad an dá oibrí fhásta san no níos mó.

(4) I gcás oibrí fásta do bheith ag obair ar feadh na tréimhse cáilithighe ar fad, go leathrannach ar thalamh thalmhaíochta i líomatáiste rátúcháin chomhairle contae áirithe agus go leathrannach ar thalamh thalmhaíochta i gcontae eile agus an t-éinne amháin do bheith rátuithe le haghaidh seirbhíse na bliana airgeadais seo alos an tailimh thalmhaíochta san go léir féadfaidh an chomhairle sin liúntas fostaíochta do dheonadh don duine sin mar gheall ar an oibrí fásta san fé is dá mbeadh an t-oibrí fásta san, ar feadh na tréimhse cáilithighe ar fad, ag obair ar an talamh talmhaíochta i líomatáiste rátúcháin na chomhairle sin agus ar an talamh san amháin más rud é, agus amháin más rud é, nár dheon aon chomhairle eile liúntas fostaíochta don duine sin mar gheall ar an oibrí fásta san.

(5) Gach éileamh ar liúntas fostaíochta fén alt so déanfar é i scríbhinn ar an gcomhairle gur ina líomatáiste rátúcháin atá an talamh talmhaíochta le n-a mbaineann an t-éileamh san agus beidh sé i pé fuirm iarrfaidh an chomhairle sin agus cuirfear chun na comhairle sin é i dtráth agus i slí go bhfuighidh an chomhairle sin é ar no roimh an 25adh lá d'Abrán, 1935, no pé dáta ina dhiaidh sin (roimh an ráta do bhualadh gur ina thaobh a bheidh an liúntas fostaíochta san á éileamh) a cheapfaidh an chomhairle sin le toiliú an Aire.

(6) Gach duine bheidh ag éileamh liúntais fhostaíochta fén alt so bhéarfaidh don chomhairle ar a mbeidh an t-éileamh san á dhéanamh, i dteanta an eolais agus na mion-innste san éileamh san, gach eolas agus mion-innsint bhreise no eile i dtaobh an éilimh sin éileoidh an chomhairle sin no aon bhailitheoir ráta dhealbhais no oifigeach eile don chomhairle sin air.

(7) Beidh sé de dhualgas ar gach bailitheoir ráta dhealbhais, má dheineann agus nuair a dhéanfaidh an chomhairle chontae ag á mbeidh sé ar fostú san do cheangal air, scrúdú agus promhadh do dhéanamh ar gach éileamh a déanfar ar an gcomhairle sin ar liúntas fostaíochta fén alt so alos tailimh thalmhaíochta atá, i bpáirt no go hiomlán, sa líomatáiste dá bhfuil sé ina bhailitheoir ráta amhlaidh agus pé fiosruithe do dhéanamh is gá chun críche an scrúduithe agus an phromhtha san agus tuarasgabháil do thabhairt don chomhairle sin i dtaobh dleathacht agus ceartacht gach éilimh den tsórt san.

(8) Isé bhéarfaidh breith ar gach amhrus, ceist agus aighneas eireoidh i dtaobh éilimh fén alt so ar liúntas fostaíochta no i dtaobh duine do bheith ina oibrí fhásta do réir bhrí an ailt seo no gan a bheith no i dtaobh duine do bheith ag obair ar aon talamh áirithe no gan a bheith no i dtaobh na tréimhse bhí sé ag obair amhlaidh ná an chomhairle ar a mbeidh an t-éileamh san á dhéanamh agus ní bheidh dul thar an mbreith do bhéarfaidh an chomhairle sin ar an amhrus, ar an gceist no ar an aighneas san.

An farasbarr den deontas talmhaíochta do chur chun críche.

8. —(1) San alt so cialluíonn an abairt “an luacháil iarmhair,” maidir le tionóntachán tailimh thalmhaíochta (is ionoighreacht no tionóntachán is talamh talmhaíochta i bpáirt no go hiomlán (dá ngairmtear an talamh talmhaíochta céad-luaidhte sa bhfo-alt so) atá suidhte i líomatáiste rátúcháin chomhairle contae), an bhreis (más ann di) atá ag luacháil an tailimh thalmhaíochta chéadluaidhte—

(a) ar luacháil áirithe an tailimh thalmhaíochta atá sa tionóntachán san mara dtugtar liúntas fostaíochta fén Acht so alos an tailimh thalmhaíochta chéad-luaidhte, no

(b) ar shuim luachála áirithe an tailimh thalmhaíochta atá sa tionóntachán san agus na luachála ar ar háirmhíodh liúntas fostaíochta má bheirtear liúntas fostaíochta fén Acht so alos an tailimh thalmhaíochta chéad-luaidhte.

(2) Más mó an chuid den deontas talmhaíochta is iníoctha fén Acht so le comhairle chontae ná an méid is gá chun gach liúntas príomhdha agus liúntas fostaíochta do thabhairt is gá don chomhairle sin do réir an Achta so do thabhairt uatha agus chun na n-íocaíocht uile (más aon cheann é) d'íoc is gá don chomhairle sin do réir an Achta so no do réir ailt 50 d'Acht 1898, mar do bheirtear feidhm do leis an Acht so, d'íoc le comhairlí bailecheanntair, lomhálfaidh an chomhairle sin, do réir an Achta so, do gach duine atá rátuithe le haghaidh seirbhíse na bliana airgeadais seo alos tionóntacháin tailimh thalmhaíochta atá suidhte i líomatáiste rátúcháin na comhairle sin agus ar a bhfuil luacháil iarmhair, méid (dá ngairmtear an liúntas foirlíontach san Acht so) a háirmheofar ar an luacháil iarmhair sin agus do réir pé ráta acu so leanas is lugha, sé sin le rá:—

(a) do réir ráta an liúntais phríomhdha, agus

(b) do réir an méid fén bpúnt, de shuim luachálanna iarmhair na dtionóntachán uile den tsórt san roimhráite ar a bhfuil luacháil iarmhair, le n-ar có-ionann an tsuim is ionchurtha, fén alt so, chun na comhairle sin do thabhairt liúntaisí foirlíontacha uatha.

(3) Pé uair is deimhin leis an Aire go ndearna comhairle chontae, tré earráid no dearmad bona fide, méid an liúntais fhoirlíontaigh do bhí le tabhairt uatha ag an gcomhairle sin fén alt so do cheapadh go nea-cheart féadfaidh an tAire a údarú an liúntas foirlíontach san do thabhairt do réir an ráta do ceapadh go neacheart amhlaidh, agus leis sin, d'ainneoin éinní contrárdha dho san atá san Acht so, bhéarfar an liúntas foirlíontach san do réir an ráta do ceapadh go nea-cheart amhlaidh.

larmhéid neamh-úsáidthe an deontais talmhaíochta do chur de láimh.

9. —I gcás aon chuid den deontas talmhaíochta in aghaidh bliana airgeadais roimh an mbliain airgeadais seo do bheith ar láimh ag comhairle chontae no bailecheanntair sceidealta an 1adh lá d'Abrán, 1935, déanfar pé méid den chuid sin den deontas talmhaíochta san ná beidh ag teastáil ón gcomhairle sin, chun crícheanna lascaine is gá do réir reachta do lomháil sna rátaí is iníoctha leis an gcomhairle sin le haghaidh seirbhíse na bliana airgeadais sin, do roinnt ar an talamh talmhaíochta uile i líomatáiste rátúcháin na comhairle sin do réir luachálanna áirithe uile agus fé seach an tailimh sin, agus an méid a dáileofar, fé aon roinnt den tsórt san, ar aon talamh talmhaíochta áirithe lomhálfar é do réir an Achta so mar lascaine i méid an ráta dhealbhais, le haghaidh seirbhíse na bliana airgeadais seo, do gearradh ar an talamh talmhaíochta san no ar an tionóntachán ina bhfuil an talamh talmhaíochta san.

Forálacha i dtaobh bailecheanntar.

10. —(1) Más gá do chomhairle chontae de bhuadh ailt 50 d'Acht 1898 cuid den deontas talmhaíochta is iníoctha leis an gcomhairle sin do chur chun faoisimh o rátaí do thabhairt do thalamh thalmhaíochta i mbailecheanntar beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) ní méadófar méid na coda san den deontas talmhaíochta san toisc méid an deontais sin do mhéadú de bhuadh an Achta so;

(b) déanfaidh an chomhairle sin, d'ainneoin éinní contrárdha dho san atá in alt 50 d'Acht 1898, an chuid sin den deontas talmhaíochta san d'íoc díreach le comhairle an bhailecheanntair sin;

(c) déanfaidh comhairle an bhailecheanntair sin an tsuim a híocfar leo amhlaidh do roinnt ar an talamh talmhaíoctha uile sa bhailecheanntar san do réir luachálanna uile agus fé seach an tailimh sin agus an méid a dáileofar, fé aon roinnt den tsórt san, ar aon talamh talmhaíochta áirithe lomhálfaid é mar lascaine i méid an ráta dhealbhais do gearradh le haghaidh seirbhíse na bliana airgeadais seo ar an talamh talmhaíochta san no ar an tionóntachán ina bhfuil an talamh talmhaíochta san;

(d) más lugha an ráta lascaine (dá ngairmtear an gnáth-ráta lascaine san alt so) do bhéarfar i mbailecheanntar ar bith do réir na míre deiridh sin roimhe seo den alt so ná ráta an liúntais phríomhdha sa chontae ina bhfuil an bailecheanntar san lomhálfaidh comhairle an bhailecheanntair sin (fé réir forálacha na céad mhíre ina dhiaidh seo den alt so) an bhliain airgeadais seo do réir an Achta so, do gach duine atá rátuithe alos tionóntacháin tailimh thalmhaíochta sa bhailecheanntar san, liúntas (dá ngairmtear liúntas breise san Acht so) a háirmheofar ar luacháil áirithe an tailimh thalmhaíochta san agus do réir ráta is có-ionann leis an deifríocht idir an gnáth-ráta lascaine sin agus an ráta san an liúntais phríomhdha;

(e) más gá do réir na míre deiridh sin roimhe seo den alt so liúntas breise do thabhairt alos aon tailimh thalmhaíochta déanfaidh comhairle an bhailecheanntair an liúntas breise do laigheadú no, i gcás inar gá é, é d'fhágaint gan tabhairt uatha in aon chor má bhíonn agus sa mhéid go mbeidh sé riachtanach déanamh amhlaidh chun a chur in áirithe ná beidh an deifríocht idir an gnáth-ráta ar thalamh (mar a mínítear san anso ina dhiaidh seo) sa bhailecheanntar san agus ráta-saphúnt an liúntais bhreise sin níos lugha ná an ceathrú cuid den ghnáth-ráta san ar thalamh;

(f) san alt so cialluíonn an abairt “gnáth-ráta ar thalamh,” maidir le haon bhailecheanntar áirithe, an deifríocht idir an ráta iomlán sa phúnt a dheineann na rátaí uile le chéile (agus rátaí seachas an ráta dealbhais d'áireamh) is iníoctha an bhliain airgeadais seo alos tailimh thalmhaíochta sa bhailecheanntar san agus an gnáth-ráta lascaine sa bhailecheanntar san;

(g) íocfaidh comhairle na contae ina bhfuil bailecheanntar, le comhairle an bhailecheanntair sin, as an deontas talmhaíochta, méid na liúntaisí breise uile is gá do chomhairle an bhailecheanntair sin do réir an ailt seo do thabhairt uatha do réir an Achta so;

(h) pé uair is lugha an tsuim a híocfar an bhliain airgeadais seo le comhairle chontae alos deontais talmhaíochta ná an tsuim a luaidhtear sa dara colún den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so maidir leis an gcontae sin, déanfar an méid iomlán is iníoctha de bhuadh an ailt seo ag comhairle na contae sin le haon chomhairle bhailecheanntair sa chontae sin as an deontas talmhaíochta do laigheadú do réir an mhéide is lugha an tsuim sin a híocfar amhlaidh mar adubhradh ná an tsuim sin a luaidhtear amhlaidh sa dara colún san.

(2) Isé an tAire do bhéarfaidh breith ar gach amhrus, ceist agus aighneas eireoidh i dtaobh méide an ghnáth-ráta ar thalamh in aon bhailecheanntar áirithe agus ní bheidh dul thar an mbreith do bhéarfaidh an tAire ar an amhrus no ar an aighneas no ar an gceist sin.

Tionóntacháin atá go leathrannach i mbailecheanntar sceidealta.

11. —Má tuigtear chun crícheanna an Achta so dhá thionóntachán tailimh thalmhaíochta no níos mó do bheith le chéile ina n-aon tionóntachán amháin (dá ngairmtear an tionóntachán compáirteach san alt so) agus go mbeidh cuid (dá ngairmtear cuid na contae san alt so) den tionóntachán chompáirteach san i líomatáiste rátúcháin chomhairle contae agus cuid eile (dá ngairmtear cuid an bhaile san alt so) den tionóntachán chompáirteach san i líomatáiste rátúcháin chomhairle bailecheanntair sceidealta, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) má bhíonn luacháil choda na contae có-ionann le luacháil áirithe an tionóntacháin chompáirtigh no níos mó ná san, ansan agus sa chás san, chun an liúntais phríomhdha d'áireamh a bheidh le tabhairt don duine, atá rátuithe alos an tionóntacháin chompáirtigh, ag comhairle na contae ina bhfuil cuid na contae agus chun an liúntais bhreise d'áireamh a bheidh le tabhairt don duine sin ag comhairle an bhailecheanntair sceidealta ina bhfuil cuid an bhaile tuigfear luacháil áirithe an tionóntacháin chompáirtigh do bheith ar fad laistigh de líomatáiste rátúcháin chomhairle na contae sin agus ar fad lasmuich de líomatáiste rátúcháin chomhairle an bhailecheanntair sceidealta san;

(b) má bhíonn luacháil choda na contae níos lugha ná luacháil áirithe an tionóntacháin chompáirtigh, ansan agus sa chás san, chun an liúntais phríomhdha d'áireamh a bheidh le tabhairt don duine, atá rátuithe alos an tionóntacháin chompáirtigh, ag comhairle na contae ina bhfuil cuid na contae agus chun an liúntais bhreise d'áireamh a bheidh le tabhairt don duine sin ag comhairle an bhailecheanntair sceidealta ina bhfuil cuid an bhaile tuigfear iomlán coda na contae do bheith ina luacháil áirithe agus ní bheidh ná ní tuigfear go bhfuil cuid ar bith de chuid an bhaile ina luacháil áirithe;

(c) má dheineann comhairle an bhailecheanntair sceidealta ina bhfuil cuid an bhaile liúntaisí breise do thabhairt uatha in aon chás den tsaghas a luaidhtear sa mhír dheiridh sin roimhe seo den alt so bhéarfaidh comhairle na contae na bhfuil cuid na contae, don duine atá rátuithe alos an tionóntacháin chompáirtigh, liúntas (i dteanta gach liúntais eile do bhéarfaidh an chomhairle sin don duine sin fén Acht so) a háirmheofar do réir an ráta gur dá réir do bhéarfar na liúntaisí breise sin amhlaidh mar adubhradh agus ar luacháil choda an bhaile, ach gan an luacháil ar a n-áirmheofar an liúntas san no, i gcás níos mó ná aon liúntas amháin den tsórt san do thabhairt don éinne amháin, gan suim na luachálanna ar a n-áirmheofar na liúntaisí sin do dhul thar an deifríocht idir luacháil áirithe an tionóntacháin chompáirtigh agus luacháil choda na contae.

Nea-dhóthanacht an liúntais talmhaíochta.

12. —(1) Más lugha an chuid den deontas talmhaíochta is iníoctha fén Acht so le comhairle chontae ná an méid (dá ngairmtear san alt so an méid riachtanach san) is gá chun na liúntaisí príomhdha agus na liúntaisí fostaíochta uile do thabhairt is gá don chomhairle sin do réir an Achta so do thabhairt uatha agus na híocaíochtaí (más aon cheann é) is gá don chomhairle sin do réir an Achta so no do réir ailt 50 d'Acht 1898 mar a bheirtear feidhm do san leis an Acht so d'íoc le comhairlí bailechaenntar, déanfar gach liúntas príomhdha den tsórt san agus gach liúntas fostaíochta den tsórt san agus gach liúntas breise (más aon cheann é) is gá do réir an Achta so do chomhairle bhailecheanntair do thabhairt uatha sa chontae sin do laigheadú go rátúil pé méid a dhéanfaidh suim iomlán na laigheaduithe uile den tsórt san có-ionann leis an méid is lugha an chuid sin den deontas talmhaíochta ná an méid riachtanach san.

(2) Beidh éifeacht fé réir forálacha an ailt seo ag na forálacha uile agus fé seach den Acht so (seachas an t-alt so) bhaineann le méid aon liúntais phríomhdha, liúntais fhostaíochta, no liúntais bhreise d'áireamh agus, pé uair a bheidh aon liúntas den tsórt san le laigheadú de bhuadh an ailt seo, déanfar méid an liúntais sin d'áireamh do réir an Achta so (seachas an t-alt so) agus déanfar an méid a háirmheofar amhlaidh do laigheadú ansan do réir an ailt seo.

Liúntaisí i bhfuirm lascaine.

13. —(1) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so isé slí ina dtabharfar an liúntas no na liúntaisí is gá do chomhairle chontae no bhailecheanntair sceidealta do réir an Achta so do thabhairt do dhuine ar bith ná tré lascaine (is cóionann le méid an liúntais sin no le hiomlán na liúntaisí sin, do réir mar a bheidh) sna rátaí do bheadh, mara mbeadh an lascaine sin, iníoctha ag an duine sin leis an gcomhairle sin le haghaidh seirbhíse na bliana airgeadais seo.

(2) Gach lascaine do bhéarfaidh comhairle chontae no bhailecheanntair sceidealta do dhuine ar bith do réir an ailt seo, is do réir na rialacha so leanas do bhéarfar í, sé sin le rá:—

(a) i gcás gan an duine sin do bheith rátuithe ag an gcomhairle sin ach alos aon tionóntacháin tailimh thalmhaíochta amháin, is sna rátaí is iníoctha ag an duine sin alos an tionóntacháin sin do bhéarfar an lascaine;

(b) i gcás an duine sin do bheith rátuithe ag an gcómhairle sin alos dhá thionóntachán tailimh thalmhaíochta no níos mó, bhéarfar an lascaine, fé mar is rogha leis an gcomhairle—

(i) sna rátaí is iníoctha ag an duine sin alos pé ceann de sna tionóntacháin sin ordóidh an chomhairle sin, no

(ii) do réir pé cionúireachtaí ordóidh an chomhairle sin, sna rátaí fé seach is iníoctha ag an duine sin alos na dtionóntachán san uile agus fé seach;

(c) i ngach cás (lasmuich de chás ina dtugtar an lascaine tré nóta creidmheasa do thabhairt amach), déanfar an lascaine do bhéarfar i rátaí ar bith do thaisbeáint ar nóta éilithe na rátaí sin.

Liúntaisí i bhfuirm nótaí creidmheasa.

14. —(1) Féadfaidh comhairle chontae, más oiriúnach leo é, cinneadh ar an gcuid a luaidhtear anso ina dhiaidh seo de gach liúntas príomhdha do thabhairt uatha tré nóta creidmheasa do thabhairt amach ina dhá pháirt ar leithligh do gach duine bheidh i dteideal an liúntais phríomhdha san agus gach páirt ar leithligh acu á dhearbhú an duine sin do bheith i dteideal creidmheas d'fháil, i suim is có-ionann le leath den chuid a luaidhtear anso ina dhiaidh seo den liúntas phríomdha chun a mbeidh teideal aige amhlaidh, i gcoinnibh na rátaí is iníoctha aige leis an gcomhairle sin le haghaidh seirbhíse na bliana airgeadais seo.

(2) An chuid de liúntas phríomhdha dá ngairmtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so an chuid a luaidhtear anso ina dhiaidh seo isé rud é ná pé méid den liúntas phríomhdha san go mbeidh idir é agus iomlán an liúntais phríomhdha san an cothrom céanna bheidh idir an ráta gheobhaidh an tAire amach agus a dheimhneoidh sé do réir míre (b) d'fho-alt (1) d'alt 5 d'Acht 1934- 1935 maidir leis an gcontae sin agus ráta an liúntais phríomhdha sa chontae sin.

(3) Gach duine go dtabharfaidh comhairle chontae nóta creidmheasa amach do fén alt so beidh sé—

(a) ar é do dhéanamh íoca, ar no roimh an 31adh lá de Dheire Fómhair, 1935, no pé dáta ina dhiaidh sin, roimh an 1adh lá d'Eanar, 1936, a cheapfaidh an chomhairle sin, sa chéad leath de sna rátaí go ndearbhuíonn an nóta creidmheasa san é bheith i dteideal creidmheas d'fháil ina gcoinnibh agus in aon riaráiste rátaí bheidh dlite air ag an gcomhairle sin agus ar é do sheachadadh na céad pháirte den nóta chreidmheasa san don chomhairle sin— i dteideal aisíoc d'fháil ón gcomhairle sin sa tsuim go ndearbhuíonn an pháirt sin den nóta chreidmheasa san é bheith i dteideal creidmheas d'fháil inti mar adubhradh, agus

(b) ar é do dhéanamh íoca, roimh dheireadh na bliana airgeadais seo no pé dáta ina dhiaidh sin (nách déanaí ná mí tar éis deireadh na bliana airgeadais sin) a cheapfaidh an chomhairle sin, sa dara leath de sna rátaí go ndearbhuíonn an nóta creidmheasa san é bheith i dteideal creidmheas d'fháil ina gcoinnibh agus ar é do sheachadadh na dara páirte den nóta chreidmheasa san don chomhairle sin—i dteideal aisíoc d'fháil ón gcomhairle sin sa tsuim go ndearbhuíonn an pháirt sin den nóta chreidmheasa san é bheith i dteideal creidmheas d'fháil inti mar adubhradh.

Nótaí creidmheasa le haghaidh rátaí baile.

15. —(1) I gcás—

(a) ina bhfuil duine rátuithe alos tionóntacháin tailimh thalmhaíochta atá i líomatáiste rátúcháin chomhairle contae, agus

(b) ina dtuigtear an tionóntachán san agus tionóntachán tailimh thalmhaíochta atá i líomatáiste rátúcháin chomhairle bailecheanntair sceidealta do bheith ina n-aon tionóntachán amháin chun crícheanna an Achta so, agus

(c) inar mó suim na liúntaisí is gá do chomhairle na contae sin do réir an Achta so do thabhairt don duine sin ná méid na rátaí is iníoctha ag an duine sin leis an gcomhairle sin le haghaidh seirbhíse na bliana airgeadais seo,

déanfaidh comhairle na contae sin pé méid de sna liúntaisí sin is có-ionann leis an mbreis sin a bheidh ag na liúntaisí sin ar na rátaí sin do thabhairt uatha tré nóta creidmheasa do thabhairt amach don duine sin á dhearbhú é bheith i dteideal creidmheas d'fháil i méid na breise sin i gcoinnibh na rátaí is iníoctha aige le comhairle an bhailecheanntair sceidealta san le haghaidh seirbhíse na bliana airgeadais seo agus íocfaidh comhairle na contae sin le comhairle an bhailecheanntair sceidealta san méid gach nóta chreidmheasa den tsórt san a seachadfar go cuibhe do chomhairle an bhailechanntair sceidealta san ón té dar thug comhairle na contae sin amach é.

(2) Gach duine dá dtabharfar amach nóta creidmheasa fén alt so beidh sé—ar é do dhéanamh íoca sna rátaí uile go ndearbhuíonn an nóta creidmheasa san é bheith i dteideal creidmheas d'fháil ina gcoinnibh agus in aon riaráiste rátaí bheidh dlite air ag an gcomhairle le n-a raibh na rátaí sin iníoctha agus ar é do sheachadadh an nóta chreidmheasa san don chomhairle sin—i dteideal aisíoc d'fháil ón gcomhairle sin sa tsuim go ndeabhuíonn an nóta creidmheasa san é bheith i dteideal creidmheas d'fháil inti mar adubhradh.

Nótaí creidmheasa do thabhairt amach.

16. —Féadfaidh comhairle nóta creidmheasa do thabhairt amach i gceachtar slí acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) tríd an nóta creidmheasa san do sheachadadh don duine no do ghníomhaire dhlí-údaruithe an duine bheidh i dteideal an liúntais a bheidh á thabhairt (pe'ca i bpáirt no go hiomlán é) tríd an nóta creidmheasa san do thabhairt amach, no

(b) tríd an nóta creidmheasa san do chur tríd an bpost i gclúdach a bheidh dírithe chun an duine sin ag an seoladh atá i leabhair na comhairle sin chun éilithe ar rátaí do sheirbheáil ar an duine sin alos an tionóntacháin le n-a mbaineann an nóta creidmheasa san.

Feidhm an Achta Rialtais Áitiúla (Rátaí ar Thithe Comhnaithe Beaga), 1928.

17. —(1) Chun crícheanna ailt 6 den Acht Rialtais Áitiúla (Rátaí ar Thithe Comhnaithe Beaga), 1928 (Uimh. 4 de 1928) (dá ngairmtear san alt so an tAcht san) agus chun crícheanna an ailt sin mar do bheirtear feidhm do le halt 9 den Acht san tuigfear gurb é is méid d'aon ráta le n-a mbaineann an tAcht san agus do gearradh ar dhuine bheidh i dteideal liúntais no liúntaisí fén Acht so alos an ráta san ná an deifríocht idir méid an ráta san agus méid an liúntais sin no suim na liúntaisí sin, do réir mar a bheidh.

(2) Pé uair a bheidh údarás rátúcháin, mar a mínítear san leis an Acht san, ina n-únaer ar thigh chomhnaithe bheag do réir bhrí an Achta san, bainfidh an tAcht so leis an údarás rátúcháin sin maidir leis an tigh comhnaithe beag san fé is dá mba dhuine an t-údarás rátúcháin sin ar a ngearrfadh an t-údarás rátúcháin sin ráta alos an tighe chomhnaithe bhig sin le haghaidh seirbhíse na bliana airgeadais seo agus go n-íocfadh an t-údarás rátúcháin sin, i ndeireadh na bliana airgeadais seo na roimhe sin, na rátaí tuigfear amhlaidh do gearradh.

(3) Má gheibheann éinne liúntas fén Acht so ní chuirfidh san é o theideal do bheith aige chun tairbhe forálacha fo-ailt (1) d'alt 10 den Acht san má bhaineann agus sa mhéid go mbaineann na forálacha san leis.

Rátaí do leasú.

18. —(1) Féadfaidh rúnaí comhairle contae no baile-chléireach bailecheanntair sceidealta o am go ham ráta no cáinmheas ar bith a bheidh gearrtha le haghaidh seirbhíse na bliana airgeadais seo ar aon tionóntachán tailimh thalmhaíochta do leasú in aon leabhar rátaí bheidh á choimeád ag an gcomhairle sin tré ainm duine ar bith ba cheart a bheith rátuithe do chur isteach sa leabhar rátaí sin no tríd an suim do rátuíodh ar dhuine do mhéadú no do laigheadú sa leabhar rátaí sin no tré mhéid liúntais ar bith do bhéarfar fén Acht so d'atharú sa leabhar rátaí sin no tré pé leasú eile do dhéanamh sa leabhar rátaí sin do bhéarfaidh an ráta no an cáinmheas san do bheith do réir forálacha aon Achta bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire maidir leis an ráta no an cáinmheas san do ghearradh.

(2) Gach duine ar a ngoillfidh leasú déanfar fén alt so ar aon ráta no cáinmheas beidh an ceart céanna aige athchomharc do dhéanamh i gcoinnibh an leasuithe sin do bheadh aige dá gcuirtí a ainm isteach an chéad uair sa ráta no sa cháinmheas san agus ná déanfaí aon atharú den tsórt san air agus maidir leis an duine sin tuigfear an ráta do ghearradh an tráth do fuair sé fógra i dtaobh an leasuithe sin.

Orduithe agus treoracha ón Aire.

19. —(1) Pé orduithe no treoracha, generálta no áirithe, is dóich leis an Aire is gá no is ceart chun feidhmiú an Achta so do chur in áirithe no in usacht féadfaidh an tAire iad do thabhairt do chomhairlí contae agus do chomhairlí bailecheanntair no d'aon chomhairle den tsórt san maidir le feidhmiú an Achta so.

(2) Gach ordú no treoir do thug an tAire uaidh roimh an Acht so do rith, agus le n-a mbeadh údarás an fho-ailt sin roimhe seo den alt so dá mba tar éis an Achta so do rith do bhéarfaí é tuigfear gur fé údarás an fho-ailt sin do tugadh é.

(3) Beidh sé de dhualgas ar gach comhairle chontae no bhailecheanntair gach ordú agus treoir do chólíonadh bhéarfaidh an tAire uaidh no tuigfear do bheith tugtha uaidh ag an Aire fén alt so don chomhairle sin, agus gach gníomh do rinne no dhéanfaidh aon chomhairle den tsórt san (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é) do réir aon orduithe no treorach den tsórt san tuigfear é do dhéanamh fé údarás an Achta so agus beidh éifeacht ag an ngníomh san agus (más roimh an Acht so do rith do rinneadh é) tuigfear go raibh éifeacht riamh aige dá réir sin.

(4) Gach gníomh do rinne comhairle chontae no bhailecheanntair sarar ritheadh, agus ag brath air go rithfí, an tAcht so beidh aige agus tuigfear go raibh riamh aige an dleathacht agus an éifeacht san uile (más ann dóibh) do bheadh aige dá mbeadh an tAcht so i bhfeidhm nuair do rinneadh an gníomh san.

Liúntaisí d'áireamh.

20. —Nuair a bheidh méid aon liúntais á áireamh chun crícheanna an Achta so ní tabharfar áird ar aon chodán de phingin is lugha ná leath-phingin agus áirmheofar mar phingin aon chodán de phingin is có-ionann le leath-phingin no is mó ná leath-phingin.

Ciontaí maidir le lascainí agus liúntaisí.

21. —Gach duine dhéanfaidh, tar éis an Achta so do rith, éinní is eol dó bheith bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach do rá in éileamh no maidir le héileamh uaidh féin no o dhuine eile ar aon lascaine no liúntas, i rátaí no i gcoinnibh rátaí, do deonadh no deonfar le hAcht den Oireachtas (do ritheadh roimh an Acht so do rith no rithfear dá éis sin) i bhfuirm faoisimh o rátaí ar thalamh thalmhaíochta, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh téarma ar bith nách sia ná sé mhí.

Costaisí an Aire.

22. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costaisí uile fé n-a raghaidh an tAire chun an Achta so do chur i bhfeidhm.

Gearr-theideal agus tosachfeidhme.

23. —(1) Féadfar an tAcht um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh) (Uimh. 2), 1935 , do ghairm den Acht so.

(2) Tuigfear an tAcht so do theacht i ngníomh an 1adh lá d'Abrán, 1935, agus éifeacht do bheith aige an lá san agus ón lá san amach.