1 1936


Uimhir 1 de 1936.


ACHT TALAMH-CHEANNAIGH (CISTE URRAÍOCHTA), 1936.


ACHT CHUN DEIREADH DO CHUR LE hAMHRAIS I dTAOBH FREAGARTHACHTA AN CHISTE URRAÍOCHTA FÉ SNA hACHTANNA TALAMH-CHEANNAIGH MAIDIR LE hEASNAIMH AR CHISTE NA mBLIANACHT CEANNAIGH DO SHLÁNÚ, AGUS CHUN NA FREAGARTHACHTA SAN DO MHÍNIÚ AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE ÁIRITHE BHAINEAS LEIS SIN. [16adh Eanar, 1936.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Deireadh do chur le hamhrais i dtaobh muirir áirithe ar an gCiste Urraíochta

1. —(1) Chun deireadh do chur le hamhrais dearbhuítear agus achtuítear leis seo—

(a) gach easnamh ar Chiste na mBlianacht Ceannaigh do thárla roimh an Acht so do rith no thárlóidh dá éis sin toisc gan blianachtaí ceannaigh d'íoc do bheith ina mhuirear ar an gCiste Urraíochta agus go bhféadfar go dleathach é d'íoc agus do shlánú amach as an gCiste sin le Ciste na mBlianacht Ceannaigh pé tráth no tráthanna agus i pé slí ordóidh an tAire Airgid go generálta no maidir le haon chás áirithe; agus

(b) go bhfuil ag fo-alt (4) d'alt 6 den Purchase of Land (Ireland) Act, 1891, mar a leasuítear no leathnuítear san le hachtacháin ina dhiaidh sin, agus ag na rialacháin uile ar n-a ndéanamh fén bhfo-alt san (mar a leasuítear no leathnuítear amhlaidh é) agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, baint agus éifeacht maidir le gach íocaíocht ar n-a híoc amach as an gCiste Urraíochta le Ciste na mBlianacht Ceannaigh chun aon easnamh den tsórt san a luaidhtear sa mhír dheiridh sin roimhe seo den alt so do shlánú agus san fé mar a bhaineann agus ar gach slí ina mbaineann an fo-alt san (mar a leasuítear no leathnuítear amhlaidh é) agus na rialacháin sin le híocaíocht a híoctar amach as an gCiste Urraíochta le Ciste na mBlianacht Ceannaigh chun slánú do dhéanamh ar aon easnamh den tsórt san a luaidhtear i bhfo-alt (1) den alt san 6.

(2) Tuigfear casnamh ar Chiste na mBlianacht Ceannaigh den tsórt san a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so do thárlachtaint pé uair (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é) a bheidh an méid a gheobhaidh Coimisiún Talmhan na hÉireann aon 31adh lá d'Eanar no roimhe sin no aon 31adh lá d'Iúl no roimhe sin alos tráth-chodanna de bhlianachtaí ceannaigh is iníoctha isteach i gCiste na mBlianacht Ceannaigh agus do tháinig chun bheith dlite sa leath-bhliain dar críoch an 31adh lá san d'Eanar no an 31adh lá san d'Iúl (do réir mar bheidh) níos lugha ná méid iomlán na dtráth-chodanna san uile.

Tosach feidhme an Achta so.

2. —Beidh an tAcht so mar do thiocfadh sé i bhfeidhm agus tuigfear chun gach críche é do bheith i bhfeidhm an 1adh lá d'Abrán, 1932, agus as san amach, agus dá réir sin gach íocaíocht no asbhaint no ní eile do rinneadh, an 1adh lá d'Abrán, 1932, no dá éis sin agus roimh an Acht so do rith, i dtaobh no chun crícheanna an Chiste Urraíochta, beidh sé agus tuigfear go raibh sé riamh chó dleathach agus chó héifeachtúil agus do bheadh an íocaíocht, an asbhaint no an ní sin dá rithtí an tAcht so roimh an íocaíocht no an asbhaint no an ní sin (do réir mar bheidh) do dhéanamh.

Gearr-theideal.

3. —(1) Féadfar an tAcht Talamh-Cheannaigh (Ciste Urraíochta), 1936 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis na hAchtanna Talamh-Cheannaigh agus féadfar é luadh i dteanta na nAchtanna san.