|
|||||
|
Ar Aghaidh (SCEIDEAL. Caighdeain i gCoimead an Aire Tionnscail agus Trachtala.) |
[EN] | ||
Uimhir 8 de 1936. | ||
[EN] |
ACHT MEÁCHAN AGUS TOMHAS, 1936. | |
ACHT CHUN A ÚDARÚ AGUS A DHÉANAMH DLEATHACH CAIGHDEÁIN ÁIRITHE I gCOIMEÁD AN AIRE TIONNSCAIL AGUS TRÁCHTÁLA D'ÚSÁID, IN IONAD CAIGHDEÁN LEIS AN BOARD OF TRADE, CHUN MEÁCHAN AGUS TOMHAS DO CHÓIMHEAS AGUS D'FHÍORÚ DO RÉIR NA nACHTANNA MEÁCHAN AGUS TOMHAS, 1878 GO 1928, AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE EILE BHAINEAS LEIS AN gCÓIMHEAS AGUS LEIS AN bhFÍORÚ SAN. [14adh Márta, 1936.] |
ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
Mínithe agus léiriú. |
1. —(1) Cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála; |
[EN] | cialluíonn an abairt “na hAchtanna” na hAchtanna Meáchan agus Tomhas, 1878 go 1928; | |
[EN] | foluíonn an focal “fíorú” ath-fhíorú. | |
[EN] | (2) Léighfear agus léireofar na hAchtanna agus an tAcht so le chéile agus, dá réir sin, gach abairt agus focal a húsáidtear san Acht so agus dá dtugtar brí áirithe le haon cheann de sna hAchtanna chun crícheanna an Achta san tá leis san Acht so an bhrí tugtar do amhlaidh. | |
[EN] |
Cóimheasanna, etc. áirithe meáchan agus tomhas do dhéanamh dleathach. |
2. —(1) Pé uair a ceangailtear leis na hAchtanna no chuireann na hAchtanna mar choinníoll aon chóimheas agus fíorú áirithe ar mheáchain agus tomhais do dhéanamh le caighdeáin leis an Board of Trade, ansan agus i ngach cás den tsórt san, d'ainneoin éinní atá sna hAchtanna, beidh aon chóimheas agus fíorú den tsórt san ar n-a dhéanamh (pé'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é) leis na caighdeáin atá i gcoimeád an Aire agus atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so beidh san, agus. i gcás aon chóimheasa agus fíoruithe den tsórt san do rinneadh roimh an Acht so do rith, tuigfear go raibh sé riamh ina chólíonadh mhaith dhóthanach ar an gceangal no ar an gcoinníoll san, agus beidh sé agus, sa chás adubhradh, tuigfear go raibh sé riamh ina chóimheas agus ina fhíorú dhleathach éifeachtach chun crícheanna na nAchtanna. |
[EN] | (2) I gcás ina ndearnadh no ina ndéanfar aon chóimheas agus fíorú den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so le caighdeáin i gcoimeád an Aire agus gur alos meáchain no tomhais ná fuil a chó-shamhail de mheáchan no de thomhas i gcoimeád an Aire do rinneadh no déanfar san tuigfear an cóimheas agus an fíorú san do dhéanamh agus, más roimh an Acht so do rith do rinneadh é, tuigfear riamh é do dhéanamh go dleathach agus go dóthanach chun crícheanna an fho-ailt sin, más rud é go ndéanfar no go ndearnadh an cóimheas agus an fíorú san tré chaighdeáin i gcoimeád an Aire atá ina n-iolruithe no ina slán-choda den mheáchan no den tomhas san is abhar don chóimheas agus don fhíorú san. | |
[EN] |
Caighdeáin áitiúla do dhéanamh dleathach, etc. |
3. —Más rud é, i gcás aon chaighdeáin áitiúla áirithe, gur thárla, aon tráth roimh an Acht so do rith, no go dtárlóidh, i rith na tréimhse de dhá bhliain tar éis an Achta so do rith, teip i gcóimheas no fíorú do dhéanamh a ceangailtear leis na hAchtanna a dhéanamh alos an chaighdeáin áitiúla san, ní scuirfidh an caighdeán áitiúil sin, ná ní tuigfear gur scuir sé riamh, de bheith ina chaighdeán áitiúil de dhruim na teipe sin agus dá dhruim sin amháin. |
[EN] |
Gearr-theideal agus luadh. |
4. —(1) Féadfar an tAcht Meáchan agus Tomhas, 1936 , do ghairm den Acht so. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna Meáchan agus Tomhas, 1878 go 1936, do ghairm de sna hAchtanna agus den Acht so le chéile. |