An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT MEÁCHAN AGUS TOMHAS, 1936)

8 1936

ACHT MEÁCHAN AGUS TOMHAS, 1936

SCEIDEAL.

Caighdeain i gCoimead an Aire Tionnscail agus Trachtala.

CUID I.

Meachain Avoirdupois.

1. Aon chaighdeán sorcórach práis amháin de 100 púnt avoirdupois ar a bhfuil marcálta—

(a) a mheáchaint i bpúint avoirdupois, agus

(b) na figiúirí “3549”, agus

(c) na focail “W. & T. Avery, Ltd., Birmingham”, agus

(d) na leitreacha “G.R.” agus coróinn os a gcionn, agus

(e) portcullis agus na figiúirí “1924” os a chionn, agus

(f) na focail “Ministry of Industry and Commerce”.

2. Seacht gcaighdeáin chó-chruinneánacha ghunna-mhiotail de 56, 28, 14, 7, 4, 2, agus 1 púnt avoirdupois fé seach, agus a mheáchaint féin i bpúint avoirdupois marcálta ar gach ceann acu, maraon leis na figiúirí “1880”, agus (ach amháin i gcás an chaighdeáin 7 bpúnt agus na gcaighdeán fé a-n bhun san) na focail “L. Oertling, London.”

3. Ceithre caighdeáin chó-chruinneánacha ghunna-mhiotail de 8, 4, 2 agus 1 unsa avoirdupois fé seach, agus a mheáchaint féin in unsaí avoirdupois marcálta ar gach ceann acu, agus fós (ach amháin i gcás an chaighdeáin 8 n-únsa) na figiúirí “1880”.

4. Cúig caighdeáin chó-chruinneánacha ghunna-mhiotail de 8, 4, 2, 1, agus ½ dram avoirdupois fé seach, agus a mheáchaint féin i ndramaí avoirdupois marcálta ar gach ceann acu, agus fós (ach amháin i gcás caighdeáin an ½ dhrama) na figiúirí “1880”.

5. Cúig caighdeáin chó-chruinneánacha ghunna-mhiotail de 240, 120, 72, 48, agus 24 gráin fé seach, agus a mheáchaint féin i ngráin marcálta ar gach ceann acu agus iad uile i mbosca adhmaid ar a bhfuil na figiúirí “3212” marcálta.

6. Cúig caighdeáin chó-chruinneánacha ghunna-mhiotail de 240, 120, 72, 48, agus 24 gráin fé seach, agus a mheáchaint féin i ngráin marcálta ar gach ceann acu agus iad uile i mbosca adhmaid ar a bhfuil na figiúirí “3213” marcálta.

CUID II.

Tomhais Toille.

1. Aon chaighdeán déag sorcóracha gunna-mhiotail de thoille buiséil, leath-bhuiséil, peice, galúin, leath-ghalúin, cáirt, piúint leath-phiúint, cnaigín, leath-chnaigín agus ceathrú cnaigín fé seach, agus a thoille féin marcálta ar gach ceann acu, agus fós na figiúirí “1880” agus na focail “L. Oertling London”.

2. Aon chaighdeán sorcórach gunna-mhiotail amháin de thoille train de phiúnt, agus a thoille féin marcálta air, agus fós na figiúirí “9009”, agus na focail “De Grave & Co., Ltd., London”.

CUID III.

Gran-mheachain Deachula.

1. Aon chaighdeán déag sorcóracha práis de 4,000, 2,000, 1,000 500, 300, 200, 100, 50, 30, 20, agus 10 gráin fé seach, agus a mheáchaint féin i ngráin marcálta ar gach ceann acu.

2. Dhá chaighdeán déag de 5, 3, 2, 1, 0.5, 0.3, 0.2, 0.1, 0.05, 0.03, 0.02, agus 0.01 grán fé seach, agus iad uile i mbosca adhmaid ar a bhfuil na figiúirí “3211” marcálta.

CUID IV.

Builleon-mheachain Troighe.

1. Fiche caighdeán sorcórach práis de 500, 400, 300, 200, 100, 50, 40, 30, 20, 10, 5, 4, 3, 2, 1, 0.5, 0.4, 0.3, 0.2, agus 0.1 unsa troighe fé seach agus na nithe seo leanas marcálta ar gach ceann acu—

(a) a mheáchaint féin in unsaí troighe, agus

(b) ach amháin i gcás an chaighdeáin 5 unsa agus na gcaighdeán fé n-a bhun san, na focail “Ministry of Industry and Commerce”, agus

(c) na figiúirí “3610”, agus

(d) ach amháin i gcás an chaighdeáin 10 n-unsa agus na gcaighdeán fé n-a bhun san, na focail “W. & T. Avery Ltd., Birmingham” (no “Birmm.”), agus

(e) na leitreacha “G.R.” agus coróinn os a gcoinn, agus

(f) portcullis agus na figiúirí “1924” os a choinn.

(2) Cúig caighdeáin leibhéalta phráis de 0.05, 0.04, 0.03, 0.02. agus 0.01 unsa troighe fé seach, agus a mheáchant féin in unsaí troighe marcálta ar gach ceann acu, maraon leis na figiúirí “3610”, na leitreacha “G.R.” agus coróinn os a gcionn, agus portcullis agus na figiúirí “1924” os a chionn.

3. Cúig caighdeáin shranga phlaitne de 0.005, 0.004, 0.003, 0.002, agus 0.001 unsa troighe fé seach.

CUID V.

Meachain na bPoitigear.

1. Trí caighdeáin déag shorcóracha phráis de 10, 8, 6, 4, 2, agus 1 unsa poitigéar, de 4, 2 agus 1 dram poitigéar, agus de 2, 1½, 1 agus ½ scrupal poitigéar fé seach, agus a mheáchaint féin marcálta ar gach ceann acu in unsaí, dramaí, no scrupail (pe'ca aca é) poitigéar, maraon leis na figiúirí “3545”, na leitreacha “G.R.” agus coróinn os a gcionn, agus portcullis agus na figiúirí “1924” os a chionn.

2. Sé caighdeáin shranga airgid Ghearmánaigh de 6, 5, 4, 3, 2 agus 1 grán fé seach.

3. Aon chaighdeán leibhéalta ailimíne amháin de leath-ghrán, agus a mheáchaint féin i ngráin marcálta air, maraon leis na figiúirí “3545”, na leitreacha “G.R.” agus coróinn os a gcionn, agus portcullis agus na figiúirí “1924” os a chionn.

CUID VI.

Tomhais na bPoitigear.

1. Dhá chaighdeán shorcóracha ghloine de thoille 10 n-unsa fliuchánach agus 8 ndram fliuchánach fé seach, agus iad araon fo-roinnte agus na leitreacha agus na figiúirí “D.I.C., S.E. 28” (i gciorcal) marcálta ortha, maraon leis na figiúirí “3684”.

2. Ceithre caighdeáin shorcóracha ghloine de thoille 4 unsa fliuchánach, 16 dram fliuchánach, 1 drama fhliuchánaigh agus 30 minim fé seach, gach ceann acu fo-roinnte agus na figiúirí “3684” marcálta air, maraon leis na leitreacha “G.R.” agus coróinn os a gcionn, agus na figiúirí “1925” agus portcullis os a gcionn.

CUID VII.

Tomhas Slaite.

Aon chaighdeán práis amháin d'fhuirm an tomhais teoranta, agus é fo-roinnte ina throithe, ina orlaigh, agus ina dhóú coda déag, ina shéú coda déag agus ina chéadú coda d'orlach, agus aon chaighdeán fleisce práis amháin, agus na nithe seo leanas marcálta ar an dá chaighdeán san—

(a) na figiúirí “3655”, agus

(b) na focail “Standard Yard”, agus

(c) na focail “Ministry of Industry and Commerce”, agus

(d) ach amháin i gcás na fleisce práis, na focail “W. & T. Avery, Ltd., London”, agus

(e) na leitreacha “G.R.” agus coróinn os a gcionn, agus

(f) portcullis agus na figiúirí “1924” os a chionn.

CUID VIII.

Tomhas Orlaigh.

Aon chaighdeán fiarfhaobhrach práis amháin agus é fo-roinnte ina dheichiú coda agus ina chéadú coda d'orlach agus na neithe seo leanas marcálta air—

(a) na figiúirí “3537”, agus

(b) an figiúir agus an focal “1 inch”, agus

(c) na leithreacha “G.R.” agus coróinn os a gcionn, agus

(d) portcullis agus na figiúirí “1924” os a chionn.