10 1936


Uimhir 10 de 1936.


ACHT CHUN DIÚITÉTHE DO GHEARRADH (ORDÚ DO DHAINGNIÚ), 1936.


ACHT CHUN DAINGNITHE DO DHÉANAMH AR ORDÚ DO RINNE AN ARD-CHOMHAIRLE FÉN ACHT CHUN DIÚITÉTHE DO GHEARRADH GO PRÁINNEACH, 1932 .

[20adh Márta, 1936.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Ordú do dhaingniú.

1. —Daingnítear leis seo an tOrdú chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach (Uimh. 97), 1936 (a bhaineann le rátai diúitéthe áirithe custum ar earraí a hiomportálfar o Ríocht Aontuithe na Breataine Móire agus Tuaiscirt Éireann do laigheadú) do rinne an Ard-Chomhairle fén Acht chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach, 1932 (Uimh. 16 de 1932) .

Gearr-theideal.

2. —Féadfar an tAcht chun Diúitéthe do Ghearradh (Ordú do Dhaingniú), 1936 , do ghairm den Acht so.