15 1936


Uimhir 15 de 1936.


ACHT IASACHTAÍ AGUS CISTÍ DHÁIL ÉIREANN (LEASÚ), 1936.


ACHT CHUN AILT 4 D'ACHT IASACHTAÍ AGUS CISTÍ DHÁIL ÉIREANN (LEASÚ), 1933 , DO LEASÚ AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN AN ARD-SCRÚDÓRA D'INIÚCHADH AN AIRGID DO GHEIBHEANN AN tAIRE AIRGID ÓN bPRÍMH-CHISTE FÉN ACHT SAN AGUS I dTAOBH NITHE EILE BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE. [3adh Abrán, 1936.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “Acht 1933” Acht Iasachtaí agus Cistí Dháil Éireann (Leasú), 1933 (Uimh. 19 de 1933) ;

tá le gach focal agus abairt dá dtugtar brí áirithe le halt 1 d'Acht Iasachtaí agus Cistí Dháil Éireann, 1924 ( Uimh. 3 de 1924 ). no le halt 1 d'Acht 1933, an bhrí tugtar do amhlaidh.

Alt 4 d'Acht 1933 do leasú.

2. —(1) Deintear leis seo fo-alt (1) d'alt 4 d'Acht 1933 do leasú tré sna figiúirí agus na focail “31adh lá de Lúnasa, 1934,” atá anois ann do scriosadh amach agus tré sna figiúirí agus na focail “30adh lá de Mheitheamh, 1936” do chur in ionad na bhfigiúirí agus na bhfocal a scriostar amach amhlaidh, agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

(2) Beidh éifeacht ag an alt so agus tuigfear go raibh éifeacht aige o dháta Achta 1933 do rith.

An tAire do thabhairt chuntaisí uaidh.

3. —(1) Déanfaidh an tAire, chó luath agus a bheidh na hIasachtaí Coigríche fuascailte aige fé Acht 1933 agus dá réir agus, in aon chás, ar dháta nách déanaí ná an 31adh lá de Mhárta, 1937, cuntas (dá ngairmtear an cuntas san alt so) do thabhairt don Ard-Scrúdóir ar an airgead do fuair sé ón bPrímh-Chiste chun méideanna na nIasachtaí Coigríche d'fhuascailt agus ar na méideanna den airgead san d'íoc sé le síntiúsairí do sna hIasachtaí sin mar fhuascailt ar na hIasachtaí sin, maraon le gach breacachán, clár, deimhniú, cruthúnacht, barántas, seic agus scríbhinn eile is le Rialtas Shaorstáit Éireann no atá fé n-a gcomhacht no ar fáil no ar seilbh acu agus is gá chun a chur ar chumas an Ard-Scrúdóra na dualgaisí forchuirtear air leis an alt so do chólíonadh.

(2) Déanfaidh an tArd-Scrúdóir, chó luath agus is féidir é tar éis do an cuntas d'fháil ón Aire, an cuntas d'iniúchadh agus tuarasgabháil i scríbhinn ina thaobh do thabhairt don Aire.

(3) Déanfaidh an tAire, nuair a bheidh an cuntas iniúchta mar adubhradh, cóip de, maraon le cóip de thuarasgabháil sin an Ard-Scrúdóra air, do leagadh fé bhráid Dháil Éireann laistigh de cheithre mhí tar éis don Aire an cuntas san (agus é iniúchta mar adubhradh) agus an tuarasgabháil sin d'fháil ón Ard-Scrúdóir.

(4) O pé dáta acu so leanas is túisce, sé sin le rá, an lá bhéarfaidh an tAire an cuntas don Ard-Scrúdóir, no an 31adh lá de Mhárta, 1937, ní dhéanfaidh an tAire a thuille íocaíochtaí mar fhuascailt ar na hIasachtaí Coigríche d'íoc le síntiúsairí do sna hIasachtaí sin.

Gearr-theideal agus luadh.

4. —(1) Féadfar Acht Iasachtaí agus Cistí Dháil Éireann (Leasú), 1936 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar Achtanna Iasachtaí agus Cistí Dháil Éireann, 1924 go 1936, do ghairm d'Achtanna Iasachtaí agus Cistí Dháil Éireann, 1924 agus 1933, agus den Acht so le chéile.