19 1936


Uimhir 19 de 1936.


ACHT CAIPITAIL THELEFÓIN, 1936.


ACHT CHUN TUILLEADH AIRGID DO DHEONADH CHUN CÓRAS TELEFÓNACH SHAORSTÁIT ÉIREANN D'FHORBAIRT AGUS CHUN CRÍCHEANNA EILE BHAINEAS LEIS SIN. [6adh Meitheamh, 1936.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Deontas eile chun an chórais thelefónaigh d'fhorbairt.

1. —I dteannta an airgid a húdaruítear leis na hAchtanna Caipitail Thelefóin, 1924 go 1931, féadfaidh an tAire Airgid suimeanna nach mó san iomlán ná suim chúig céad míle púnt do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste no as a thoradh fáis, pé suimeanna theastuigh no theastóidh ón Aire Puist agus Telegrafa chun córas telefónach Shaorstáit Éireann d'fhorbairt do réir mheastachán le n-ar aontuigh an tAire Airgid.

Féadfaidh an tAire Airgid iasachtaí d'fháil chun crícheanna an Achta so.

2. —(1) Chun airgead do sholáthar i gcóir na suimeanna a húdaruítear leis an Acht so a thabhairt amach as an bPrímh-Chiste no chun airgead do sholáthar chun gach suim no aon tsuim do tugadh amach as an bPrímh-Chiste fé údarás an Achta so d'aisíoc leis an gCiste sin féadfaidh an tAire Airgid iasachtaí d'fháil tré bhlianachtaí inchríochnuithe rithfidh ar feadh tréimhse nach sia ná fiche bliain.

(2) Íocfar isteach sa Stát-Chiste an t-airgead uile do gheobhfar ar iasacht fén alt so.

(3) Is as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach blianacht inchríochnuithe cruthnófar fén alt so agus, maran leor an t-airgead san, is ar an bPrímh-Chiste no ar a thoradh fáis a bheidh a muirear agus a híoc.

Ailt 3 agus 4 den Acht Caipitail Thelefóin, 1927, d'ionchorprú.

3. —Ionchorpruítear leis an Acht so ailt 3 agus 4 den Acht Caipitail Thelefóin, 1927 (Uimh. 8 de 1927) .

Gearr-theideal agus luadh.

4. —(1) Féadfar an tAcht Caipitail Thelefóin, 1936 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna Caipitail Thelefóin, 1924 go 1936, do ghairm de sna hAchtanna Caipitail Thelefóin, 1924 go 1931, agus den Acht so le chéile.