Ar Aghaidh (SCEIDEAL.)

25 1936


Uimhir 25 de 1936.


ACHT UM RÁTAÍ AR THALAMH THALMHAÍOCHTA (FAOISEAMH), 1936.


ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN AN DEONTAIS TALMHAÍOCHTA IN AGHAIDH NA dTRÍ mBLIAN AIRGEADAIS DAR TOSACH FÉ SEACH AN 1adh LÁ D'ABRÁN, 1936, AN 1adh LÁ D'ABRÁN, 1937, AGUS AN 1adh LÁ D'ABRÁN, 1938, DO MHÉADÚ TUILLEADH AGUS CHUN FORÁLACHA AN ACHTA UM RÁTAÍ AR THALAMH THALMHAÍOCHTA (FAOISEAMH) (Uimh. 2), 1935 , GO nATHARUITHE ÁIRITHE ORTHA, DO CHUR I bhFEIDHM MAIDIR LEIS AN DEONTAS TALMHAÍOCHTA IN AGHAIDH GACH BLIANA DE SNA BLIANTA AIRGEADAIS SIN.

[3adh Iúl, 1936.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —(1) San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an t Acht um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh) (Uimh. 2), 1935 (Uimh. 30 de 1935) .

(2) Gach focal no abairt le n-a gcuireann fo-alt (1) d'alt 1 den Phríomh-Acht brí áirithe chun crícheanna an Achta san beidh leis san Acht so (lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt go soiléir leis an Ach so) an brí áirithe cuirtear leis amhlaidh.

An deontas talmhaíochta do mhéadú sa bhliain airgeadais 1936-37.

2. —(1) Sa bhliain airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1936, deonfaidh an tAire Airgid, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, deontas de thrí chéad agus seachtó míle punt mar mhéadú (de bhreis ar an deontas breise fé Acht 1925 agus ar an deontas breise eile fé Acht 1931) ar an deontas talmhaíochta dá dtagartar in alt 48 d'Acht 1898 agus, chun crícheanna na n-achtachán uile bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, tuigfear an deontas san ón Aire sin do bheith ina chuid den deontas talmhaíochta san dá dtagartar san alt san 48 agus, go sonnrách, beidh sé fé réir forálacha ailt 40 den Irish Land Act, 1903.

(2) As an deontas talmhaíochta in aghaidh na bliana airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1936, íocfar le comhairle gach contae de sna contaethe uile agus fé seach i Saorstát Éireann an tsuim a luaidhtear sa dara colún den Sceideal a ghabhann leis an Acht so os coinne ainme na contae mar a bhfuil sí sa chéad cholún den Sceideal san, agus gach suim a híocfar le comhairle amhlaidh tuigfear gurb í an tsuim í deimhnítear fé alt 48 d'Acht 1898 do bheith iníoctha leis an gcomhairle sin i rith na bliana airgeadais sin, agus dá réir sin gach achtachán a bhaineann leis an suim a deimhnítear amhlaidh do bheith iníoctha le comhairle (pe'ca roimh an suim sin do thabhairt amach no dá éis sin a bhaineann sé léi amhlaidh) bainfidh, fé réir forálacha an Phríomh-Achta mar do bheirtear feidhm dó leis an Acht so, leis an suim is iníoctha leis an gcomhairle sin do réir an fho-ailt seo.

(3) An dáiliú déanfar do réir an Achta so ar an deontas talmhaíochta in aghaidh na bliana airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1936, is dáiliú iomlán ar an deontas talmhaíochta san é agus beidh éifeacht aige d'ainneoin éinní atá in aon Acht eile.

An deontas talmhaíochta do mhéadú sna blianta airgeadais 1937-38 agus 1938-39.

3. —(1) Má sholáthruíonn an tOireachtas airgead chun na gcrícheanna bhainfidh leis an deontas talmhaíochta in aghaidh na bliana airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1937, do mhéadú fén alt so deonfaidh an tAire Airgid sa bhliain airgeadais sin, as an airgead a soláthrófar amhlaidh, deontas is có-ionann le méid an airgid sin.

(2) Má sholáthruíonn an tOireachtas airgead chun na gcrícheanna bhainfidh leis an deontas talmhaíochta in aghaidh na bliana airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1938, do mhéadú fén alt so deonfaidh an tAire Airgid sa bhliain airgeadais sin, as an airgead a soláthrófar amhlaidh, deontas is có-ionann le méid an airgid sin.

(3) Gach deontas (más aon cheann é) a dheonfaidh an tAire Airgid do réir an ailt seo is amhlaidh a dheonfaidh an tAire sin é mar mhéadú (de bhreis ar an deontas breise fé Acht 1925 agus ar an deontas breise eile fé Acht 1931) ar an deontas talmhaíochta dá dtagartar in alt 48 d'Acht 1898 agus, chun crícheanna na n-achtachán uile bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, tuigfear é bheith ina chuid den deontas talmhaíochta san dá dtagartar san alt san 48 agus, go sonnrách, beidh sé fé réir forálacha ailt 40 den Irish Land Act, 1903.

(4) Má dheineann agus pé uair a dhéanfaidh an tOireachtas airgead do sholáthar chun crícheanna deontais ón Aire Airgid fén alt so beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) más trí chéad agus seachtó míle punt méid an airgid a soláthrófar amhlaidh, íocfar le comhairle gach contae de sna contaethe uile agus fé seach i Saorstát Éireann, as an deontas talmhaíochta gur chun a mhéaduithe soláthrófar an t-airgead san amhlaidh, an tsuim a luaidhtear sa dara colún den Sceideal a ghabhann leis an Acht so os coinne ainme na contae mar a bhfuil sí sa chéad cholún den Sceideal san ;

(b) más mó no más lugha ná trí chéad agus seachtó míle punt méid an airgid a soláthrófar amhlaidh, roinnfidh agus dáileoidh an Ard-Chomhairle le hordú, ar na contaethe uile agus fé seach i Saorstát Éireann, an deontas talmhaíochta gur chun a mhéaduithe soláthrófar an t-airgead san amhlaidh agus íocfar le comhairle gach contae acu san, as an deontas talmhaíochta san, an tsuim a dáileofar leis an ordú san ar an gcontae sin.

(5) Gach suim a híocfar le comhairle, fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, as deontas talmhaíochta tuigfear gurb í an tsuim í deimhnítear fé alt 48 d'Acht 1898 do bheith iníoctha leis an gcomhairle sin i rith na bliana airgeadais gur ina haghaidh a deonfar an deontas talmhaíochta san agus, dá réir sin, gach achtachán a bhaineann leis an suim a deimhnítear amhlaidh do bheith iníoctha le comhairle (pe'ca roimh an suim sin do thabhairt amach no dá éis sin a bhaineann sé léi amhlaidh), bainfidh, fé réir forálacha an Phríomh-Achta mar do bheirtear feidhm dó leis an Acht so, leis an suim is iníoctha leis an gcomhairle sin do réir an fho-ailt deiridh sin roimhe seo.

(6) Má dáilítear agus pé uair a dáileofar fén Acht so an deontas talmhaíochta in aghaidh na bliana airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1937, no in aghaidh na bliana airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1938, is dáiliú iomlán ar an deontas talmhaíochta san an dáiliú san agus beidh éifeacht aige d'ainneoin éinní atá in aon Acht eile.

(7) Gach ordú dhéanfaidh an Ard-Chomhairle fén alt so leagfar é fé bhráid Dháil Éireann chó luath agus a bheidh caothúil tar éis a dhéanta.

An Príomh-Acht do chur i bhfeidhm maidir leis an deontas talmhaíochta in aghaidh na mblian airgeadais 1936-37, 1937-38, agus 1938-39.

4. —(1) Beidh feidhm agus éifeacht ag an bPríomh-Acht (lasmuich d'fho-ailt (1), (2) agus (4) d'alt 4 de agus lasmuich den Dara Sceideal a ghabhann leis), gus na hatharuithe ortha luaidhtear san Acht so, maidir leis an deontas talmhaíochta in aghaidh na bliana airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1936, fé mar a bhí feidhm agus éifeacht aige maidir leis an deontas talmhaíochta in aghaidh na bliana airgeadais dar thosach an 1adh lá d'Abrán, 1935.

(2) Má sholáthruíonn an tOireachtas airgead chun an deontais talmhaíochta in aghaidh na bliana airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1937, do mhéadú fén Acht so beidh feidhm agus éifeacht ag an bPríomh-Acht (lasmuich d'fho-ailt (1), (2) agus (4) d'alt 4 de agus lasmuich den Dara Sceideal a ghabhann leis), gus na hatharuithe ortha luaidhtear san Acht so, maidir leis an deontas talmhaíochta in aghaidh na bliana airgeadais sin fé mar a bhí feidhm agus éifeacht aige maidir leis an deontas talmhaíochta in aghaidh na bliana airgeadais dar thosach an 1adh lá d'Abrán, 1935.

(3) Má sholáthruíonn an tOireachtas airgead chun an deontais talmhaíochta in aghaidh na bliana airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1938, do mhéadú fén Acht so beidh feidhm agus éifeacht ag an bPríomh-Acht (lasmuich d'fho-ailt (1), (2) agus (4) d'alt 4 de agus lasmuich den Dara Sceideal a ghabhann leis), gus na hatharuithe ortha luaidhtear san Acht so, maidir leis an deontas talmhaíochta in aghaidh na bliana airgeadais sin fé mar a bhí feidhm agus éifeacht aige maidir leis an deontas talmhaíochta in aghaidh na bliana airgeadais dar thosach an 1adh lá d'Abrán, 1935.

Atharuithe ar an bPríomh-Acht maidir leis an deontas talmhaíochta in aghaidh na bliana airgeadais 1936-37.

5. —Chun na gcrícheanna bhaineann leis an bPríomh-Acht do chur i bhfeidhm (do réir mar a foráltar agus sa mhéid a foráltar leis an Acht so) maidir leis an deontas talmhaíochta in aghaidh na bliana airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1936, ach ní chun críche ar bith eile, déanfar na hatharuithe seo leanas ar an bPríomh-Acht, sé sin le rá:—

(a) léireofar an abairt “an bhliain airgeadais seo” ar fuaid an Phríomh-Achta mar abairt a chialluíonn an bhliain airgeadais sin dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1936, agus

(b) le linn na habairte “an deontas talmhaíochta” do léiriú déanfar an deontas is gá don Aire Airgid do réir an Achta so do dheonadh sa bhliain airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1936, do chur in ionad an deontais a luaidhtear i mír (d) den mhíniú ar an abairt sin atá i bhfo-alt (1) d'alt 1 den Phríomh-Acht, agus

(c) in alt 7—

(i) léireofar an abairt “an tréimhse cháilitheach” mar abairt a chialluíonn an bhliain chaileandair 1935, agus

(ii) cuirfear an 1adh lá d'Eanar, 1935, in ionad an 1adh lá d'Eanar, 1934, sa mhíniú atá i bhfo-alt (1) ar an abairt “oibrí fásta,” agus

(iii) cuirfear an 16adh lá d'Abrán, 1936, in ionad an 25adh lá d'Abrán, 1935, i bhfo-alt (5), agus

(d) in alt 9, cuirfear an 1adh lá d'Abrán, 1936, in ionad an 1adh lá d'Abrán, 1935, agus

(e) i mír (a) d'fho-alt (3) d'alt 14—

(i) cuirfear an 31adh lá de Dheireadh Fómhair, 1936, in ionad an 31adh lá de Dheireadh Fómhair, 1935, agus

(ii) cuirfear an 1adh lá d'Fheabhra, 1937, in ionad an 1adh lá d'Fheabhra, 1936.

Atharuithe ar an bPríomh-Acht maidir leis an deontas talmhaíochta in aghaidh na bliana airgeadais 1937-38.

6. —Chun na gcrícheanna bhaineann leis an bPríomh-Acht do chur i bhfeidhm (do réir mar a foráltar agus sa mhéid a foráltar leis an Acht so) maidir leis an deontas talmhaíochta in aghaidh na bliana airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1937, ach ní chun críche ar bith eile, déanfar na hatharuithe seo leanas ar an bPríomh-Acht, sé sin le rá:—

(a) léireofar an abairt “an bhliain airgeadais seo” ar fuaid an Phríomh-Achta mar abairt a chialluíonn an bhliain airgeadais sin dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1937, agus

(b) le linn na habairte “an deontas talmhaíochta” do léiriú déanfar an deontas is gá don Aire Airgid do réir an Achta so do dheonadh sa bhliain airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1937, do chur in ionad an deontais a luaidhtear i mír (d) den mhíniú ar an abairt sin atá i bhfo-alt (1) d'alt 1 den Phríomh-Acht, agus

(c) in alt 7—

(i) léireofar an abairt “an tréimhse cháilitheach” mar abairt a chialluíonn an bhliain chaileandair 1936, agus

(ii) cuirfear an 1adh lá d'Eanar, 1936, in ionad an 1adh lá d'Eanar, 1934, sa mhíniú atá i bhfo-alt (1) ar an abairt “oibrí fásta,” agus

(iii) cuirfear an 31adh lá de Mhárta, 1937, in ionad an 25adh lá d'Abrán, 1935, i bhfo-alt (5), agus

(d) in alt 9, cuirfear an 1adh lá d'Abrán, 1937, in ionad an 1adh lá d'Abrán, 1935, agus

(e) i mír (a) d'fho-alt (3) d'alt 14—

(i) cuirfear an 31adh lá de Dheireadh Fómhair, 1937, in ionad an 31adh lá de Dheireadh Fómhair, 1935, agus

(ii) cuirfear an 1adh lá d'Fheabhra, 1938, in ionad an 1adh lá d'Fheabhra, 1936.

Atharuithe ar an bPríomh-Acht maidir leis an deontas talmhaíochta in aghaidh na bliana airgeadais 1938-39.

7. —Chun na gcrícheanna bhaineann leis an bPríomh-Acht do chur i bhfeidhm (do réir mar a foráltar agus sa mhéid a foráltar leis an Acht so) maidir leis an deontas talmhaíochta in aghaidh na bliana airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1938, ach ní chun críche ar bith eile, déanfar na hatharuithe seo leanas ar an bPríomh-Acht, sé sin le rá:—

(a) léireofar an abairt “an bhliain airgeadais seo” ar fuaid an Phríomh-Achta mar abairt a chialluíonn an bhliain airgeadais sin dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1938, agus

(b) le linn na habairte “an deontas talmhaíochta” do léiriú déanfar an deontas is gá don Aire Airgid do réir an Achta so do dheonadh sa bhliain airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1938, do chur in ionad an deontais a luaidhtear i mír (d) den mhíniú ar an abairt sin atá i bhfo-alt (1) d'alt 1 den Phríomh-Acht, agus

(c) in alt 7—

(i) léireofar an abairt “an tréimhse cháilitheach” mar abairt a chialluíonn an bhliain chaileandair 1937, agus

(ii) cuirfear an 1adh lá d'Eanar, 1937, in ionad an 1adh lá d'Eanar, 1934, sa mhíniú atá i bhfo-alt (1) ar an abairt “oibrí fásta,” agus

(iii) cuirfear an 31adh lá de Mhárta, 1938, in ionad an 25adh lá d'Abrán, 1935, i bhfo-alt (5), agus

(d) in alt 9, cuirfear an 1adh lá d'Abrán, 1938, in ionad an 1adh lá d'Abrán, 1935, agus

(e) i mír (a) d'fho-alt (3) d'alt 14—

(i) cuirfear an 31adh lá de Dheireadh Fómhair, 1938, in ionad an 31adh lá de Dheireadh Fómhair, 1935, agus

(ii) cuirfear an 1adh lá d'Fheabhra, 1939, in ionad an 1adh lá d'Fheabhra, 1936.

Gearr-theideal agus tosach feidhme.

8. —(1) Féadfar an tAcht um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1936 , do ghairm den Acht so.

(2) Tuigfear an tAcht so do theacht i ngníomh an 1adh lá d'Abrán, 1936, agus beidh sé mar bheadh éifeacht aige an lá san agus ón lá san amach.