Ar Aghaidh (An Achmaireacht ar Sceidil (A) agus (B) da dTagartar san Acht so.)

32 1936


Uimhir 32 de 1936.


ACHT LEITHREASA, 1936.


ACHT CHUN SUIMEANNA ÁIRITHE AS AN bPRÍMH-CHISTE DO CHUR CHUN SEIRBHÍSE NA mBLIAN DAR CHRÍOCH AN tAONÚ LÁ DÉAG AR FHICHID DE MHÁRTA, MÍLE NAOI gCÉAD A CEATHAIR TRIOCHAD AGUS MÍLE NAOI gCÉAD A CÚIG TRIOCHAD AGUS NA BLIANA DAR CRÍOCH AN tAONÚ LÁ DÉAG AR FHICHID DE MHÁRTA, MÍLE NAOI gCÉAD A SEACHT TRIOCHAD AGUS CHUN NA SOLÁTHAR DO DEONADH SA tSIOSÓN SO DEN OIREACHTAS DO CHUR I LEITHREAS.

[11adh Iúl, 1936.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Deontaisi as an bPrimh-Chiste.

£10 do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste in aghaidh na bliana 1933-4.

1. —Féadfaidh an tAire Airgid suim deich bpúnt do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste agus í do chur chun iomlánú do dhéanamh ar an soláthar a deonadh chun seirbhíse na bliana dar chríoch an t-aonú lá déag ar fhichid de Mhárta, míle naoi gcéad a ceathair triochad.

£10 do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste in aghaidh na bliana 1934-35.

2. —Féadfaidh an tAire Airgid suim deich bpúnt do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste agus í do chur chun iomlánú do dhéanamh ar an soláthar a deonadh chun seirbhíse na bliana dar chríoch an t-aonú lá déag ar fhichid de Mhárta, míle naoi gcéad a cúig triochad.

£19,233,707 do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste in aghaidh na bliana 1936-37.

3. —Féadfaidh an tAire Airgid suim naoi milleon déag, dhá chéad agus trí mhíle triochad, seacht gcéad agus seacht bpúint do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste agus í do chur chun iomlánú do dhéanamh ar an soláthar a deonadh chun seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá déag ar fhichid de Mhárta, míle naoi gcéad a seacht triochad.

Comhacht don Aire Airgid chun méid suas go dtí £19,233,727 d'fháil ar iasacht.

4. —(1) Féadfaidh an tAire Airgid aon tsuim no suimeanna ná raghaidh a n-iomlán thar naoi milleon déag, dhá chéad agus trí mhíle triochad, seacht gcéad agus seacht bpúint fhichead d'fháil ar iasacht o aon duine agus féadfaidh Banc na hÉireann an céanna do roimh-íoc leis agus chun críche na hiasachta san féadfaidh an tAire Airgid aon urrúsanna do bhunú agus do thabhairt amach ar pé ráta úis agus fé pé coinníollacha i dtaobh aisíoca no fuascailte no éinní eile is oiriúnach leis.

(2) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thoradh fáis a bheidh muirear colna agus úis aon urrúsanna do bhéarfar amach fén Acht so agus muirear na gcostaisí fé n-a raghfar i dtaobh tabhairt amach na n-urrús san.

(3) Aon airgead a gheobhfar de bharr urrúsanna do bhéarfar amach fén Acht so cuirfear chun creidiúna do chuntas an Stát-Chiste é agus beidh sé ina chuid den Phrímh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon tslí 'na mbeidh an Ciste sin ar fáil.

Deontaisi do Chur i Leithreas.

Suimeanna vótáladh i gcóir seirbhísí soláthair do chur i leithreas.

5. —(1) Na suimeanna uile deontar as an bPrímh-Chiste, leis an Acht so agus leis an Acht eile luaidhtear i Sceideal (A) a ghabhann leis an Acht so, chun an tsoláthair a deonadh do dhéanamh iomlán agus 'na ndeineann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal san, suim triocha milleon, naoi míle, cúig chéad agus fiche púnt, cuirtear iad i leithreas agus tuigfear iad do bheith curtha i leithreas o dháta rithte na nAchtanna luaidhtear sa Sceideal san (A) chun na seirbhísí agus na gcríoch a luaidhtear i Sceideal (B) a ghabhann leis sin. An achmaireacht ar sceidil agus na sceidil a ghabhann léi sin, maraon leis na nótaí (más ann dóibh) a ghabhann leis na sceidil sin, tuigfear gur cuid den Acht so iad díreach fé mar a bheidís i gcorp an Achta so.

(2) I dteanta na suimeanna deontar leis seo as an bPrímh-Chiste, féadfar na suimeanna a taisbeántar fé seach sa cholún deiridh de Sceideal (B) a ghabhann leis seo agus 'na ndeineann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal san, suim dhá mhilleon, seacht gcéad míle, dhá chéad agus sé púint fhichead, seacht scillinge agus ceithre pingne do chur chun úsáide amach as aon airgead a horduítear fé alt 2 den Public Accounts and Charges Act, 1891, a chur chun úsáide mar leithreasaí i gcabhair do sna deontaisí i gcóir na seirbhísí agus na gcríoch a luaidhtear sa Sceideal san.

Dearbhú is gá dhéanamh i gcásanna áirithe sara bhfuighfear suimeanna cuireadh i leithreas.

6. —(1) Ní bhfuighidh duine aon chuid de dheontas a deonfar do réir an Achta so, i gcóir seirbhísí neamh-fheidhmiúla, go dtí go ndéanfaidh pé dearbhú a hordófar o am go ham le barántas ón Aire Airgid do shighniú i bhfianaise duine de sna daoine a hordófar sa bharántas san:

Ach má deintear aon íocaíocht den tsórt san níos minicí ná uair sa ráithe féadfaidh an tAire Airgid cead do thabhairt gan ach aon dearbhú amháin do thabhairt i láthair in aghaidh gach ráithe.

(2) Einne dhéanfaidh dearbhú chun críche an ailt seo agus a fhios aige neamh-fhírinne do bheith in aon phonc táchtach de, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so, agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar triocha púnt do chur air.

Gearr-theideal.

7. —Féadfar, chun gach críche, an tAcht Leithreasa, 1936 , do ghairm den Acht so.