33 1936


Uimhir 33 de 1936.


ACHT UM BEITHÍGH AGUS CAOIRE DO MHARBHADH (LEASÚ), 1936.


ACHT CHUN SOCRUITHE BHREISE AGUS FHEABHSA DO DHÉANAMH MAIDIR LE RÉ FEIDHME NA nACHTANNA UM BEITHÍGH AGUS CAOIRE DO MHARBHADH, 1934 AGUS 1935, AGUS, GO SONNRÁCH, CHUN COMHACHTA DO THABHAIRT DON ARD-CHOMHAIRLE CHUN DEIREADH DO CHUR LE CODA ÁIRITHE DE SNA hACHTANNA SAN, AGUS FÓS CHUN NA nACHTANNA SAN DO LEASÚ AR SHLITE ÁIRITHE. [17adh Iúl, 1936.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Minithe agus léiriú.

1. —(1) San Acht so—

cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht um Beithígh agus Caoire do Mharbhadh, 1934 (Uimh. 42 de 1934) ;

cialluíonn an abairt “an tAcht Leasúcháin” an t Acht um Beithígh agus Caoire do Mharbhadh (Leasú), 1935 (Uimh. 37 de 1935) .

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis na hAchtanna um Beithígh agus Caoire do Mharbhadh, 1934 agus 1935, agus dá réir sin gach abairt agus focal dá dtugtar brí áirithe le ceachtar Acht acu san chun crícheanna an Achta san beidh leis, san Acht so agus chun crícheanna an Achta so, an brí tugtar do amhlaidh.

Ré feidhme an Phríomh-Achta.

2. —Athghairmtear leis seo fo-alt (2) d'alt 2 den Príomh-Acht agus ina ionad san achtuítear leis seo—

(a) go leanfaidh Coda I, VI, VII agus VIII den Príomh-Acht i bhfeidhm go dtí go gcinnfidh an tOireachtas a mhalairt, agus

(b) go leanfaidh Coda II, III, IV, V agus IX den Príomh-Acht, fé réir aon scuir agus gan dochar d'aon scur de bhuadh orduithe ar n-a dhéanamh ag an Ard-Chomhairle fén Acht so, i bhfeidhm go dtí an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1936, agus go raghaid in éag ansan.

Ré feidhme an Achta Leasúcháin.

3. —Athghairmtear leis seo fo-alt (3) d'alt 1 den Acht Leasúcháin agus ina ionad san achtuítear leis seo go leanfaidh an tAcht Leasúcháin, fé réir aon fhorála dhe agus gan dochar d'aon fhoráil de do scur de bhuadh orduithe ar n-a dhéanamh ag an Ard-Chomhairle fén Acht so, i bhfeidhm go dtí an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1936, agus go ragha sé in éag ansan.

Comhacht chun deireadh do chur le coda den Phríomh-Acht agus den Acht Leasúcháin.

4. —(1) Féadfaidh an Ard-Chomhairle le hordú a dhearbhú go scuirfidh pé Cuid no Coda acu so leanas den Phríomh-Acht a luadhfar san ordú san, sé sin le rá, Cuid II, Cuid III, Cuid IV, Cuid V, agus Cuid IX, de bheith i bhfeidhm ar pé dáta agus o pé dáta (nach luatha ná dáta an orduithe sin ná nach déanaí ná an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1936) a luadhfar chuige sin san ordú san.

(2) Féadfaidh an Ard-Chomhairle le hordú a dhearbhú go scuirfidh pé foráil no forálacha den Acht Leasúcháin (seachas alt 17 de) a luadhfar san ordú san de bheith i bhfeidhm ar pé dáta agus o pé dáta (nach luatha ná dáta an orduithe sin ná nach déanaí ná an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1936) a luadhfar chuige sin san ordú san.

(3) Pé uair a dhearbhóidh an Ard-Chomhairle le hordú ar n-a dhéanamh fén alt so go scuirfidh Cuid (a luaidhtear sa chéad fho-alt den alt so) den Príomh-Acht no foráil (seachas alt 17) den Acht Leasúcháin de bheith i bhfeidhm, scuirfidh an Chuid sin no an fhoráil sin (do réir mar bheidh) de bheith i bhfeidhm ar an dáta agus ón dáta luadhfar chuige sin san ordú san.

Forálacha de dhruim an Phríomh-Achta no an Achta Leasúcháin do dhul in éag no do scur.

5. —(1) Ar aon Chuid (seachas Coda I, VI, VII, agus VIII) den Príomh-Acht no aon fhoráil den Acht Leasúcháin do dhul in éag no do scur de bheith i bhfeidhm de bhuadh an Achta so no de bhuadh orduithe ar n-a dhéanamh ag an Ard-Chomhairle fén Acht so, beidh feidhm agus éifeacht ag fo-alt (2) d'alt 13 den Acht Léiriúcháin, 1923 ( Uimh. 46 de 1923 ), maidir leis an dul-inéag no leis an scur san fé is dá mbeadh an dul-in-éag no an scur san ina athghairm a déanfaí le hAcht den Oireachtas ar n-a rith an lá thiocfaidh an dul-in-éag no an scur san in éifeacht agus fé is dá ndeintí an Chuid no an fhoráil sin d'athghairm leis an Acht san den Oireachtas ar an dáta san agus ón dáta san amach.

(2) Oibreoidh na forálacha ina dhiaidh seo den alt so mar iomlánú no mar leathnú ar fhorálacha fo-ailt (2) d'alt 13 den Acht Léiriúcháin, 1923 ( Uimh. 46 de 1923 ), mar a bheirtear feidhm dóibh leis an bhfo-alt san roimhe seo den alt so, agus ní léireofar aon fhoráil de sna forálacha san ina dhiaidh seo den alt so mar fhoráil a dhúnann amach aon fhoráil, no cuirtear in ionad aon fhorála, den fho-alt san (2) mar a bheirtear feidhm dó amhlaidh.

(3) Ar Chuid II den Phríomh-Acht do dhul in éag no do scur de bheith i bhfeidhm de bhuadh an Achta so no de bhuadh orduithe ar n-a dhéanamh ag an Ard-Chomhairle fén Acht so, leanfaidh alt 14 (mar a leasuítear é le halt 6 den Acht Leasúcháin) agus alt 16 (ach amháin fo-alt (1) de) den Príomh-Acht, d'ainneoin an dul-in-éag no an scurtha san (do réir mar bheidh), de bheith i bhfeidhm ach amháin go léireofar an abairt “áitreabh cláruithe” san áit ina bhfuil sí i bhfo-alt (1) den alt san 14 mar abairt a chialluíonn áitreabh dob áitreabh cláruithe díreach roimh an dul-in-éag no roimh an scur san, agus ná beidh na comhachta bronntar leis na forálacha a coimeádfar i bhfeidhm amhlaidh infheidhmithe ach amháin chun crícheanna forála den Phríomh-Acht no den Acht Leasúcháin a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire de bhuadh an ailt seo no ar shlí eile.

(4) Ar Chuid III den Príomh-Acht do dhul in éag no do scur de bheith i bhfeidhm de bhuadh an Achta so no de bhuadh orduithe ar n-a dhéanamh ag an Ard-Chomhairle fén Acht so, leanfaidh alt 19 (ach amháin fo-alt (1) de) den Príomh-Acht, d'ainneoin an dul-in-éag no an scurtha san (do réir mar bheidh), de bheith i bhfeidhm maidir le gach dleacht is iníoctha fé fho-alt (1) den alt san 19 alos dleacht-mhí chríochnóidh ar an lá no roimh an lá raghaidh an dul-in-éag no an scur san in éifeacht.

(5) Ar Chuid IX den Príomh-Acht do dhul in éag no do scur de bheith i bhfeidhm de bhuadh an Achta so no de bhuadh orduithe ar n-a dhéanamh ag an Ard-Chomhairle fén Acht so, leanfaidh ailt 48, 49 agus 53 den Phríomh-Acht mar a leasuítear san leas an Acht Leasúcháin, leanfaid, d'ainneoin an dul-in-éag no an scurtha san (do réir mar bheidh), de bheith i bhfeidhm maidir leis an mairtfheoil go léir a soláthrófar fén gCuid sin IX mar a leasuítear amhlaidh í i gcaitheamh tréimhse orduithe ar bith a chríochnóidh ar an dáta no roimh an dáta ar a raghaidh an dul-in-éag no an scur san in éifeacht.

(6) Ar alt 13 den Acht Leasúcháin do dhul in éag no do scur de bheith i bhfeidhm de bhuadh an Achta so no de bhuadh orduithe ar n-a dhéanamh ag an Ard-Chomhairle fén Acht so, leanfaidh an t-alt san 13, d'ainneoin an dul-in-éag no an scurtha san (do réir mar bheidh), de bheith i bhfeidhm maidir le gach dleacht is iníoctha fé alt 19 den Phríomh-Acht alos dleacht-mhí chríochnóidh ar an lá no roimh an lá raghaidh an dul-in-éag no an scur san in éifeacht.

(7) Ar alt 14 den Acht Leasúcháin do dhul in éag no do scur de bheith i bhfeidhm de bhuadh an Achta so no de bhuadh orduithe ar n-a dhéanamh ag an Ard-Chomhairle fén Acht so, leanfaidh fo-ailt (4), (5) agus (7) den alt san 14, d'ainneoin an dul-in-éag no an scurtha san (do réir mar bheidh), de bheith i bhfeidhm maidir le gach dleacht is iníoctha fé fho-alt (1) den alt san ar an Aire dá éileamh san roimh an dul-in-éag no an scur san.

Alt 41 den Phríomh-Acht leasú.

6. —(1) Leasuítear leis seo alt 41 den Príomh-Acht tríd an mír do seo leanas do chur i ndeireadh fo-ailt (3) dhe, sé sin le rá:—

“(d) foráil tré n-a gcó-aontóidh an tAire cúiteamh d'íoc ar é do theip air beithígh do sholáthar do réir chó-aontuithe bheidh déanta aige fén mír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so.”

agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

(2) Beidh an t-alt so fé mar a bheadh éifeacht aige agus tuigfear éifeacht do bheith aige o am Coda VIII den Príomh-Acht do theacht i ngníomh.

Alt 17 den Acht Leasúcháin d'ath-achtú.

7. —D'fhonn oibriú ailt 17 den Acht Leasúcháin do choimeád ar siúl tar éis an ailt sin do dhul in éag de bhuadh an Achta so, leasuítear leis seo alt 34 den Phríomh-Acht, go n-éifeacht am an dul-in-éag san agus as san amach, tríd an bhfo-alt so leanas do chur isteach ann in ionad fo-ailt (4) atá anois ann agus, faid a leanfaidh an t-alt san 34 i bhfeidhm tar éis an dul-in-éag san, léireofar é agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

“(4) Féadfaidh an tAire, pé uair is oiriúnach leis san do dhéanamh, ceiliúradh do dhéanamh, fé réir forálacha an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo den alt so, ar cheadúnas déantóireachta.”

Comhachta breise chun iniúchadh agus scrúdú do dhéanamh.

8. —(1) Deintear leis seo údarás agus comhacht do thabhairt do gach cigire chun gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) dul isteach agus saorchead do bheith aige istigh gach tráth réasúnta in aon áitreabh ina mbíonn gnó ar siúl no ina gcreidtear gnó do bheith ar siúl ag ullamhú feola chun a díolta mar bhia do dhaoine is feoil atá leasuithe agus atáthar ar intinn do dhíol i mbarraille, i stán, i gcrúsca, no i ngabhadán eile, no in aon áitreabh ina mbíonn gnó ar siúl no ina gcreidtear gnó do bheith ar siúl ag déanamh aon tsugha, úscraidh, no ullamhóide eile (pe'ca fliuchánach no soladach dó) do gheibhtear ar fad no nach mór ar fad as feoil no á n-ullamhú san chun a ndíolta mar bhia do dhaoine, no in aon áitreabh ina mbíonn an dá ghnó san ar siúl no ina gcreidtear an dá ghnó san do bheith ar siúl;

(b) scrúdú do dheanamh ar an bhfeoil go léir agus ar aon tsugh, úscradh no ullamhóid den tsaghas san roimhráite do gheobhfar in aon áitreabh go mbeidh cead aige bheith istigh ann de bhuadh an ailt seo agus, chuige sin, aon phacáid, barraille, stán, crúsca, no gabhadán eile d'oscailt do gheobhfar san áitreabh san agus ina mbeidh feoil no aon ullamhóid den tsórt san no ina gcreidfear a leithéid do bheith;

(c) pé ceisteanna is dóich leis an gcigire sin is ceart, i dtaobh aon fheola no aon ullamhóide den tsórt san do gheobhfar le linn aon chomhachta dá mbronntar leis an alt so d'fheidhmiú, do chur aon tráth no in aon áit chun duine ar bith ag á mbeidh no ag á raibh tráth ar bith coimeád no seilbh na feola san no aon ullamhóide den tsórt, san, agus ainm agus seoladh an duine sin d'éileamh agus do thógaint agus fós ainm agus seoladh únaera na feola san no aon ullamhóide den tsórt san d'éileamh ar an duine sin agus do thógaint uaidh;

(d) a éileamh aon tráth no in aon áit ar dhuine ar bith ag á mbeidh no ag á raibh tráth ar bith coimeád no seilbh aon fheola no aon ullamhóide den tsórt san do gheobhfar le linn aon chomhachta dá mbronntar leis an alt so d'fheidhmiú gach breacachán, billín, nóta consighneachta, admháil, agus scríbhinn eile (ar a n-áirmhítear cóipeanna dhíobh mara mbeid féin ar fáil) i dtaobh na feola san no aon ullamhóide den tsórt san do thabhairt i láthair, agus cóipeanna do thógaint d'aon scríbhinní agus sleachta do dhéanamh as aon scríbhinní den tsórt san ar a n-áirmhítear cóipeanna dhíobh mar adubhradh.

(2) Gach éinne—

(a) bhacfaidh no choiscfidh aon chigire agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar leis an alt so, no

(b) go dteipfidh air no dhiúltóidh freagra do thabhairt, chó fada le n-a eolas agus le n-a chumas, ar aon cheist a chuirfidh cigire chuige agus é ag feidhmiú comhachta bronntar chuige sin leis an alt so, no

(c) do bhéarfaidh ar aon cheist den tsórt san freagra is eol dó do bheith bréagach no mí-threorach, no

(d) go dteipfidh air no dhiúltóidh a ainm no a sheoladh féin no ainm no seoladh éinne eile do thabhairt uaidh nuair éileoidh cigire air é agus é ag feidhmiú comhachta bronntar chuige sin leis an alt so, no do bhéarfaidh uaidh sa chás san ainm no seoladh bheidh bréagach no míthreorach, no

(e) go dteipfidh air do dhiúltóidh aon scríbhinn do thabhairt i láthair a éileoidh cigire go dleathach air a thabhairt i láthair agus é ag feidhmiú comhachta bronntar chuige sin leis an alt so, no go dteipfidh air no dhiúltóidh a leigint do chigire cóipeanna do thógaint d'aon scríbhinn den tsórt san no sleachta do dhéanamh aisti,

beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.

Gearr-theideal agus luadh.

9. —(1) Féadfar an tAcht um Beithígh agus Caoire do Mharbhadh (Leasú), 1936 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna um Beithígh agus Caoire do Mharbhadh, 1934 go 1936, do ghairm de sna hAchtanna um Beithígh agus Caoire do Mharbhadh, 1934 agus 1935, agus den Acht so le chéile.