An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT UM AER-LOINGSEOIREACHT AGUS AER-IOMPAR, 1936) Ar Aghaidh (CUID II. Foralacha I dTaobh Chonvensiun Pharis.)

40 1936

ACHT UM AER-LOINGSEOIREACHT AGUS AER-IOMPAR, 1936

CUID I

Roimhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal.

1. —Féadfar an tAcht um Aer-Loingseoireacht agus Aer-Iompar, 1936, do ghairm den Acht so.

Mínithe.

2. —(1) San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

cialluíonn an abairt “Convensiún Pharis” an Convensiún Eadarnáisiúnta, i dtaobh aer-loingseoireacht do rialáil, do rinneadh i bParis an 13adh lá de Dheireadh Fómhair, 1919, agus foluíonn sí aon leasú ar an gConvensiún san a déanfar fé Airtiogal 34 de;

cialluíonn an abairt “Convensiún Warsaw” an Convensiún Eadarnáisiúnta, chun ionannú do dhéanamh ar rialacha áirithe maidir le hiompar eadarnáisiúnta d'aer, do sighníodh i Warsaw an 12adh lá de Dheireadh Fómhair, 1929, agus do tháinig i bhfeidhm maidir le Saorstát Éireann an 19adh lá de Mhí na Nodlag, 1935;

cialluíonn an abairt “Convensiún na Róimhe” an Convensiún Eadarnáisiúnta, chun ionannú do dhéanamh ar rialacha áirithe maidir le damáiste dhéanfaidh aer-árthaighe do threas-pháirtithe ar an talamh, do sighníodh sa Róimh an 29adh lá de Bhealtaine, 1933, agus foluíonn sí aon leasú ar an gConvensiún san go bhfuil Saorstát Éireann páirteach ann;

foluíonn an focal “aer-árthach” gach ballún, pe'ca ceangailte no saor dó, eitleog, sceideog, aer-long agus inneall eitill;

cialluíonn an focal “aer-long” aer-árthach úsáideann geas is éadtruime ná an t-aer chun é do choimeád suas, agus ina bhfuil gléas tiomána;

cialluíonn an focal “ballún” aer-árthach úsáideann geas is éadtruime ná an t-aer chun é do choimeád suas, agus ná fuil aon ghléas tiomána ann;

foluíonn an focal “muir-phlána” bád eitill agus aon aer-árthach eile atá ceaptha chun gluaiseacht ar an uisce;

cialluíonn an abairt “aer-árthach Stáit” aer-árthach míleata agus gach aer-árthach ná húsáidtear ach i seirbhísí Stáit, ar a n-áirmhítear seirbhísí puist, custum agus póilíneachta;

cialluíonn an abairt “aer-árthach le Saorstát Éireann” aerárthach atá cláruithe i Saorstát Éireann;

cialluíonn an abairt “aer-árthach coigríche” aer-árthach atá cláruithe i dtír seachas Saorstát Éireann;

foluíonn an focal “earraí” postanna agus ainmhithe;

cialluíonn an focal “aerodróm” aon líomatáiste cinnte teoranta (agus uisce d'áireamh) atá ceaptha chun a úsáidthe, i bpáirt no go hiomlán, chun aer-árthaighe do thúirling ann no d'imeacht as no maidir leis sin;

foluíonn an focal “talamh” talamh atá fé uisce, aon chuan, aon pháirt d'uiscí tíriúla Shaorstáit Éireann, imeall trágha, aon éasáid, ceart uisce, ceart iascaigh no ceart eile de shaghas ar bith i dtalamh no uisce no ar an gcéanna no maidir leis, ach ní fholuíonn talamh is le Saorstát Éireann de bhuadh Airtiogail 11 den Bhunreacht;

foluíonn an abairt “polasaí árachais” nóta díona;

cialluíonn an abairt “an Chuideachta” an Chuideachta atá le bunú agus le clárú fé Chuid VIII den Acht so;

cialluíonn an abairt “fo-chuideachta” cuideachta aer-iompair ina bhfuil breis agus leath a scair-chaipitail eisithe ar seilbh ag an gCuideachtain;

cialluíonn an abairt “údarás áitiúil” cólucht—

(a) is comhairle chontae-bhuirge no bhuirge eile, no

(b) is comhairle chontae, no

(c) is comhairle bhailecheanntair;

tá na bríonna céanna leis na habairtí “údarás coimeádais” agus “údarás cuain” atá leis na habairtí “conservancy authority” agus “harbour authority” fé seach in alt 742 den Merchant Shipping Act, 1894;

i ngach áit ina bhfuil an focal “orduithe” i gCuid II den Acht so cialluíonn sé orduithe le hordú ar n-a dhéanamh ag an Ard-Chomhairle fén gCuid sin II;

cialluíonn an focal “orduithe” (ach amháin i gCuid II den Acht so) orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén Acht so.

(2) Mara n-éilíonn an có-théacs a mhalairt déanfar tagairtí san Acht so do thír no do crích ar bith (le n-a n-áirmhítear Saorstát Éireann) do léiriú mar nithe fholuíonn tagairt do sna huiscí tíriúla (más aon cheann é) atá in aice na tíre no na críche sin.

Feidhm an Achta maidir le haerárthaighe Stáit.

3. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo, ní bhainfidh an tAcht so (ach amháin Cuid III dhe) le haon aer-árthach Stáit.

(2) Féadfaidh an Ard-Chomhairle a ordú, le hordú, go mbainfidh pé forálacha den Acht so (ach amháin Cuid III dhe), no d'aon ordú no rialacháin a déanfar fé a luadhfar san ordú san, go mbainfid, go n-atharú no gan atharú, le haer-árthaighe Stáit, agus pé uair a déanfar aon ordú den tsórt san agus a bheidh sé i bhfeidhm beidh feidhm dlí i Saorstát Éireann ag pé forálacha acu san a luadhfar san ordú san, ach san fé réir pé atharuithe (más aon cheann é) a luadhfar san ordú san.

Cosaint d'údaráis tighe sholuis.

4. —Ní dhéanfaidh éinní san Acht so, ná in aon ordú ná rialachán a déanfar fé, dochar ná deifir do chearta, do chomhachta ná do phríbhléidí aon údaráis tighe sholuis, generálta ná áitiúil.

Forálacha generálta maidir le hOrduithe dhéanfaidh an Ard-Chomhairle.

5. —(1) Féadfar ordú dhéanfaidh an Ard-Chomhairle fén Acht so do chur i mbaint le haon aer-árthach i Saorstát Éireann no os a chionn no le haer-árthaighe le Saorstát Éireann pé áit ina mbeid.

(2) Féadfar, le hordú dhéanfaidh an Ard-Chomhairle fén Acht so, a údarú don Aire rialacháin do dhéanamh chun crícheanna an orduithe sin do chólíonadh maidir le pé nithe agus rudaí luadhfar san ordú san.

(3) Ordú dhéanfaidh an Ard-Chomhairle fén Acht so féadfaidh pé forálacha, có-ghabhálach agus breise agus iarmartach, a bheith ann a chífear don Ard-Chomhairle is gá no is oiriúnach chun crícheanna an orduithe sin.

(4) Féadfar, le hordú dhéanfaidh an Ard-Chomhairle fén Acht so, a fhoráil gur cionta is intrialta ar an slí achmair aon bhriseadh no sárú déanfar ar an ordú san agus a ordú cadiad na pionóisí fhéadfaidh cúirteanna dlighinse achmaire a chur ar dhaoine chiontóidh na cúirteanna san in aon chionta den tsórt san, ach san i slí nach mó aon phionós den tsórt san ná príosúntacht ar feadh téarma de shé mhí no fíneáil de dhá chéad punt no an phríosúntacht agus an fhíneáil sin le chéile.

(5) Féadfaidh an Ard-Chomhairle, le hordú fén bhfo-alt so, ceiliúradh no leasú do dhéanamh ar aon ordú bheidh déanta ag an Ard-Chomhairle fén Acht so, le n-a n-áirmhítear ordú bheidh déanta fén bhfo-alt so.

(6) Gach ordú dhéanfaidh an Ard-Chomhairle fén Acht so leagfar é fé bhráid Dháil Éireann chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann Dáil Éireann, laistigh den lá is fiche shuidhfidh Dáil Éireann tar éis an orduithe sin do leagadh amhlaidh fé bhráid Dháil Éireann, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú san.

Rialacháin.

6. —Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh—

(a) i dtaobh éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so (ach amháin i gCuid II dhe) mar ní no mar rud atá orduithe;

(b) i dtaobh éinní no aon ruda go n-údarófar don Aire ina thaobh, le hordú ar n-a dhéanamh ag an Ard-Chomhairle fén Acht so, rialacháin do dhéanamh chun crícheanna an orduithe sin do chólíonadh;

(c) i dtaobh éinní no aon ruda a húdaruítear don Aire leis an Acht so d'ordú le rialacháin ar n-a ndéanamh fén Acht so.

Táillí.

7. —Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis na táillí uile is iníoctha fén Acht so, sé sin le rá:—

(a) déanfar na táillí sin do bhailiú in airgead agus do thógaint i pé slí ordóidh an tAire Airgid o am go ham, agus déanfar iad d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste do réir orduithe an Aire Airgid; agus

(b) ní bheidh feidhm ag an Public Offices (Fees) Act, 1879, maidir leis na táillí sin.

An Air Navigation Act, 1920, d'ath-ghairm.

8. —Athghairmtear leis seo an Air Navigation Act, 1920.

Costaisí.

9. —Déanfar na costaisí uile fé n-a raghaidh an tAire Airgid chun an Achta so d'fheidhmiú agus, sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é, na costaisí uile fé n-a raghaidh an tAire Dlí agus Cirt, an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, an tAire Puist agus Telegrafa, agus an tAire amhlaidh, déanfar iad d'íoc, mara ndeintear socrú eile ina dtaobh fén Acht so, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.