41 1936


Uimhir 41 de 1936.


ACHT TALMHAN, 1936.


ACHT CHUN NA nACHTANNA TALAMH-CHEANNAIGH DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AR SHLITE IOMDHA.

[14adh Lúnasa, 1936.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Gearr-theideal, léiriú agus luadh.

1. —(1) Féadfar an tAcht Talmhan, 1936 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis na hAchtanna Talamh-Cheannaigh agus féadfar é luadh i dteanta na nAchtanna san.

Rialacha generálta.

2. —An chomhacht chun rialacha do dhéanamh a bronntar le fo-ailt (1) agus (2) d'alt 3 den Acht Talmhan, 1933 , bainfe sí le rialacha do dhéanamh, agus beidh sí infheidhmithe chun rialacha do dhéanamh, chun forálacha (seachas forálacha bhaineann le hairgead talamh-cheannaigh) an Achta so do chur in éifeacht, agus san Acht so cialluíonn an focal “orduithe” orduithe leis na rialacha san.

Costaisí.

3. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghaidh an tAire Tailte, agus gach suim íocfaidh agus gach costas fé n-a raghaidh Coimisiún na Talmhan, chun an Achta so do chur i bhfeidhm.

Tarraicí chun bannaí talmhan d'fhuascailt.

4. —(1) Féadfar, le rialacháin a dhéanfaidh an tAire Airgid fé Acht na mBannaí Talmhan, 1933 (Uimh. 33 de 1933) , chun crícheanna fo-ailt (4) d'alt 4 den Acht san agus le haon ordú no rialacháin a dhéanfaidh an tAire sin fé Acht na mBannaí Talmhan, 1934 (Uimh. 11 de 1934) , chun crícheanna fo-ailt (2) d'alt 7 den Acht san, socrú do dhéanamh i gcóir an dá ní seo leanas no i gcóir ceachtair acu, sé sin le rá:—

(a) ná déanfar aon tarraicí chun fuascailte na mbannaí talmhan no an tsreatha de bhannaí talmhan le n-a mbainfidh na rialacháin no an t-ordú san sara mbeidh dhá bhliain caithte ón dáta ar ar tugadh amach an chéad chuid de sna bannaí talmhan san no den tsreath san de bhannaí talmhan no go dtí go mbeidh, ar an ladh lá de Bhealtaine éigin no ar an 1adh lá de Mhí na Samhna éigin, ochtó per cent. ar a laighead d'ainmmhéid an mhéide sin de sna bannaí talmhan san no den tsreath san de bhannaí talmhan a bheidh tugtha amach roimh an lá san cláruithe i leabhair Bhanc Náisiúnta na Cathrach,

(b) go bhféadfar, chun crícheanna aon tarraic chun fuascailte na mbanna talmhan san no an tsreatha san de bhannaí talmhan, bannaí talmhan d'ainm-luach deich bpúnt do ghrúpáil ina n-aonaid de chéad púnt agus bannaí talmhan d'ainm-luach púint do ghrúpáil ina n-aonaid de chéad púnt freisin.

(2) Na suimeanna uile cuirfear i leataoibh i gciste na mbannaí talmhan do réir ailt 5 d'Acht na mBannaí Talmhan, 1933 (Uimh. 33 de 1933) , no do réir orduithe ar n-a dhéanamh fé alt 4 d'Acht na mBannaí Talmhan, 1934 ( Uimh. 11 de 1934 ), agus ná beidh ag teastáil láithreach chun bannaí talmhan d'fhuascailt, féadfaidh an tAire Airgid, más oiriúnach leis é, iad do shuncáil i gceannach aon stuic, ciste, no urrúis go n-údaruítear d'iontaobhaithe le halt 18 den Acht um Oiriúnú Achtanna, 1922 ( Uimh. 2 de 1922 ), cistí iontaobhais do shuncáil ionta no i gceannach aon stuic, scaireanna, no urrúis go n-urruítear a gcolann agus an t-ús ortha fé údarás reachtúil ag Rialtas Shaorstáit Éireann, agus má deintear agus pé uair a déanfar aon tsuim a bheidh curtha i leataoibh amhlaidh do shuncáil amhlaidh beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) beidh sé dleathach don Aire Airgid, fé mar is oiriúnach agus nuair is oiriúnach leis é, aon tsuncáil den tsórt san do dhíol;

(b) déanfar an toradh glan do gheobhfar as díol aon tsuncála den tsórt san d'íoc isteach i gciste na mbannaí talmhan;

(c) déanfar an t-ús no an díbhinn go léir do gheobhaidh an tAire Airgid ar aon tsuncáil no alos aon tsuncála den tsórt san d'íoc isteach i gciste na mbannaí talmhan;

(d) beidh an t-airgead go léir a híocfar isteach i gciste na mbannaí talmhan fén alt so alos aon tsuncála ar fáil chun aon chríche chun a mbeadh an t-airgead do húsáideadh chun na suncála san do cheannach ar fáil.

Blianachtaí cistiúcháin ar ghabháltaisí ath-thógtha d'fhuascailt.

5. —(1) Pé uair ath-thógfaidh Coimisiún na Talmhan gabháltas ar a mbeidh blianacht chistiúcháin ina muirear, fuasclófar an bhlianacht chistiúcháin sin as praghas ath-thógtha an ghabháltais sin tré oiread de sna bannaí talmhan in aghaidh an phraghais ath-thógtha san do dhíol is leor chun praghas fuascailte na blianachta cistiúcháin sin d'íoc.

(2) Pé uair a déanfar blianacht chistiúcháin d'fhuascailt do réir an ailt seo, déanfar amach a praghas fuascailte do réir ailt 22 den Acht Talmhan, 1933 .

Blianachtaí ceannaigh ar ghabháltaisí do thóg Coimisiún na Talmhan d'fhuascailt.

6. —(1) Pé uair a déanfar, do réir ailt 14 den Acht Talmhan, 1923 , praghas fuascailte blianachta ceannaigh a bheidh ina muirear ar thalamh do thóg Coimisiún na Talmhan d'áireamh agus deighleáil leis mar éileamh i gcoinnibh airgid cheannaigh na talmhan san, déanfar (d'ainneoin éinní atá in alt 3 den Acht Talmhan, 1923 , mar a leasuítear san le halt 4 d'Acht na mBannaí Talmhan, 1925 ( Uimh. 25 de 1925 ), no san alt san 3 mar a leasuítear amhlaidh é agus mar a cuirtear i mbaint é tré alt 2 d'Acht na mBannaí Talmhan, 1933 ( Uimh. 33 de 1933 ), no tré alt 2 d'Acht na mBannaí Talmhan, 1934 ( Uimh. 11 de 1934 )) praghas fuascailte na blianachta ceannaigh sin d'íoc tré oiread de sna bannaí talmhan in aghaidh an airgid cheannaigh sin d'aistriú chun Coimisiún na Talmhan is leor do réir phraghais an lae chun praghas fuascailte na blianachta ceannaigh sin d'íoc.

(2) Deintear leis seo fo-alt (3) d'alt 1 den Acht Talmhan, 1923 , mar a leasuítear san le halt 3 d'Acht na mBannaí Talmhan, 1925 , do leasú tríd an abairt atá anois ann agus dar tosach na focail “Socrófar leis na rialacháin sin” agus dar críoch na focail “fén Acht so” do scriosadh amach as.

Deontaisí maidir le himircigh d'aistriú.

7. —(1) Na comhachta atá ag Coimisiún na Talmhan chun airgead do chaitheamh chun tairbhe tailimh no chun feabhsuithe tailimh a ceannuíodh no a haontuíodh a cheannach fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh, folóid agus bainfid le suimeanna do dheonadh d'imirceach no do chaitheamh chun tairbhe imircigh (pe'ca roimh é chur i seilbh a ghabháltais nua no dá éis sin é ach ní níos déanaí ná ocht mí dhéag tar éis é chur i seilbh amhlaidh) pé suimeanna is dóich le Coimisiún na Talmhan is gá no is oiriúnach chun ceachtar críche no chun an dá chrích acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) chun an imircigh sin do cheannach lóin agus abhair theine dhó féin agus do bhaill a líntighe bheidh in éintigheas leis, no chun na nithe sin do cheannach dó;

(b) chun cabhruithe leis an imirceach san i saothrú agus i bhforbairt a ghabháltais nua.

(2) Na suimeanna chaithfidh Coimisiún na Talmhan fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, déanfar, chó fada leis an méid ach ní thar an méid a cheadóidh an tAire Airgid in aghaidh gach bliana fé leith, iad d'íoc amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(3) Na costaisí chun imircigh d'aistriú chun a ngabháltas nua agus go dtugtar comhacht do Choimisiún na Talmhan, le halt 48 den Acht Talmhan, 1931 , deontaisí do dheonadh ina n-aghaidh, folóid agus tuigfear gur fholuíodar riamh na costaisí chun imirceach do thabhairt chun gabháltas d'iniúchadh a beartuítear a thabhairt dó.

Blianacht agus riaráiste d'aistriú ar ghabháltaisí do mhalairtiú.

8. —(1) Má deintear gabháltas nua do sholáthar d'imirceach mar mhalairt ar sheana-ghabháltas ar a mbeidh blianacht chistiúcháin ina muirear, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) déanfar, mara n-orduighidh Coimisiún na Talmhan a mhalairt, an bhlianacht chistiúcháin sin d'aistriú chun an ghabháltais nua agus do mhuirearú air, ag saoradh an tseana-ghabháltais, ar an dáta agus ón dáta ar a n-aistreofar an seana-ghabháltas chun Coimisiún na Talmhan, agus

(b) déanfar muirear na blianachta cistiúcháin sin ar an ngabháltas nua d'áireamh i dtánaiste don bhlianacht cheannaigh, don chíos, don ús, no don íocaíocht bhliantúil eile (do réir mar bheidh) a bheidh ina muirear ar an ngabháltas san no ag teacht as, agus

(c) má bhíonn an gabháltas nua no má thagann sé chun bheith fé bhlianacht cheannaigh, déanfar an bhlianacht chistiúcháin sin do chó-dhlúthú leis an mblianacht cheannaigh sin do réir rialachán do rinne no dhéanfaidh an tAire Airgid.

(2) Má deintear gabháltas nua do sholáthar d'imirceach mar mhalairt ar sheana-ghabháltas atá fé bhlianacht cheannaigh chun aisíoctha airgid cheannaigh go ndearnadh riaráiste cíosa no riaráiste úis ar airgead cheannaigh (pe'ca go gcostaisí agus caiteachaisí no ina n-éamuis é) do chur leis fé fho-alt (2) d'alt 16 den Acht Talmhan, 1933 , ar an ngabháltas san do dhílsiú sa cheannuitheoir, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) déanfar, mara n-orduighidh Coimisiún na Talmhan a mhalairt, an bhlianacht cheannaigh sin do chion-roinnt agus déanfar an chuid sin di ionaduíonn an riaráiste sin agus na costaisí agus na caiteachaisí sin (más ann dóibh) do cuireadh leis an airgead ceannaigh mar adubhradh d'aistriú chun an ghabháltais nua agus do mhuirearú air, ag saoradh an tseana-ghabháltais, ar an dáta agus ón dáta ar a n-aistreofar an seana-ghabháltas chun Coimisiún na Talmhan, agus

(b) má bhíonn an gabháltas nua no má thagann sé chun bheith fé bhlianacht cheannaigh, déanfar an chuid sin den bhlianacht cheannaigh ar an seana-ghábhaltas a haistreofar amhlaidh chun an ghabháltais nua do chódhlúthú leis an mblianacht cheannaigh sin ar an ngabháltas nua do réir rialachán do rinne no dhéanfaidh an tAire Airgid.

(3) Má deintear gabháltas nua do sholáthar d'imirceach mar mhalairt ar sheana-ghabháltas sara mbeidh an seana-ghabháltas san dílsithe ann, déanfar gach riaráiste cíosa no gach riaráiste úis ar airgead cheannaigh agus gach costas agus caiteachas (más ann dóibh) do cuirfí, fé fho-alt (2) d'alt 16 den Acht Talmhan, 1933 , le hairgead ceannaigh an tseana-ghabháltais ar san do dhílsiú i gceannuitheoir, déanfar, in ionad iad chur leis an airgead ceannaigh sin amhlaidh, iad do chur (mara n-orduighidh Coimisiún na Talmhan a mhalairt) le hairgead ceannaigh an ghabháltais nua nuair a dílseofar é san imirceach san.

(4) Má deintear gabháltas nua do sholáthar d'imirceach mar mhalairt ar sheana-ghabháltas, déanfar gach riaráiste blianachta ceannaigh, úis, cíosa no íocaíochta bliantúla eile (más aon riaráiste é) a bheidh ina muirear ar an seana-ghabháltas no iníoctha ina thaobh agus d'fhás tar éis an chéad lá gála sa bhliain 1933 agus do bhí dlite agus iníoctha ar dháta an tseana-ghabháltais d'aistriú chun Coimisiún na Talmhan agus fós méid gach costais agus caitheachais (más ann dóibh) fé n-a ndeachaidh Coimisiún na Talmhan roimh dháta an aistrithe sin in imeachta chun aon riaráiste den tsórt san do bhaint amach, déanfar, mara n-orduighidh Coimisiún na Talmhan a mhalairt, iad d'aistriú chun an ghabháltais nua agus do mhuirearú air, ag saoradh an tseana-ghabháltais, ar dháta agus o dháta an aistrithe sin agus beid ionbhainte amach as an ngabháltas nua díreach fé is dá mba alos an ghabháltais nua do bheadh an bhlianacht cheannaigh, an t-ús, an cíos no an íocaíocht bhliantúil eile sin iníoctha.

(5) Na forálacha atá san alt so is forálacha iad i dteanta agus ní forálacha iad in ionad na bhforálacha d'alt 46 den Acht Talmhan, 1923 , a bhaineann le hualaí d'aistriú ar ghabháltaisí do mhalairtiú.

(6) San alt so foluíonn an focal “gabháltas” paiste talmhan nea-thionóntuithe.

Gabháltaisí faillitheoirí do dhíol agus riaráiste glanta dhíobh.

9. —I gcás Coimisiún na Talmhan d'fháil seilbhe gabháltais fé alt 37 den Acht Talmhan, 1927 , mar gheall ar fhaillí in íoc na blianachta ceannaigh a bheidh ina muirear ar an ngabháltas san no i gcás iad do thógaint paiste talmhan o leith-rannaí mar gheall ar fhaillí in íoc úis, cíosa, no íocaíochta bliantúla eile is iníoctha alos an phaiste sin, féadfaidh Coimisiún na Talmhan, le toiliú an Aire Airgid, an gabháltas san d'ath-dhíol no an paiste sin do leith-roinnt ath-uair agus iomlán riaráiste no cuid áirithe de riaráiste na blianachta ceannaigh no na híocaíochta bliantúla san (do réir mar bheidh) glanta dhe agus déanfaid sa chás san an riaráiste bheidh glanta den ghabháltas no den phaiste sin amhlaidh do scriosadh amach mar riaráiste nach féidir a bhaint amach.

Bannaí talmhan iomarcacha no nea-dhóthanacha do tugadh amach in aghaidh riaráiste chíosa shocruithe.

10. —Beidh feidhm agus éifeacht ag forálacha fo-ailt (3) d'alt 13 agus míreanna (c) agus (d) d'fho-alt (2) d'alt 15 den Acht Talmhan, 1931 , agus ag forálacha alt 18, 19, agus 20 den Acht san (mar a leasuítear san leis an Acht so) agus tuigfear feidhm agus éifeacht do bheith riamh acu maidir leis an gcuid de bhlianacht cheannaigh is iníoctha alos suimeanna cuirtear leis an airgead ceannaigh in aghaidh riaráiste chíosa shocruithe fé mar atá feidhm agus éifeacht acu maidir leis an gcuid eile den bhlianacht cheannaigh sin, agus beidh an éarlais urraíochta oiriúnach a coinnítear fé alt 21 den Acht Talmhan, 1931 , ar fáil maidir leis an gcuid sin den bhlianacht cheannaigh sin dá réir sin.

Forálacha i dtaobh bannaí talmhan iomarcacha do tugadh amach do leasú.

11. —(1) San alt so cialluíonn an abairt “bannaí talmhan iomarcacha” bannaí talmhan do tugadh amach alos roimh-íoca do rinneadh chun gabháltas do cheannach agus ná bíonn ag teastáil chuige sin toisc na n-imeacht alos an ghabháltais sin do bheith caithte amach no toisc blianacht cheannaigh an ghabháltais sin do laigheadú.

(2) I gcás bannaí talmhan iomarcacha do bheith tugtha amach ach gan iad do bheith dáilithe, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas i bhfuirm leasuithe ar ailt 13, 15, 18, 19, agus 20 den Acht Talmhan, 1931 , agus tuigfear, sa mhéid go bhfuilid buiniscionn le forálacha aon ailt acu san, iad do bheith curtha in ionad forálacha na n-alt san, sé sin le rá:—

(a) aistreoidh Coimisiún na Talmhan na bannaí talmhan iomarcacha san (maraon leis an ús oiriúnach a bheidh fásta ortha o dháta a dtabhartha amach go dtí an lá deiridh chun díbhinní ortha d'íoc) chun cuntais choigeartuithe i leabhair Choimisiún na Talmhan;

(b) pé uair is gá, sa chás a luaidhtear i bhfo-alt (1) d'alt 18 den Acht Talmhan, 1931 , bannaí talmhan breise do thabhairt amach, féadfaidh Coimisiún na Talmhan, in ionad na mbannaí talmhan breise sin do thabhairt amach, na bannaí talmhan san do sholáthar tríd an méid is gá de bhannaí talmhan (maraon le pé ús fásta is gá) den tsreath oiriúnach d'aistriú ón gcuntas coigeartuithe sin chun creidiúna don estát ina mbeidh na bannaí talmhan breise sin ag teastáil;

(c) fuasclóidh Coimisiún na Talmhan no scriosfaid amach na roimh-íocanna agus an síntiús Stáit gur tugadh amach ina n-aghaidh bannaí talmhan a haistreofar fén alt so chun an chuntais choigeartuithe sin;

(d) beidh feidhm agus éifeacht ag fo-alt (2) den alt san 18 maidir le bannaí talmhan a haistreofar fén alt so ón gcuntas coigeartuithe sin chun creidiúna d'estát fé is dá mba bannaí talmhan breise a tabharfaí amach ar dháta an aistrithe sin na bannaí talmhan san;

(e) na bannaí talmhan uile a haistreofar fén alt so chun an chuntais choigeartuithe sin agus ná haistreofar fén alt so chun creidiúna d'estát, déanfar iad do chealú no do chur de láimh i slí eile ar pé cuma ordóidh an tAire Airgid o am go ham;

(f) pé uair a haistreofar bannaí talmhan fén alt so chun an chuntais choigeartuithe sin, déanfaidh an díoltóir, no an duine eile bheidh tar éis an úis ar na bannaí talmhan san d'fháil, suim d'íoc le Coimisiún na Talmhan is có-ionann leis an méid sin, den ús a bheidh fásta ar na bannaí talmhan san suas go dtí dáta an aistrithe sin, ná beidh ar fáil chun a aistrithe fén alt so i dteanta na mbannaí talmhan san chun an chuntais choigeartuithe sin, agus mara n-íoctar agus sa mhéid ná híocfar an tsuim sin amhlaidh le Coimisiún na Talmhan féadfaidh Coimisiún na Talmhan í bhaint amach ar an dáiliú do dhéanamh mar éileamh i gcoinnibh an airgid cheannaigh.

(3) Déanfar agus deintear leis seo an mhír seo leanas do chur isteach in alt 20 den Acht Talmhan, 1931 , in ionad míre (c) den alt san agus freisin i bhfo-alt (4) d'alt 21 den Acht san in ionad míre (b) den fho-alt san, sé sin le rá:—

“suim is có-ionann leis an ús do réir ceathair agus trí cheathrú per cent. per annum ar an méid sin, de sna bannaí talmhan do fuascladh amhlaidh, do tugadh amach i gcóir roimh-íocanna do cheannuitheoirí in aghaidh na tréimhse o dháta na mbannaí talmhan san do thabhairt amach go dtí an lá, chun díbhinní ar na bannaí talmhan san d'íoc, is déanaí thiocfaidh roimh na bannaí talmhan san d'fhuascailt.”

(4) Beidh an t-alt so fé mar a bheadh éifeacht aige agus tuigfear éifeacht do bheith riamh aige ar dháta agus o dháta an Achta Talmhan, 1931 , do rith.

Tráthanna chun suimeanna breise d'íoc.

12. —(1) Athghairmtear leis seo alt 51 (alt a bhaineann leis na tráthanna chun suimeanna breise d'íoc) den Acht Talmhan, 1931 , agus ina ionad san achtuítear leis seo, maidir le gach suim bhreise is gá do réir na nAchtanna Talamh-Cheannaigh do cheannuitheoir a íoc le Coimisiún na Talmhan an chéad lá gála bheidh tráthchuid de bhlianacht cheannaigh no de shuim is có-ionann le blianacht cheannaigh iníoctha, go n-íocfar í pé tráthanna agus díreach i pé slí ina mbeadh sí iníoctha dá mba ná hachtófaí an t-alt san 51 riamh.

(2) D'ainneoin éinní atá sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so, leanfaidh na tráthchoda uile de shuimeanna breise, go raibh orduithe tugtha roimh an Acht so do rith ag Coimisiún na Talmhan i dtaobh a n-íoctha, de bheith iníoctha agus íocfar iad do réir an ailt sin 51 den Acht Talmhan, 1931 , agus do réir rialacha do rinne Coimisiún na Talmhan fé.

Alt 38 den Acht Talmhan, 1933 , do chur i mbaint le gabháltaisí fé chíosanna cúirte.

13. —(1) Beidh feidhm ag alt 38 den Acht Talmhan, 1933 , agus tuigfear feidhm do bheith riamh aige i gcás gabháltais ar liost de ghabháltaisí dílsithe ar n-a fhoillsiú fé alt 9 den Acht Talmhan, 1931 , atá fé chíos chúirte chó maith le feidhm do bheith aige i gcás gabháltais ar liost den tsórt san atá fé chíos seachas cíos cúirte, agus dá réir sin an chomhacht a bronntar ar Choimisiún na Talmhan leis an alt san chun na riail-bhlianachta ceannaigh do ghabháltas do cheapadh sa tslí foráltar le Cuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Talmhan, 1923 , beidh sí infheidhmithe agus tuigfear í bheith infheidhmithe riamh, sa chás a luaidhtear san alt san, maidir le gabháltas atá fé chíos chúirte chó maith le hí bheith infheidhmithe maidir le gabháltas atá fé chíos seachas cíos cúirte.

(2) An chomhacht a bronntar ar Choimisiún na Talmhan leis an alt san 38 den Acht Talmhan, 1933 , mar a leathnuítear san leis an bhfo-alt san roimhe seo den alt so, chun na riailbhlianachta ceannaigh do ghabháltas do cheapadh sa tslí foráltar le Cuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Talmhan, 1923 , féadfar í d'fheidhmiú, sa chás a luaidhtear san alt san 38, maidir le gabháltas áirithe atá fé chíos chúirte d'ainneoin aon orduithe no breithe contrárdha dhó san alos an ghabháltais áirithe sin do rinneadh no do tugadh roimh an Acht so do rith agus do rinneadh no do tugadh amhlaidh ar an bhforas go raibh an gabháltas san fé chíos chúirte agus ar an bhforas san amháin.

Comhacht chun aontú i dtaobh riail-bhlianachta ceannaigh gabháltais ná fuil fé chíos chúirte.

14. —I gcás tiarna talmhan agus tionónta gabháltais le n-ar bhain Cuid II den Sceideal a ghabhann leis an Acht Talmhan, 1923 , do chó-aontú, tar éis an Achta Talmhan, 1929 , do rith agus roimh an Acht so do rith no dá éis sin, i dtaobh méid riailbhlianachta ceannaigh an ghabháltais sin, isí an riail-bhlianacht cheannaigh ar ar có-aontuíodh no ar a gcó-aontófar amhlaidh a bheidh mar riail-bhlianacht cheannaigh ar an ngabháltas san d'ainneoin éinní atá in alt 2 den Acht Talmhan, 1929 , ach gan dochar do chomhachta Choimisiún na Talmhan fé alt 38 den Acht Talmhan, 1933 , chun na riail-bhlianachta ceannaigh sin do laigheadú.

Ceannuitheoirí do dhéanamh íocaíochtaí in airgead.

15. —(1) I gcás riail-phraghas gabháltais maraon leis an riaráiste cíosa socruithe (más ann dó) do dhul thar an méid aontóidh Coimisiún na Talmhan, tar éis an Achta so do rith, do roimh-íoc leis an gceannuitheoir chun an ghabháltais sin do cheannach, beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) íocfaidh an tionónta méid na breise bheidh ag an riailphraghas san maraon leis an riaráiste cíosa socruithe sin (más ann dó) ar an méid a haontófar amhlaidh do roimh-íoc;

(b) beidh an tionónta i dteideal creidiúint d'fháil, i gcoinnibh an mhéide bheidh le n'íoc aige amhlaidh, sa mhéid sin de sna híocaíochtaí bheidh íoctha aige in aghaidh na suime bliantúla is iníoctha alos an ghabháltais tar éis an lae cheaptha is có-ionann le híocaíochtaí alos an chiste fhiach-laigheaduithe is ionchurtha i leith na breise sin;

(c) déanfaidh an tionónta, sara ndílseofar an gabháltas ann, suim airgid d'íoc is có-ionann leis an deifríocht a bheidh idir an bhreis sin agus na híocaíochtaí ina mbeidh sé i dteideal creidiúint d'fháil mar adubhradh;

(d) déanfar an tsuim airgid íocfaidh an tionónta amhlaidh d'íoc isteach i gciste na mbannaí talmhan agus beidh an tsuim sin, maraon leis na híocaíochtaí ina mbeidh sé i dteideal creidiúint d'fháil mar adubhradh, ina nglanadh ar a gcó-mhéid (agus ní níos mó ná san) den riail-phraghas san maraon leis an riaráiste cíosa socruithe sin (más ann dó);

(e) ní tuigfear chun críche ar bith gur fuascailt ná fuascailt leathrannach ar bhlianacht cheannaigh na headarghnóthaí luaidhtear sna míreanna san roimhe seo den fho-alt so, agus dá réir sin ní bheidh feidhm ná éifeacht ag éinní atá in alt 22 den Acht Talmhan, 1933 , maidir leis na headar-ghnóthaí sin.

(2) I gcás Coimisiún na Talmhan d'ordú go ndéanfaidh an leithrannaí no an tionónta iomlán an airgid cheannaigh no cuid den airgead cheannaigh ar phaiste talmhan d'íoc in airgead sara ndílseofar an paiste ann, beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) an méid a hordófar amhlaidh don leith-rannaí no don tionónta d'íoc in airgead déanfar, ar an leith-rannaí no an tionónta san á íoc amhlaidh, é d'íoc isteach i gciste na mbannaí talmhan no i gciste na mblianacht ceannaigh (do réir mar bheidh) agus beidh sé ina ghlanadh ar a chó-mhéid (agus ní níos mó ná san) d'airgead cheannaigh an estáit ina bhfuil an paiste sin;

(b) más dóich le Coimisiún na Talmhan é bheith cothrom, ag féachaint do chúrsaí uile an cháis, go bhfuigheadh an leith-rannaí no an tionónta san na sochair chéanna maidir leis an méid is iníoctha aige amhlaidh atá duine, cheannuíonn paiste thalmhan tré roimh-íoc fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh, i dteideal d'fháil fé alt 19 den Acht Talmhan, 1933 , maidir le hathscrúdú na blianachta ceannaigh ar an bpaiste sin, féadfaidh Coimisiún na Talmhan an méid is iníoctha amhlaidh ag an leith-rannaí no ag an tionónta san do laigheadú dá réir sin;

(c) i gcás an méid sin is iníoctha amhlaidh ag an leith-rannaí no ag an tionónta san do laigheadú fén mír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so, ní bheidh íoc an mhéide laigheaduithe sin in airgead ag an leith-rannaí no ag an tionónta san ina ghlanadh ach ar an méid sin, d'airgead cheannaigh an estáit ina bhfuil an paiste sin, is có-ionann leis an suim is iníoctha amhlaidh in airgead ag an leith-rannaí no ag an tionónta san no (i gcás an leith-rannaí no an tionónta san d'fháil na sochar a luaidhtear sa mhír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so) dob' iníoctha aige amhlaidh in airgead dá mba ná faghadh sé na sochair sin;

(d) ní tuigfear chun críche ar bith gur fuascailt ná fuascailt leathrannach ar bhlianacht cheannaigh na headarghnóthaí luaidhtear sna míreanna san roimhe seo den fho-alt so, agus dá réir sin ní bheidh feidhm ná éifeacht ag éinní atá in alt 22 den Acht Talmhan, 1933 , maidir leis na headar-ghnóthaí sin.

E bheith d'oblagáid cuid de roimhíocanna áirithe d'íoc in iomlán.

16. —(1) Pé uair a raghaidh an méid a bheidh le roimh-íoc le ceannuitheoir gabháltais no paiste thalmhan agus a bheidh ceaduithe fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh thar suim thrí mhíle púnt no, i gcás gabháltais le n-a mbaineann fo-alt (2) d'alt 9 den Acht Talmhan, 1927 , thar suim chúig mhíle púnt, ansan agus i ngach cás den tsórt san beidh an tsuim bhliantúil, an tsuim bhreise, an t-ús ar an airgead ceannaigh, agus an bhlianacht cheannaigh alos an mhéide sin den roimh-íoc san a raghaidh thar trí mhíle púnt no thar cúig mhíle púnt (do réir mar bheidh) beid, d'ainneoin éinní atá i gCuid III den Acht Talmhan, 1933 , iníoctha in iomlán ag an gceannuitheoir.

(2) Pé uair—

(a) a déanfar an méid a bheidh le roimh-íoc le ceannuitheoir gabháltais no paiste thalmhan do cheadú fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh, agus

(b) a bheidh an ceannuitheoir sin no bean chéile no fear céile an cheannuitheora san ina dhílseánach, no bheidh an ceannuitheoir sin agus a bhean chéile no a fear céile ina ndílseánaigh ar leithligh no in éineacht (pe'ca mar chó-thionóntaithe no mar thionóntaithe-igcósheilbh é), ar thailte go ndearnadh roimh-íocanna chun a gceannuithe fé aon cheann de sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh, agus

(c) a raghaidh an méid sin a bheidh le roimh-íoc, agus é ceaduithe amhlaidh, leis an gceannuitheoir sin, maraon le luach caipitaluithe (a háirmheofar do réir ceithre púint agus cúig scillinge déag per cent.) na mblianacht ceannaigh bunaidh do bunuíodh chun na roimhíocanna luaidhtear sa mhír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so d'aisíoc, thar suim thrí mhíle púnt no, i gcás gabháltais le n-a mbaineann fo-alt (2) d'alt 9 den Acht Talmhan, 1927 , thar suim chúig mhíle púnt,

ansan agus i ngach cás den tsórt san beidh an tsuim bhliantúil, an tsuim bhreise, an t-ús ar an airgead ceannaigh, agus an bhlianacht cheannaigh alos an mhéid sin den roimh-íoc san a raghaidh, má cuirtear an luach caipitaluithe sin leis, thar trí mhíle púnt no thar cúig mhíle púnt (do réir mar bheidh) beid, d'ainneoin éinní atá i gCuid III den Acht Talmhan, 1933 , iníoctha in iomlán ag an gceannuitheoir sin.

Táillí agus costaisí do ghearradh fé bharántaisí o Choimisiún na Talmhan.

17. —(1) Clárathóir contae bheidh ag feidhmiú barántais do bhéarfaidh Coimisiún na Talmhan amach fé alt 28 den Acht Talmhan, 1933 , beidh sé i dteideal—

(a) más mó ná trí chéad púnt an t-airgead a deimhneofar sa bharántas san do bheith dlite, táillí agus costaisí, ar n-a ndéanamh amach do réir na scálaí bheidh ceaptha ag an Aire Dlí agus Cirt fé mhír (a) d'fho-alt (1) d'alt 14 den Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1926 ( Uimh. 18 de 1926 ), agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, d'éileamh agus (má bhíonn san oiriúnach) do chur leis an airgead san agus (i gcás ar bith) do ghearradh fén mbarántas san, pé táillí agus costaisí do bheadh an clárathóir contae sin i dteideal d'éileamh no do chur leis an airgead agus do ghearradh amhlaidh dá mba ordú feidhmiúcháin (do réir bhrí an Achta san) ón Ard-Chúirt an barántas san, agus

(b) más mó ná cúig púint fhichead ach nach mó ná trí chéad púnt an t-airgead a deimhneofar sa bharántas san do bheith dlite, táillí agus costaisí, ar n-a ndéanamh amach do réir na scálaí sin, d'éileamh agus (má bhíonn san oiriúnach) do chur leis an airgead san agus (i gcás ar bith) do ghearradh fén mbarántas san, pé táillí agus costaisí do bheadh an clárathóir contae sin i dteideal d'éileamh no do chur leis an airgead agus do ghearradh amhlaidh dá mba ordú feidhmiúcháin (do réir bhrí an Achta san adubhradh) on gCúirt Chuarda an barántas san, agus

(c) maran mó ná cúig púint fhichead an t-airgead a deimhneofar sa bharántas san do bheith dlite, táillí agus costaisí, ar n-a ndéanamh amach do réir na scálaí sin, d'éileamh agus (má bhíonn san oiriúnach) do chur leis an airgead san agus (i gcás ar bith) do ghearradh fén mbarántas san, pé táillí agus costaisí do bheadh an clárathóir contae sin i dteideal d'éileamh no do chur leis an airgead agus do ghearradh amhlaidh dá mba ordú feidhmiúcháin (do réir bhrí an Achta san adubhradh) ón gCúirt Dúithche an barántas san.

(2) Beidh an fo-alt san roimhe seo den alt so fé mar a bheadh éifeacht aige agus tuigfear éifeacht do bheith riamh aige ar dháta agus o dháta an Achta Talmhan, 1933 , do rith, agus dá réir sin ní déanfar ná ní tuigfear go ndearnadh aon bharántas do thug Coimisiún na Talmhan amach fé alt 28 den Acht san roimh an Acht so do rith do chur ar nea-mbrí ná do dhocharú in aon tslí tré aon táillí no costaisí do chur leis an airgead a deimhnítear leis do bheith dlite do féadfaí do réir dlí do chur leis amhlaidh dá mbeadh an fo-alt san roimhe seo i bhfeidhm an tráth san, agus aon ghearradh do rinne clárathóir contae roimh an Acht so do rith ar mhéid aon táillí no costaisí den tsórt san a cuireadh leis an airgead amhlaidh agus ba ghearradh dleathach dá mbeadh an fo-alt san roimhe seo i bhfeidhm an tráth san ní bheidh sé ná ní tuigfear é bheith riamh nea-dhleathach.

(3) Tuigfear clárathóir contae, agus é ag déanamh feidhmithe roimh an Acht so do rith ar bharántas do thug Coimisiún na Talmhan amach fé alt 28 den Acht Talmhan, 1933 , do bheith i dteideal riamh pé táillí agus costaisí d'éileamh agus (má bhí san oiriúnach) do chur leis an airgead do deimhníodh sa bharántas san do bheith dlite agus (i gcás ar bith) do ghearradh fén mbarántas san (in ionad na dtáillí agus na gcostaisí sin a luaidhtear sa chéad fho-alt den alt so) do luadhadh no do húdaruíodh no do tugadh le tuisgint do húdaruíodh chuige sin in aon ordú no le haon ordú do thug an tAire Dlí agus Cirt amach don chlárathóir chontae sin.

(4) Aon aicsean no imeacht eile do bunuíodh in aon chúirt roimh an Acht so do rith agus atá ar feitheamh le linn an Achta so do rith i gcoinnibh clárathóra chontae alos éinní do rinne sé fé bharántas do thug Coimisiún na Talmhan amach fé alt 28 den Acht Talmhan, 1933 , ní déanfar (fé réir an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo den alt so) é chur ar aghaidh tuilleadh ná dul chun cinn leis má tá no sa mhéid go bhfuil an imeacht san bunuithe ar gach ceann no ar aon cheann de sna ráitisí cúise seo leanas, sé sin le rá, gur éileamh nea-dhleathach an t-éileamh do rinne an clárathóir contae sin maidir leis an mbarántas san ar aon táillí no ar aon chostaisí do féadfaí a éileamh amhlaidh go dleathach dá mbeadh na fo-ailt sin roimhe seo den alt so i bhfeidhm an tráth san, no go ndearnadh an barántas san nea-dhleathach no go ndearnadh dochar dó tré aon táillí no tré aon chostaisí do chur leis an airgead do deimhníodh leis do féadfaí a chur leis amhlaidh go dleathach dá mbeadh na fo-ailt sin roimhe seo i bhfeidhm an tráth san, no go raibh sé nea-dhleathach aon táillí den tsórt san no aon chostaisí den tsórt san do ghearradh fén mbarántas san.

(5) D'ainneoin éinní atá sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, beidh sé dleathach don Chúirt ina bhfuil aon aicsean no imeacht eile den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san ar feitheamh le linn an Achta so do rith pé ordú do dhéanamh, ar iarratas an ghearánaí san imeacht san tar éis an Achta so do rith, i dtaobh costaisí na himeachta san is dóich leis an gCúirt sin is ceart.

(6) Nuair a bheidh an t-alt so á chur i bhfeidhm maidir le contae ina mbeidh fo-shirriam de thurus na huaire, beidh éifeacht ag an alt so agus, i gcás an chéad fho-ailt de, tuigfear éifeacht do bheith riamh aige fé is dá ndeintí an focal “fo-shirriam” do chur in ionad na habairte “clárathóir contae” ar fuaid an ailt seo.

Earraí do bheith ionghabhála fé bharántaisí o Choimisiún na Talmhan.

18. —(1) Clárathóir contae bheidh ag feidhmiú orduithe fheidhmiúcháin (seachas ordú chun seilbh tailte no áitreabh do thabhairt suas) do fuarthas ar agra Choimisiún na Talmhan no 'na mbeidh gearradh á dhéanamh aige fé bharántas do thug Coimisiún na Talmhan amach fé alt 28 den Acht Talmhan, 1933 , beidh sé de theideal aige, i dteanta gach comhachta eile bheidh dílsithe ann do réir dlí, an méid is inghearrtha fén ordú no fén mbarántas san do ghearradh tré ghabháil agus díol do dhéanamh, sa mhéid gur gá é, ar gach earra, ainmhí no áirnéis eile (pé duine gur leis iad) do gheobhfar ar na tailte ar a muirirítear no as a dtagann an t-airgead gur mar gheall ar fhaillí ina íoc do fuarthas an t-ordú feidhmiúcháin sin no do tugadh amach an barántas san.

(2) San alt so tá an bhrí chéanna leis an abairt “ordú feidhmiúcháin” atá léi san Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1926 (Uimh. 18 de 1926) , agus nuair a bheidh an t-alt so á chur i bhfeidhm maidir le contae ina mbeidh fo-shirriam de thurus na huaire cuirfear an focal “fo-shirriam” in ionad na habairte “clárathóir contae” san alt so.

Feidhm Coda II den Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1926 .

19. —Tuigfear gur breithiúntas cúirte inniúla, do réir bhrí ailt 15 den Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1926 (Uimh. 18 de 1926), barántas do bhéarfaidh Coimisiún na Talmhan amach fé alt 28 den Acht Talmhan, 1933 , agus an t-airgead a deimhneofar leis an mbarántas san do bheith dlite tuigfear chun crícheanna an ailt sin 15 é bheith dlite do Choimisiún na Talmhan fén mbarántas san, agus dá réir sin beidh feidhm agus éifeacht ag Cuid II den Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1926 , adubhradh, maidir leis an airgead san ach san fé réir an atharuithe go ndéanfar na focail “aon phróiseas de chuid na cúirte a thug an breithiúntas san” atá i mír (c) d'fho-alt (1) den alt san 15 do léiriú mar fhocail a chialluíonn barántas do bhéarfaidh Coimisiún na Talmhan amach fén alt san 28.

Riarthóirí teoranta do cheapadh i gcásanna áirithe.

20. —Más rud é, in aon imeachta fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh, go ndéanfaidh Coimisiún na Talmhan roimh-íoc chun gabháltas no paiste talmhan d'fheabhsú agus go mbeidh únaer an ghabháltais no an phaiste talmhan san tar éis bháis agus ná beidh aon ionadaí pearsanta dlíthiúil don únaer mharbh san ann no ná beidh seirbhísí ionadaí phearsanta dhlíthiúla an únaera mhairbh sin ar fáil go caothúil chun crícheanna na n-imeacht san, féadfaidh Coimisiún na Talmhan, ar pé téarmaí agus coinníollacha (más aon cheann é) is dóich leo is ceart, duine ceart éigin do cheapadh chun bheith ina riarthóir ar estát phearsanta an únaera mhairbh sin chun crícheanna na n-imeacht san agus chúcha san amháin, agus ar an gceapadh san do dhéanamh beidh an duine ceapfar leis sin chun bheith ina riarthóir theoranta den tsórt san, beidh sé, chun crícheanna na n-imeacht san, ina ionadaí don únaer mharbh san díreach fé is dá bhfuigheadh an t-únaer marbh san bás gan uacht do dhéanamh agus go ndeonfaí leitreacha a estáit phearsanta agus a éifeachtaí go cuibhe don duine sin do ceapadh amhlaidh chun bheith ina riarthóir theoranta den tsórt san.

Srian le talamh nea-thionóntuithe i gcontae ceanntracha cumhanga do dhílsiú.

21. —Aon talamh nea-thionóntuithe atá i gcontae ceanntracha cumhanga agus nár foillsíodh aon liost sealadach ina thaobh roimh an Acht so do rith ní dhílseoidh sé i gCoimisiún na Talmhan ar an lá ceaptha de bhuadh ailt 24 (mar a leasuítear no leathnuítear san le hachtacháin ina dhiaidh sin) den Acht Talmhan, 1923 , mara ndeimhnighidh na Coimisinéirí Tuaithe roimh an lá ceaptha an talamh san do bheith ag teastáil chun cumhangracht do leigheas no chun é d'ath-dhíol, fé sna comhachta bronntar le halt 32 den Acht Talmhan, 1933 , leis na daoine no leis na cóluchtaí luaidhtear in alt 31 (mar a leasuítear no leathnuítear san le hachtacháin ina dhiaidh sin) den Acht Talmhan, 1923 .

Deireadh do chur le comhachta fé alt 42 den Acht Talmhan, 1927 .

22. —(1) Féadfaidh Coimisiún na Talmhan roimh-íocanna do dhéanamh tar éis an Achta so do rith chun talamh do cheannach agus d'ath-dhíol fé sna comhachta bronntar le halt 42 den Acht Talmhan, 1927 , i gcás iarratas ar an gceannach agus ar an ath-dhíol san do lóisteáil le Coimisiún na Talmhan roimh an 1adh lá d'Eanar, 1936, ach ní déanfar aon roimh-íoc den tsórt san tar éis an Achta so do rith—

(a) le duine do dhiúltuigh, roimh an 1adh lá d'Eanar, 1936, don phaiste den talamh san do dáilíodh dó do cheannach, no

(b) mara ndearnadh éinní ón 1adh lá d'Eanar, 1935, chun na n-imeacht do chríochnú agus ná deimhneoidh Coimisiún na Talmhan nárbh aon fhaillí no teip o thaobh na bpáirtithe sna himeachta san fé ndeár gan san do dhéanamh.

(2) Ach amháin mar a húdaruítear leis an bhfo-alt san roimhe seo den alt so, ní dhéanfaidh Coimisiún na Talmhan aon roimh-íoc tar éis an Achta so do rith chun talamh do cheannach agus d'athdhíol fé sna comhachta bronntar le halt 42 den Acht Talmhan, 1927 .

Alt 24 den Acht Talmhan, 1923 , do leasú maidir le talamh foirgneoireachta.

23. —(1) An eisceacht o fhorálacha fo-ailt (1) d'alt 24 den Acht Talmhan, 1923 , a deintear le mír (e) d'fho-alt (2) den alt san, ní bhainfe sí, tar éis an Achta so do rith, ach le gabháltas no le paiste talmhan nea-thionóntuithe is dóich le Coimisiún na Talmhan is talamh go luach substainteach achtúil mar thalamh foirgneoireachta.

(2) Déanfar alt 7 den Acht Talmhan, 1927 , agus alt 46 den Acht Talmhan, 1933 (ailt a leasuíonn an mhír sin (e) d'fho-alt (2) d'alt 24 den Acht Talmhan, 1923 ) do leasú agus beidh éifeacht acu do réir an leasuithe a deintear ar an mír sin (e) leis an bhfo-alt san roimhe seo den alt so agus tuigfear iad do bheith leasuithe dá réir sin.

Leathnú ar na crícheanna chun ar féidir gabháltaisí d'ath-thógaint.

24. —(1) I dteanta na gcrícheanna chun a bhféadfaidh Coimisiún na Talmhan, fé sna hachtacháin do bhí i bhfeidhm díreach roimh an Acht so do rith, gabháltas d'ath-thógaint, féadfaidh Coimisiún na Talmhan gabháltas d'ath-thógaint chun talamh do sholáthar chun é d'ath-dhíol leis na daoine no leis na cóluchtaí luaidhtear in alt 31 den Acht Talmhan, 1923 , mar a leasuítear san le fo-alt (2) d'alt 33 den Acht Talmhan, 1933 .

(2) Má údaruíonn an Bínse Athchomhairc do Choimisiún na Talmhan gabháltas d'ath-thógaint agus go ndeimhneoidh na Coimisinéirí Tuaithe (seachas baill an Bhínse Athchomhairc) é bheith oiriúnach an gabháltas san do bheith ar fáil láithreach chun é roinnt no chun feabhsuithe do dhéanamh d'fhonn é roinnt, údaróidh an Bínse Athchomhairc do Choimisiún na Talmhan dul i seilbh an ghabháltais sin láithreach d'ainneoin gan a phraghas ath-thógainte do bheith ceaptha.

(3) Má théigheann Coimisiún na Talmhan, fé údarás do bhéarfaidh an Bínse Athchomhairc uatha fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, i seilbh ghabháltais sara mbeidh a phraghas ath-thógainte ceaptha, déanfaidh Coimisiún na Talmhan, nuair a bhéarfar amach bannaí talmhan in íoc an phraghais ath-thógainte sin, ús ar an bpraghas ath-thógainte sin d'íoc, leis an duine bheidh i dteideal an phraghais ath-thógainte sin, ón dáta ar a raghaidh Coimisiún na Talmhan i seilbh an ghabháltais sin amhlaidh go dtí an dáta ar a dtabharfar amach na bannaí talmhan san do réir an ráta per annum ar a mbeidh an t-ús ar na bannaí talmhan san iníoctha.

Nós imeachta ar thalamh do thógaint go héigeanta.

25. —(1) Pé uair, tar éis an Achta so do rith, a bheidh Coimisiún na Talmhan ar intinn aon talamh do thógaint go héigeanta chun cumhangracht do leigheas no chun é d'ath-dhíol leis na daoine no leis na cóluchtaí luaidhtear in alt 31 den Acht Talmhan, 1923 , mar a leasuítear san le halt 33 den Acht Talmhan, 1933 , foillseoidh Coimisiún na Talmhan san Iris Oifigiúil

(a) deimhniú o sna Coimisinéirí Tuaithe á dheimhniú go bhfuil an talamh san ag teastáil chun cumhangracht do leigheas no chun é d'ath-dhíol leis na daoine no leis na cóluchtaí roimhráite (do réir mar bheidh), agus

(b) an liost sealadach san a luaidhtear i bhfo-alt (2) d'alt 40 den Acht Talmhan, 1923 , den talamh san.

(2) Gach agóid i gcoinnibh liosta shealadaigh a foillseofar san Iris Oifigiúil do réir an fho-ailt sin roimhe seo den alt so cuirfear síos í chun a héistithe ag na Coimisinéirí Tuaithe (seachas baill an Bhínse Athchomhairc) agus beidh breith na gCoimisinéirí Tuaithe sin ar aon agóid den tsórt san ina breith dheiridh fé réir an chirt athchomhairc sin do bheirtear leis an alt so agus fé n-a réir sin amháin.

(3) Maran deimhin leis na Coimisinéirí Tuaithe, i dtaobh tionónta no dílseánaigh aon tailimh a háirmheofar i ndeimhniú a foillseofar fé fho-alt (1) den alt so, go mbeadh sé, ar an talamh san do thógaint go héigeanta, i dteideal a cheangal ar Choimisiún na Talmhan a chuid tailte ar fad d'áireamh sa deimhniú san agus do thógaint agus gabháltas nua do sholáthar dó, déanfar, má éilíonn sé amhlaidh, an cheist i dtaobh ce'ca bheadh an tionónta no an dílseánach san i dteideal no ná beadh a chur síos chun a héistithe ag na Coimisinéirí Tuaithe (seachas baill an Bhínse Athchomhairc) agus beidh an bhreith do bhéarfaidh na Coimisinéirí Tuaithe sin ar an gceist sin tar éis na héisteachta san ina breith dheiridh fé réir an chirt athchomhairc sin do bheirtear leis an alt so agus fé n-a réir sin amháin.

(4) Gach breith do bhéarfaidh na Coimisinéirí Tuaithe (seachas baill an Bhínse Athchomhairc) fén alt so, luighfidh athchomharc ina coinnibh chun an Bhínse Athchomhairc i dtaobh ceisteanna dlí no luacha, agus beidh breith an Bhínse Athchomhairc ar aon ath chomharc den tsórt san ina breith dheiridh fé réir athchomhairc chun na Cúirte Uachtaraighe i dtaobh ceisteanna dlí agus fé n-a réir sin amháin.

(5) Athghairmtear leis seo fo-alt (5) d'alt 29 den Acht Talmhan, 1933 .

(6) Ní bhainfidh éinní atá san alt so le Coimisiún na Talmhan do thógaint talmhan go héigeanta chun cumhangracht do leigheas no chun críche an ath-dhíola san a luaidhtear sa chéad fho-alt den alt so más rud é gur tosnuíodh ar an ath-thógaint éigeanta san roimh an Acht so do rith agus go bhfuil sí ar feitheamh le linn é rith ach, fé réir na teorann san, bainfidh an nós imeachta leagtar amach san alt so le gach tógaint éigeanta tailimh a dhéanfaidh Coimisiún na Talmhan chun cumhangracht do leigheas no chun críche an ath-dhíola san roimhráite agus tuigfear chun gach críche é do chur agus do dhul in ionad aon nós imeachta (dá ngairmtear nós imeachta cealuithe sa bhfo-alt so) i gcóir na tógainte éigeanta san atá leagtha amach in aon achtachán do bhí i bhfeidhm díreach roimh an Acht so do rith, agus dá réir sin—

(a) déanfar gach tagairt in aon achtachán a bheidh i bhfeidhm tar éis an Achta so do rith d'aon chéim i nós imeachta cealuithe do léiriú mar thagairt don chéim chó-réire san nós imeachta leagtar amach san alt so, agus

(b) gach comhacht a bronntar ar Choimisiún na Talmhan le haon achtachán den tsórt san agus a bhaineann no ghabhann le talamh do thógaint go héigeanta fé nós imeachta cealuithe beidh sí infheidhmithe ag Coimisiún na Talmhan mar chomhacht a bhaineann no ghabhann le talamh do thógaint go héigeanta fén nós imeachta leagtar amach san alt so.

Cúiteamh d'íoc le lucht agóide.

26. —(1) Pé uair a dhéanfaidh na Coimisinéirí Tuaithe (seachas baill an Bhínse Athchomhairc) agóid i gcoinnibh liosta shealadaigh, ar n-a fhoillsiú (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é) do réir ailt 40 den Acht Talmhan, 1923 , no do réir an Acht so, d'éisteacht agus breith do thabhairt uirthi tar éis an Achta so do rith, beidh sé dleathach do sna Coimisinéirí Tuaithe sin, más dóich leo san do bheith ceart agus pe'ca ghéillfid don agóid sin no ná géillfid, a ordú go n-íocfaidh Coimisiún na Talmhan le neach déanta na hagóide sin pé suim i bhfuirm chúitimh sa chostas fé n-a ndeacha sé maidir leis an agóid sin, a dhéanfaidh na Coimisinéirí Tuaithe sin, as a gcomhairle féin amháin, a cheapadh chuige sin.

(2) Gach suim a ordóidh na Coimisinéirí Tuaithe (seachas baill an Bhínse Athchomhairc) fén alt so do Choimisiún na Talmhan a íoc le duine ar bith íocfar í do réir an orduithe sin mar chuid de chostaisí Choimisiún na Talmhan.

Leathnú ar na comhachta chun cumhangracht do leigheas.

27. —Déanfar tagairtí sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh do chumhangracht do leigheas do léiriú mar thagairtí fholuíonn talamh do sholáthar do dhuine dar thárla, de dhruim Coimisiún na Talmhan do thógaint tailimh ar a raibh sé ar fostú, a fhostaíocht ar an talamh san do chailliúint, agus déanfar agus deintear leis seo na comhachta i dtaobh cumhangrachta do leigheas atá dílsithe i gCoimisiún na Talmhan fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh do leathnú dá réir sin.

Alt 29 den Acht Talmhan, 1933 , do leasú.

28. —Ní bheidh tionónta no dílseánach tailimh is talamh dearbhuithe do réir bhrí ailt 29 den Acht Talmhan, 1933 , i dteideal fé fho-alt (1) den alt san a cheangal ar Choimisiún na Talmhan a chuid tailimh ar fad do dhearbhú agus do thógaint no gabháltas nua do sholáthar dó má bhíonn bean chéile no fear céile an tionónta no an dílseánaigh sin ina únaer, no má bhíonn an tionónta no an dílseánach san agus a bhean chéile no a fear céile ina n-únaerí ar leithligh no in éineacht (pe'ca mar chó-thionóntaithe no mar thionóntaithe-i-gcósheilbh é), ar thalamh gur mó ná suim dhá mhíle púnt a mharga-luach no más mó ná suim dhá mhíle púnt marga-luach an tailimh (seachas an talamh dearbhuithe) is leis an tionónta no an dílseánach san maraon le marga-luach an tailimh is le bean chéile no le fear céile an tionónta no an dílseánaigh sin.

Talamh ar n-a dheimhniú fé alt 32 den Acht Talmhan, 1933 , do dhílsiú.

29. —Pé uair a dheimhnigh no dheimhneoidh na Coimisinéirí Tuaithe (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é) fé alt 32 den Acht Talmhan, 1933 , aon talamh do bheith ag teastáil chun na críche luaidhtear i bhfo-alt (1) den alt san, dílseoidh an talamh san agus, i gcás inar dheimhnigh na Coimisinéirí Tuaithe amhlaidh roimh an Acht so do rith, tuigfear gur dhílsigh an talamh san fé alt 24 den Acht Talmhan, 1923 , i gCoimisiún na Talmhan ar an lá ceaptha.

Comhachta bronntar le halt 30 den Acht Talmhan, 1933 , do leathnú.

30. —(1) An chomhacht a bronntar ar Choimisiún na Talmhan le fo-alt (1) d'alt 30 den Acht Talmhan, 1933 , chun an lae cheaptha, i dtaobh tailimh nea-thionóntuithe den tsórt san a luaidhtear sa bhfo-alt san, do dhearbhú d'ainneoin ná beifear tar éis có-aontú i dtaobh an phraghais ná é cheapadh agus chun a dhearbhú cad is praghas sealadach (do réir bhrí an ailt sin) don talamh san, deintear leis seo í do chur i mbaint le cásanna agus beidh sí infheidhmithe i gcásanna inar dóich le Coimisiún na Talmhan é bheith oiriúnach feabhsuithe do dhéanamh láithreach ar an talamh san d'fhonn é ullamhú chun a roinnte.

(2) Beidh feidhm agus éifeacht ag fo-ailt (2) go (5) den alt san 30 den Acht Talmhan, 1933 , maidir le haon fheidhmiú déanfar, de bhuadh an ailt seo, ar an gcomhacht san a bronntar ar Choimisiún na Talmhan le fo-alt (1) den alt san 30.

Iarrataisí gan freasabhra fé alt 14 den Acht Talmhan, 1931 .

31. —Más deimhin le Coimisiún na Talmhan gur cheart géilleadh d'iarratas o thionónta fé fho-alt (1) d'alt 14 den Acht Talmhan, 1931, agus mara mbeidh aon agóid i gcoinnibh an iarratais sin déanta ag an tiarna talmhan ná ag aon pháirtí eile go leas sa scéal, féadfaidh Coimisiún na Talmhan, d'ainneoin éinní atá i bhfo-alt (2) den alt san 14, géilleadh don iarratas san gan an ní do chur síos chun a éistithe fén bhfo-alt san (2).

Cearta do bhuan-choimeád d'ainneoin liostaí d'fhoillsiú fé ailt 23 no 24 den Acht Talmhan, 1931 .

32. —Má rinneadh roimh an Acht so do rith, no má deintear dá éis sin, gabháltas do chur i liost de ghabháltaisí ceanntracha cumhanga ar n-a fhoillsiú fé alt 23 den Acht Talmhan, 1931 , no i liost de ghabháltaisí ar thalamh nea-thionóntuithe ar n-a fhoillsiú fé alt 24 den Acht san, ní oibreoidh san ná, i gcás liosta ar n-a fhoillsiú roimh an Acht so do rith, ní tuigfear gur oibrigh sé riamh chun aon chearta do bhaint de Choimisiún na Talmhan do bhí acu, díreach roimh an liost san d'fhoillsiú, maidir leis an ngabháltas san fén gcó-aontú no fén gcur-ar-cíos fé n-a raibh sé ar seilbh an tráth san.

Paistí bheidh ar seilbh fé ghealltanaisí agus ná raibh i liost do foillsíodh fé alt 24 den Acht Talmhan, 1931 .

33. —I gcás gach paiste talmhan nea-thionóntuithe—

(a) go bhfuil Coimisiún na Talmhan chun iomlán a airgid cheannaigh do roimh-íoc, agus

(b) ná raibh i liost de ghabháltaisí ar thalamh neathionóntuithe do foillsíodh fé alt 24 den Acht Talmhan, 1931 , roimh an Acht so do rith, agus

(c) go mbeidh an leith-rannaí (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é) tar éis có-aontú no gealltanas ceannaigh do shighniú ina thaobh,

tuigfear an paiste sin do bheith i liost de ghabháltaisí ar thalamh nea-thionóntuithe ar n-a fhoillsiú fén alt san 24 an chéad lá gála i ndiaidh dáta an chó-aontuithe no an ghealltanais cheannaigh sin no dáta an Achta so do rith (pé dáta acu san is déanaí), agus beidh feidhm dá réir sin maidir leis an bpaiste sin ag na forálacha de sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh (ar a n-áirmhítear an tAcht so) a bhaineann le gabháltaisí i liost de ghabháltaisí ar thalamh nea-thionóntuithe ar n-a fhoillsiú fén alt san 24.

Alt 9 den Acht Talmhan, 1927 , do leasú maidir le feirmeacha groighe.

34. —(1) Deintear cinneadh na ceiste, i dtaobh aon stoc foluíochta do bheith no gan bheith de shaghas agus de charachtar atá oiriúnach, do réir bhrí fo-ailt (1) d'alt 9 den Acht Talmhan, 1927 , do riachtanaisí na tíre, do dílsíodh san Aire Tailte agus Talmhaíochta leis an bhfo-alt san (1) agus atá dílsithe anois san Aire Tailte de bhuadh orduithe do rinne an Ard-Chomhairle fé sna hAchtanna Airí agus Rúnaithe, 1924 agus 1928, deintear, leis seo, é d'aistriú chun an Aire Talmhaíochta agus do dhílsiú ann, agus chuige sin leasuítear leis seo an fo-alt san (1) tríd an abairt “Aire Talmhaíochta” do chur in ionad na habairte “Aire Tailte agus Talmhaíochta” atá anois ann.

(2) Isiad na Coimisinéirí Tuaithe (seachas baill den Bhínse Athchomhairc) do bhéarfaidh breith ar gach ceist i dtaobh aon tailimh, pe'ca talamh tionóntuithe no talamh nea-thionóntuithe é, do bheith á úsáid i slí bona fide mar fheirm chun stoc foluíochta do shíolrú do réir bhrí ailt 9 den Acht Talmhan, 1927 , no gan a bheith, agus beidh breith na gCoimisinéirí Tuaithe sin ar aon cheist den tsórt san ina breith dheiridh fé réir athchomhairc chun an Bhínse Athchomhairc i dtaobh ceisteanna dlí no luacha agus fé n-a réir sin amháin, agus beidh breith an Bhínse Athchomhairc ar aon athchomharc den tsórt san ina breith dheiridh fé réir athchomhairc chun na Cúirte Uachtaraighe i dtaobh ceisteanna dlí agus fé n-a réir sin amháin.

Cearta slí cealuithe do mhúchadh.

35. —(1) Pé uair a dhéanfaidh Coimisiún na Talmhan, fé aon fhoráil de sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh, ceart slí no ceart isteach is amach do bhronnadh, do mhíniú, do leathnú, no d'fheabhsú, beidh sé dleathach do sna Coimisinéirí Tuaithe aon cheart slí eile no ceart isteach is amach eile, is dóich leo nach gá feasta de dhruim an chirt slí sin a céad-luaidhtear do bhronnadh no do mhíniú no do leathnú no d'fheabhsú amhlaidh (do réir mar bheidh), do mhúchadh le hordú, agus an cúiteamh (más ann dó) do cheapadh a bheidh le n-íoc mar gheall ar an gceart slí eile no ar an gceart isteach is amach eile sin do mhúchadh amhlaidh.

(2) Pé uair a dhéanfaidh na Coimisinéirí Tuaithe ordú fén alt so ag múchadh cirt slí beidh an ceart slí sin múchta chun gach críche o dháta an orduithe sin agus ní bheidh sé infheidhmithe tar éis an dáta san.

(3) Gach ordú dhéanfaidh na Coimisinéirí Tuaithe fén alt so ag múchadh cirt slí beidh sé ina ordú dheiridh gan aon athchomharc iontugtha ina choinnibh.

Srian le muiríneach do ghearradh no do thógaint chun siúil.

36. —(1) Pé uair a chífear do Choimisiún na Talmhan, maidir le muiríneach no féar eile den tsaghas chéanna do ghearradh ar aon talamh (dá ngairmtear an talamh céad-luaidhte sa bhfo-alt so) no do thógaint chun siúil uaidh, go ndearna san díobháil no dochar no gur deallrathach go ndéanfa sé díobháil no dochar d'aon talamh (pe'ca don talamh ar a raibh no ar a bhfuil an muiríneach no an féar eile sin ag fás no do thalamh éigin eile é) do díoladh no atáthar chun a dhíol fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh, féadfaidh Coimisiún na Talmhan, tar éis dóibh an fógra san a bheidh orduithe i dtaobh iad do bheith ar intinn déanamh amhlaidh do thabhairt uatha sa tslí sin a bheidh orduithe, féadfaid, le hordú, a thoirmeasc muiríneach no aon fhéar dá shamhail sin do ghearradh ar an talamh céad-luaidhte no do thógaint chun siúil uaidh.

(2) Ní dhéanfaidh Coimisiún na Talmhan aon ordú fén alt so maidir le haon talamh is tráigh mhara do réir bhrí an Achta Imeall Trágha, 1933 ( Uimh. 12 de 1933 ), ach amháin tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála.

(3) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith aon mhuiríneach ná aon fhéar dá shamhail sin do ghearradh ar aon talamh ná do thógaint chun siúil o aon talamh go dtoirmeasctar de thurus na huaire, le hordú ar n-a dhéanamh ag Coimisiún na Talmhan fén alt so, muiríneach no aon fhéar dá shamhail sin do ghearradh air no do thógaint chun siúil uaidh.

(4) Gach duine dhéanfaidh aon mhuiríneach no aon fhéar dá shamhail sin do ghearradh no do thógaint chun siúil contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air, másé an chéad chionta den tsórt san aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin den tsórt san aige é, fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint.

Tionóntachtaí do bunuíodh tar éis an 9adh Lúnasa, 1923.

37. —(1) Más rud é, ar iarratas an té is sealbhaire ar phaiste talmhan nea-thionóntuithe agus tar éis fógra do thabhairt do gach páirtí go leas sa scéal, gur deimhin leis na Coimisinéirí Tuaithe (seachas baill an Bhínse Athchomhairc)—

(a) go bhfuil an talamh san ar seilbh, ag an té sin is sealbhaire air, fé chonnradh tionóntachta (seachas deontas feirmdhílse, léas ar feadh saolta no blianta agus é ionathnuaidhte go bráth, no léas ar feadh téarma de sheasca bliain no níos mó) do rinneadh tar éis an 9adh lá de Lúnasa, 1933, agus roimh an 14adh lá de Dheire Fómhair, 1933, agus

(b) ná raibh an connradh tionóntachta san ina chur-ar-cíos chun innír, chun féaraíochta ná chun curadóireachta go sealadach ná chun áise sealadaighe ná i gcóir riachtanais shealadaigh, agus

(c) go bhfuil an talamh san á oibriú ag an sealbhaire sin mar ghnáth-fheirm do réir slite cearta feirmeoireachta, agus

(d) go raghadh sé, ag féachaint do chúrsaí uile an cháis, chun leasa don tír an talamh san do dhíol fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh leis an sealbhaire sin air,

féadfaidh na Coimisinéirí Tuaithe sin, le hordú, a dhearbhú go mbainfidh na forálacha den Acht Talmhan, 1923 (mar a leasuítear agus a leathnuítear san le hachtacháin ina dhiaidh sin, ar a n-áirmhítear an tAcht so) i dtaobh tailimh thionóntuithe leis an talamh san

(2) Pé uair a dhéanfaidh na Coimisinéirí Tuaithe (seachas baill an Bhínse Athchomhairc) alos aon tailimh an t-ordú san a húdaruítear leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, bainfidh na forálacha den Acht Talmhan, 1923 (mar a leasuítear agus a leathnuítear san le hachtacháin ina dhiaidh sin, ar a n-áirmhítear an tAcht so) i dtaobh tailimh thionóntuithe, bainfid, fé réir an athchomhairc sin a luaidhtear anso ina dhiaidh seo agus fé réir forálacha an ailt seo, leis an talamh san fé is dá mba thalamh tionóntuithe é do réir bhrí an Achta Talmhan, 1923 , mar a leasuítear agus a leathnuítear san amhlaidh.

(3) Más rud é, ar iarratas an té is únaer ar phaiste talmhan nea-thionóntuithe agus tar éis fógra do thabhairt do gach páirtí go leas sa scéal, gur deimhin leis na Coimisinéirí Tuaithe (seachas baill an Bhínse Athchomhairc)—

(a) go bhfuil an talamh san ar seilbh, ag an té sin is únaer air, fé dheontas feirm-dhílse do rinneadh tar éis an 9adh lá de Lúnasa, 1923, agus roimh an 14adh lá de Dheire Fómhair, 1933, no fé léas ar feadh saolta no blianta agus é ion-athnuaidhte go bráth do rinneadh amhlaidh no fé léas ar feadh seascad bliain no níos mó do rinneadh amhlaidh, agus

(b) go bhfuil an t-únaer san i seilbh bona fide an tailimh sin agus go bhfuil sé á shealbhú agus á úsáid fé mar a dheineann gnáth-fheirmeoir do réir slite cearta feirmeoireachta, agus

(c) ná fuil an talamh san ag teastáil chun cumhangracht do leigheas ná chun é d'ath-dhíol leis na daoine no leis na cóluchtaí luaidhtear in alt 31 den Acht Talmhan, 1923 , mar a leathnuítear san leis an Acht Talmhan, 1933 , agus

(d) go raghadh sé, ag féachaint do chúrsaí uile an cháis, chun leasa don tír an talamh san do dhíol fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh leis an únaer sin air, agus

(e) go bhfuil an t-únaer san toilteanach an talamh san do cheannach fé sna hAchtanna san,

féadfaidh na Coimisinéirí Tuaithe sin, le hordú, a dhearbhú go ndílseoidh an talamh san i gCoimisiún na Talmhan ar an lá ceaptha fé is dá mba thalamh tionóntuithe é.

(4) Pé uair a dhéanfaidh na Coimisinéirí Tuaithe (seachas baill an Bhínse Athchomhairc) alos aon tailimh an t-ordú san a húdaruítear leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, dílseoidh an talamh san i gCoimisiún na Talmhan ar an lá ceaptha fé is dá mba thalamh tionóntuithe é do réir bhrí an Achta Talmhan, 1923 , mar a leasuítear agus a leathnuítear san le hachtacháin ina dhiaidh sin, agus bainfidh forálacha ailt 44 (ach amháin fo-alt (1) de) den Acht Talmhan, 1931 , mar a leasuítear san le halt 42 den Acht Talmhan, 1933 , agus leis an Acht so, bainfid leis an talamh san gus an atharú go ndéanfar gach tagairt d'iarratas fén alt san 44 do léiriú agus go mbeidh éifeacht aici mar thagairt d'iarratas fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so.

(5) Pé uair a dhéanfaidh na Coimisinéirí Tuaithe (seachas baill an Bhínse Athchomhairc) alos aon tailimh an t-ordú san a húdaruítear le pé ceann de sna fo-ailt sin roimhe seo den alt so bhaineann leis an gcás, beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis an talamh san agus beidh feidhm agus éifeacht acu amhlaidh i bhfuirm atharuithe ar na forálacha reachtúla cuirfear i mbaint leis an talamh san tríd an ordú san agus tré sna fo-ailt sin roimhe seo, sé sin le rá:—

(a) i bhfo-alt (2) d'alt 19 den Acht Talmhan, 1923 , cuirfear na focail “roimh an lá ceaptha” in ionad na bhfocal “roimh rith an Achta so” agus i bhfo-alt (3) den alt san cuirfear na focail “tar éis an lae cheaptha” in ionad na bhfocal “tar éis rithte an Achta so”, agus sa bhfo-alt san (2) déanfar an tagairt don chéad lá gála sa bhliain 1920 do léiriú agus beidh éifeacht aici mar thagairt don lá gála san roimh an lá ceaptha a cheadóidh riaráiste trí mblian agus ní níos mó ná riaráiste trí mblian do theacht chun bheith ina riaráiste cíosa shocruithe fén alt san 19 agus déanfar an tagairt don dara lá gála sa bhliain 1920 do léiriú agus beidh éifeacht aici mar thagairt don chéad lá ghála tar éis an lae ghála san roimh an lá ceaptha mar adubhradh;

(b) nuair a bheidh riail-bhlianacht cheannaigh an tailimh sin á ceapadh acu, féachfaidh Coimisiún na Talmhan do luach an tailimh sin ar dháta an orduithe sin ach ní hi slí a laigheadódh méid na riail-bhlianachta ceannaigh sin mar gheall ar laigheadú do theacht ar luach an tailimh sin gurb é fé ndeár é, dar le Coimisiún na Talmhan, ná faillí no teip thoiliúil iarratasóra an orduithe sin;

(c) isé bheidh sa bhlianacht cheannaigh a bheidh iníoctha ag an gceannuitheoir ar an talamh san do dhíol fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh de dhruim an orduithe sin ná—

(i) an riail-bhlianacht cheannaigh sin, agus

(ii) an bhlianacht bhreise (más ann di) alos riaráiste chíosa shocruithe a cuirfear leis an airgead ceannaigh, agus

(iii) blianacht do réir ceathair agus trí cheathrú per cent. ar shíntiús an Stáit do riail-phraghas an tailimh sin, agus

(iv) blianacht do réir ceathair agus trí cheathrú per cent. ar shuim is có-ionann le dó per cent. d'airgead cheannaigh an tailimh sin;

(d) beidh an tsuim bhliantúil is iníoctha fé fho-alt (2) d'alt 28 den Acht Talmhan, 1923 , có-ionann leis an mblianacht cheannaigh ar n-a déanamh amach fén mír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so, agus is dá réir sin a háirmheofar an tsuim bhreise is iníoctha fé fho-alt (3) den alt san 28;

(e) ní bheidh feidhm ná éifeacht ag Cuid III den Acht Talmhan, 1933 , maidir leis an mblianacht cheannaigh sin ná maidir leis an suim bhliantúil sin ná maidir leis an suim bhreise sin.

(6) D'ainneoinn éinní atá i bhfo-alt (4) d'alt 9 den Purchase of Land (Ireland) Act, 1891, no i mír (a) d'fho-alt (2) d'alt 24 den Acht Talmhan, 1923 , ní coiscfear na Coimisinéirí Tuaithe (seachas baill an Bhínse Athchomhairc) ar ordú do dhéanamh fén alt so alos paiste thalmhan nea-thionóntuithe de bhíthin gur cuid de ghabháltas a ceannuíodh fé aon Acht Talamh-Cheannaigh an paiste talmhan san agus dá bhíthin sin amháin, ach i ngach cás den tsórt san beidh feidhm agus éifeacht ag alt 14 den Acht Talmhan, 1923 , mar a leasuítear san leis an Acht so.

(7) Bainfidh Acht na mBannaí Talmhan, 1934 (Uimh. 11 de 1934) , le bannaí talmhan a bhunóidh an tAire Airgid agus do bhéarfa sé amach chun crícheanna an ailt seo fé mar a bhaineann an tAcht san le bannaí talmhan ar n-a mbunú agus ar n-a dtabhairt amach ag an Aire sin chun crícheanna an Achta Talmhan, 1923 , no aon Achta de sna hAchtanna le n-a leasuítear no le n-a leathnuítear an tAcht san.

(8) Luighfidh athchomharc chun an Bhínse Athchomairc i gcoinnibh gach orduithe dhéanfaidh na Coimisinéirí Tuaithe (seachas baill an Bhínse Athchomhairc) fén alt so, agus beidh breith an Bhínse Athchomhairc ar aon athchomharc den tsórt san ina breith dheiridh fé réir athchomhairc chun na Cúirte Uachtaraighe i dtaobh ceisteanna dlí agus fé n-a réir sin amháin.

Talamh atá dílsithe i gceannuitheoirí fén Acht Talmhan, 1923 , do thógaint go héigeanta.

38. —(1) Pé uair—

(a) do rinne Coimisiún na Talmhan, roimh an Acht so do rith, fógra d'fhoillsiú á rá go raibh ar intinn acu a dhearbhú go raibh talamh do bhí dílsithe, ar dháta an fhoillsithe sin, i gceannuitheoir fén Acht Talmhan, 1923 , no fé aon Acht le n-a leasuítear no le n-a leathnuítear an tAcht san ag teastáil chun cumhangracht do leigheas, no

(b) do rinne Coimisiún na Talmhan, roimh an Acht so do rith, deimhniú do thabhairt uatha á dheimhniú go raibh talamh do bhí, ar dháta an deimhnithe sin, dílsithe mar adubhradh ag teastáil chun é d'ath-dhíol leis na daoine no leis na cóluchtaí dá dtagartar in alt 31 den Acht Talmhan, 1923 , mar a leasuítear san le halt 33 den Acht Talmhan, 1933 , no

(c) a dhéanfaidh Coimisiún na Talmhan, tar éis an Achta so do rith, deimhniú d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil á dheimhniú go bhfuil talamh, a bheidh, ar dháta an fhoillsithe sin, dílsithe mar adubhradh agus do bhí dílsithe amhlaidh ar feadh seacht mblian roimh an bhfoillsiú san ag teastáil chun cumhangracht do leigheas no chun é d'ath-dhíol amhlaidh mar adubhradh,

beidh sé dleathach agus, i gcás aon fhógra no deimhnithe den tsórt san do foillsíodh no do tugadh amhlaidh roimh an Acht so do rith, tuigfear é bheith dleathach riamh do Choimisiún na Talmhan an lá ceaptha alos an tailimh sin do dhearbhú.

(2) Ar Choimisiún na Talmhan do dhearbhú (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é) fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so an lae cheaptha alos aon tailimh, dílseoidh an talamh san agus, i gcás an lae cheaptha do dhearbhú amhlaidh roimh an Acht so do rith, tuigfear gur dhílsigh an talamh san mar thalamh neathionóntuithe i gCoimisiún na Talmhan ar an lá ceaptha ar n-a dhearbhú amhlaidh.

(3) Pé uair a bheidh Coimisiún na Talmhan (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é) tar éis aon fhógra no deimhniú den tsórt san a luaidhtear i bhfo-alt (1) den alt so d'fhoillsiú no do thabhairt, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas agus, i gcás an fhógra san no an deimhnithe sin d'fhoillsiú no do thabhairt amhlaidh tar éis an Achta Talmhan, 1933 , do rith agus roimh an Acht so do rith, tuigfear go raibh éifeacht acu o dháta an fhógra no an deimhnithe sin (do réir mar bheidh), sé sin le rá:—

(a) beidh feidhm ag alt 29 den Acht Talmhan, 1933 , maidir leis an talamh is abhar don fhógra no don deimhniú san (do réir mar bheidh) do foillsíodh no do tugadh amhlaidh fé is dá mb'é an dearbhú san a luaidhtear i bhfo-alt (1) den alt san 29 an fógra no an deimhniú san, agus

(b) beidh feidhm ag alt 32 den Acht Talmhan, 1933 , maidir leis an talamh san fé is dá mb'é an deimhniú san o sna Coimisinéirí Tuaithe dá dtagartar i bhfo-alt (1) den alt san 32 an fógra no an deimhniú san (do réir mar bheidh) do foillsíodh no do tugadh amhlaidh.

Comhacht do Choimisiún na Talmhan chun cearta spóirt do cheannach i gcásanna áirithe.

39. —(1) I gcás talamh do dhílsiú (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é) i gceannuitheoir fén Acht Talmhan, 1923 , no fé aon Acht le n-a leasuítear no le n-a leathnuítear an tAcht san agus gan na cearta spóirt (seachas cearta iascaigh) ar an talamh san no os a chionn do dhílsiú amhlaidh, agus gur dóich leis na Coimisinéirí Tuaithe (seachas baill an Bhínse Athchomhairc) go raghadh sé chun leasa don tír Coimisiún na Talmhan do thógaint na gceart spóirt sin agus na cearta san do dhílsiú i ndílseánach an tailimh sin mar ní ghabhann leis an talamh san agus go mbeidh an dílseánach san sásta na cearta spóirt sin do cheannach, féadfaidh na Coimisinéirí Tuaithe sin ordú do dhéanamh ag dearbhú an lae cheaptha maidir leis na cearta spóirt sin agus ag dílsiú an chéanna i gCoimisiún na Talmhan ar phraghas a cheapfaidh na Coimisinéirí Tuaithe sin agus a híocfar i mbannaí talmhan.

(2) I gcás talamh do dhílsiú (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é) i gceannuitheoir fén Acht Talmhan, 1923 , no fé aon Acht le n-a leasuítear no le n-a leathnuítear an tAcht san agus na cearta spóirt (seachas cearta iascaigh) ar an talamh san no os a chionn do dhílsiú sa cheannuitheoir sin fé réir deontais fheirm-dhílse no léasa, agus gur dóich leis na Coimisinéirí Tuaithe (seachas baill an Bhínse Athchomhairc) go raghadh sé chun leasa don tír Coimisiún na Talmhan do thógaint leasa an deonaí no an léasaí fén deontas feirm-dhílse sin no fén léas san sna cearta spóirt sin agus an leas san do dhílsiú i ndílseánach an tailimh sin agus go mbeidh an dílseánach san sásta an leas san do cheannach, féadfaidh na Coimisinéirí Tuaithe sin ordú do dhéanamh ag dearbhú an lae cheaptha maidir le leas san an deonaí no an léasaí sin sna cearta spóirt sin agus ag dílsiú an leasa san i gCoimisiún na Talmhan ar phraghas a cheapfaidh na Coimisinéirí Tuaithe sin agus a híocfar i mbannaí talmhan.

(3) Gach ordú déanfar fé alt 34 den Acht Talmhan, 1933 , ag dearbhú lae cheaptha agus ag dílsiú ceart spóirt (seachas cearta iascaigh) i gCoimisiún na Talmhan isiad na Coimisinéirí Tuaithe (seachas baill an Bhínse Athchomhairc) a dhéanfaidh é ach beidh sé fé réir an athchomhairc sin go ndeintear socrú ina chóir leis an alt so.

(4) Gach ordú dhéanfaidh na Coimisinéirí Tuaithe (seachas baill den Bhínse Athchomhairc), fé alt 34 den Acht Talmhan, 1933 , no fén alt so, ag dearbhú lae cheaptha agus ag dilsiú ceart spóirt (seachas cearta iascaigh) no leasa sna cearta spóirt sin i gCoimisiún na Talmhan, agus gach ordú dhéanfaidh na Coimisinéirí Tuaithe sin fén alt so ag ceapadh praghas na gceart spóirt sin no leasa sna cearta spóirt sin a dílseofar i gCoimisiún na Talmhan fén alt so, beidh sé ina ordú dheiridh fé réir athchomhairc chun an Bhínse Athchomhairc i dtaobh ceisteanna dlí no luacha agus fé n-a réir sin amháin, agus beidh breith an Bhínse Athchomhairc ar aon athchomharc den tsórt san ina breith dheiridh fé réir athchomhairc chun na Cúirte Uachtaraighe i dtaobh ceisteanna dlí agus fé n-a réir sin amháin.

(5) Bainfidh Acht na mBannaí Talmhan, 1933 (Uimh. 33 de 1933) , no Acht na mBannaí Talmhan, 1934 (Uimh. 11 de 1934) , fé mar is gá sa chás, le bannaí talmhan ar n-a mbunú agus ar n-a dtabhairt amach ag an Aire Airgid chun cearta spóirt (seachas cearta iascaigh) do cheannach fé alt 34 den Acht Talmhan, 1933 , no fén alt so fé mar a bhaineann an tAcht san le bannaí talmhan ar n-a mbunú agus ar n-a dtabhairt amach ag an Aire sin chun crícheanna an Achta Talmhan, 1923 , no aon Achta de sna hAchtanna le n-a leasuítear no le n-a leathnuítear an tAcht san.

Fo-alt (2) d'alt 24 den Acht Talmhan, 1923 , do leasú.

40. —(1) Athghairmtear leis seo míreanna (b), (c) agus (g) d'fho-alt (2) d'alt 24 den Acht Talmhan, 1923 , agus iomlán ailt 36 den Acht Talmhan, 1933 , agus ina n-ionad san achtuítear leis seo ná bainfidh fo-alt (1) den alt san 24—

(a) le haon talamh ná raibh a fhurmhór ina thalamh thalmhaíochta no ina thalamh fhéaraigh, no ná raibh cuid de ina thalamh thalmhaíochta agus an chuid eile dhe ina thalamh fhéaraigh, ar feadh iomlán tréimhse no furmhór tréimhse na gcúig mblian roimh imeachta do bhunú ina thaobh fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh, ná

(b) le haon ghabháltas gurbh é príomh-chuspóir a churtha ar cíos ná chun é bheith ina áit chomhnuithe agus a bhí ina áit chomhnuithe ar feadh iomlán tréimhse no furmhór tréimhse na gcúig mblian roimh imeachta do bhunú ina thaobh fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh, ná

(c) le haon phaiste talmhan nea-thionóntuithe gurbh é bhí ann, ar feadh iomlán tréimhse no furmhór tréimhse na gcúig mblian roimh imeachta do bhunú ina thaobh fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh, ná fearann oighreachta, feirm bhaile, páirc, gáirdín, no faithche shúgraidh, ná

(d) le haon talamh gurbh é bhí ann, ar feadh iomlán tréimhse no furmhór tréimhse na gcúig mblian roimh imeachta do bhunú ina thaobh fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh, ná tearmann do réir bhrí an Glebe Lands, Representative Church Body, Ireland, Act, 1875, agus a bhí, ar feadh iomlán tréimhse no furmhór tréimhse na gcúig mblian san, ag daoine eaglasta no ar seilbh ag daoine eaglasta do réir bhrí an Achta san, ná

(e) le haon talamh nach mó ná triocha acra agus do tógadh, laistigh de chúig bliana roimh imeachta do bhunú ina thaobh fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh, chun é d'úsáid agus do bheith ar seilbh mar thearmann do réir bhrí an Glebe Lands, Representative Church Body, Ireland, Act, 1875, agus atá, le linn na n-imeacht san do bhunú, á úsáid agus ar seilbh mar thearmann den tsórt san.

(2) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le baint an fho-ailt sin roimhe seo den alt so le haon talamh, sé sin le rá:—

(a) féachfar d'úsáid no do chineál an tailimh sin, agus má ba shárú ar chumhnant no ar choinníoll no ar chó-aontú an úsáid no an cineál san ní tabharfar aon áird ar an sárú san mara dtaisbeánaidh an tiarna talmhan ná raibh a fhios aige an sárú san do bheith á dhéanamh no gur chuir sé ina choinnibh go gníomhach, agus

(b) ní tabharfar aon áird ar aon chinneadh do rinneadh roimh an Acht so do rith á chinneadh nár bhain fo-alt (1) d'alt 24 den Acht Talmhan, 1923 , leis an talamh san.

(3) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gabháltaisí bhíonn ar seilbh de ghnáth ag duine maidir le paiste talmhan nea-thionóntuithe is fearann oighreachta, feirm bhaile, páirc, gáirdín, no faithche shúgraidh, sé sin le rá:—

(a) bainfidh fo-alt (1) d'alt 24 den Acht Talmhan, 1923 , le gach gabháltas den tsórt san o am an Achta so do rith;

(b) nuair a bheidh alt 19 den Acht Talmhan, 1923 , á chur i mbaint le haon ghabháltas den tsórt san, cuirfear na focail “roimh an lá ceaptha” in ionad na bhfocal “roimh rith an Achta so” san áit ina bhfuil na focail deiridh sin i bhfo-alt (2) den alt san 19, agus cuirfear na focail “tar éis an lae cheaptha” in ionad na bhfocal “tar éis rithte an Achta so” san áit ina bhfuil na focail deiridh sin i bhfo-alt (3) den alt san 19, agus déanfar an tagairt atá sa bhfo-alt san (2) don chéad lá gála sa bhliain 1920 do léiriú agus beidh éifeacht aici mar thagairt don lá gála san roimh an lá ceaptha a cheadóidh riaráiste trí mblian agus ní níos mó ná riaráiste trí mblian do theacht chun bheith ina riaráiste cíosa shocruithe fén alt san 19, agus déanfar an tagairt atá sa bhfo-alt san (2) don dara lá gála sa bhliain 1920 do léiriú agus beidh éifeacht aici mar thagairt don chéad lá gála tar éis an lae ghála san roimh an lá ceaptha mar adubhradh;

(c) nuair a bheidh riail-bhlianacht cheannaigh aon ghabháltais den tsórt san á ceapadh féachfaidh Coimisiún na Talmhan do luach an ghabháltais sin ar dháta an Achta so do rith ach ní hi slí a laigheadódh méid na riail-bhlianachta ceannaigh sin mar gheall ar laigheadú do theacht ar luach an ghabháltais sin gurb é fé ndeár é, dar le Coimisiún na Talmhan, ná faillí no teip thoiliúil thionónta an ghabháltais sin;

(d) isé bheidh sa bhlianacht cheannaigh a bheidh iníoctha ag ceannuitheoir aon ghabháltais den tsórt san fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh ná—

(i) riail-bhlianacht cheannaigh an ghabháltais sin, agus

(ii) an bhlianacht bhreise (más ann di) alos riaráiste chíosa shocruithe a cuirfear leis an airgead ceannaigh, agus

(iii) blianacht do réir ceathair agus trí cheathrú per cent. ar shíntiús an Stáit do riail-phraghas an ghabháltais sin, agus

(iv) blianacht do réir ceathair agus trí cheathrú per cent. ar shuim is có-ionann le dó per cent. d'airgead cheannaigh an ghabháltais sin;

(e) beidh an tsuim bhliantúil is iníoctha fé fho-alt (2) d'alt 28 den Acht Talmhan, 1923 , có-ionann leis an mblianacht cheannaigh ar n-a déanamh amach fén mír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so, agus is dá réir sin a háirmheofar an tsuim bhreise is iníoctha fé fho-alt (3) den alt san 28;

(f) ní bheidh feidhm ná éifeacht ag Cuid III den Acht Talmhan, 1933 , maidir leis an mblianacht cheannaigh sin ná maidir leis an suim bhliantúil sin ná maidir leis an suim bhreise sin;

(g) bainfidh Acht na mBannaí Talmhan, 1934 (Uimh. 11 de 1934) , le bannaí talmhan ar n-a mbunú agus ar n-a dtabhairt amach ag an Aire Airgid chun crícheanna an fho-ailt seo fé mar a bhaineann an tAcht san le bannaí talmhan ar n-a mbunú agus ar n-a dtabhairt amach ag an Aire sin chun crícheanna an Achta Talmhan, 1923 , no aon Achta de sna hAchtanna le n-a leasuítear no le n-a leathnuítear an tAcht san.

(4) Pé áit ina gceaduíonn an có-théacs é déanfar tagairtí san Acht so d'fho-alt (2) d'alt 24 den Acht Talmhan, 1923 , do léiriú agus beidh éifeacht acu mar thagairtí do chó-oibriú an fho-ailt sin (mar a leasuítear é leis an Acht so) agus an chéad fho-ailt den alt so.

Comhacht chun gan ach cuid de ghabháltas do cheannach.

41. —I gcás gan baint do bheith ag aon cheann áirithe d'fhorálacha fo-ailt (2) d'alt 24 den Acht Talmhan, 1923 , no d'fhorálacha fo-ailt (1) den alt deiridh sin roimhe seo den Acht so ach le cuid de ghabháltas, féadfaidh na Coimisinéirí Tuaithe (seachas baill an Bhínse Athchomhairc), más oiriúnach leo san do dhéanamh ag féachaint do chúrsaí uile an cháis, féadfaid le hordú an gabháltas san do roinnt ina ghabháltaisí ar leithligh agus cíos an ghabháltais sin do chion-roinnt ar na gabháltaisí sin ar leithligh agus fós an lá ceaptha do dhearbhú alos aon ghabháltais ar leithligh den tsórt san le n-a mbaineann forálacha fo-ailt (1) d'alt 24 den Acht Talmhan, 1923 .

(2) Féadfar an t-ordú san a luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so do dhéanamh alos aon ghabháltais den tsórt san a luaidhtear sa bhfo-alt san d'ainneoin cíos an ghabháltais sin do bheith iníoctha go leathrannach alos an tailimh sa ghabháltas san agus go leathrannach alos ionoighreachta nea-chorpordha, agus in aon chás den tsórt san féadfar an cíos san do chion-roinnt leis an ordú san i slí go mbeidh cuid chion-roinnte den chíos san iníoctha amach as gabháltas ar leithligh (a bunófar leis an ordú san) ná baineann forálacha fo-ailt (1) d'alt 24 den Acht Talmhan, 1923 , leis agus as an ionoighreacht nea-chorpordha san.

(3) I gcás ina mbainfeadh fo-alt (1) d'alt 24 den Acht Talmhan, 1923 , le gabháltas mara mbeadh cíos an ghabháltais sin do bheith iníoctha go leathrannach alos an tailimh sa ghabháltas san agus go leathrannach alos ionoighreachta nea-chorpordha, féadfaidh na Coimisinéirí Tuaithe (seachas baill an Bhínse Athchomhairc), más oiriúnach leo san do dhéanamh ag féachaint do chúrsaí uile an cháis, féadfaid le hordú an cíos san do chion-roinnt ar an talamh sa ghabháltas san agus ar an ionoighreacht nea-chorpordha san agus an lá ceaptha do dhearbhú alos an gabháltais sin.

(4) I gcás ina mbainfeadh fo-alt (1) d'alt 24 den Acht Talmhan, 1923 , le gabháltas mara mbeadh cuid den ghabháltas san do bheith ar seilbh i bhfeirm-dhílse no ar feadh saolta no blianta agus an tseilbh sin ion-athnuaidhte go bráth no ar feadh téarma de bhlianta go raibh seasca no níos mó acu gan caitheamh le linn an Achta Talmhan, 1923 , do rith, féadfaidh na Coimisinéirí Tuaithe (seachas baill an Bhínse Athchomhairc), más oiriúnach leo san do dhéanamh ag féachaint do chúrsaí uile an cháis, féadfaid le hordú an gabháltas san do roinnt ina ghabháltaisí ar leithligh agus cíos an ghabháltais sin do chion-roinnt ar na gabháltaisí sin ar leithligh agus fós an lá ceaptha do dhearbhú alos aon ghabháltais ar leithligh den tsórt san le n-a mbaineann fo-alt (1) d'alt 24 den Acht Talmhan, 1923 .

(5) Ní bheidh an fo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so gan baint do bheith aige le gabháltas de bhíthin cíos an ghabháltais sin do bheith iníoctha go leathrannach alos an tailimh sa ghabháltas san agus go leathrannach alos ionoighreachta nea-chorpordha agus dá bhíthin sin amháin, agus, in aon chás den tsórt san, déanfar aon chion-roinnt ar an gcíos san fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo i slí go mbeidh cuid chion-roinnte den chíos san iníoctha go leathrannach amach as gabháltas ar leithligh (ar n-a bhunú fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo) ná baineann fo-alt (1) d'alt 24 den Acht Talmhan, 1923 , leis agus go leathrannach amach as an ionoighreacht nea-chorpordha san.

(6) Luighfidh athchomharc chun an Bhínse Athchomhairc i gcoinnibh gach orduithe dhéanfaidh na Coimisinéirí Tuaithe (seachas baill an Bhínse Athchomhairc) fén alt so, agus beidh breith an Bhínse Athchomhairc ar aon athchomharc den tsórt san ina breith dheiridh fé réir athchomhairc chun na Cúirte Uachtaraighe i dtaobh ceisteanna dlí agus fé n-a réir sin amháin.

Alt 44 den Acht Talmhan, 1931 , do leasú.

42. —Deintear leis seo mír (e) d'fho-alt (1) d'alt 44 den Acht Talmhan, 1931 , do leasú tré sna focail seo leanas do chur i ndeireadh na míre sin, sé sin le rá:—

“ná chun é d'ath-dhíol fé sna comhachta bronntar ar Choimisiún na Talmhan le halt 32 den Acht Talmhan, 1933 , leis na daoine no leis na cóluchtaí luaidhtear in alt 31 den Acht Talmhan, 1923 , mar a leathnuítear san leis an Acht Talmhan, 1933 ”.

Talamh nea thionóntuithe ar seilbh fé dheontas feirmdhílse no fé léas fhada.

43. —Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le hiarrataisí fé alt 44 den Acht Talmhan, 1931 (mar a leasuítear san le halt 42 den Acht Talmhan, 1933 , agus leis an Acht so), sé sin le rá:—

(a) pé uair ar aon iarratas den tsórt san, a chífear do Choimisiún na Talmhan—

(i) ná fuil ach cuid den phaiste sin ina thalamh go luach substainteach achtúil mar thalamh foirgneoireachta, no

(ii) ná fuil ach cuid den phaiste sin gan bheith do réir na gcoinníollacha atá leagtha amach i bhfo-alt (1) den alt san 44 mar a leasuítear san amhlaidh, no

(iii) go bhfuil an cíos a cuirtear ar cosnamh leis an deontas feirm-dhílse no leis an léas fé n-a sealbhuítear an paiste sin iníoctha go leathrannach alos an phaiste sin agus go leathrannach alos ionoighreachta nea-chorpordha (pe'ca i dteanta no in éamuis tailimh eile é),

féadfaidh Coimisiún na Talmhan géilleadh don iarratas san alos na coda san (dá ngairmtear san alt so an chuid deonta san) den phaiste sin gur dóich leo ina taobh gur cheart géilleadh don iarratas san agus féadfaid dá réir sin a dhearbhú go ndílseoidh an chuid deontas san i gCoimisiún na Talmhan ar an lá ceaptha agus féadfaid an cíos a cuirtear ar cosnamh leis an deontas feirm-dhílse no leis an léas fé n-a sealbhuítear an paiste sin do chion-roinnt ar an gcuid deonta san agus ar an bhfuighleach (le n-a n-áirmhítear aon talamh eile no aon ionoighreacht nea-chorpordha ar seilbh fén deontas feirm-dhílse no fén léas san) den phaiste sin no an cíos san do mhuirearú ar an gcuid deonta san amháin;

(b) pé uair ná géillfidh Coimisiún na Talmhan d'aon iarratas den tsórt san ach alos coda den phaiste talmhan le n-a mbaineann an t-iarratas san, beidh feidhm ag an alt san 44 (mar a leasuítear é amhlaidh) maidir leis an gcuid deonta san fé is dá mb'é an chuid deonta san an paiste talmhan san a luaidhtear san alt san 44 (mar a leasuítear é amhlaidh), agus tuigfear, chun crícheanna an ailt sin 44 (mar a leasuítear é amhlaidh), gurb é an cíos a mhuirearóidh Coimisiún na Talmhan ar an gcuid deonta san amháin no an chuid de chíos a chionroinnfid ar an gcuid deonta san an cíos a bheidh iníoctha ag únaer an phaiste sin alos na coda deonta san den chéanna;

(c) d'ainneoin éinní atá i bhfo-alt (4) d'alt 9 den Purchase of Land (Ireland) Act, 1891, no i mír (a) d'fho-alt (2) d'alt 24 den Acht Talmhan, 1923 , féadfar aon iarratas den tsórt san do dhéanamh agus géilleadh dhó alos paiste thalmhan is gabháltas no cuid de ghabháltas a ceannuíodh fé aon Acht Talamh-Cheannaigh, ach i ngach cás den tsórt san, má géilltear don iarratas san, ní bheidh feidhm ag Cuid III den Acht Talmhan, 1933 , maidir leis an mblianacht cheannaigh a bunófar de dhruim géilleadh don iarratas san;

(d) féadfar géilleadh d'aon iarratas den tsórt san d'ainneoin gan mír (b) d'fho-alt (1) den alt san 44 do bheith á cólíonadh más deimhin le Coimisiún na Talmhan gurb é an t-éinní amháin fé ndeár gan an mhír sin do bheith á cólíonadh ná cúirt no morgáistí do bheith tar éis glacadóir do cheapadh le haghaidh an phaiste thalmhan le n-a mbaineann an t-iarratas san no le haghaidh cíosanna agus brabúis an chéanna agus an paiste sin do bheith á oibriú no á chur ar cíos no á bhainistí ar shlí eile ag an nglacadóir sin;

(e) féadfar géilleadh d'aon iarratas den tsórt san d'ainneoin go ndearnadh, tar éis an iarratais sin do lóisteáil, an deontas feirm-dhílse no an léas fé n-a raibh an paiste talmhan le n-a mbaineann an t-iarratas san ar seilbh d'fhoirceannadh de dhruim no de dheascaibh an cíos a cuireadh ar cosnamh leis do bheith gan íoc, agus i ngach cás den tsórt san tuigfear, chun crícheanna an iarratais sin, an deontas feirm-dhílse no an léas san do bheith ar marthain;

(f) deintear leis seo fo-alt (7) d'alt 42 den Acht Talmhan, 1933 , do leasú tré sna focail “roimh an lá ceaptha” do chur in ionad na bhfocal “roimh dháta lóisteálta an iarratais fén alt san”;

(g) pé uair a géillfear d'aon iarratas den tsórt san, deighleálfar leis na híocaíochtaí uile, alos cíosa an phaiste thalmhan le n-a mbaineann an t-iarratas san, do gheobhaidh tiarna talmhan an phaiste sin tar éis dáta lóisteálta an iarratais sin, deighleálfar leo mar íocaíochtaí alos an chíosa is iníoctha ar an bpaiste sin in aghaidh na dtrí mblian díreach roimh an lá ceaptha, agus na suimeanna uile do gheobhaidh an tiarna talmhan san amhlaidh de bhreis ar an méid is iníoctha ag an iarratasóir alos an chíosa san is iníoctha in aghaidh na dtrí mblian san féadfaidh an t-iarratasóir iad do bhaint den tiarna talmhan san mar éileamh i gcoinnibh an airgid cheannaigh;

(h) nuair a bheidh riail-bhlianacht cheannaigh phaiste thalmhan go ngéillfear ina thaobh d'aon iarratas den tsórt san á ceapadh acu, féachfaidh Coimisiún na Talmhan (gan dochar dá gcomhachta fé fho-alt (6) d'alt 42 den Acht Talmhan, 1933 ) do luach an phaiste sin ar dháta an orduithe ag géilleadh don iarratas san ach ní hi slí a laigheadódh méid na riail-bhlianachta ceannaigh sin mar gheall ar laigheadú do theacht ar luach an phaiste sin gurb é fé ndeár é, dar le Coimisiún na Talmhan, ná faillí no teip thoiliúil an iarratasóra;

(i) más deimhin le Coimisiún na Talmhan gur cheart géilleadh d'aon iarratas den tsórt san agus ná fuil aon duine ag á bhfuil estát no leas no éilíonn estát no leas sa phaiste talmhan le n-a mbaineann an t-iarratas san ag cur i gcoinnibh géilleadh don iarratas san, féadfaidh Coimisiún na Talmhan, d'ainneoin éinní atá i bhfo-alt (4) den alt san 44, ordú do dhéanamh ag géilleadh don iarratas san gan an t-iarratas san do chur síos chun a éistithe;

(j) an chomhacht a bronntar ar Choimisiún na Talmhan le fo-alt (2) den alt san 44 chun an chíosa cuirtear ar cosnamh le deontas feirm-dhílse no le léas do chionroinnt, bainfe sí le cásanna agus beidh sí infheidhmithe i gcásanna ina mbeidh ionoighreacht nea-chorpordha chó maith le talamh sa mhaoin a bheidh ar seilbh fén deontas feirm-dhílse no fén léas san, agus i ngach cás den tsórt san déanfar, pé áit ina gceaduíonn an cóthéacs é, tagairtí san alt san 44 (mar a leasuítear amhlaidh mar adubhradh) do thalamh do léiriú mar thagairtí fholuíonn an ionoighreacht nea-chorpordha san;

(k) ní coiscfear duine ar bith ar aon iarratas den tsórt san do dhéanamh de bhíthin iarratas fén alt san 44 no fén alt san mar a leasuítear é le halt 42 den Acht Talmhan, 1933 , do dhéanamh i dtaobh an phaiste thalmhan chéanna roimh an Acht so do rith agus diúltadh dhó agus dá bhíthin sin amháin;

(l) bainfidh na forálacha san roimhe seo den alt so le gach iarratas den tsórt san do lóisteáladh roimh an Acht so do rith agus atá ar feitheamh le linn an Achta so do rith chó maith le gach iarratas den tsórt san a lóisteálfar tar éis an Achta so do rith.

Ailt 3 agus 4 den Acht Talmhan, 1927 , do leasú.

44. —(1) Beidh gach iarracht ar ghabháltas d'fho-roinnt no d'fho-chur ar cíos contrárdha d'alt 3 den Acht Talmhan, 1927 , gan éifeacht i gcoinnibh gach duine.

(2) An toirmeasc atá i bhfo-alt (1) d'alt 4 den Acht Talmhan, 1927 , ar ghabháltas no paiste le n-a mbaineann an fo-alt san do chur ar cíos gan toiliú Choimisiún na Talmhan bainfe sé le cuid d'aon ghabháltas no paiste den tsórt san do chur ar cíos gan toiliú Choimisiún na Talmhan, agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin ag na forálacha den fho-alt san a dheineann nea-mbríochaint ar iarracht ar chur-ar-cíos agus do bheireann comhacht do Choimisiún na Talmhan a chur fé ndeár an gabháltas no an paiste do dhíol.

E bheith d'oblagáid muirir chothabhála dréineála d'fhuascailt.

45. —D'ainneoin éinní atá in alt 16 den Irish Land Act, 1903, no in aon achtachán eile—

(a) ar aon talamh, pe'ca talamh tionóntuithe no nea-thionóntuithe é, do dhílsiú i gCoimisiún no Talmhan fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh, déanfar aon mhuirear cothabhála dréineála a bheidh ar an talamh san ar dháta an dílsithe sin d'fhuascailt as airgead ceannaigh an tailimh sin, agus

(b) ar Choimisiún na Talmhan d'ath-thógaint aon ghabháltais, déanfar aon mhuirear cothabhála dréineála bheidh ar an ngabháltas san ar dháta na hath-thógainte sin d'fhuascailt as praghas ath-thógainte an ghabháltais sin.

Fo-alt (2) d'alt 16 den Irish Land Act, 1903, do leasú.

46. —Gach fógrán agus fógra orduithe is gá do Choimisiún na Talmhan do réir fo-ailt (2) d'alt 16 den Irish Land Act, 1903, d'fhoillsiú agus do sheirbheáil, déanfar iad d'fhoillsiú agus do sheirbheáil fé seach pé tráth, roimh an ordú dílsiúcháin a bhaineann leis an scéal do dhéanamh, a hordófar le rialacha déanfar fén Acht so, agus dá réir sin scuirfidh an méid sin den fho-alt san (2), a chuireann teora leis an am chun na bhfógrán san d'fhoillsiú agus chun na bhfógraí sin do sheirbheáil, d'éifeacht do bheith aige.