An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Cuideachtana Arachais Docmhainneacha d'Fhoirceannadh agus d'Iniuchadh.) Ar Aghaidh (CUID VI. Cuideachta Ath-Arachais na hÉireann, Teoranta.)

45 1936

ACHT ÁRACHAIS, 1936

CUID V.

Gno Arachais Tionnscail.

Mínithe sa Chuid seo.

48. —Sa Chuid seo den Acht so—

cialluíonn an abairt “cuideachta árachais tionnscail” cuideachta árachais go mbíonn gnó árachais tionnscail ar siúl acu;

cialluíonn an focal “bailitheoir” duine, pé saghas a luach saothair, a théigheann o thigh go tigh chun praemia is iníoctha ar pholasaithe árachais tionnscail do ghlacadh agus foluíonn ionadaí d'aon duine den tsórt san agus foluíonn fós duine go leas ar bith aige i leabhar bailiúcháin;

cialluíonn an abairt “leabhar bailiúcháin” aon leabhar no scríbhinn, ar n-a thabhairt amach o chuideachtain árachais tionnscail agus a bhíonn i gcoimeád bhailitheora, ina gcuirtear síos íocaíochtaí praemia ar scór polasaithe árachais tionnscail;

cialluíonn an abairt “leabhar admhála praemium” aon leabhar no scríbhinn ina gcuirtear síos adhmála ar phraemia d'fháil is iníoctha alos polasaí árachais tionnscail.

Feidhm na Coda so den Acht so i gcásanna áirithe.

49. —(1) I gcás cuideachta árachais go raibh gnó árachais tionnscail ar siúl acu roimhe seo do scur, roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so, de ghnó árachais tionnscail do bheith ar siúl acu bainfidh an Chuid seo den Acht so leis an gcuideachtain sin faid a leanfaid (má leanaid in aon chor), tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so, de bheith fé fhreagarthacht de dhruim polasaí árachais tionnscail do thugadar amach roimh an scur san.

(2) I gcás cuideachta árachais go mbeidh gnó árachais tionnscail ar siúl acu le linn no tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so do scur, tar éis an tosach feidhme sin, de ghnó árachais tionnscail do bheith ar siúl acu leanfaidh an Chuid seo den Acht so de bhaint leis an gcuideachtain sin faid a leanfaidh an chuideachta san de bheith fé fhreagarthacht de dhruim polasaí árachais tionnscail do thugadar amach roimh an scur san.

(3) Pé uair a bhainfidh an Chuid seo den Acht so le cuideachtain de bhuadh an ailt seo tuigfear, ar feadh ré agus chun crícheanna na bainte sin, gur cuideachta árachais tionnscail do réir bhrí na Coda so den Acht so an chuideachta san.

Crícheanna breise chun a bhféadfar polasaithe árachais tionnscail do thabhairt amach.

50. —(1) Ar na crícheanna chun a bhféadfaidh cuideachtana árachais tionnscail polasaithe árachais tionnscail do thabhairt amach beidh—

(a) a árachú go n-íocfar airgead in aghaidh na gcostaisí réasúnta bhainfidh le bás agus sochraid éinne acu so leanas, sé sin le rá:—

(i) tuismitheoir, mac, inghean, sean-athair, seanamháthair, ua, leas-tuismitheoir, leas-mhac, leasinghean, driotháir no drifiúr don té thógfaidh amach an polasaí, no

(ii) uncail no aintín don té thógfaidh amach an polasaí, má bhíonn an t-uncail no an aintín sin, le linn an pholasaí do thógaint amach, in éintigheas leis an té thógfaidh amach an polasaí, no

(iii) gar-mhac no gar-inghean don té thógfaidh amach an polasaí, má bhíonn an duine sin, le linn an pholasaí do thógaint amach, in éintigheas leis an ngar-mhac no leis an ngar-inghin sin;

(b) fé réir forálacha an chéad fho-ailt eile den alt so, a árachú go n-íocfar airgead ar mhaireachtaint go ceann tréimhse áirithe do thuismitheoir, mac, inghean, seanathair, seana-mháthair, ua, leas-tuismitheoir, leas-mhac, leas-inghean, driotháir, no drifiúr, no a árachú go n-íocfar airgead ar mhaireachtaint go ceann tréimhse áirithe d'uncail, aintín, gar-mhac, no gar-inghean, don té thógfaidh amach an polasaí, a bheidh in éintigheas leis an duine sin no le n-a mbeidh an duine sin in éintigheas agus, i gceachtar cás, airgead do bheith no gan bheith le n'íoc má éagann an duine sin fé cheann na tréimhse sin.

(2) Ní dhéanfaidh aon chuideachta árachais tionnscail, tré pholasaí ar n-a thabhairt amach fé mhír (b) den fho-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, a árachú go n-íocfar, ar éag d'aon duine áirithe, aon tsuim-thar mar a bheidh réasúnta in aghaidh costaisí bhainfidh le bás agus sochraid an duine sin, ach nuair a beifear ag áireamh na suime sin ní cuirfear san áireamh aon aisíoc a bheidh le déanamh, ar éag don duine sin, i bpraemia do híocadh alos polasaí dhearlaice no polasaí árachais dearlaice.

(3) Gach duine thógfaidh amach polasaí árachais tionnscail fé réim agus do réir an ailt seo, tuigfear leas ion-árachuithe do bheith aige i saol an té gur ina thaobh a tógadh an polasaí sin amach agus ní tuigfear gur polasaí slánaíochta aon pholasaí den tsórt san.

(4) Ní cheadóidh éinní san alt so ná ní raghaidh chó fada le n-a cheadú do chuideachtain árachais tionnscail ná d'éinne eile saol duine ar bith fé bhun deich mblian d'aois d'árachú.

(5) Pé uair nach mó ná cúig púint fhichead an tsuim a hárachófar fé pholasaí árachais tionnscail (do bhéarfar amach chun críche chun a bhféadfaidh cuideachtana árachais tionnscail polasaithe árachais tionnscail do thabhairt amach fén alt so) tuigfear an tsuim sin do bheith réasúnta.

Arachas ar shaol leinbh fé bhun deich mblian d'aois.

51. —(1) D'ainneoin éinní atá sa Life Assurance Act, 1774, mar a leathnuítear é leis an Life Insurance (Ireland) Act, 1866, beidh sé dleathach do chuideachtain árachais tionnscail polasaithe árachais tionnscail ar shaol leinbh fé bhun deich mblian d'aois do thabhairt amach más rud é agus amháin más rud é gur do thuismitheoir, sean-athair, seana-mháthair, leas-tuismitheoir, driotháir, no drifiúr don leanbh san do bhéarfar amach na polasaithe sin, no d'uncail no d'aintín don leanbh san má bhíonn an leanbh san in éintigheas leis an uncail no leis an aintín sin nuair a tógfar amach an polasaí.

(2) Fé réir forálacha an ailt seo ní bheidh sé dleathach do chuideachtain árachais tionnscail íoc do dhéanamh ná a thógaint ortha féin, tré pholasaí do thabhairt amach ná ar aon tslí eile, íoc do dhéanamh, ar éag do leanbh fé bhun deich mblian d'aois, in aon tsuim airgid a bheidh, nuair a cuirfear í leis an méid no le suim na méideanna uile is iníoctha ar éag don leanbh san ag cuideachtain no cuideachtana árachais tionnscail eile, lasmuich de bhonus no de shaor-pholasaithe lán-íoctha—

(a) os cionn sé bpúnt i gcás an leinbh sin d'éag agus é fé bhun trí mblian d'aois, no

(b) os cionn deich bpúnt i gcás an leinbh sin d'éag agus é trí bliana d'aois no níos mó ach gan sé bliana bheith slán aige, no

(c) os cionn cúig púint déag i gcás an leinbh sin d'éag agus é sé bliana d'aois no níos mó ach gan deich mbliana bheith slán aige.

(3) Nuair a beifear ag áireamh na suime airgid is maximum fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so maidir le haon leanbh áirithe, ní cuirfear san áireamh aon aisíoc a bheidh le déanamh, ar éag don leanbh san, i bpraemia do híocadh alos polasaí dhearlaice no polasaí árachais dearlaice.

(4) Fé réir forálacha an ailt seo, ní bheidh sé dleathach do chuideachtain árachais tionnscail aon tsuim a thiocfaidh chun bheith iníoctha ag an gcuideachtain árachais tionnscail sin ar éag do leanbh agus é fé bhun deich mblian d'aois d'íoc (ach amháin alos aisíoctha phraemia do híocadh ar scór agus fé réim polasaí dhearlaice no polasaí árachais dearlaice) maran rud é—

(a) go n-íocfar an tsuim sin fé pholasaí do tógadh amach ar shaol an leinbh sin agus ina mbeidh an chuideachta san freagarthach, agus

(b) go n-íocfar an tsuim sin leis an té do thóg amach an polasaí sin no le hionadaí pearsanta an duine sin no, mara mbeidh aon ionadaí pearsanta den tsórt san ann, le neasachán gaoil don duine sin a chuirfidh ina luighe ar an gcuideachtain árachais tionnscail sin gur íoc no go n-íocfaidh costaisí sochraide an leinbh sin, agus

(c) lasmuich de chás shaor-pholasaí lán-íoctha, go dtaisbeánfaidh an té le n-a n-íocfar an tsuim sin don chuideachtain árachais tionnscail sin, roimh an íocaíocht san d'fháil dó, deimhniú ar bhás an leinbh sin ar n-a thabhairt amach ag clárathóir básanna agus é do réir forálacha an chéad fho-ailt eile den alt so.

(5) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach deimhniú báis do bhéarfaidh clárathóir básanna amach más chuige a hiarrfar an deimhniú san ná chun íoc d'fháil o chuideachtain árachais tionnscail i suim airgid is iníoctha ag an gcuideachtain sin do réir an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so, sé sin le rá:—

(a) luadhfaidh neach iarrtha an deimhnithe sin leis an gclárathóir básanna san ainm na cuideachtan árachais tionnscail sin agus méid na suime airgid sin;

(b) uimreoidh an clárathóir básanna san in ord leanúnach gach deimhniú den tsórt san do bhéarfaidh amach alos báis an aon leinbh amháin;

(c) scríobhfaidh an clárathóir básanna san ar gach deimhniú den tsórt san na focail “Le taisbeáint do.................. adeirtear a dhligheann suim.................., lasmuich de bhonus no de shaor-pholasaithe lán-íoctha, d'íoc,” agus luadhfar ainm na cuideachtan árachais tionnscail sin agus méid na suime airgid sin, fé seach, sna spásanna folmha sa bhfuirm focal san roimhe seo;

(d) an méid airgid a luadfar in aon deimhniú no deimhnithe den tsórt san do réir na míre deiridh sin roimhe seo den fho-alt so ní bheidh a iomlán níos mó ná an tsuim mhaximum, ar n-a ceapadh leis an gcéad fho-alt den alt so, a bhaineann leis an leanbh san;

(e) ní thabharfaidh an clárathóir básanna san amach aon deimhniú den tsórt san marar taisbeánadh don chlárathóir sin, ar chlárú báis an leinbh le n-a mbainfeadh an deimhniú san, deimhniú o choróinéir no ón dochtúir leighis cláruithe do bhí ag friothálamh an leinbh sin le linn a bhreoiteachta deiridh agus trúig bháis an leinbh sin luaidhte ann no deimhniú o dhochtúir leighis chláruithe ar an ní is dócha ba thrúig leis an mbás san no fianaise éigin eile, le n-a mbeidh an clárathóir sin sásta, ar thrúig an bháis sin;

(f) mara dtugaidh an deimhniú san le tuisgint gurb é an chéad deimhniú den tsórt san é do tugadh amach alos an leinbh a bheidh ainmnithe ann déanfaidh an chuideachta árachais tionnscail sin, sara n-íocfaid aon airgead alos báis an leinbh sin, a fháil amach, chó cruinn agus is féidir é agus tré pé fiosrú is dóich leo is ceart, cadiad na suimeanna do híocadh no is iníoctha ag cuideachtana árachais tionnscail eile alos an bháis sin agus, le linn déanamh do réir na bhforálacha den alt so chuireann teora leis an méid is iníoctha ag cuideachtain árachais tionnscail, bhéarfaid áird ar na suimeanna do híocadh no is iníoctha amhlaidh ach ní bhacfaid le suimeanna do híocadh no is iníoctha ar scór bonus no saor-pholasaithe láníoctha no alos aisíoctha praemia do híocadh ar scór polasaithe dearlaice no polasaithe árachais dearlaice.

(6) Bainfidh an t-alt so le híocaíochtaí fé aon pholasaí árachais (ach amháin mar a luaidhtear anso ina dhiaidh seo) ar n-a thabhairt amach ag cuideachtain árachais tionnscail pe'ca uair sa dá mhí no níos minicí no níos annamhaí bheidh na praemia fén bpolasaí sin iníoctha ach ní bhainfidh le híocaíochtaí fé pholasaí ar n-a thógaint amach ag duine go raibh aige, le linn an pholasaí sin do thógaint amach, leas ion-árachuithe i saol an leinbh le na mbaineann an polasaí sin.

(7) Ar n-a iarraidh ar chlárathóir básanna sa bhfuirm agus sa tslí sin a bheidh ceaduithe ag an Ard-Chlárathóir Beireataisí, Básanna agus Póstaíocha déanfaidh an clárathóir sin deimhniú ar bhás leinbh d'éag agus é fé bhun deich mblian d'aois do thabhairt amach, chun crícheanna an ailt seo, ar íoc suime nach mó ná scilling agus beidh an tsuim sin in ionad gach táille eile is iníoctha leis an gclárathóir sin no is inéilithe aige, ar shlí eile, alos an deimhnithe sin.

(8) Pé uair a hiarrfar ar chlárathóir básanna, chun crícheanna an ailt seo agus sa bhfuirm agus sa tslí luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, níos mó ná aon chóip dheimhnithe amháin d'iontráil bháis leinbh d'éag agus é fé bhun deich mblian d'aois déanfaidh an clárathóir sin gach cóip dheimhnithe fé leith den tsórt san (seachas an chéad chóip den tsórt san) do bhéarfaidh amach do réir an iarratais sin do thabhairt amach ar íoc suime nach mó ná reul agus beidh an tsuim sin in ionad gach táille eile is iníoctha leis an gclárathóir sin no is inéilithe aige, ar shlí eile, alos gach cóipe den tsórt san seachas an chéad chóip den tsórt san.

(9) Pé uair a cheanglóidh duine ar bith ar chlárathóir básanna, ar a n-iarrfaidh chun crícheanna an ailt seo deimhniú no deimhnithe ar bhás leinbh d'éag agus é fé bhun deich mblian d'aois, an t-iarratas a luaidhtear sa dá fho-alt deiridh sin roimhe seo den alt so do líonadh féadfaidh an clárathóir sin suim nach mó ná leath-reul d'éileamh ar an duine sin agus do ghlacadh uaidh as an iarratas san do líonadh amhlaidh.

(10) San alt so foluíonn an abairt “clárathóir básanna” clárathóir conganta básanna agus duine ar bith eile go mbeidh clár de bhásanna ina choimeád agus cialluíonn an abairt “deimhniú ar bhás” cóip dheimhnithe d'iontráil bháis do hiontráladh no do cláruíodh in aon chlár de bhásanna bheidh i gcoimeád chlárathóra básanna.

Polasaithe áirithe bheith dleathach.

52. —Gach polasaí árachais tionnscail—

(a) a bheidh i bhfeidhm i dtosach feidhme na Coda so den Acht so, agus

(b) do bheadh dleathach ar dháta tabhartha amach an pholasaí sin dá mbeadh forálacha na Coda so den Acht so i ngníomh ar an dáta san,

beidh sé agus tuigfear go raibh sé riamh dleathach, agus beidh agus tuigfear go raibh riamh lán-fheidhm agus lán-éifeacht aige, chun crícheanna na Coda so den Acht so.

Toirmeasc ar pholasaithe neadhlíthiúla do thabhairt amach.

53. —(1) Gach cuideachta árachais tionnscail do bhéarfaidh amach polasaí árachais tionnscail a bheidh nea-dhlíthiúil no ultra vires na cuideachtan san tuigfear gur fhaillíodar forálacha an Achta so do chólíonadh.

(2) I gcás cuideachta árachais tionnscail do thabhairt amach polasaí árachais tionnscail agus an polasaí sin do bheith neadhlíthiúil no ultra vires na cuideachtan san dlighfidh an chuideachta san, gan dochar d'aon phionós no freagarthacht eile fé n-a ndeachadar tríd sin, suim is có-ionann le luach scarúna an pholasaí sin in airgead tirim (luach a gheobhfar amach do réir na bhforálacha den Chuid seo den Acht so bhaineann leis sin) d'íoc leis an té bheidh ina teideal más roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so do tógadh amach an polasaí sin agus, más tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so do tógadh amach an polasaí sin, suim is có-ionann le méid na bpraemia do híocadh ar scór an pholasaí sin d'íoc leis an té bheidh ina teideal maran rud é, i gceachtar cás, go gcruthóidh an chuideachta san go raibh an chuideachta san, toisc tuairisc bhréagach d'fháil ón té do thóg amach an polasaí sin no ón té do rinne an tairisgint i gcóir an pholasaí sin, gan a fhios acu go raibh an polasaí sin nea-dhlíthiúil no ultra vires na cuideachtan san.

(3) Gach bailitheoir do chuideachtain árachais tionnscail, agus gach duine ar fostú acu, a chabhróidh chun polasaí árachais tionnscail a bheidh nea-dhlíthiúil no ultra vires na cuideachtan san do thógaint amach beidh sé, mara gcruthuighidh ná raibh a fhios aige agus ná féadfadh sé do réir réasúin a fhios do bheith aige go raibh an polasaí sin nea-dhlíthiúil no ultra vires na cuideachtan san, ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

Baint do bheith ag Acht 1909 le hárachas tionnscail.

54. —Tuigfear chun crícheanna Achta 1909 gur gnó árachais ar leithligh gnó árachais tionnscail agus dá réir sin bainfidh an tAcht san leis an ngnó san agus beidh éifeacht aige fé réir na n-atharuithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) na forálacha den Acht san a bhaineann le gnó árachais saoil bainfid le gnó árachais tionnscail ach amháin go ndéanfar, chun crícheanna na bainte sin, tagairtí san Acht san do “industrial assurance business” agus “the industrial assurance fund” do chur in ionad tagairtí do “life assurance business” agus “the life assurance fund” fé seach, agus

(b) i gcás aon chostaisí bainistí, no aon ús no díbhinn as súncála, no aon tsuimeanna in aghaidh laigheadú luacha urrús do chion-roinnt idir an gnó árachais tionnscail agus an gnó árachais saoil (más ann dó) a bheidh ar siúl ag cuideachtain árachais tionnscail, déanfaidh iniúchóir na cuideachtan san, le linn a gcuntaisí d'iniúchadh, tuarasgabháil speisialta, i dtaobh ce'ca cionroinnt cheart an chion-roinnt sin no nárbh eadh, do chur ina thuarasgabháil ar na cuntaisí sin, agus

(c) bhéarfar don Aire cóip de gach tuarasgabháil o iniúchóir cuideachtan árachais tionnscail.

Luachála árachais tionnscail.

55. —Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach luacháil (dá ngairmtear luacháil árachais tionnscail sa Chuid seo den Acht so) a dhéanfaidh cuideachta árachais tionnscail ar a ngnó árachais tionnscail aon uair tar éis deireadh dhá mhí dhéag o thosach feidhme na Coda so den Acht so, sé sin le rá:—

(a) is achtuaire dhéanfaidh an luacháil sin;

(b) déanfar an luacháil sin i slí go gcuirfear luach ceart ar fhiachaisí na cuideachtan san ag féachaint don mhortlaíocht do thárla imeasc na ndaoine gur hárachuíodh a saol sa chuideachtain sin, don mheán-ráta úis as súncála, agus do sna costaisí bainistí (ar a n-áirmhítear airgead do híocadh mar choimisiún) agus i slí go gcuirfear in áirithe ná háirmheofar mar shócmhainn aon pholasaí ar n-a thabhairt amach ag an gcuideachtain sin;

(c) fé réir forálacha na céad mhíre ina dhiaidh seo den alt so, má háirmhítear i gcuntas cothromaíochta cuideachtan árachais tionnscail mar chuid de shócmhainní na cuideachtan san aon tsuimeanna is ionann agus costaisí do bhain le cóghléasadh, no le leathnú gnótha na cuideachtan san, no le ceannach gnótha no dea-thoile aon chuideachtan eile den tsórt san, agus go mbeidh méid na sócmhainní sin lasmuich de sna suimeanna san (tar éis fiacha bheidh ar an gcuideachtain chéadluaidhte sin, seachas bintiúirí agus iasachtaí, do bhaint as) níos lugha ná méid an chiste árachais tionnscail no méid an chiste árachais saoil agus an chiste árachais tionnscail le chéile (pe'ca aca é) mar a taisbeántar san sa chuntas chothromaíochta san, déanfar méid an chiste árachais tionnscail a taisbeántar sa chuntas chothromaíochta luachála do laigheadú pé méid no suim acu so leanas a bhainfidh le haon chás áirithe, sé sin le rá, méid an easnaimh, no suim go mbeidh idir í agus an t-easnamh san an cothrom céanna bheidh idir méid an chiste árachais tionnscail, a taisbeántar sa chuntas chothromaíochta chéad-luaidhte sin, agus méid iomlán an chiste árachais saoil agus an chiste árachais tionnscail le chéile;

(d) sna cásanna agus ar feadh na dtréimhsí luaidhtear sa mhír seo bainfidh forálacha na míre deiridh sin roimhe seo den alt so le cuideachtana árachais tionnscail fé réir pé bogadh ortha is oiriúnach leis an Aire a lomháil, sé sin le rá:—

(i) i gcás cuideachtan árachais tionnscail gur háirmhíodh sa chuntas chothromaíochta uatha is déanaí tugadh amach roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so aon tsuim dá luaidhtear sa mhír dheiridh sin roimhe seo, ar feadh tréimhse seacht mblian díreach tar éis an tosach feidhme sin, agus

(ii) i gcás cuideachtan árachais tionnscail do tháinig, tar éis an dáta gur go dtí é do rinneadh amach an cuntas cothromaíochta ón gcuideachtain sin is déanaí tugadh amach roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so, chun bheith freagarthach, de bhíthin có-nascadh le haon chuideachtain árachais tionnscail eile no de bhíthin aistriú gnótha o aon chuideachtain eile den tsórt san, i gconnartha agus in oblagáidí no in aon chuid de chonnartha agus d'oblagáidí na cuideachtan eile sin agus do rinne, i gcomaoine na freagarthachta san, sócmhainní ar a n-áirmhítear aon tsuim dá luaidhtear sa mhír dheiridh sin roimhe seo do ghlacadh no dul fé chaiteachas tríd an ngnó no an dea-thoil a luaidhtear amhlaidh do cheannach, ar feadh tréimhse seacht mblian tar éis an chéad 31adh lá de Mhí na Nodlag i ndiaidh dáta an chó-nasctha no an aistrithe sin (pe'ca aca é);

(e) i gcás bintiúirí do thabhairt amach no iasachtaí do chruinniú agus na bintiúirí no na hiasachtaí sin (pe'ca aca é) do mhuirearú ar aon chuid de shócmhainní cuideachtan árachais tionnscail ina mbeidh an ciste árachais tionnscail súncálta, cuirfear sa chuntas chothromaíochta luachála nóta ina mbeidh mion-innste an mhuirir sin agus ina ndéarfar an tora taisbeántar tríd an luacháil do bheith fé réir na freagarthachta fén muirear san.

An tAire do dhiúltú do luacháil.

56. —(1) Pé uair is deimhin leis an Aire na forálacha den Chuid seo den Acht so bhaineann le haon luacháil árachais tionnscail do bheith gan cólíonadh no ciste árachais tionnscail aon chuideachtan árachais tionnscail, mar a luaidhtear é i gcuntas cothromaíochta luachála ón gcuideachtain sin, do bheith níos mó ná luach na sócmhainní bheidh ar fáil in agaidh fiachaisí an chiste sin, ag féachaint go cuibhe d'fhiachaisí eile na cuideachtan san agus do sna forálacha san den Chuid seo den Acht so, féadfaidh an tAire, fé réir forálacha an chéad fho-ailt eile den alt so, diúltú don luacháil sin agus féadfaidh, fé réir na bhforálacha céanna, a ordú don chuideachtain sin pé atharuithe do dhéanamh ar an luacháil sin is gá chun í bheith do réir na bhforálacha san.

(2) Pé uair a dhiúltóidh an tAire do luacháil árachais tionnscail agus a bhéarfaidh ordú do chuidheachtain árachais tionnscail fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) féadfaidh an chuideachta san, fé cheann mí tar éis an diúltuithe agus an orduithe sin, a iarraidh ar an Ard-Chúirt a dhearbhú go bhfuil an luacháil sin do réir forálacha na Coda so den Acht so;

(b) más deimhin leis an Ard-Chúirt go bhfuil an luacháil sin do réir na bhforálacha den Acht so (agus an t-alt so d'áireamh) a bhaineann le luachála den tsórt san féadfaidh a dhearbhú go bhfuil an luacháil sin do réir na bhforálacha san amhlaidh;

(c) pé uair a dhearbhóidh an Ard-Chúirt fén bhfo-alt so go bhfuil luacháil árachais tionnscail do réir na bhforálacha den Acht so (agus an t-alt so d'áireamh) a bhaineann le luachála den tsórt san tuigfear, d'ainneoin an diúltuithe agus an orduithe sin ón Aire, an luacháil sin do bheith do réir na bhforálacha san (agus an t-alt so d'áireamh).

An tAire d'éileamh mion innste breise.

57. —Féadfaidh an tAire a cheangal ar chuideachtain árachais tionnscail go dtabharfaidís dó, i dteanta an eolais a ceangailtear ar gach cuideachtain den tsórt san do thabhairt uatha fé Acht 1909, gach ceann no aon cheann de sna mion-innste luaidhtear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so, maraon le pé mínithe is dóich leis is gá chun a dheimhniú dhó féin an bhfuil luacháil árachais tionnscail do réir na bhforálacha den Chuid seo den Acht so bhaineann le luachála den tsórt san.

An t-am chun an chéad luacháil árachais tionnscail do dhéanamh.

58. —D'ainneoin éinní atá in alt 5 d'Acht 1909, déanfar an chéad luacháil árachais tionnscail maidir le cuideachtain árachais tionnscail fé cheann dhá bhlian tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so no fé cheann pé tréimhse, níos sia ná san, tar éis an tosach feidhme sin a cheapfaidh an tAire in aon chás áirithe.

An t-am chun cuideachtana áirithe do lóisteáil luachála

59. —Pé uair is deimhin leis an Aire cuideachta árachais tionnscail is cumann no comhlachas no cólucht eile atá ionchorpruithe no có-dhéanta ar shlí eile fé dhlí tíre seachas Saorstát Éireann do bheith neamh-ábalta ar luacháil árachais tionnscail no ar aon luacháil a bhaineann le gnó árachais saoil a bhíonn ar siúl ag an gcuideachtain sin do lóisteáil leis fé cheann na haimsire in ar cheart don chuideachtain sin an luacháil sin do lóisteáil amhlaidh féadfaidh an tAire an aimsir sin d'fhaidiú go ceann aon tréimhse nach sia ná dhá mhí dhéag tar éis deireadh na tréimhse le n-a mbaineann an luacháil sin.

Cruinnithe generálta cuideachtana árachais tionnscail.

60. —Comórfaidh gach cuideachta árachais tionnscail aon chruinniú generálta amháin ar a laighead den chuideachtain sin gach bliain.

A mbeidh i dtairisgintí i gcóir polasaithe árachais tionnscail.

61. —(1) I ngach tairisgint i gcóir polasaí árachais tionnscail, maran rud é—

(a) gur ar shaol agus thar ceann leinbh fé bhun sé mblian déag a tairgfear an polasaí sin do thógaint amach, no

(b) gur duine ina bhfuil leas ion-árachuithe ag an tairgtheoir an duine 'na dtairgfear a shaol d'árachú fén bpolasaí sin,

beidh dearbhú, ón duine 'na dtairgfear a shaol d'árachú fén bpolasaí sin, á dhearbhú gurb é féin a thairgeann an polasaí sin do thógaint amach agus gurb é íocfaidh na praemia air.

(2) I gcás an duine go dtairgfear a shaol d'árachú fé pholasaí árachais tionnscail do bheith ina dhuine go bhfuil leas ion-árachuithe ag an tairgtheoir ann déarfar sa tairisgint i gcóir an pholasaí sin cadé an saghas an leas san.

(3) Gach cuideachta árachais tionnscail go dteipfidh ortha na forálacha san roimhe seo den alt so do chólíonadh no d'fhor coimeád tuigfear gur theip ortha forálacha an Achta so do chólíonadh agus gach bailitheoir no gníomhaire don chuideachtain sin go mbeidh baint aige leis an teip sin no bheidh páirteach ann beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

(4) Pé uair a bheidh, i dtairisgint i gcóir polasaí árachais tionnscail, ráiteas nach fíor á rá, maidir leis an duine gur alos a shaoil a rinneadh an tairisgint sin, nach duine é, le linn na tairisgeana san do dhéanamh, gur thug an chuideachta árachais tionnscail chun a mbeidh an tairisgint sin á déanamh aon pholasaí eile amach ar a shaol agus a bhéarfaidh an chuideachta san polasaí árachais amach ar shaol an duine sin do réir na tairisgeana san, ansan, d'ainneoin nach fíor an ráiteas san agus gur coinníoll de choinníollacha an pholasaí sin an ráiteas san do bheith fíor, ní bheidh an chuideachta san saor, de bhíthin nach fíor an ráiteas san, o fhreagarthacht ar scór an pholasaí sin.

(5) Pé uair a bheidh tairisgint i gcóir polasaí árachais tionnscail i riocht fuirme tairisgeana ar n-a líonadh, ar fad no go leathrannach, ag duine ar fostú ag an gcuideachtain árachais tionnscail chun a mbeidh an tairisgint sin á déanamh, agus a bheidh mí-ráiteas ná beidh calaoiseach déanta ag an tairgtheoir i dtaobh puinc tháchtaigh eigin agus ionchorpruithe sa tairisgint sin, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) má líonadh an tairisgint sin ar fad ag aon duine ar fostú amhlaidh, ní bheidh an chuideachta san i dteideal dleathacht an pholasaí bheidh bunuithe ar an tairisgint sin do chonspóid ar scór an mhí-ráitis sin do rinne an tairgtheoir amhlaidh agus do hionchorpruíodh sa tairisgint sin, agus

(b) má líonadh an tairisgint sin go leathrannach ag aon duine ar fostú amhlaidh, ní bheidh an chuideachta san i dteideal dleathacht an pholasaí bheidh bunuithe ar an tairisgint sin do chonspóid ar scór an mhí-ráitis sin do rinne an tairgtheoir amhlaidh agus do hionchorpruíodh sa tairisgint sin mara mbeidh an ráiteas san i gcuid éigin den tairisgint sin nár líonadh ag aon duine ar fostú amhlaidh.

(6) I gcás ina bhféadfaí, mara mbeadh forálacha an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so, dleathacht pholasaí ar n-a thabhairt amach ag cuideachtain árachais tionnscail do chonspóid ar scór mí-ráitis sa tairisgint i gcóir an pholasaí sin i dtaobh an chuma ina raibh an tsláinte, ar dháta na tairisgeana san, ag an duine gur ar a shaol a tairgtear an polasaí sin do thógaint amach, ní choiscfidh éinní sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo an chuideachta san ar an gconspóid sin do dhéanamh fé cheann dhá bhlian ó dháta an pholasaí sin do thabhairt amach.

(7) D'ainneoin forálacha an ailt seo, pé uair a bheidh, i dtairisgint i gcóir polasaí árachais tionnscail a bheidh tógtha amach roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so, ráiteas nea-cheart ar aois an duine go mbeidh a shaol árachuithe fén bpolasaí sin, féadfaidh an chuideachta árachais tionnscail do thug amach an polasaí sin téarmaí an pholasaí, no téarmaí aon pholasaí bhéarfar amach ina ionad, do choigeartú i slí go mbeidh na téarmaí sin ar aon dul leis na téarmaí do bhainfeadh leis an gcás dá luaidhtí aois cheart an duine sin sa tairisgint sin, agus dá réir sin ní déanfar aon pholasaí árachais tionnscail a bheidh tugtha amach roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so do nea-dhleathú ar scór aois an duine gur alos a shaoil a tugadh an polasaí sin amach do bheith curtha síos go nea-cheart sa pholasaí sin no sa tairisgint i gcóir an pholasaí sin.

A mbeidh i bpolasaithe árachais tionnscail.

62. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo, beidh i ngach polasaí árachais tionnscail do bhéarfar amach tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so cóip de pé forálacha den Acht so a hordófar o am go ham le horduithe dhéanfaidh an tAire fén bhfo-alt so.

(2) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, cead do thabhairt do chuideachtain árachais tionnscail ráiteas, ar éifeacht na bhforálacha den Acht so bheidh orduithe de thurus na huaire le hordú ar n-a dhéanamh fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, do chur isteach i ngach polasaí árachais tionnscail do bhéarfaidh an chuideachta san amach tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so agus, leis sin, déanfaidh gach cuideachta den tsórt san an ráiteas san do chur isteach i ngach polasaí den tsórt san, agus beidh an cur-isteach san in ionad na hoblagáide cuirtear ar gach cuideachtain den tsórt san leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo agus tuigfear é bheith ina chólíonadh ar an oblagáid sin.

(3) Gach cuideachta árachais tionnscail do bhéarfaidh amach, tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so, polasaí árachais tionnscail ná beidh do réir pé fo-ailt de sna fo-ailt sin roimhe seo den alt so bhaineann leis an gcuideachtain sin tuigfear gur theip ortha forálacha an Achta so do chólíonadh agus, gan dochar don fhreagarthacht fé n-a ndeachthas mar gheall ar an teip sin, déanfaid (fé mar is rogha leis an duine d'íoc na praemia bhí dlite ar scór an pholasaí sin) an polasaí sin do cheartú no suim is có-ionann le méid na bpraemia do híocadh amhlaidh d'íoc leis an duine sin, ach ní bheidh an chuideachta san fé aon fhreagarthacht thairis sin ná ar shlí eile don duine sin, agus féadfaidh an duine sin na praemia sin do bhaint den chuideachtain sin in aon chúirt dlighinse inniúla.

Tairisgintí agus polasaithe árachais tionnscail.

63. —(1) Más dóich leis agus pé uair is dóich leis san do bheith ceart, féadfaidh an tAire, tré fhógra i scríbhinn d'fhágaint, i gcás cuideachtan árachais tionnscail a bheidh cláruithe i Saorstát Éireann, in oifig chláruithe na cuideachtan san i Saorstát Éireann agus, i gcás cuideachtan árachais tionnscail ná beidh cláruithe i Saorstát Éireann, i bpríomh-oifig na cuideachtan san i Saorstát Éireann, a cheangal ar an gcuideachtain sin aon téarma, coinníoll, ceist, no foráil, a bheidh in aon fhuirm thairisgeana i gcóir polasaí árachais tionnscail do bhéarfaidh an chuideachta san amach ar an dáta luadhfar chuige sin sa bhfógra san no dá éis sin, do scriosadh amach no do leasú.

(2) Más dóich leis agus pé uair is dóich leis san do bheith ceart, féadfaidh an tAire, tré fhógra i scríbhinn d'fhágaint, i gcás cuideachtan árachais tionnscail a bheidh cláruithe i Saorstát Éireann, in oifig chláruithe na cuideachtan san i Saorstát Éireann agus, i gcás cuideachtan árachais tionnscail ná beidh cláruithe i Saorstát Éireann, i bpríomh-oifig na cuideachtan san i Saorstát Éireann, a cheangal ar an gcuideachtain sin aon téarma, coinníoll no foráil, a bheidh in aon fhuirm pholasaí árachais tionnscail a bheidh an chuideachta san ar aigne a thabhairt amach ar an dáta luadhfar chuige sin sa bhfógra san no dá éis sin, do scriosadh amach no do leasú.

(3) Gach cuideachta árachais tionnscail dá dtabharfaidh an tAire fógra fén alt so cólíonfaid an fógra san láithreach agus, chuige sin, déanfaid gach ní cheanglóidh an fógra san ar an gcuideachtain sin a dhéanamh.

(4) Ní thabharfaidh éinní atá san alt so údarás ná comhacht don Aire chun a cheangal ar chuideachtain árachais tionnscail an praemium is iníoctha fé pholasaí árachais tionnscail no an tsuim a hárachuítear leis no dáta a aibithe d'atharú.

Aois an té go n-árachófar a shaol d'admháil.

64. —(1) Gach polasaí árachais tionnscail do bhéarfar amach tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so tuigfear é dhéanamh ar na téarmaí go n-admhuíonn an chuideachta bhéarfaidh an polasaí sin amach gurb é is aois, ar dháta an pholasaí sin do thabhairt amach, don duine gur alos a shaoil a bhéarfar an polasaí sin amach ná an aois a bheidh luaidhte chuige sin sa pholasaí sin no, mara mbeidh an aois sin luaidhte chuige sin sa pholasaí sin, an aois a bheidh luaidhte chuige sin sa tairisgint i gcóir an pholasaí sin, agus dá réir sin ní déanfar aon pholasaí árachais tionnscail do neadhleathú ná do chonspóid ar an scór go bhfuil aois an duine gur alos a shaoil a bhéarfar an polasaí sin amach curtha síos go neacheart sa pholasaí sin no sa tairisgint i gcóir an pholasaí sin.

(2) Pé uair a gheobhaidh cuideachta árachais tionnscail tairisgint i gcóir polasaí árachais tionnscail agus a bheidh ráiteas nea-cheart sa tairisgint sin ar aois an duine go dtairgtear léi a shaol d'árachú, féadfaidh an chuideachta san, fé cheann dhá mhí dhéag tar éis an dáta ar a bhfuighid an tairisgint sin, téarmaí an pholasaí bheidh tugtha amach no le tabhairt amach do réir na tairisgeana san do choigeartú i slí go mbeidh na téarmaí sin ar aon dul leis na téarmaí bhaineann le haois cheart an duine sin.

(3) Má cheanglann cuideachta árachais tionnscail, mar choinníoll nach foláir a chólíonadh roimh pholasaí árachais tionnscail do thabhairt amach, aois an duine gur alos a shaoil a bheidh an polasaí sin le tabhairt amach d'fhíorú tré chóip dheimhnithe d'iontráil bheireatais an duine sin no fianaise eile do thaisbeáint, agus go n-íocfaidh an chuideachta san costas soláthruithe na cóipe deimhnithe no na fianaise eile sin, féadfaidh an chuideachta san méid an airgid is iníoctha ag an gcuideachtain sin fén bpolasaí sin do choigeartú tré mhéid an chostais sin d'íoc an chuideachta san amhlaidh do bhaint as an airgead san más rud é, agus amháin más rud é, go raibh fógra sa bhfuirm thairisgeana á rá go gceanglófaí mar adubhradh an chóip dheimhnithe no an fhianaise eile sin do thaisbeáint agus go ndéanfaí a chostas san, dá n-íocadh an chuideachta san é, do bhaint as an airgead dob' iníoctha ag an gcuideachtain sin fén bpolasaí sin.

(4) Gach clárathóir beireataisí, gach clárathóir conganta beireataisí agus gach duine eile go mbeidh clár de bheireataisí ina choimeád, déanfaidh, ar chuideachtain árachais tionnscail dá iarraidh air sa bhfuirm agus sa tslí sin a cheadóidh an tArd-Chlárathóir Beireataisí, Básanna agus Póstaíocha agus ar an gcuideachtain sin d'íoc táille leis nach mó ná reul an chóip dheimhnithe, cóip dheimhnithe do thabhairt don chuideachtain sin d'iontráil bheireatais aon duine 'na mbeidh a bheireatas iontrálta sa chlár san de bheireataisí agus 'na mbeidh tairisgint i gcóir polasaí árachais tionnscail faighte ina thaobh no polasaí árachais tionnscail tugtha amach ina thaobh ag an gcuideachtain sin.

(5) Gach clárathóir póstaíocha, gach leas-chlárathóir póstaíocha agus gach duine eile go mbeidh clár de phóstaíocha ina choimeád, déanfaidh, ar chuideachtain árachais tionnscail dá iarraidh air sa bhfuirm agus sa tslí sin a cheadóidh an tArd-Chlárathóir Beireataisí, Básanna agus Póstaíocha agus ar an gcuideachtain sin d'íoc táille leis nach mó ná scilling an chóir dheimhnithe, cóip dheimhnithe do thabhairt don chuideachtain sin d'iontráil phósadh aon mhná pósta no baintrighe 'na mbeidh a pósadh iontrálta sa chlár san agus 'na mbeidh tairisgint i gcóir polasaí árachais tionnscail faighte ina taobh no polasaí árachais tionnscail tugtha amach ina taobh ag an gcuideachtain sin.

Polasaithe, etc., do thabhairt thar n-ais tar éis a n-iniúchta.

65. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo, pé uair a dhéanfaidh cuideachta árachais tionnscail no duine ar bith ar fostú ag aon chuideachtain den tsórt san seilbh do ghlacadh ar pholasaí árachais tionnscail no ar leabhar admhála praemium no ar aon scríbhinn eile do thug an chuideachta san amach maidir leis an bpolasaí sin, bhéarfaidh an chuideachta no an duine sin (pe'ca aca é) admháil ar an bpolasaí, ar an leabhar admhála praemium no ar an scríbhinn eile sin (do réir mar bheidh) agus mara ndearnadh na polasaí sin do thabhairt i láimh no do thabhairt suas don chuideachtain sin toisc an tsuim do hárachuíodh no luach scarúna an pholasaí sin in airgead tirim d'íoc no polasaí eile do thabhairt amach ina ionad, bhéarfaidh an chuideachta no an duine sin (pe'ca aca é) an polasaí, an leabhar admhála praemium no an scríbhinn eile sin thar n-ais, don duine o n-a bhfuarthas an polasaí no an leabhar no an scríbhinn eile sin (do réir mar a bheidh), fé cheann triocha lá tar éis seilbhe do ghlacadh amhlaidh agus féadfar é thabhairt thar n-ais amhlaidh tré n-a sheachadadh no tré n-a fhágaint dó san áit chomhnaithe is déanaí is eol do bheith aige.

(2) Má dheineann cuideachta árachais tionnscail, chun críche imeacht dlí ag an gcuideachtain sin in aghaidh bailitheora ar fostú ag an gcuideachtain sin, seilbh do ghlacadh ar pholasaí árachais tionnscail no ar leabhar admhála praemium no ar aon scríbhinn eile do thug an chuideachta san amach maidir leis an bpolasaí sin, féadfaidh an chuideachta san an polasaí, an leabhar admhála praemium no an scríbhinn eile sin do choinneáil go ceann pé tréimhse, níos sia ná an triocha lá san, is gá chun crícheanna na n-imeacht san ach, má leanann an choinneáil sin go ceann tréimhse is sia ná an triocha lá san, bhéarfaidh an chuideachta san, don duine o n-a bhfuarthas an polasaí, an leabhar no an scríbhinn eile sin (do réir mar a bheidh), cóip de bheidh deimhnithe ag an gcuideachtain sin bheith ina cóip dhílis.

Geallbhruideadh mar gheall ar gan praemium d'íoc.

66. —(1) Einne do thóg no thógfaidh polasaí árachais tionnscail amach o chuideachtain árachais tionnscail (roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so no dá éis sin) ní dhlighfidh an polasaí sin do gheallbhruideadh in aon tslí toise é theip air praemium d'íoc alos an pholasaí sin mara mbeidh praemium is iníoctha alos an pholasaí sin gan íoc ar feadh deich seachtain ar a laighead tar éis é theacht chun bheith dlite.

(2) Má thagann polasaí árachais tionnscail chun bheith geallbhruidthe toisc gan praemium is iníoctha mar gheall air d'íoc agus go dtaisbeánfar go raibh an bailitheoir faillítheach no gur theip air dícheall cuibhe do dhéanamh i mbailiú na bpraemia san i rith na tréimhse idir an uair dheiridh do híocadh aon phraemium den tsórt san agus geallbhruideadh an pholasaí sin agus go ndéanfar fé cheann bliana tar éis an gheallbhruidthe sin gach praemium a bheidh gan íoc alos an pholasaí sin (agus praemia d'áireamh do thiocfadh chun bheith iníoctha dá mba ná geallbhruidfí an polasaí sin) d'íoc leis an gcuideachtain árachais tionnscail do thug amach an polasaí sin, cealófar an geallbhruideadh sin, agus na cearta, fén bpolasaí sin, do bhí ag an duine do thóg amach an polasaí sin, tiocfaid chun bheith agus beid aithbheoite.

Cearta sealbhóra pholasaí do geallbhruideadh mar gheall ar gan praemium d'íoc.

67. —(1) Pé uair a thiocfaidh polasaí árachais tionnscail chun bheith geallbhruidthe tar éis an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1937, toisc praemium is iníoctha fé do bheith gan íoc, tiocfaidh an duine bheidh i dteideal an pholasaí sin chun bheith i dteideal an tsaor-pholasaí lán-íoctha luaidhtear anso ina dhiaidh seo ar an ngeallbhruideadh sin do thárlachtaint agus, an chuideachta árachais tionnscail do thug amach an polasaí geallbhruidthe sin déanfaid, fé réir forálacha an ailt seo, fógra do thabhairt, chó luath agus is féidir é tar éis an gheallbhruidthe sin, don duine bheidh i dteideal an pholasaí sin, á rá go ndearnadh den pholasaí sin saor-pholasaí lán-íoctha árachuíonn go n-íocfar, do réir na dtéarmaí (seachas praemia d'íoc) atá sa pholasaí gheallbhruidthe sin, suim ar n-a háireamh do réir na rialacha atá sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

(2) Ní bhainfidh an fo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so le polasaí nach polasaí dearlaice no polasaí árachais dearlaice tugadh amach ar shaol leinbh fé bhun deich mblian d'aois mara ndearnadh, roimh an ngeallbhruideadh sin do thárlachtaint, praemia d'íoc ar an bpolasaí sin—

(a) ar feadh trí mblian ar a laighead más tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so do bhéarfar amach an polasaí sin agus go n-árachuíonn sé airgead d'íoc maidir le bás agus sochraid duine seachas neach tógtha amach an pholasaí sin agus gur polasaí dearlaice no polasaí árachais dearlaice é in aghaidh bun-téarma nach giorra ná sé bliana déag no polasaí in aghaidh téarma iomláin saoil, no

(b) ar feadh dhá bhlian ar an laighead más tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so do bhéarfar amach an polasaí sin agus go n-árachuíonn sé airgead d'íoc maidir le bás agus sochraid duine seachas neach tógtha amach an pholasaí sin agus gur polasaí dearlaice no polasaí árachais dearlaice é in aghaidh bun-téarma is giorra ná sé bliana déag, no

(c) in aon chás eile (ach fé réir na teorann a luaidhtear sa mhír seo), ar feadh an mhéid sin blian ar a laighead a luaidhtear sa dara colún den Chuid, den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, a bhaineann leis an bpolasaí sin os coinne luadh bliana an gheallbhruidthe sin sa chéad cholún den Chuid sin den Sceideal san, ach san fé réir na teorann go ndéanfar, más mó ná leath bun-téarma an pholasaí an tréimhse mhinimum íoctha praemia luaidhtear sa dara colún de Chuid II no de Chuid III den Sceideal san, an méid blian is ionann agus leath agus is leath de bhuntéarma an pholasaí do chur in ionad an mhéid blian a luaidhtear so cholún san 2 sa Chuid sin II no sa Chuid sin III (pe'ca aca é).

(3) Pé uair a thiocfaidh polasaí árachais tionnscail, is polasaí dearlaice no polasaí árachais dearlaice tugadh amach ar shaol leinbh fé bhun deich mblian d'aois chun bheith geallbhruidthe tar éis an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1937, toisc praemium is iníoctha fé do bheith gan íoc, féadfar, más rogha san leis an duine bheidh i dteideal an pholasaí sin, luach scarúna an pholasaí sin in airgead tirim, ar n-a áireamh do réir na rialacha atá sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, d'íoc leis an duine sin in ionad an tsaor-pholasaí lán-íoctha foráltar leis an alt so.

(4) Más rud é, do réir choinníollacha polasaí árachais tionnscail a thiocfaidh chun bheith geallbhruidthe tar éis an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1937, toisc praemium is iníoctha fé do bheith gan íoc, gur fábhrúla don duine bheidh i dteideal an pholasaí sin na cearta do bheadh ag an duine sin, i gcás an pholasaí sin do gheallbhruideadh, ná na cearta a bronntar leis an alt so, ní choiscfidh éinní atá san alt so ná ní léireofar é mar ní a choisceann aon éileamh do dhéanamh fé sna coinníollacha san in ionad é dhéanamh fén alt so.

(5) Má deintear aon tsochair a bhronnann cuideachta árachais tionnscail fé pholasaithe árachais tionnscail d'atharú i bhfábhar daoine árachuithe no chun tuilleadh sochar do bhronnadh ar dhaoine árachuithe go n-éifeacht chúl-ghabhálach, i bpáirt no go hiomlán, maidir le haon pholasaithe den tsórt san a bheidh i bhfeidhm ar dháta an atharuithe sin, ní bheidh cearta na ndaoine bheidh i dteideal na bpolasaithe sin níos fábhrúla do sna daoine sin, i gcás na bpolasaithe sin do gheallbhruideadh, ná mar a bheadh na cearta san dá mbeadh na sochair sin ag gabháil leis na polasaithe sin ar dháta tabhartha amach na bpolasaithe sin.

(6) Beidh i gcló i ngach leabhar admhála praemium do bhéarfaidh cuideachta árachais tionnscail amach tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so fógra ag luadh na gcúinsí ina dtiocfaidh polasaí árachais tionnscail chun bheith geallbhruidthe fén gCuid seo den Acht so toisc praemium is iníoctha fé do bheith gan íoc agus ag luadh na gceart a bheidh ag duine fén gCuid seo den Acht so, maidir leis an bpolasaí sin, chun saor-pholasaí láníoctha no luach scarúna in airgead tirim (pe'ca is gá sa chás) d'fháil in ionad an pholasaí gheallbhruidthe sin.

(7) Pé uair a thiocfaidh polasaí árachais tionnscail chun bheith geallbhruidthe tar éis an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1937, toisc praemium is iníoctha fé do bheith gan íoc, beidh sé de dhualgas ar an gcuideachtain árachais tionnscail do thug amach an polasaí sin eolas do thabhairt don duine bheidh i dteideal an pholasaí sin, ar an duine sin dá iarraidh sin ortha, i dtaobh méid an tsaorpholasaí lán-íoctha no an luacha scarúna in airgead tirim (pe'ca aca é) go dtáinig an duine sin ina theideal ar an geallbhruideadh sin do thárlachtaint.

Daoine árachuithe ag aistriú o chuidheachtain go cuideachtain eile.

68. —(1) Pé uair do gheobhaidh cuideachta árachais tionnscail (dá ngairmtear an chéad chuideachta san alt so) o dhuine ar bith tairisgint i gcóir polasaí árachais tionnscail a bheidh go bhfios don chuideachtain sin ceaptha, agus a bheidh na praemia bheidh iníoctha fé pholasaí árachais tionnscail do bhéarfar amach do réir na tairisgeana san ceaptha, chun dul agus chun bheith in ionad polasaí árachais tionnscail, agus na bpraemia is iníoctha fé pholasaí árachais tionnscail, a bheidh tugtha amach ag cuideachtain árachais tionnscail eile (dá ngairmtear an dara cuideachta san alt so) agus a bheidh i bhfeidhm ar an dáta ar a bhfuighidh an chéad chuideachta an tairisgint sin, déanfaidh an chéad chuideachta (mara ndiúltuíd don tairisgint sin) fógra do chur, fé cheann seacht lá tar éis na tairisgeana san d'fháil, chun na dara cuideachtan sa bhfuirm orduithe agus na mion-innste seo leanas ann, sé sin le rá:—

(a) téarmaí an pholasaí do rinneadh leis an dara cuideachtain agus na cearta fé, agus

(b) téarmaí na tairisgeana san, agus

(c) téarmaí an pholasaí atáthar ar intinn a dhéanamh leis an gcéad chuideachtain sin agus na cearta fé.

(2) Pé uair do gheobhaidh aon chéad chuideachta den tsórt san o dhuine ar bith aon tairisgint den tsórt a luaidhtear sa chéad fho-alt den alt so ní thabharfaidh an chéad chuideachta san polasaí árachais tionnscail amach do réir na tairisgeana san go ceann ceithre lá déag tar éis don chéad chuideachtain sin an tairisgint sin d'fháil.

(3) Pé uair a theipfidh ar aon chéad chuideachtain den tsórt san, go bhfios dóibh, forálacha an ailt seo do chólíonadh tuigfear gur theip ar an gcéad chuideachtain sin forálacha an Achta so do chólíonadh, agus gach bailitheoir no oifigeach eile don chéad chuideachtain sin go mbeidh baint aige leis an teip sin no bheidh páirteach ann beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

Eilithe d'íoc

69. —Pé uair íocfaidh cuideachta árachais tionnscail éileamh eireoidh fé pholasaí árachais tionnscail cuirfidh an chuideachta san tríd an ngnáth-phost roimh-íoctha o n-a n-oifig chláruithe no a bpríomh-oifig (pe'ca aca é) i Saorstát Éireann, chun an duine le n-a n-íocfar an t-éileamh san, ráiteas ina luadhfar an mór-mhéid is iníoctha alos an éilmh sin, méid gach suime fé leith do baineadh as an mór-mhéid sin, agus pé mion-innste ar gach as-baint den tsórt san is gá chun na bhforas ar a ndearnadh an as-baint sin agus chun na slí in ar háirmhíodh a méid do mhíniú go soiléir.

Luach polasaithe árachais tionnscail.

70. —Pé uair is gá do réir forálacha na Coda so den Acht so luach polasaí árachais tionnscail (agus polasaí nea-dhlíthiúil agus polasaí atá ultra vires cuideachtan árachais tionnscail d'áireamh) no a luach scarúna in airgead tirim d'fháil amach, is do réir na rialacha atá leagtha amach sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so a háirmheofar an luach san no an luach scarúna san in airgead tirim (do réir mar a bheidh).

Cosaint do pholasaithe áirithe tugadh amach roimh an 3adh Mí na Nodlag, 1909.

71. —(1) I gcás polasaí árachais tionnscail do thógaint amach roimh an 3adh lá de Mhí na Nodlag, 1909, agus coinne bona fide do bheith, le linn an pholasaí sin do thógaint amach, ag an duine do thóg amach an polasaí sin amhlaidh go raghadh sé fé chostaisí maidir le bás no sochraid an duine gur hárachuíodh a shaol leis an bpolasaí sin, ní tuigfear an polasaí sin do bheith gan bhrí de bhíthin gach ní no éinní acu so leanas, agus dá mbíthin no dá bhíthin sin amháin, sé sin le rá:—

(a) gan leas ion-árachuithe do bheith ag an duine do thóg amach an polasaí sin, le linn an pholasaí sin do thógaint amach, i saol an duine gur hárachuíodh a shaol leis an bpolasaí sin, no

(b) gan ainm an duine go raibh leas aige sa pholasaí sin, no gur chun tairbhe dhó no thar a cheann do tógadh amach an polasaí sin, do bheith luaidhte ann, no

(c) gan an t-árachas do bheith ina árachas do bhí údaruithe leis na hAchtanna bhaineann le cara-chumainn.

(2) Gach polasaí árachais tionnscail le n-a mbaineann an fo-alt san roimhe seo den alt so beidh éifeacht aige chun tairbhe don duine no do shannaithe an duine gur chun tairbhe dhó do tógadh an polasaí sin amach.

Breith do thabhairt ar aighnis idir cuideachtana árachais tionnscail agus daoine eile.

72. —(1) Pé uair eireoidh aon aighneas idir cuideachta árachais tionnscail agus duine ar bith acu so leanas (dá ngairmtear an t-iarratasóir san alt so), sé sin le rá:—

(a) éinne do thóg polasaí árachais tionnscail amach ón gcuideachtain sin no éinne bheidh ag éileamh tríd an duine sin, no

(b) éinne eile bheidh ag éileamh fé réim no alos polasaí árachais tionnscail do tógadh amach ón gcuideachtain sin, no

(c) éinne bheidh ag éileamh fé réim no de bhuadh aon fhorála den Chuid seo den Acht so,

féadfaidh an chuideachta árachais tionnscail sin no an t-iarratasóir, lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so agus d'ainneoin aon fhorála contrárdha dhó san atá sa pholasaí árachais tionnscail a bheidh i gceist no in airtiogail no i memorandum comhlachais na cuideachtan san, a iarraidh i slí achmair ar an gCúirt Chuarda breith do thabhairt ar an aighneas san agus leis sin féadfaidh an Chúirt Chuarda an t-aighneas san d'éisteacht agus breith do thabhairt air agus féadfaidh pé ordú is oiriúnach léi do dhéanamh i dtaobh costaisí.

(2) Féadfaidh an chuideachta árachais tionnscail agus an t-iarratasóir le chéile aon aighneas den tsórt san a luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so do chur, sara ndéanfar aon iarratas chun na Cúirte Cuarda ina thaobh, fé bhráid an Aire chun breith do thabhairt air no, mara mbeidh aon imreas i dtaobh dlíthiúlachta polasaí árachais tionnscail agus ná déarfar go ndearnadh calaois no gur tugadh mí-thuairisc, féadfaidh an chuideachta árachais tionnscail no an t-iarratasóir é chur fé bhráid an Aire amhlaidh.

(3) Nuair a cuirfear aighneas fé bhráid an Aire fén alt so chun breith do thabhairt air ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith a iarraidh ar an gCúirt Chuarda fén alt so breith do thabhairt ar an aighneas san.

(4) Nuair a cuirfear aighneas fé bhráid an Aire fén alt so chun breith do thabhairt air féadfaidh an tAire breith do thabhairt ar an aighneas san agus chuige sin féadfaidh a chur fé ndeár do chigire cheapfa sé fiosrúchán do dhéanamh i dtaobh an aighnis sin agus tuarasgabháil air do thabhairt dó.

(5) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach fiosrúchán a chuirfidh an tAire á dhéanamh fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, sé sin le rá:—

(a) an cigire ceapfar chun an fhiosrúcháin sin do dhéanamh déanfaidh é san am agus san áit sin a cheapfaidh an cigire sin;

(b) cuirfidh an cigire sin fé ndeár fógra i dtaobh déanta an fhiosrúcháin sin do thabhairt, ceithre lá déag ar a laighead roimh an bhfiosrúchán san do dhéanamh, do pé daoine le n-a mbainfidh (ar a n-áirmhítear an chuideachta árachais tionnscail) agus is dóich leis is ceart;

(c) beidh comhacht ag an gcigire sin fianaise do ghlacadh fe mhionn agus chuige sin daoine do chur fé mhionn agus a chur de cheangal go dtiocfadh fínnithe i láthair agus go dtabharfaí scríbhinní i láthair.

(6) Pé uair do bhéarfaidh an tAire breith ar aighneas a cuirfear fé n-a bhráid fén alt so ní bheidh dul thar an mbreith sin agus ní luighfidh aon athchomharc chun aon chúirte ina coinnibh ach déanfaidh an tAire, ar iarratas aon pháirtí san aighneas san, aon cheist dlí eireoidh san aighneas san do chur fé bhráid na hArd-Chúirte chun breith do thabhairt uirthi.

(7) Má dheineann cuideachta árachais tionnscail athchomharc chun na Cúirte Uachtaraighe i gcoinnibh breithe do bhéarfaidh an Ard-Chúirt fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so dlighfidh agus déanfaidh an chuideachta san costaisí na bpáirtithe uile san athchomharc san d'íoc pé ní thiocfaidh den athchomharc san no pé breith do bhéarfaidh an Chúirt Uachtarach uirthi.

(8) Pé uair do bhéarfaidh an tAire breith ar aighneas a cuirfear fé n-a bhráid fén alt so féadfaidh an tAire, más dóich leis gur ceart san a dhéanamh, a ordú, maidir leis na costaisí agus na caiteachaisí fé n-a ndeachaidh duine ar bith (agus cuideachta árachais tionnscail d'áireamh) tré theacht i láthair no tré ionadaíocht do bheith aige no tré fhianaise do thabhairt ar áird ag aon fhiosrúchán do rinneadh fén alt so, go n-íocfaidh duine ar bith eile iad do tháinig a láthair no 'na raibh ionadaíocht aige ag an bhfiosrúchán san.

(9) Pé uair ordóidh an tAire fén alt so, maidir le haon chostaisí agus caiteachaisí fé n-a ndeachaidh duine áirithe, go n-íocfaidh duine eile iad, déanfaidh máistir measaireachta den Ard-Chúirt na costaisí agus na caiteachaisí sin do mheas agus d'fháil amach ar n-a iarraidh sin don duine dar horduíodh amhlaidh na costaisí agus na caiteachaisí sin d'íoc no don duine gur horduíodh amhlaidh iad d'íoc leis agus beidh méid na gcostaisí agus na gcaiteachaisí sin, ar é do mheas agus d'fháil amach amhlaidh, ionbhainte amach mar fhiacha gnáth-chonnartha in aon chúirt dlighinse inniúla ag an duine gur horduíodh amhlaidh na costaisí agus na caiteachaisí sin d'íoc leis.

(10) Pé uair a cuirfear aighneas fé bhráid an Aire fén alt so chun breith do thabhairt air íocfar leis an Aire an táille sin a hordófar le rialacháin a dhéanfaidh an tAire fén alt so le toiliú an Aire Airgid agus isé íocfaidh an táille sin ná an chuideachta árachais tionnscail no an t-iarratasóir (do réir mar a bheidh) do chuir an t-aighneas san fé bhráid an Aire no, má rinne an chuideachta árachais tionnscail agus an t-iarratasóir le chéile an t-aighneas san do chur fé bhráid an Aire, an chuideachta agus an t-iarratasóir sin leath má leath, agus beidh íoc na táille sin go cuibhe ina choinníoll nach foláir a chólíonadh sara dtabharfaidh an tAire breith ar an aighneas san.

(11) Na táillí uile is iníoctha fén bhfo-alt deiridh sin roime seo den alt so, baileofar agus tógfar iad i pé slí ordóidh an tAire Airgid o am go ham agus déanfar iad d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí ordóidh an tAire sin, agus ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le haon táillí den tsórt san.

Aighnis i dtaobh duine árachuithe do bheith ina bheathaidh no gan a bheith.

73. —Pé uair eireoidh aon aighneas no amhrus i dtaobh duine gur tógadh amach polasaí árachais tionnscail ar a shaol do bheith ina bheathaidh no gan a bheith féadfaidh an tAire, más dóich leis gur ceart san do dhéanamh, a ordú, ar iarratas an duine bheidh i dteideal an pholasaí sin no na cuideachtan árachais tionnscail do thug amach an polasaí sin, go n-íocfadh an chuideachta san leis an duine bheidh i dteideal an pholasaí sin luach scarúna an pholasaí sin in airgead tirim, ar n-a fháil amach do réir forálacha na Coda so den Acht so, agus, ar an gcuideachtain sin d'íoc an luacha scarúna san in airgead tirm leis an duine sin, beidh an t-ordú san ina chúiteántas alos gach éilimh ón gcuideachtain sin no ina n-aghaidh maidir leis an bpolasaí sin.

Srian áirithe maidir le bailitheoirí.

74. —(1) Ní bheidh bailitheoir a bheidh ar fostú ag cuideachtain árachais tionnscail ina bhall de bhord stiúrthóirí na cuideachtan san agus ní bheidh aon oifig eile aige sa chuideachtain sin (ach amháin oifig mhaoirsithe stiúrthóirí eile leis an gcuideachtain sin i líomatáiste áirithe).

(2) Ní bheidh bailitheoir (agus duine i seilbh oifige maoirsithe bailitheoirí eile d'áireamh) a bheidh ar fostú ag cuideachtain árachais tionnscail i láthair ag aon chruinniú den chuideachtain sin.

Srian le daoine d'fhostú chun gnó nua d'fháil.

75. —(1) Ní dhéanfaidh cuideachta árachais tionnscail ná éinne bheidh ar fostú ag aon chuideachtain den tsórt san duine ar bith ná beidh ar gnáth-fhostú ag an gcuideachtain sin d'fhostú chun éinne d'fháil no tabhairt fé éinne d'fháil chun connradh árachais tionnscail do dhéanamh leis an gcuideachtain árachais tionnscail sin no le haon chuideachtain eile den tsórt san.

(2) Gach duine (seachas cuideachta árachais tionnscail) fhostóidh duine eile chun éinne d'fháil no chun tabhairt fé éinne d'fháil chun connradh árachais tionnscail do dhéanamh le cuideachtain árachais tionnscail beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

(3) Gach duine ná beidh ar gnáth-fhostú ag cuideachtain árachais tionnscail agus do gheobhaidh éinne, no do bhéarfaidh fé éinne d'fháil, chun connradh árachais tionnscail do dhéanamh leis an gcuideachtain sin beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

(4) Folóidh tagairtí san alt so do ghnáth-fhostú gnáth-fhostú páirt-aimsire chó maith le gnáth-fhostú lán-aimsire.

Fógraí do sheirbheáil.

76. —Más gá do chuideachtain árachais tionnscail do réir na Coda so den Acht so aon fhógra do sheirbheáil ar éinne do thóg amach polasaí árachais tionnscail leis an gcuideachtain sin beidh an fógra san i scríbhinn (lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so) agus féadfar é sheirbheáil tré n-a sheachadadh don duine sin no tré n-a fhágaint don duine sin san áit chomhnaithe is déanaí is eol do bheith aige no tré n-a chur tríd an ngnáth-phost roimh-íoctha agus é dírithe chun an duine sin san áit chomhnaithe is déanaí is eol do bheith aige.