56 1936


Uimhir 56 de 1936.


ACHT TORA TALMHAÍOCHTA (ARBHAR) (LEASÚ), 1936.


ACHT CHUN SOCRUITHE BHREISE DO DHÉANAMH CHUN NA bPRAGHSANNA MINIMUM AR CHRUITHNEACHTAIN DÚTHCHAIS INMHEILTE DO CHEAPADH, AGUS CHUN AN ACHTA TORA TALMHAÍOCHTA (ARBHAR), 1935 , DO LEASÚ CHUIGE SIN.

[28adh Mí na Samhna, 1936.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “Acht 1935” an t Acht Tora Talmhaíochta (Arbhar), 1935 (Uimh. 26 de 1935) ;

tá leis na habairtí “cruithneacht dúthchais inmheilte” agus “bliain díola (cruithneacht)” na bríonna céanna tá leis na habairtí sin in Acht 1935.

Tuilleadh forálacha chun praghsanna minimum cruithneachtan dúthchais inmheilthe do cheapadh.

2. —(1) Nuair a bheidh ordú (dá ngairmtear ordú bunaidh san alt so) fé fho-alt (2) d'alt 12 d'Acht 1935 déanta (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é) ag an Ard-Chomhairle alos bliana díola (cruithneacht), féadfaidh an Ard-Chomhairle, pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leo é, le hordú (dá ngairmtear ordú ionadathach san alt so) a thiocfaidh i ngníomh an chéad lá den mhí díreach i ndiaidh an mhí ina ndéanfar an t-ordú ionadathach san, na nithe seo leanas do dhéanamh, fé réir fhorálacha fo-ailt (2) den alt so, sé sin le rá:—

(a) cruithneacht dúthchais inmheilte, nach lugha a buiséalmheáchaint ná an bhuiséal-mheáchaint a dearbhuítear leis an ordú ionadathach san is buiséal-mheáchaint minimum chun crícheanna ranguithe, do roinnt, do réir bhuiséal-mheáchaintí, i pé saghsanna agus i pé méid saghsanna is oiriúnach leo;

(b) maidir le cruithneachtain de gach saghas fé leith den tsórt san agus maidir le gach mí fé leith, a thosnóidh tar éis dáta déanta gach orduithe ionadathaigh fé leith, sa bhliain díola (cruithneacht) san, an praghas an barraille a bheidh ar chruithneachtain den tsaghas san in aghaidh an mhí sin do cheapadh;

agus pé uair a déanfar aon ordú ionadathach alos bliana díola (cruithneacht), beidh ag an ordú ionadathach san, fé réir forálacha an ailt seo, an éifeacht chéanna bheadh aige dá mb'é an t-ordú bunaidh alos na bliana díola (cruithneacht) san é.

(2) Pé uair agus chó minic agus a déanfar ordú ionadathach (dá ngairmtear an t-ordú nua sa bhfo-alt so) alos bliana díola (cruithneacht). beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) mara mbeidh aon ordú ionadathach déanta roimhe sin alos na bliana díola (cruithneacht) san, bainfidh an t-ordú nua leis an gcruithneachtain uile is de shaghas ar bith a bheidh socair leis an ordú bunaidh alos na bliana díola (cruithneacht) san, agus ceapfar leis an ordú nua, maidir leis an gcruithneachtain sin agus maidir le gach mí fé leith le n-a mbainfe sé, praghas nach lugha ná an praghas a ceapadh alos an mhí sin leis an ordú bunaidh sin i gcóir cruithneachtan den bhuiséalmheáchaint chéanna;

(b) má bhíonn aon ordú ionadathach no orduithe ionadathacha déanta roimhe sin alos na bliana díola (cruithneacht) san, bainfidh an t-ordú nua leis an gcruithneachtain uile is de shaghas ar bith a bheidh socair leis an ordú ionadathach san roimhe sin no, má bhíonn dhá ordú ionadathacha no níos mó den tsórt san déanta roimhe sin, leis an ordú deiridh de sna horduithe ionadathacha san roimhe sin, agus ceapfar leis an ordú nua, maidir leis an gcruithneachtain sin agus maidir le gach mí fé leith le n-a mbainfe sé, praghas nach lugha ná an praghas a ceapadh alos an mhí sin leis an ordú ionadathach san roimhe sin no leis an ordú deiridh de sna horduithe ionadathacha san roimhe sin (do réir mar bheidh) i gcóir cruithneachtan den bhuiséal-mheáchaint chéanna.

(3) Pé uair agus chó minic agus a déanfar ordú ionadathach (dá ngairmtear an t-ordú nua sa bhfo-alt so) alos bliana díola (cruithneacht), ansan, ar dháta agus o dháta an orduithe nua do theacht i ngníomh, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) mara mbeidh aon ordú ionadathach déanta roimhe sin alos na bliana díola (cruithneacht) san, ansan, an t-ordú bunaidh alos na bliana díola (cruithneacht) san, scuirfe sé, i gcás an t-ordú nua do theacht i ngníomh an chéad lá den bhliain díola (cruithneacht) san no roimhe sin, d'éifeacht do bheith aige alos na bliana díola (cruithneacht) san no, i gcás an t-ordú nua do theacht i ngníomh lá ar bith sa bhliain díola (cruithneacht) san seachas an chéad lá, d'éifeacht do bheith aige alos na coda bheidh gan caitheamh an uair sin den bhliain díola (cruithneacht) san;

(b) má bhíonn aon ordú ionadathach no orduithe ionadathacha déanta roimhe sin alos na bliana díola (cruithneacht) san, ansan, an t-ordú ionadathach san roimhe sin no, i gcás dhá ordú ionadathacha no níos mó den tsórt san do bheith déanta roimhe sin, an t-ordú deiridh de sna horduithe ionadathacha san roimhe sin, scuirfe sé, i gcás an t-ordú nua do theacht i ngníomh an chéad lá den bhliain díola (cruithneacht) san no roimhe sin, d'éifeacht do bheith aige alos na bliana díola (cruithneacht) san no, i gcás an t-ordú nua do theacht i ngníomh lá ar bith sa bhliain díola (cruithneacht) san seachas an chéad lá, d'éifeacht do bheith aige alos na coda bheidh gan caitheamh an uair sin den bhliain díola (cruithneacht) san.

(4) Foillseofar gach ordú ionadathach san Iris Oifigiúil chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta.

Gearr-theideal agus luadh.

3. —(1) Féadfar an tAcht Tora Talmhaíochta (Arbhar) (Leasú), 1936 , do ghairm den Acht so.

(2) Chun críche có-luadhachainte folóidh an abairt “na hAchtanna Tora Talmhaíochta (Arbhar), 1933 go 1936,” an tAcht so.