Ar Aghaidh (SCEIDEAL.)

58 1936


Uimhir 58 de 1936.


ACHT ÚDARÁIS FHEIDHMIÚCHÁIN (CAIDREAMH COIGRÍCHE), 1936.


ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH, DO RÉIR AN BHUNREACHTA, CHUN ÚDARÁIS FHEIDHMIÚCHÁIN SHAORSTÁIT ÉIREANN MAIDIR LE NITHE ÁIRITHE I RÉIM CHAIDRIMH CHOIGRÍCHE D'FHEIDHMIÚ AGUS I dTAOBH NITHE EILE BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE. [12adh Mí na Nodlag, 1936.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS :—

Ionadaithe dioplomáideacha agus consalta do cheapadh.

1. —(1) Is ar údarás na hArd-Comhairle déanfar ionadaithe dioplomáideacha Shaorstáit Éireann i dtíortha eile do cheapadh.

(2) Isé an Ard-Comhairle dhéanfaidh no is ar údarás na hArd-Chomhairle déanfar ionadaithe consalta Shaorstáit Éireann i dtíortha eile do cheapadh.

An chomhacht chun connartha do dhéanamh.

2. —Gach có-aontú eadarnáisiúnta a críochnófar thar ceann Shaorstáit Éireann isé an Ard-Chomhairle chríochnóidh no is ar údarás na hArd-Chomhairle críochnófar é.

An chomhacht san roimhe seo d'fheidhmiú.

3. —(1) Dearbhuítear agus achtuítear leis seo, faid a bheidh Saorstát Éireann i gcomhlachas leis na náisiúin seo leanas, sé sin le rá, an Astráil, Canada, an Bhreatain Mhór, Zéalann Nua, agus an Aifric Theas, agus faid a leanfaidh an rí go n-admhuíonn na náisiúin sin gurb é comhartha a gcó-oibrithe é de ghníomhú thar ceann gach náisiúin fé leith de sna náisiúin sin (ar chomhairle a Rialtaisí fé seach) chun ionadaithe dioplomáideacha agus consalta do cheapadh agus chun có-aontuithe eadarnáisiúnta do chríochnú, go bhféadfaidh an rí a hadmhuítear amhlaidh, agus go n-údaruítear dó leis seo, gníomhú thar ceann Shaorstáit Éireann chun na gcrícheanna céanna fé mar a chomhairleoidh agus nuair a chomhairleoidh an Ard-Chomhairle dhó san do dhéanamh.

(2) Díreach ar an Acht so do rith, beidh ag an ionstruim do rinne A Shoillse Rí Eadbhárd a hOcht an 10adh lá de Mhí na Nodlag, 1936, ag tréigint na Coróinneach (go bhfuil cóip di leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so) éifeacht do réir a brí agus scuirfidh A Shoillse adubhradh de bheith ina rí chun crícheanna an fho-ailt sin roimhe seo den alt so agus chun gach críche eile (más aon chríoch é) agus isé bheidh feasta ina rí chun na gcrícheanna san ná an duine do bheadh, dá n-éagadh A Shoillse adubhradh an 10adh lá de Mhí na Nodlag, 1936, gan pósadh, ina chomharba dhó de thurus na huaire fé dhlí Shaorstáit Éireann.

Gearr-theideal.

4. —Féadfar an tAcht Údaráis Fheidhmiúcháin (Caidreamh Coigríche), 1936 , do ghairm den Acht so.