1 1937


Uimhir 1 de 1937.


ACHT I dTAOBH COGAIDH CHATHARDHA NA SPÁINNE (NEAMH-EADARGHABHÁIL), 1937.


ACHT CHUN NA nOBLAGÁIDÍ EADARNÁISIÚNTA, ATÁ AR SHAORSTÁT ÉIREANN MAIDIR LEIS AN gCOGADH CATHARDHA ATÁ A DHÉANAMH FÉ LÁTHAIR SA SPÁINN, DO CHUR I bhFEIDHM, AGUS CHUN PÉ SOCRUITHE DO DHÉANAMH IS GÁ NO IS OIRIÚNACH CHUIGE SIN, AGUS GO SONNRÁCH CHUN A THIORMEASC AR SHAORÁNAIGH DE SHAORSTÁT ÉIREANN PÁIRT DO GHABHÁIL SA CHOGADH SAN.

[24adh Feabhra, 1937.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Gearr-theideal.

1. —Féadfar an tAcht i dtaobh Cogaidh Chathardha na Spáinne (Neamh-Eadarghabháil), 1937 , do ghairm den Acht so.

Tosach feidhme agus ré.

2. —(1) Tiocfaidh an tAcht so i ngníomh pé lá cheapfaidh an Ard-Chomhairle le hordú chuige sin, agus (mara gcoimeádtar i bhfeidhm é fén gcéad fho-alt ina dhiaidh seo den alt so) ragha sé in éag i gcionn sé mhí ón lá san.

(2) Faid a bheidh an tAcht so i bhfeidhm, féadfaidh an Ard-Chomhairle, pé uair agus chó minic agus is dóich leo san do bheith ceart, an tAcht so do choimeád i bhfeidhm le hordú ar feadh pé aimsire (nach sia ná sé mhí ón dáta ar a raghadh sé in éag mara mbeadh san) is dóich leo is ceart agus a luadhfaid san ordú san agus, pé uair a dhéanfaidh an Ard-Chomhairle aon ordú den tsórt san, leanfaidh an tAcht so i bhfeidhm do réir an orduithe sin agus (mara gcoimeádtar i bhfeidhm níos sia é fén bhfo-alt so) ragha sé in éag ansan.

(3) Mara ndeinidh an Ard-Chomhairle, fé cheann bliana tar éis an Achta so do rith, an lá ar a dtiocfaidh an tAcht so i ngníomh do cheapadh, raghaidh an tAcht so in éag i gcionn bliana o dháta an Achta so do rith.

(4) D'ainneoin éinní atá san alt so, féadfar duine do ghabháil agus do thriail agus, má ciontuítear é, féadfar é do phionósú fén Acht so, tar éis an Achta so do dhul in éag, mar gheall ar chionta fé aon alt den Acht so do rinne sé no deirtear do rinne sé faid a bhí an tAcht so i bhfeidhm.

Mínithe.

3. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an cogadh” an cogadh cathardha atá á dhéanamh sa Spáinn le linn an Achta so do rith;

cialluíonn an focal “cogaidheach” ceann de sna rialtaisí no de sna có-ghléasanna i bhfuirm rialtas gur eatortha atá an cogadh á dhéanamh;

foluíonn an abairt “fórsaí míleata” na fórsaí cogúla uile pe'ca ar talamh no ar muir no san aer atáid ag troid, agus foluíonn freisin gach seirbhís agus có-ghléasadh thugann, cé ná fuilid ag troid, seirbhísí riachtanacha no fo-sheirbhísí do sna fórsaí cogúla no d'aon chuid de sna fórsaí cogúla, ach ní fholuíonn sí aon chólucht daoine go mbeidh deimhniú tugtha amach fén Acht so ag an Aire Dlí agus Cirt ina dtaobh á dheimhniú gur aonad den Chrois Dheirg chun crícheanna an Achta so an cólucht daoine sin.

Aonaid den Chrois Dheirg do dheimhniú.

4. —Pé uair is deimhin leis an Aire Dlí agus Cirt maidir le cólucht daoine (dá ngairmtear aonad san alt so) bheidh ag fónamh no bheartóidh no bheidh ar intinn bheith ag fónamh i dteanta fórsaí míleata cogaidhigh—

(a) an t-aonad san do bheith có-ghléasta ag cumann no cóghléasadh no do bheith ag obair fé choimirce chumainn no chó-ghléasta (pe'ca bunuithe i Saorstát Éireann no i dtír eile dhó) gurb é a chuspóir no ceann dá chuspóirí cabhair shaoirseánach do thabhairt d'othair agus do chréachtaigh arm in aimsir chogaidh, agus

(b) go bhfuil an t-aonad san sa Spáinn no in aon chrích Spáinnigh no ag dul no ag beartú dul no ar intinn dul chun na tíre no na críche sin chun cabhair shaoirseánach do thabhairt d'othair agus do chréachtaigh fórsaí míleata na gcogaidheach agus seirbhísí daoncharadais eile do thabhairt do bhaill na bhfórsaí sin agus chuige sin amháin, agus

(c) ná déanfaidh baill an aonaid sin aon pháirt chogúil do thógaint sa chogadh ná aon tseirbhís chogúil do thabhairt do cheachtar cogaidheach,

féadfaidh an tAire sin deimhniú do thabhairt don chumann no don chó-ghléasadh do chó-ghléas an t-aonad san no gur fé n-a choimirce atá an t-aonad san ag obair, deimhniú bheidh séaluithe le séala oifigiúil an Aire sin á dheimhniú gur aonad den Chrois Dheirg an t-aonad san chun chrícheanna an Achta se.

Toirmeasc ar fónamh i bhfórsaí míleata cogaidhigh.

5. —(1) Ní bheidh sé dleathach—

(a) do dhuine ar bith is saoránach de Shaorstát Éireann agus ná fuil, le linn an Achta so do rith, ina bhall d'fhórsaí míleata cogaidhigh aon choimisiún no fostú do ghlacadh ná d'fháil ná iarracht a dhéanamh ar é fháil i bhfórsaí míleata cogaidhigh ná dul ionta ná teacht chun bheith ina bhall díobh ná iarracht a dhéanamh ar dhul ionta no ar theacht chun bheith ina bhall díobh ar shlí eile, ná

(b) do dhuine ar bith a thabhairt ná iarracht a dhéanamh ar a thabhairt ar dhaoine i gcoitinne no ar aon duine áirithe fónamh i bhfórsaí míleata cogaidhigh no aon choimisiún no fostú do ghlacadh sa chéanna, ná

(c) do dhuine ar bith cabhrú no neartú le saoránach de Shaorstát Éireann chun coimisiún no fostú d'fháil no chun iarracht a dhéanamh ar é fháil i bhfórsaí míleata cogaidhigh no chun dul ionta no chun teacht chun bheith ina bhall díobh no chun iarracht a dhéanamh ar dhul ionta no ar theacht chun bheith ina bhall díobh ar shlí eile, ná

(d) do dhuine ar bith imeacht daoine as Saorstát Éireann, is daoine bheidh ag imeacht as Saorstát Éireann chun fónamh i bhfórsaí míleata cogaidhigh, do chur ar siúl ná cabhrú ná neartú leis, pe'ca ghlac na daoine sin coimisiún no fostú sna fórsaí sin no nár ghlac no tairgeadh san dóibh no nár tairgeadh no chuadar ionta no ná deachadar no thánadar chun bheith ina bhall díobh no nár thánadar.

(2) Gach duine dhéanfaidh éinní (tré gníomh no tré fhaillí) is sárú ar an alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so.

Srian le saoránaigh d'imeacht go dtí an Spáinn.

6. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith is saoránach de Shaorstát Éireann imeacht ná iarracht a dhéanamh ar imeacht as Saorstát Éireann chun dul go dtí an Spáinn no go dtí aon chríoch Spáinneach ná dul o aon áit i Saorstát Éireann go dtí aon áit eile i Saorstát Éireann chun imeacht as Saorstát Éireann amhlaidh mara mbeidh pas ag an duine sin do thug an tAire Gnóthaí Coigríche amach dó agus ar a mbeidh cúl-scríbhinn, do cuireadh air go dleathach an 1adh lá d'Eanar, 1937, no dá éis sin, á dhearbhú an pas san do bheith dleathach don Spáinn agus do chríocha Spáinneacha.

(2) Gach duine imeoidh no dhéanfaidh iarracht ar imeacht as Saorstát Éireann, no raghaidh o áit i Saorstát Éireann go háit eile i Saorstát Éireann, contrárdha don alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so.

Srian le náisiúnaigh de thíortha áirithe d'imeacht go dtí an Spáinn.

7. —(1) Féadfaidh an Ard-Chomhairle le hordú, o am go ham fé mar is gá é, na tíortha le n-a mbainfidh an t-alt so do cheapadh.

(2) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith is náisiúnach de thír a bheidh ceaptha de thurus na huaire ag an Ard-Chomhairle mar thír le n-a mbaineann an t-alt so imeacht ná iarracht a dhéanamh ar imeacht as Saorstát Éireann chun dul go dtí an Spáinn no go dtí aon chríoch Spáinneach ná dul o aon áit i Saorstát Éireann go dtí aon áit eile i Saorstát Éireann chun imeacht as Saorstát Éireann amhlaidh, mara mbeidh pas ag an duine sin do thug ceart-údarás na tíre gur náisiúnach de é amach dó agus ar a mbeidh cúl-scríbhinn do chuir údarás dleathach den tír sin air an 1adh lá d'Eanar, 1937, no dá éis sin, á dhearbhú an pas san do bheith dleathach don Spáinn agus do chríocha Spáinneacha.

(3) Gach duine imeoidh no dhéanfaidh iarracht ar imeacht as Saorstát Éireann, no raghaidh o áit i Saorstát Éireann go háit eile i Saorstát Éireann, contrárdha don alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so.

Srian le daoine eile d'imeacht go dtí an Spáinn.

8. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith nach saoránach de Shaorstát Éireann ná náisiúnach de thír a bheidh ceaptha de thurus na huaire ag an Ard-Chomhairle mar thír le n-a mbaineann an t-alt deiridh sin roimhe seo den Acht so imeacht ná iarracht a dhéanamh ar imeacht as Saorstát Éireann chun dul go dtí an Spáinn no go dtí aon chríoch Spáinneach ná dul o aon áit i Saorstát Éireann go dtí aon áit eile i Saorstát Éireann chun imeacht as Saorstát Éireann amhlaidh, mara mbeidh pas ag an duine sin do thug ceart-údarás na tíre gur náisiúnach de é amach dó agus a údaruíonn dó go soiléir dul go dtí an Spáinn agus go críocha Spáinneacha.

(2) Gach duine imeoidh no dhéanfaidh iarracht ar imeacht as Saorstát Éireann, no raghaidh o áit i Saorstát Éireann go háit eile i Saorstát Éireann, contrárdha don alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so.

Srian le ticéadaí taistil chun na Spáinne do dhíol.

9. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith (dá ngairmtear an díoltóir ticéad san alt so) ticéad, pas taistil, cruthúnacht ná scríbhinn eile, bhéarfaidh teideal dá shealbhaire taisteal go díreach no go nea-dhíreach go dtí an Spáinn no go dtí aon chríoch Spáinneach, do dhíol le duine eile (dá ngairmtear an taistealaí san alt so) ná do thabhairt amach dó ná d'fháil ná tabhairt fé n-a fháil dó, mara dtaisbeánaidh an taistealaí don díoltóir ticéad pas a dhéanfadh gan é bheith nea-dhleathach de bhuadh an Achta so don taistealaí imeacht as Saorstát Éireann chun dul go dtí an ceann scríbe a hainmnítear sa ticéad, sa phas taistil, sa chruthúnacht no sa scríbhinn eile sin.

(2) Gach duine dhéanfaidh ticéad, pas taistil, cruthúnacht no scríbhinn eile do dhíol, do thabhairt amach, d'fháil no tabhairt fé n-a fháil contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so.

(3) Pé uair a dhéanfaidh cuideachta no cumann ticéad, pas taistil, cruthúnacht no scríbhinn eile do dhíol, do thabhairt amach, d'fháil no tabhairt fé n-a fháil contrárdha don alt so, beidh gach stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí agus oifigeach eile, de chuid na cuideachtan no an chumainn sin, is páirtí sa tsárú san go feasach, beidh sé (gan dochar do fhreagarthacht na cuideachtan no an chumainn sin alos an tsáruithe sin) ciontach i gcionta fén alt so agus inphionósuithe dá réir sin.

Comhacht don Ard-Chomhairle chun easportáil abhair chogaidh do chosc.

10. —(1) Féadfaidh an Ard-Chomhairle le hordú, pé uair is dóich leo san do bheith ceart, gach slí do ghlacadh, gach toirmeasc agus srian d'fhorchur, agus gach ní do dhéanamh is dóich leis an Ard-Chomhairle is gá no is oiriúnach chun cosc do chur le hearraí is úirlisí cogaidh no abhar cogaidh, dar leis an Ard-Chomhairle, d'easportáil as Saorstát Éireann go dtí an Spáinn no go dtí aon chríoch Spáinneach.

(2) Féadfaidh an Ard-Chomhairle, le hordú, leasú no ceiliúradh do dhéanamh tráth ar bith, fé mar is dóich leo is ceart, ar aon ordú bheidh déanta acu roimhe sin fén alt so.

Gabháil agus pionós.

11. —(1) Féadfaidh aon bhall den Ghárda Síochána duine ar bith go mbeidh amhrus réasúnta aige é do bheith ag déanamh cionta, no cionta do bheith déanta aige, fé aon alt den Acht so do ghabháil gan barántas.

(2) Duine ar bith bheidh ciontach i gcionta fé aon alt den Acht so dlighfe sé—

(a) ar a chiontú ann ar dhíotáil, fíneáil ná raghaidh thar cúig céad punt do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná dhá bhliain no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile, no

(b) ar a chiontú ann ar an slí achmair, fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.