9 1937


Uimhir 9 de 1937.


ACHT LOINGIS CHEANNAÍOCHTA (COGADH CATHARDHA NA SPÁINNE), 1937.


ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN NA nOBLAGÁIDÍ EADARNÁISIÚNTA, ATÁ AR SHAORSTÁT ÉIREANN MAIDIR LEIS AN gCOGADH CATHARDHA ATÁ A DHÉANAMH FÉ LÁTHAIR SA SPÁINN, D'FHEIDHMIÚ SA MHÉID GO mBAINEANN NA hOBLAGÁIDÍ SIN LE LOINGEAS CEANNAÍOCHTA.

[12adh Márta, 1937.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Gearr-theideal.

1. —Féadfar an tAcht Loingis Cheannaíochta (Cogadh Cathardha na Spáinne), 1937 , do ghairm den Acht so.

Tosach feidhme agus ré.

2. —(1) Tiocfaidh an tAcht so i ngníomh pé lá cheapfaidh an Ard-Chomhairle le hordú chuige sin. agus (mara gcoimeádtar i bhfeidhm é fén gcéad fho-alt ina dhiaidh seo den alt so) ragha sé in éag i gcionn sé mhí ón lá san.

(2) Faid a bheidh an tAcht so i bhfeidhm, féadfaidh an Ard-Chomhairle, pé uair agus chó minic agus is dóich leo san do bheith ceart, an tAcht so do choimeád i bhfeidhm le hordú ar feadh pé aimsire (nach sia ná sé mhí ón dáta ar a raghadh sé in éag mara mbeadh san) is dóich leo is ceart agus a luadhfaid san ordú san agus, pé uair a dhéanfaidh an Ard-Chomhairle aon ordú den tsórt san, leanfaidh an tAcht so i bhfeidhm do réir an orduithe sin agus (mara gcoimeádtar i bhfeidhm níos sia é fén bhfo-alt so) ragha sé in éag ansan.

(3) Mara ndeinidh an Ard-Chomhairle, fé cheann bliana tar éis an Achta so do rith, an lá ar a dtiocfaidh an tAcht so i ngníomh do cheapadh, raghaidh an tAcht so in éag i gcionn bliana o dháta an Achta so do rith.

Mínithe.

3. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

cialluíonn an abairt “an Coiste Eadarnáisiúnta” an Coiste ar a dtugtar an Coiste Eadarnáisiúnta chun Feidhmithe an Chó-aontuithe i dtaobh Neamh-Eadarghabhála sa Spáinn agus atá có-dhéanta d'ionadaithe o Rialtaisí fé seach Shaorstáit Éireann agus roinnt tíortha eile;

cialluíonn an abairt “an Bord” bord ar bith ar n-a bhunú ag an gCoiste Eadarnáisiúnta chun faire teoranta na Spáinne do chur i bhfeidhm;

foluíonn an abairt “an Spáinn” gach sealbhachas agus críoch Spáinneach agus Líomatáiste na Spáinne sa Mharóic;

cialluíonn an abairt “long cheannaíochta le Saorstát Éireann” long atá cláruithe fé sna hAchtanna Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1933, agus gur i Saorstát Éireann atá port a cláruithe.

Comhacht don Aire chun orduithe do dhéanamh.

4. —(1) Chun oblagáidí eadarnáisiúnta Rialtais Shaorstáit Éireann do chólíonadh mar cheann de sna Rialtaisí ag á bhfuil ionadaíocht ar an gCoiste Eadarnáisiúnta, féadfaidh an tAire o am go ham, le hordú, gach slí do ghlacadh agus gach ní do dhéanamh a chífear dó a bheith riachtanach no ceart do Rialtas Shaorstáit Éireann a dhéanamh alos loingis cheannaíochta chun éifeacht do thabhairt do sna rúin, i dtaobh teoranta na Spáinne d'fhaire, a rith no rithfidh an Coiste Eadarnáisiúnta o am go ham, agus chuige sin agus gan dochar do gheneraltácht na forála san roimhe seo féadfaidh an tAire le hordú gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) gluaiseacht long ceannaíochta le Saorstát Éireann a bheidh in uiscí in aice na Spáinne no ag dul go port no ag teacht o phort sa Spáinn do rialáil, do shrianadh agus do stiúradh;

(b) a cheangal ar na longa san oifigigh den Bhord do thógaint ar bord, d'iompar agus do chur i dtír agus gach saoráid is gá do thabhairt do sna hoifigigh sin;

(c) a cheangal ar na longa san bratacha áirithe do thaisbeáint i gcásanna áirithe;

(d) comhachta do bhronnadh ar oifigigh long cogaidh le tíortha áirithe chun longa ceannaíochta le Saorstát Éireann do stop agus dul ar bord ortha, chun páipéirí na long san do scrúdú agus chun oifigeach, fuirinne agus paisnéirí (más ann dóibh) na long san do cheistniú;

(e) socrú do dhéanamh i dtaobh éinní no aon ruda gheobhaidh no bhainfidh le haon fhoráil a cuirfear san ordú san fé aon cheann de sna míreanna san roimhe seo den fho-alt so.

(2) Féadfar a dhearbhú le hordú déanfar fén alt so gur cionta is inphionósuithe do réir dlí forálacha an orduithe sin no aon fhoráil áirithe dhe do shárú.

(3) Féadfaidh an tAire, le hordú, ceiliúradh no leasú do dhéanamh ar aon ordú bheidh déanta aige roimhe sin fén alt so, le n-a n-áirmhítear ordú bheidh déanta fén bhfo-alt so.

(4) Duine ar bith a bheidh ciontach in éinní (tré ghníomh no tré fhaillí) a bheidh dearbhuithe le hordú ar n-a dhéanamh fén alt so do bheith ina chionta is inphionósuithe do réir dlí dlighfear—

(a) ar a chiontú ann ar dhíotáil, fíneáil ná raghaidh thar cúig céad punt do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná dhá bhliain no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile, no

(b) ar a chiontú ann ar an slí achmair, fíneáil ná raghadh thar caoga punt do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

(5) Féadfar duine do ghabháil agus do thriail agus, má ciontuítear é, féadfar é phionósú fén alt so tar éis don Acht so dul in éag no tar éis d'ordú déanfar fén alt so dul in éag mar gheall ar chionta fén ordú san do rinne sé no adeirtear do rinne sé faid a bhí an t-ordú san i bhfeidhm.