13 1937


Uimhir 13 de 1937.


ACHT NA nÚDARÁS nÁITIÚIL (FOSTAITHE LEICTRICIÚLA), 1937.


ACHT CHUN SOCRUITHE SPEISIALTA DO DHÉANAMH I dTAOBH CEARTA AOIS-LIÚNTAIS FOSTAITHE D'ÚDARÁS ÁITIÚIL DO hAISTRÍODH LE REACHT GO DTÍ BORD SOLÁTHAIR AN LEICTREACHAIS AGUS A THAGANN THAR nAIS INA DHIAIDH SIN CHUN SEIRBHÍSE AN ÚDARÁIS ÁITIÚLA SAN NO A CHOMHARBA. [21adh Bealtaine, 1937.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

tá leis an abairt “cólucht áitiúil” an bhrí chéanna atá léi i gCuid IV den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 (Uimh. 5 de 1925) ;

cialluíonn an abairt “an Bord” Bord Soláthair an Leictreachais;

cialluíonn an abairt “Acht 1927” an t Acht Leictreachais (Soláthar), 1927 (Uimh. 27 de 1927) ;

tá leis an abairt “gnóthaire údaruithe” agus leis an bhfocal “gnó” na bríonna céanna fé seach atá leo in Acht 1927;

cialluíonn an abairt “seana-ghnóthaire” cólucht áitiúil ba ghnóthaire údaruithe go ndearna an Bord a ghnó do thógaint chúcha fé Acht, 1927;

nuair a húsáidtear an focal “comharba” maidir le seanaghnóthaire cialluíonn sé cólucht áitiúil go ndearnadh comhachta, dualgaisí agus feidhmeanna generálta agus oifigigh agus seirbhísigh an tseana-ghnóthaire sin d'aistriú chúcha le reacht, tar éis don Bhord gnó an tseana-ghnóthaire sin do thógaint chúcha.

Cearta aois-liúntais do bhuanchoimeád.

2. —(1) I gcás duine do bhí ar fostú ag seana-ghnóthaire do theacht, ar an mBord do thógaint ghnótha an tseana-ghnóthaire sin chúcha, chun bheith ina sheirbhíseach don Bhord de bhuadh ailt 39 d'Acht 1927, agus d'aistriú ina dhiaidh sin (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é) díreach o fhostaíocht an Bhúird chun fostaíochta an tseana-ghnóthaire sin no chun fostaíochta comharba don tseana-ghnóthaire sin, ansan agus sa chás san, pé uair a bheidh seirbhís an duine sin á cinneadh chun a fháil amach ce'ca tá teideal aige chun liúntais no aisce, ar scur dó de bheith ar fostú ag an seana-ghnóthaire sin no ag an gcomharba san no ag aon chólucht áitiúil eile, no ná fuil, agus chun méid an liúntais no na haisce sin do dhéanamh amach, beidh an duine sin, más rud é go raibh sé ar fostú go leanúnach ag an mBord ón dáta ar a dtáinig sé amhlaidh chun bheith ina sheirbhíseach don Bhord go dtí an dáta ar ar haistríodh é amhlaidh o fhostaíocht an Bhúird, beidh sé i dteideal—

(a) má haistríodh é amhlaidh o fhostaíocht an Bhúird chun fostaíochta an tseana-ghnóthaire sin, a sheirbhís i bhfostaíocht an Bhúird d'áireamh mar sheirbhís i bhfostaíocht an tseana-ghnóthaire sin, no

(b) má haistríodh é amhlaidh o fhostaíocht an Bhúird chun fostaíochta comharba don tseana-ghnóthaire sin, a sheirbhís i bhfostaíocht an tseana-ghnóthaire sin agus a sheirbhís i bhfostaíocht an Bhúird d'áireamh mar sheirbhís i bhfostaíocht an chomharba san.

(2) Pé uair a bheidh liúntas no aisce iníoctha ag cólucht áitiúil le duine ar bith alos é do scur de bheith ar fostú ag an gcólucht áitiúil sin agus, nuair a beifear ag déanamh amach seirbhíse an duine sin ar dháta an scurtha san, go ndéanfar, de bhuadh an Achta so, aon tseirbhís do thug an duine sin uaidh i bhfostaíocht an Bhúird do shuimiú agus d'áireamh, aisíocfaidh an Bord leis an údarás áitiúil sin cuid den liúntas no den aisce sin, ar n-a háireamh do réir seirbhíse agus páigh an duine sin i bhfostaíocht an Bhúird agus do réir na gcúrsaí bhain le n-a scur de bheith ar fostú ag an gcólucht áitiúil sin agus, cheal có-aontuithe idir an cólucht áitiúil sin agus an Bord, isé an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí cheapfaidh méid na coda san

Gearr-theideal.

3. —Féadfar Acht na nUdarás nAitiúil (Fostaithe Leictriciúla). 1937, do ghairm den Acht so.