An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT UM THOGHACHÁIN ÁITIÚLA, 1937) Ar Aghaidh (CUID II. Foralacha Sealadacha i gcoir Toghachan chun Udaras Áitiúil seachas Comhairle Chontae-Bhuirge Chorcaighe.)

14 1937

ACHT UM THOGHACHÁIN ÁITIÚLA, 1937

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal.

1. —Féadfar an tAcht um Thoghacháin Áitiúla, 1937 , do ghairm den Acht so.

An tAire.

2. —San Acht so cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí.

Cosaint d'údaráis scurtha.

3. —Ní dhéanfaidh éinní atá san Acht so dochar ná deifir d'oibriú aon orduithe ar n-a dhéanamh (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é) fé alt 12 den Acht um Rialtas Áitiúil (Forálacha Sealadacha), 1923 ( Uimh. 9 de 1923 ), no fé alt 72 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 ( Uimh. 5 de 1925 ).