|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I. Roimhraiteach agus Generalta.) | Ar Aghaidh (CUID III. Na hAchtanna Arm-Phinsean, 1923 agus 1927, agus Cuid III den Acht Arm-Phinsean, 1932, do leasu.) |
ACHT ARM-PHINSEAN, 1937
[EN] | ||
[EN] |
CUID II. Liuntaisi do ghaolta Sighniuiri an Fhurogra do foillsiodh Luan Casca, 1916. | |
[EN] |
Liúntaisí do ghaolta sighniúirí an Fhurógra do foillsíodh Luan Cásca, 1916. |
3. —(1) Íocfar amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas— |
[EN] | (a) le baintrigh (más ann di) Shighniúra, liúntas bliantúil de chúig céad punt le n-a beo, agus | |
[EN] | (b) le gach mac agus inghin (más ann dóibh) do Shighniúir, liúntas bliantúil de dhá chéad punt is iníoctha go dtí go mbeidh cúig bliana fichead slán aige no aici no go n-éagfaidh fé bhun na haoise sin, agus | |
[EN] | (c) le gach driofúr do Shighniúir, liúntas bliantúil de chéad punt le n-a beo. | |
[EN] | (2) Tosnóidh gach liúntas fé leith fén alt so ar dháta an Achta so do rith agus beidh sé iníoctha mar iar-íoc gach mí ar feadh na tréimhse gur ina haghaidh a bheidh sé iníoctha. | |
[EN] | (3) I gcás duine bheidh i dteideal liúntais fén alt so do bheith, díreach roimh dháta an Achta so do rith, ag fáil liúntais fé sna hAchtanna scuirfidh an liúntas san is déanaí luaidhtear de bheith iníoctha ar dháta an Achta so do rith agus dá éis sin. | |
[EN] | (4) San alt so cialluíonn an focal “Sighniúir” duine do shighnigh an Furógra do foillsíodh Luan Cásca, 1916. |