An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Liuntaisi do ghaolta Sighniuiri an Fhurogra do foillsiodh Luan Casca, 1916.) Ar Aghaidh (CUID IV. Cuid II den Acht Arm-Phinsean, 1932, do leasu.)

15 1937

ACHT ARM-PHINSEAN, 1937

CUID III.

Na hAchtanna Arm-Phinsean, 1923 agus 1927, agus Cuid III den Acht Arm-Phinsean, 1932 , do leasu.

Alt 8 d'Acht 1923 do leasú.

4. —I gcás liúntas do bheith iníoctha fé alt 8 d'Acht 1923 le béinne de sna cleithiúnaithe (eadhon, cleithiúnaithe luaidhtear i mír 5 den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1923) do dhuine ar bith do cuireadh chun báis in Eirghe Amach 1916, léireofar an mhír sin agus beidh éifeacht aici maidir leis an gcleithiúnaí sin, ar dháta an Achta so do rith agus dá éis sin, fé is dá gcuirtí na focail agus na figiúirí “£90 sa bhliain” in ionad na bhfocal agus na bhfigiúirí “£1 sa tseachtain”.

Ailt 7 agus 12 d'Acht 1927 do leasú.

5. —(1) Deintear leis seo alt 7 d'Acht 1927 do leasú sna slite seo leanas, agus déanfar Acht 1927, agus Acht 1927 mar a leasuítear é leis an gCuid seo den Acht so, do léiriú agus beidh éifeacht acu dá réir sin, sé sin le rá:—

(a) tré sna focail “(ach amháin i gcás dá bhforáltar a mhalairt anso ina dhiaidh seo)” do scriosadh amach as fo-alt (1) den alt san, agus

(b) tré fho-alt (3) den alt san do scriosadh amach.

(2) Deintear leis seo alt 12 d'Acht 1927 do leasú sna slite seo leanas agus léireofar Acht 1927 agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

(a) tré sna focail “no thar cheann an Aire (pe'ca aca é)” do scriosadh amach as fo-ailt (1) agus (4) den alt san, agus

(b) tré sna focail uile i ndiaidh na bhfocal “ag Bord na nArm-Phinsean chuige sin” do scriosadh amach as fo-alt (6).

Alt 9 d'Acht 1927 do leasú.

6. —(1) Deintear leis seo fo-alt (1) d'alt 9 d'Acht 1927 do leasú tré sna focail agus na figiúirí “no go dtiocfa sé chun bheith amhlaidh, de dheascaibh nithe is ionchurtha go cinnte i leith na seirbhíse sin, tar éis an dáta san agus roimh an 1adh lá d'Iúl, 1938,” do chur in ionad na bhfocal “no go dtiocfa sé chun bheith amhlaidh tar éis an dáta san agus laistigh de cheithre bliana tar éis scurtha an duine sin” atá anois ann agus léireofar Acht 1927 agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

(2) Más rud é, de bhuadh an leasuithe deintear leis an alt so ar fho-alt (1) d'alt 9 d'Acht 1927, go ndeonfar pinsean mí-ábaltachta fén bhfo-alt san (1) do dhuine ar bith tar éis dáta an Achta so do rith tosnóidh an pinsean san, in ainneoin éinní atá i bhfo-alt (3) den alt san 9, ar pé dáta agus o pé dáta chinnfidh an tAire ag cuimhneamh dó ar gach a mbaineann leis an gcás, ach ní bheidh an dáta san níos luatha ná dáta a scrúduithe ag Bord na nArm-Phinsean gur aige measadh a dhíth do réir gráid nach lugha ná an grád minimum díthe.

Alt 10 d'Acht 1927 do leasú.

7. —(1) Deintear leis seo fo-alt (1) d'alt 10 d'Acht 1927 do leasú tré sna focail agus na figiúirí “no go dtiocfa sé chun bheith amhlaidh, de dheascaibh nithe is ionchurtha go cinnte i leith na seirbhíse sin, tar éis an dáta san agus roimh an 1adh lá d'Iúl, 1938,” do chur in ionad na bhfocal “no go dtiocfa sé chun bheith amhlaidh tar éis an dáta san agus laistigh de cheithre bliana tar éis scurtha an duine sin” atá anois ann, agus léireofar Acht 1927 agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

(2) Más rud é, de bhuadh an leasuithe deintear leis an alt so ar fho-alt (1) d'alt 10 d'Acht 1927, go ndeonfar pinsean mí-ábaltachta fén bhfo-alt san (1) do dhuine ar bith tar éis dáta an Achta so do rith tosnóidh an pinsean san, in ainneoin éinní atá i bhfo-alt (3) den alt san 10, ar pé dáta agus o pé dáta chinnfidh an tAire ag cuimhneamh dó ar gach a mbaineann leis an gcás, ach ní bheidh an dáta san níos luatha ná dáta a scrúduithe ag Bord na nArm-Phinsean gur aige measadh a dhíth do réir gráid nach lugha ná an grád minimum díthe.

Alt 13 d'Acht 1927 do leasú.

8. —(1) Deintear leis seo fo-alt (1) d'alt 13 d'Acht 1927 do leasú tré sna focail agus na figiúirí “no go dtiocfa sé chun bheith amhlaidh, de dheascaibh nithe is ionchurtha go cinnte i leith seirbhíse míleata den tsórt san no i leith seirbhíse mileata den tsórt san agus seirbhíse sna fórsaí, tar éis an dáta san agus roimh an 1adh lá d'Iúl, 1938,” do chur isteach ann roimh na focail “féadfar pinsean mí-ábaltachta” atá anois ann, agus léireofar Acht 1927 agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

(2) Más rud é, de bhuadh an leasuithe deintear leis an alt so ar fho-alt (1) d'alt 13 d'Acht 1927, go ndeonfar pinsean mí-ábaltachta fén bhfo-alt san (1) do dhuine ar bith tosnóidh an pinsean san, in ainneoin éinní atá i bhfo-alt (3) den alt san 13, ar pé dáta agus o pé dáta chinnfidh an tAire ag cuimhneamh dó ar gach a mbaineann leis an gcás, ach ní bheidh an dáta san níos luatha ná dáta a scrúduithe ag Bord na nArm-Phinsean gur aige a measadh a dhíth do réir gráid nach lugha ná an grád minimum díthe.

Alt 14 d'Acht 1927 do leasú.

9. —In ainneoin éinní atá i mír (i) d'fho-alt (1) d'alt 14 d'Acht 1927, ní dhéanfaidh an tAire, ar fháil bháis do dhuine ar bith no mar gheall ar dhuine ar bith d'fháil bháis, is duine le n-a mbaineann an fo-alt san de bhuadh míre (e) den fho-alt san, aon aisce do dheonadh do bhaintrigh an duine sin ná d'aon leanbh leis maran roimh an 1adh lá de Mheitheamh, 1937, do phós sé an bhaintreach san.

Ní bheidh dul thar molta do rinneadh alos créachta fé Achtanna 1923 agus 1927.

10. —(1) Má rinneadh, roimh an Acht so do rith, aisce fé Achtanna 1923 agus 1927, alos créachta, do mholadh no má diúltuíodh do phinsean no d'aisce fé sna hAchtanna san, alos créachta, do mholadh beidh an moladh san no an diúltú don mholadh san do dhéanamh (pe'ca aca é), ach amháin i gcás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so ina bhreith deiridh nach féidir d'athbhreithniú ná d'ath-scrúdú.

(2) Einne dá ndearnadh aisce fé Achtanna 1923 agus 1927, alos créachta, do mholadh roimh an Acht so do rith, no éinne dar diúltuíodh pinsean no aisce fé sna hAchtanna san, alos créachta, do mholadh roimh an Acht so do rith ar an scór ná raibh an duine sin fé aon díth agus ar an scór san amhain, féadfaidh, laistigh de dhá mhí dhéag tar éis dáta an Achta so do rith, a iarraidh ar an Aire méid an mholta san no an diúltú san (pe'ca aca é) d'ath-bhreithniú agus leis sin féadfaidh an tAire, más ceart san do dhéanamh dar leis, an scéal do chur fé bhráid Bhúird na nArm-Phinsean chun é d'ath-bhreithniú agus féadfaidh, ar thuarasgabháil Bhúird na nArm-Phinsean, pé pinsean no aisce (más aon cheann é) do dheonadh a féadfaí a dheonadh dá dtugtaí an tuarasgabháil sin ar an gcás do bhreithniú den chéad uair fé Achtanna 1923 agus 1927, fé réir na teorann gurb é am a thosnóidh aon phinsean a deonfar amhlaidh ná ar pé dáta (nach luatha ná dáta an Achta so do rith no an dáta gheobhaidh Bord na nArm-Phinsean amach an mhí-ábaltacht do bheith chó mór le fiche per cent., pe'ca aca is déanaí) a chinnfidh an tAire.

(3) Athghairmtear leis seo alt 23 d'Acht 1932.

Alt 26 d'Acht 1932 do leasú.

11. —(1) Deintear leis seo mír (a) d'alt 26 (alt a leasuíonn alt 18 d'Acht 1927) d'Acht 1932 d'athghairm agus ina ionad san achtuítear leis seo, maidir le gach iarratas o dhuine do scuireadh as na fórsaí (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é) á iarraidh go ndeonfaí pinsean créachta no aisce dhó fé Achtanna 1923 agus 1927 mar gheall ar chréacht is ionchurtha i leith seirbhíse, gur laistigh de dhá mhí dhéag tar éis dáta a scurtha as na fórsaí no laistigh de dhá mhí dhéag tar éis dáta an Achta so do rith, pe'ca aca is déanaí, a déanfar é.

(2) Má iarr duine ar bith (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é) pinsean no aisce do dheonadh dhó fé Achtanna 1923 agus 1927 mar gheall ar chréacht do fuair sé agus is ionchurtha i leith seirbhíse, agus gur diúltuíodh don iarratas san (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é) ní bheidh an duine sin i dteideal, de bhuadh fo-ailt (1) den alt so, iarratas eile do dhéanamh ag lorg an phinsin no na haisce sin.

Dáta tosnuithe pinsean áirithe fé Achtanna 1923 agus 1927.

12. —(1) Beidh feidhm ag an bhforáil seo leanas maidir le haon phinsean a deonfar, ar dháta an Achta so do rith no dá éis sin, fé Achtanna 1923 agus 1927 do dhuine mar gheall ar chréacht is ionchurtha i leith seirbhíse sna fórsaí, sé sin le rá:—

(a) más roimh dháta an Achta so do rith agus laistigh den am do ceapadh le mír (a) d'alt 26 d'Acht 1932 do rinneadh an t-iarratas ar an bpinsean san, tosnóidh an pinsean san, lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt go soiléir leis an gCuid seo den Acht so, o pé dáta (nach luatha ná an 1adh lá d'Abrán, 1932, no an dáta gheobhaidh Bord na nArm-Phinsean amach an mhí-ábaltacht do bheith chó mór le fiche per cent., pe'ca aca is déanaí) a chinnfidh an tAire;

(b) in aon chás eile, tosnóidh an pinsean san o pé dáta (nach luatha ná dáta an Achta so do rith no dáta an scurtha as na fórsaí no an dáta gheobhaidh Bord na nArm-Phinsean amach an mhí-ábaltacht do bheith chó mór le fiche per cent., pe'ca aca is déanaí) a chinnfidh an tAire.

(2) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt go soiléir leis an gCuid seo den Acht so, tosnóidh gach pinsean a deonfar, ar dháta an Achta so do rith no dá éis sin. fé Acht 1927 do dhuine mar gheall ar ghalar is ionchurtha i leith seirbhíse sna fórsaí, tosnóidh sé ar pé dáta (nach luatha ná an 1adh lá d'Abrán, 1932, no an dáta gheobhaidh Bord na nArm-Phinsean amach an mhí-ábaltacht do bheith chó mór leis an ngrád minimum díthe, pe'ca aca is déanaí) a chinnfidh an tAire.

Deonadh pinsean le Achtanna 1923 agus 1927 de bharr breithe deiridh do cheiliúradh.

13. —Má deonadh no má deontar pinsean de bharr breithe deiridh do dhuine ar bith fé Acht 1923, no fé Acht 1927, no fé Acht 1927 mar a leasuítear é leis an gCuid seo den Acht so agus má dheineann an tAire, i bhfeidhmiú na gcomhacht a bronntar air le fo-alt (1) d'alt 24 (le n-a n-áirmhítear an t-alt san mar a cuirtear i mbaint é tríd an gcéad alt ina dhiaidh seo den Acht so) d'Acht 1932, an pinsean san do mhéadú, do laigheadú no do chur ar fiunraoi feadfaidh an tAire, ar mholadh Bhúird na nArm-Phinsean, a ordú an deonadh san de bharr breithe deiridh do cheiliúradh, agus sa chás san beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) déanfar an deonadh san de bharr breithe deiridh do cheiliúradh;

(b) in ainneoin éinní atá sa bhfo-alt san (1), ní bheidh an duine sin, má deontar an pinsean san ina dhiaidh sin de bharr breithe deiridh, i dteideal aon chúis do phlé leis an Aire fén bhfo-alt san (1) tar éis deich mbliana ón dáta ar a ndearnadh an deonadh de bharr breithe deiridh a ceiliúrfar amhlaidh.

Feidhm ailt 24 d'Acht 1932.

14. —Déanfar an abairt “Achtanna 1923 agus 1927” do léiriú, i ngach áit ina bhfuil sí in alt 24 d'Acht 1932, mar abairt fholuíonn Acht 1927 mar a leasuítear é leis an gCuid seo den Acht so.