An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III. Na hAchtanna Arm-Phinsean, 1923 agus 1927, agus Cuid III den Acht Arm-Phinsean, 1932, do leasu.) Ar Aghaidh (CUID V. Pinsin mhi-abaltachta alos ditheanna de dheascaibh galair is ionchurtha i leith seirbhise i gcas na mi-abaltachta do bheith nios lugha na ochto per cent. gan bheith nios lugha na caoga per cent.)

15 1937

ACHT ARM-PHINSEAN, 1937

CUID IV.

Cuid II den Acht Arm-Phinsean, 1932 , do leasu.

Alt 8 d'Acht 1932 do leasú.

15. —(1) Deintear leis seo fo-alt (1) d'alt 8 d'Acht 1932 do leasú tríd an mír seo leanas do chur isteach ann in ionad míre (d) atá anois ann, agus léireofar an fo-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

“(d) ce'ca tá aon fhianaise ann gur thóg an duine sin aon ghalar le linn a sheirbhíse míleata no nar thóg agus, má thóg, cadiad mion-innste na fianaise sin agus, má tá an duine sin tar éis bháis, cathain a fuair sé bás, agus”.

(2) Deintear leis seo alt 8 d'Acht 1932 do leasú tríd an dá fho-alt so leanas do chur isteach ann in ionad fo-ailt (2) atá anois ann agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige agus tuigfear éifeacht do bheith riamh aige dá réir sin, sé sin le rá:—

“(2) Gach deimhniú (dá ngairmtear deimhniú seirbhíse san Acht so) a bhéarfaidh an Bord Clárathachta amach don Aire do réir an ailt seo beidh sé sa bhfuirm orduithe agus beidh sé, fé réir aon atharuithe dhéanfaidh an Bord Clárathachta ar an deimhniú san fé fho-alt (3) den alt so, ina fhianaise dheiridh gan aon dul tháirse i dtaobh na bhfíora bheidh deimhnithe ann.

(3) Féadfaidh an tAire, toisc fianaise ná raibh ar fáil roimh an deimhniú san do thabhairt amach do bheith ar fáil o shoin, a iarraidh ar an mBord Clárathachta tráth ar bith aon deimhniú seirbhíse d'athscrúdú agus leis sin athscrúdóidh an Bord Clárathachta an deimhniú san agus féadfaid, tar éis an athscrúduithe sin do dhéanamh, an deimhniú san do dhaingniú no d'atharú, fé mar is dóich leo is ceart.”

Forálacha de dhruim deimhnithe seirbhíse d'atharú.

16. —(1) Má deintear deimhniú seirbhíse, do tugadh amach alos duine do rinne iarratas ar phinsean no ar aisce fé Chuid II d'Acht 1932, d'athscrúdú fé fho-alt (3) d'alt 8 d'Acht 1932, agus go n-atharófar é ar an athscrúdú san, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas sé sin le rá:—

(a) má dheallruigh sé ón deimhniú san, mar a tugadh amach i dtosach é, nár dhuine (dá ngairmtear duine cáilithe sa bhfo-alt so) dá bhféadfaí pinsean no aisce do dheonadh fé Chuid II d'Acht 1932 an duine sin, agus go ndeallróidh sé ón deimhniú san mar a hatharófar é amhlaidh, gur duine cáilithe an duine sin, ansan—

(i) beidh éifeacht ag forálacha ailt 9 d'Acht 1932 maidir leis an iarratas san fé is dá ndeallródh sé ón deimhniú san, roimh é atharú amhlaidh, gur dhuine cáilithe an duine sin,

(ii) i gcás gur iarratas ar phinsean no aisce do dheonadh fé Chuid II d'Acht 1932, alos créachta, an t-iarratas san tuigfear, chun crícheanna ailt 18 d'Acht 1932, nach diúltú do mholadh do dhéanamh an t-iarratas san do dhiúltú,

(iii) aon phinsean a deonfar fé Chuid II d'Acht 1932 don duine sin tosnóidh sé ar pé dáta (nach luatha ná dáta an Achta so do rith) a chinnfidh an tAire;

(b) má dheallruigh sé ón deimhniú san, mar a tugadh amach i dtosach é, gur dhuine cáilithe an duine sin agus gur deonadh pinsean dó dá réir sin fé Chuid II d'Acht 1932, agus go ndeallróidh sé ón deimhniú san, mar a hatharófar é amhlaidh, nach duine cáilithe an duine sin déanfaidh an tAire, le hordú, an pinsean san do cheiliúradh o dháta an orduithe sin;

(c) má dheallruigh sé ón deimhniú san, mar do tugadh amach i dtosach é, gur dhuine cáilithe an duine sin agus gur deonadh pinsean dó dá réir sin fé Chuid II d'Acht 1932, agus go ndeallróidh sé ón deimhniú san, mar a hatharófar é amhlaidh, gur duine cáilithe an duine sin agus go bhfuil méid an phinsin sin níos mó no níos lugha ná an méid chun a bhfuil teideal aige ag féachaint do théarmaí an deimhnithe sin mar a hatharófar é amhlaidh, déanfaidh an tAire, le hordú, an pinsean san do laigheadú no do mhéadú dá réir sin o dháta an orduithe sin.

(2) Má deintear deimhniú seirbhíse, do tugadh amach alos duine mhairbh go ndearnadh iarratas ina thaobh ar liúntas no ar aisce fé Chuid II d'Acht 1932, d'athscrúdú fé fho-alt (3) d'alt 8 d'Acht 1932, agus go n-atharófar é ar an athscrúdú san, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) má dheallruigh sé ón deimhniú san, mar a tugadh amach i dtosach é, nár dhuine (dá ngairmtear duine cáilithe sa bhfo-alt so) go bhféadfaí liúntas no aisce do dheonadh ina thaobh fé Chuid II d'Acht 1932 an duine marbh san, agus go ndeallróidh sé ón deimhniú san, mar a hatharófar é amhlaidh, gur duine cáilithe an duine marbh san, ansan—

(i) beidh feidhm ag forálacha ailt 9 d'Acht 1932 maidir leis an iarratas san fé is dá ndeallródh sé ón deimhniú seirbhíse sin, roimh é atharú amhlaidh, gur dhuine cáilithe an duine marbh san,

(ii) aon liúntas a deonfar fé Chuid II d'Acht 1932 alos an duine mhairbh sin tosnóidh sé ar pé dáta (nach luatha ná dáta an Achta so do rith) a chinnfidh an tAire;

(b) má dheallruigh sé ón deimhniú san, mar a tugadh amach i dtosach é, gur dhuine cáilithe an duine marbh san agus gur deonadh liúntas alos an duine mhairbh sin dá réir sin fé Chuid II d'Acht 1932, agus go ndeallróidh sé ón deimhniú san, mar a hatharófar é amhlaidh, nach duine cáilithe an duine marbh san, déanfaidh an tAire, le hordú, an liúntas san do cheiliúradh o dháta an orduithe sin

(3) Léireofar tagairtí san alt so d'Acht 1932 mar thagairtí chialluíonn Acht 1932, no Acht 1932 mar a leasuítear é leis an gCuid seo den Acht so.

Alt 10 d'Acht 1932 do leasú.

17. —(1) Más rud é—

(a) gur tugadh deimhniú seirbhíse amach alos duine, agus

(b) go ndeallruíonn sé ón deimhniú seirbhíse sin go raibh an duine sin ina bhall de chó-ghléasadh le n-a mbaineann Cuid II d'Acht 1932, agus

(c) go raibh an duine sin, agus é ina bhall den tsórt san, i rith aon tréimhse do chríochnuigh roimh an 30adh lá de Mheán Fhómhair, 1923, fé choinneáil no i bpríosún ag an Rialtas Briotáineach, ag Rialtas Shaorstáit Éireann, ag an Rialtas Sealadach, no ag Rialtas Thuaiscirt Éireann, no le hordú o aon Rialtas acu san, agus

(d) gur chaill an duine sin de dheascaibh cúise ar bith, faid do bhí sé fé choinneáil no i bpríosún amhlaidh, géag coise, géag láimhe, no súil,

beidh éifeacht ag na forálacha seo leanas, sé sin le rá:—

(i) tuigfear, chun crícheanna fo-ailt (1) d'alt 10 d'Acht 1932, gur díth de dheascaibh créachta is ionchurtha i leith seirbhíse míleata an chailliúint sin, agus léireofar Cuid II d'Acht 1932 agus beidh éifeacht aige dá réir sin;

(ii) isé an dáta cinnteach chun crícheanna fo-ailt (4) den alt san 10 ná an dáta gur air a bhain an chailliúint sin don duine sin;

(iii) aon phinsean a deonfar don duine sin fén bhfo-alt san (1) tosnóidh sé, in ainneoin éinní atá i bhfo-alt (1) d'alt 15 d'Acht 1932, ar dháta agus o dháta an Achta so do rith.

(2) Deintear leis seo fo-alt (2) d'alt 10 d'Acht 1932 do leasú tré sna focail agus na figiúirí “no, i gcás an dáta san do thuitim roimh an 30adh lá de Mheitheamh, 1938, go dtiocfa sé, de bhíthin nithe is ionchurtha go cinnte i leith seirbhíse míleata, chun gan bheith níos lugha, tar éis an dáta san ach roimh an 1adh lá d'Iúl, 1938,” do chur isteach sa bhfo-alt san i ndiaidh na bhfocal “a scrúduithe amhlaidh” atá anois ann, agus léireofar Cuid II d'Acht 1932 agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

(3) Más rud é, de bhuadh an leasuithe deintear leis an alt so ar fho-alt (2) d'alt 10 d'Acht 1932, go ndeonfar pinsean fén bhfo-alt san (2) do dhuine ar bith, tosnóidh an pinsean san, in ainneoin éinní atá i bhfo-alt (1) d'alt 15 d'Acht 1932 no san Acht so, ar pé dáta agus o pé dáta chinnfidh an tAire ag cuimhneamh dó ar gach a mbaineann leis an gcás, ach ní bheidh an dáta san níos luatha ná dáta a scrúduithe ag Bord na nArm-Phinsean gur aige measadh a dhíth do réir gráid nach lugha ná an grád minimum díthe.

Alt 12 d'Acht 1932 do leasú.

18. —(1) I gcás—

(a) liúntas do bheith iníoctha fé alt 12 d'Acht 1932 le baintrigh dhuine ar bith (seachas duine do shighnigh an Furógra do foillsíodh Luan Cásca, 1916), agus

(b) gur marbhuíodh an duine sin no gur cuireadh chun báis é in Eirghe Amach 1916,

déanfar, maidir leis an mbaintrigh sin, Cuid I den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1932 do léiriú agus beidh éifeacht aici, ar dháta agus o dháta an Achta so do rith, fé is dá ndeintí na focail agus na figiúirí “£90 sa bhliain le linn baintreachais agus aisce de £120 an chéad uair eile a phósfa sí” do chur in ionad na bhfocal agus na bhfigiúirí “£67 10s. sa bhliain le linn baintreachais agus aisce £90 an chéad uair eile a phósfa sí.”

(2) Léireofar fo-alt (1) d'alt 12 d'Acht 1932 agus beidh éifeacht aige fé is dá ndeintí an abairt “an liuntas san a luaidhtear i gCuid II no an aisce sin a luaidhtear i gCuid III” do chur i mír (b) den fho-alt san in ionad na habairte “an liúntas no an aisce sin a luaidhtear i gCuid II” atá anois sa mhír sin.

Alt 12 d'Acht 1932 do leasú tuilleadh.

19. —(1) Bainfidh alt 12 d'Acht 1932 (i dteanta é do bhaint leis na daoine le n-a mbaineann an t-alt san de bhuadh míreanna (a) (b) agus (c) d'fho-alt (3) den alt san) le gach duine ba bhall de choghléasadh le n-a mbaineann Cuid II d'Acht 1932 agus dar thárla ní de sna nithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) go raibh an duine sin ar seirbhís mhíleata tar éis an tsosa (i dteanta bheith ar seirbhís mhíleata roimh an sos no gan a bheith) agus go bhfuair bás roimh dháta an Achta so do rith—

(i) de dheascaibh créachta is ionchurtha i leith seirbhíse míleata roimh an sos no seirbhíse míleata tar éis an tsosa, no

(ii) de dheascaibh galair is ionchurtha i leith seirbhíse míleata roimh an sos no seirbhíse míleata tar éis an tsosa no i leith seirbhíse míleata roimh an sos agus seirbhíse míleata tar éis an tsosa;

(b) go bhfuair an duine sin bás faid a bhí sé ar seirbhís mhíleata de dheascaibh galair nach ionchurtha i leith seirbhíse míleata, agus go bhfuair bás amhlaidh faid a bhí sé ina bhall d'Aonad Seirbhíse Cogúla no faid a bhí sé fé choinneáil i bpríosún no i luing no i gcampa coinneála.

(2) I gcás—

(a) duine marbh ba bhall de chó-ghléasadh le n-a mbaineann Cuid II d'Acht 1932 do bheith ar seirbhís mhíleata tar éis an tsosa (i dteanta bheith ar seirbhís mhíleata roimh an sos no gan a bheith), agus

(b) an ball san d'fháil bháis roimh dháta an Achta so do rith, agus

(c) an ball san d'fháil bháis—

(i) de dheascaibh créachta is ionchurtha i leith seirbhíse míleata roimh an sos no seirbhíse míleata tar éis an tsosa, no

(ii) de dheascaibh galair is ionchurtha i leith seirbhíse míleata roimh an sos no seirbhíse míleata tar éis an tsosa no i leith seirbhíse míleata roimh an sos agus seirbhíse míleata tar éis an tsosa, agus

(d) an ball san d'fhágaint baintrighe ina dhiaidh, agus

(e) gurb é am do phós an bhaintreach san an ball san ná, más créacht ba thrúig le n-a bhás, tar éis an dáta ar a bhfuair sé an chréacht san no, más galar ba thrúig le n-a bhás, tar éis an 1adh lá de Dheireadh Fomhair, 1928,

beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(i) ní deonfar aon liúntas ná aisce, fé fho-alt (1) d'alt 12 d'Acht 1932, do dhuine ar bith mar gheall ar bhás an bhaill sin, agus

(ii) i gcás an duine sin d'fháil bháis an 10adh lá de Mhí na Nodlag, 1932, no dá éis sin gan pinsean do dheonadh dhó alos na créachta no an ghalair sin fé Chuid II d'Acht 1932, no é d'fháil bháis roimh an 10adh lá de Mhí na Nodlag, 1932, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, aisce de chéad agus dhá phunt déag agus deich scillinge do dheonadh mar gheall ar bhás an bhaill sin, do bhaintrigh no do chloinn an bhaill sin.

(3) I gcás—

(a) duine marbh ba bhall de chó-ghléasadh le n-a mbaineann Cuid II d'Acht 1932 do bheith ar seirbhís mhíleata tar éis an tsosa (i dteanta bheith ar seirbhís mhíleata roimh an sos no gan a bheith), agus

(b) an ball san d'fháil bháis an 10adh lá de Mhí na Nodlag, 1932, no dá éis sin, agus

(c) an ball san d'fháil bháis—

(i) de dheascaibh créachta is ionchurtha i leith seirbhíse míleata roimh an sos no seirbhíse míleata tar éis an tsosa, no

(ii) de dheascaibh galair is ionchurtha i leith seirbhíse míleata roimh an sos no seirbhíse míleata tar éis an tsosa no i leith seirbhíse míleata roimh an sos agus seirbhíse míleata tar éis an tsosa, agus

(d) pinsean do dheonadh don duine sin alos na créachta no an ghalair sin fé Chuid II d'Acht 1932,

ní deonfar aon liúntas ná aisce, fé fho-alt (1) d'alt 12 d'Acht 1932, do dhuine ar bith mar gheall ar bhás an bhaill sin, ach féadfaidh an tAire, marar deonadh pinsean fir phósta don bhall san agus má fhágann sé baintreach no clann ina dhiaidh agus más tar éis an 1adh lá de Mheitheamh, 1937, do phós sé an bhaintreach san, aisce de chéad agus dhá phunt déag agus deich scillinge do dheonadh don bhaintrigh no don chloinn sin.

(4) In ainneoin éinní atá i bhfo-ailt (2) agus (3) d'alt 15 d'Acht 1932 is ar dháta agus o dháta an Achta so do rith a thosnóidh liúntas a deonfar fé fho-alt (1) d'alt 12 d'Acht 1932 mar gheall ar bhás duine le n-a mbaineann an t-alt san 12 de bhuadh fo-ailt (1) den alt so.

(5) Athghairmtear leis seo na forálacha so leanas d'alt 12 d'Acht 1932, sé sin le rá, mír (d) d'fho-alt (3), agus fo-ailt (4) agus (5).

Feidhm ailt 14 d'Acht 1932.

20. —Déanfar an abairt “an Chuid seo den Acht so” in alt 14 d'Acht 1932 do léiriú mar abairt a chialluíonn Cuid II d'Acht 1932, no Cuid II d'Acht 1932 mar a leasuítear í leis an gCuid seo den Acht so.

Alt 15 d'Acht 1932 do leasú.

21. —(1) I gcás—

(a) pinsean (le n-a n-áirmhítear pinsean fir phósta) do dheonadh fé Chuid II d'Acht 1932 tar éis dáta an Achta so do rith, agus

(b) gan an t-iarratas ar an bpinsean san do dhéanamh go cuibhe roimh an 11adh lá de Mhí na Nodlag, 1933,

ansan, in ainneoin éinní atá i bhfo-alt (1) d'alt 15 d'Acht 1932, tosnóidh an pinsean san, ach amháin i gcás dá bhforáltar a mhalairt go soiléir leis an gCuid seo den Acht so, ar dháta agus o dháta an Achta so do rith.

(2) I gcás—

(a) liúntas do dheonadh, tar éis dáta an Achta so do rith, fé Chuid II d'Acht 1932 do bhaintrigh, do chloinn no do chleithiúnaithe dhuine do fuair bás roimh an 11adh lá de Mhí na Nodlag, 1932, agus

(b) gan an t-iarratas ar an liúntas san do dhéanamh go cuibhe roimh an 11adh lá de Mhí na Nodlag, 1933,

tosnóidh an liúntas san, in ainneoin éinní atá i bhfo-alt (2) no i bhfo-alt (3) d'alt 15 d'Acht 1932, ar dháta agus o dháta an Achta so do rith.

(3) I gcás—

(a) liúntas do dheonadh, tar éis dáta an Achta so do rith, fé Chuid II d'Acht 1932 do bhaintrigh, do chloinn no do chleithiúnaithe dhuine do fuair bás an 11adh lá de Mhí na Nodlag, 1932, no dá éis sin agus roimh dháta an Achta so do rith, agus

(b) gan an t-iarratas ar an liúntas san do dhéanamh go cuibhe laistigh de dhá mhí dhéag tar éis bháis an duine sin,

tosnóidh an liúntas san, in ainneoin éinní atá i bhfo-alt (3) d'alt 15 d'Acht 1932, ar dháta agus o dháta an Achta so do rith.

(4) Deintear leis seo fo-alt (2) d'alt 15 d'Acht 1932 do leasú tré sna focail “no ar an lá san” do chur isteach sa bhfo-alt san i ndiaidh na bhfigiúirí “1932” atá anois ann agus léireofar an fo-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Teora ama chun iarratáisí ar phinsin, etc., fé Chuid II d'Acht 1932 do dhéanamh.

22. —(1) Gach iarratas a dhéanfaidh duine ba bhall de chóghléasadh le n-a mbaineann Cuid II d'Acht 1932, ar phinsean no aisce do dheonadh fén gCuid sin II no fén gCuid sin II mar a leasuítear í leis an Acht so, is laistigh de dhá mhí dhéag tar éis dáta an Achta so do rith a déanfar é.

(2) Gach iarratas a déanfar ar liúntas no aisce do dheonadh fén gCuid sin II, no fén gCuid sin II mar a leasuítear í leis an Acht so, do bhaintrigh, do chloinn, no do chleithiúnaithe dhuine do fuair bás ar dháta an Achta so do rith no roimhe sin, is roimh an 1adh lá d'Iúl, 1938, a déanfar é.

(3) Gach iarratas ar liúntas no aisce do dheonadh fén Cuid sin II, no fén gCuid sin II mar a leasuítear í leis an Acht so, do bhaintrigh, do chloinn, no do chleithiúnaithe dhuine do gheobhaidh bás tar éis an lae rithfear an tAcht so, is roimh an 1adh lá d'Iúl, 1938, no i gcionn dhá mhí dhéag tar éis an dáta ar a bhfuair an duine sin bás, pe'ca dáta aca san is déanaí, a déanfar é.

(4) Má rinne duine ar bith iarratas go cuibhe roimh an Acht so do rith ar phinsean, ar liúntas no ar aisce fé Chuid II d'Acht 1932, agus gur diúltuíodh don iarratas san, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) i gcás an t-iarratas san do dhiúltú ar an scór nár bhain Cuid II d'Acht 1932 leis an duine sin, agus an Chuid sin II, mar a leasuítear í leis an gCuid seo den Acht so, do bhaint leis, féadfaidh an duine sin an t-iarratas san d'athnuachaint;

(b) in aon chás eile ní bheidh an duine sin i dteideal, de bhuadh aon cheann de sna fo-ailt sin roimhe seo den alt so, an t-iarratas san d'athnuachaint.

(5) Athghairmtear leis seo alt 16 d'Acht 1932.

Teora ama i gcóir iarratais ar liúntaisí agus ar aiscí fé Chuid II d'Acht 1932 o bhaintreacha, o chloinn agus o chleithiúnaithe dhaoine áirithe.

23. —(1) I gcás—

(a) duine d'fháil bháis níos mó ná dhá mhí dhéag tar éis an Achta so do rith, agus

(b) gur créacht no galar is trúig le bás an duine sin, agus

(c) ná dearna an duine sin, laistigh de dhá mhí dhéag tar éis dáta an Achta so do rith, pinsean alos na créachta no an ghalair sin d'iarraidh fé Chuid II d'Acht 1932, mar a leasuitear í leis an Acht so,

ní breithneofar aon éileamh, alos báis an duine sin, a dhéanfaidh baintreach no aon duine de chloinn no de chleithiúnaithe an duine sin ar liúntas no ar aisce fén gCuid sin II mar a leasuítear amhlaidh í.

(2) Ní léireofar éinní san alt so mar ní chuireann teora le hoibriú fo-ailt (3) den alt deiridh sin roimhe seo.

(3) Athghairmtear leis seo alt 17 d'Acht 1932.

Deonadh pinsean fé Chuid II d'Acht 1932 de bharr breithe deiridh do cheiliúradh.

24. —Má deonadh no má deontar pinsean de bharr breithe deiridh do dhuine ar bith fé Chuid II d'Acht 1932, no fé Chuid II d'Acht 1932 mar a leasuítear í leis an gCuid seo den Acht so, agus má dheineann an tAire, i bhfeidhmiú na gcomhacht a bronntar air le fo-alt (1) d'alt 19 d'Acht 1932, an pinsean san do mhéadú, do laigheadú no do chur ar fiunraoi, féadfaidh an tAire, ar mholadh Bhúird na nArm-Phinsean, a ordú an deonadh san de bharr breithe deiridh do cheiliúradh agus sa chás san beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) déanfar an deonadh san de bharr breithe deiridh do cheiliúradh:

(b) in ainneoin éinní atá sa bhfo-alt san (1) ní bheidh an duine sin, má deontar an pinsean san ina dhiaidh sin de bhar breithe deiridh, i dteideal aon chúis do phlé leis an Aire fén bhfo-alt san (1) tar éis deich mbliana ón dáta ar a ndearnadh an deonadh de bharr breithe deiridh a ceiliúrfar amhlaidh.

Feidhm alt áirithe de Chuid II d'Acht 1932.

25. —Déanfar an abairt “fén gCuid seo den Acht so” do léiriu, i ngach áit ina bhfuil sí in ailt 11, 13, 18 agus 19 d'Acht 1932, mar abairt fholuíonn Cuid II d'Acht 1932 mar a leasuítear i leis an gCuid seo den Acht so.