An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VI. Pinsin alos ditheanna de dheascaibh creacht no galair gur meaduiodh a n-olcas tre sheirbhis mhileata.) Ar Aghaidh (CUID VIII. Foralacha Ilghneitheacha.)

15 1937

ACHT ARM-PHINSEAN, 1937

CUID VII.

Liuntaisi cleithiunaithe speisialta agus aisci speisialta.

Liúntaisí Cleithiúnaithe Speisialta.

Daoine marbha le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so.

34. —Baineann an Chuid seo den Acht so le gach duine marbh ba bhall de chó-ghléasadh le n-a mbaineann Cuid II d'Acht 1932, agus dar thárla ní de sna nithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) gur marbhuíodh an duine sin agus é ar seirbhís mhíleata agus gur i slí is ionchurtha i leith na seirbhíse míleata san do marbhuíodh amhlaidh é;

(b) ná raibh an duine sin ach ar seirbhís mhíleata roimh an sos agus go bhfuair sé créacht is ionchurtha i leith na seirbhíse sin agus go bhfuair sé bás laistigh de cheithre bliana tar éis dó an chréacht san d'fháil agus gurbh í an chréacht san ba thrúig le n-a bhás;

(c) ná raibh an duine sin ach ar seirbhís mhíleata roimh an sos agus go bhfuair sé bás roimh an 11adh lá d'Iúl, 1925, agus gur galar is ionchurtha i leith na seirbhíse sin ba thrúig le n-a bhás;

(d) (i) go raibh an duine sin ar seirbhís mhíleata tar éis an tsosa (i dteanta bheith ar seirbhís mhíleata roimh an sos no gan a bheith), agus

(ii) go bhfuair sé bás, roimh dháta an Achta so do rith, de dheascaibh créachta is ionchurtha i leith seirbhíse míleata roimh an sos no seirbhíse míleata tar éis an tsosa no de dheascaibh galair is ionchurtha i leith seirbhíse míleata roimh an sos no seirbhíse míleata tar éis an tsosa no i leith seirbhíse míleata roimh an sos agus seirbhíse míleata tar éis an tsosa.

“Gaolta cleithiúnacha.”

35. —Sa Chuid seo den Acht so—

nuair a húsáidtear an abairt “gaol cleithiúnach” maidir le duine marbh le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so cialluíonn sí duine—

(a) is máthair no is athair (agus é os cionn seasca bliain d'aois no fé mhí-chumas tré dhroch-shláinte) don duine mharbh san no is driotháir dó atá buan-bhreoite no is driofúr dó atá nea-phósta agus buan-bhreoite, agus

(b) (i) do bhí i gcleithiúnas an duine mhairbh sin ar an dáta a fuair seisean bás, no

(ii) gur cheart, dar leis an Aire Airgid, ag féachaint do chúrsaí uile an cháis, é d'áireamh ina chleithiúnaí don duine mharbh san.

Acfuinn bhliantúil ghaolta cleithiúnacha.

36. —Chun críche na Coda so den Acht so, isé is acfuinn bhliantúil ghaoil chleithiúnaigh dhuine mhairbh le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so ná acfuinn bhliantúil an ghaoil chleithiúnaigh sin mar a gheobhfar amach é do réir chó-orduithe an Aire agus an Aire Airgid.

Liúntaisí do ghaolta áirithe ball marbh de chóghléasanna le n-a mbaineann Cuid II d'Acht 1932.

37. —(1) Fé réir forálacha na Coda seo den Acht so féadfar liúntas (dá ngairmtear liúntas cleithiúnaí sa Chuid seo den Acht so) do dheonadh do dhuine ar bith gur deimhin leis an Aire agus leis an Aire Airgid go ndearnadh do réir na gcoinníollacha reachtúla ina thaobh.

(2) Isé bheidh i liúntas cleithiúnaí deonfar do dhuine ar bith ná suim bhliantúil de mhéid ná beidh, nuair a cuirfear le hacfuinn bhliantúil an duine sin í, chó mór le dachad punt ná níos mó na san.

(3) Chun crícheanna an ailt seo isiad is coinníollacha reachtúla chun liúntas cleithiúnaí do dheonadh do dhuine ná—

(a) gur gaol cleithiúnach do dhuine mharbh le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so an duine sin; agus

(b) ná beidh an duine sin ag fáil liúntais fé sna hAchtanna; agus

(c) ná beidh aon phearsa eile ag fáil liúntais chleithiúnaí ná liúntais fé sna hAchtanna alos an duine mhairbh sin; agus

(d) ná beidh acfuinn bhliantúil an duine sin chó mór le dachad punt ná níos mó ná san.

(4) Fé réir aon orduithe ón Aire i gcásanna áirithe, íocfar liúntas cleithiúnaí mar iar-íoc gach mí agus fé réir pé coinníollacha maidir le haitheantas no eile ordóidh an tAire.

(5) Tosnóidh gach liúntas cleithiúnaí ar pé dáta (nach luatha ná dáta an Achta so do rith) a chinnfidh an tAire.

Iarrataisí ar liúntaisí cleithiúnaithe

38. —(1) Beidh feidhm ag na forálacha so leanas maidir le hiarrataisí ar liúntas chleithiúnaí, sé sin le rá:—

(a) beidh gach iarratas i pé fuirm agus beidh pé mion-innste ann éileoidh an tAire,

(b) gach iarratas a dhéanfaidh gaol cleithiúnach dhuine le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so déanfar é—

(i) laistigh de dhá bhliain tar éis dáta an Achta so do rith, más tuismitheoir don duine mharbh san an gaol san,

(ii) laistigh de chúig bliana tar éis an dáta san, más driotháir no driofúr don duine mharbh san an gaol san.

(2) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an gCúid seo den Acht so, ní déanfar aon iarratas ar liúntas chleithiúnaí dar diúltuíodh d'athscrúdú tar éis deireadh na tréimhse oiriúnaighe ceaptar leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo chun iarrataisí do dhéanamh.

Iarrataisí ar liúntaisí cleithiúnaithe do chur fé bhráid an Bhúird Chlárathachta Sheirbhíse Míleata agus Bhúird na nArm-Phinsean.

39. —(1) Déanfaidh an tAire gach iarratas ar liúntas chleithiúnaí, alos duine mhairbh le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, do chur fé bhráid an Bhúird Chlárathachta Sheirbhíse Míleata, agus leis sin beidh feidhm ag forálacha ailt 8 d'Acht 1932, mar a leasuítear é le Cuid IV den Acht so, maidir leis an iarratas san agus leis an deimhniú seirbhíse do bhéarfaidh an Bord san amach alos an duine mhairbh sin.

(2) Má gheibheann an tAire deimhniú seirbhíse alos duine mhairbh le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so ón mBord Clárathachta Sheirbhíse Míleata tar éis dó iarratas, ar liúntas chleithiúnaí do dheonadh alos an duine mhairbh sin, do chur fé bhráid an Bhúird sin fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo déanfaidh an tAire, mara ndeallruighidh sé ón deimhniú seirbhíse sin nach duine marbh (dá ngairmtear duine cáilithe san alt so) le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so an duine marbh san, an t-iarratas san do chur fé bhráid Bhúird na nArm-Phinsean.

(3) Má deintear deimhniú seirbhíse, do tugadh amach alos duine mhairbh go ndearnadh iarratas ina thaobh ar liúntas chleithiúnaí, d'athscrúdú fé fho-alt (3) d'alt 8 d'Acht 1932, agus go n-atharófar é ar an athscrúdú san, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) má dheallruigh sé ón deimhniú san, mar a tugadh amach i dtosach é, nár dhuine cáilithe an duine marbh san agus go ndeallróidh sé ón deimhniú san, mar a hatharófar amhlaidh é, gur duine cáilithe an duine marbh san, ansan, beidh feidhm ag forálacha fo-ailt (2) den alt so maidir leis an iarratas san fé is dá ndeallródh sé ón deimhniú seirbhíse sin, roimh é atharú amhlaidh, gur dhuine cáilithe an duine marbh san;

(b) má dheallruigh sé ón deimhniú san, mar a tugadh amach i dtosach é, gur dhuine cáilithe an duine marbh san agus gur deonadh liúntas cleithiúnaí dá réir sin alos an duine mhairbh sin agus go ndeallróidh sé ón deimhniú san, mar a hatharófar amhlaidh é, nach duine cáilithe an duine marbh san, déanfaidh an tAire, le hordú, an liúntas san do cheiliúradh o dháta an orduithe sin.

Liúntaisí cleithiúnaithe d'athscrúdú.

40. —(1) Beidh liúntas cleithiúnaí fé réir athscrúduithe thréimhsiúla (uair sa bhliain ar a mhinicí) ar pé ócáidí agus ar pé eatraimh a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgid agus má dheallruíonn sé de thoradh aon athscrúduithe den tsórt san go bhfuil an duine dar deonadh an liúntas san tar éis scur, de bhíthin a acfuinne bliantúla, de bheith i dteideal an liúntais sin no an liúntais sin do réir an ráta bheidh iníoctha an tráth san déanfar (fé mar is gá sa chás) deireadh do chur leis an liúntas go n-éifeacht o pé dáta chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgid no é do laigheadú go dtí an ráta oiriúnach o dháta an athscrúduithe.

(2) Má dheineann duine ar bith, o n-ar tarraigeadh siar liúntas cleithiúnaí fé fhorálacha an fho-ailt deiridh sin roimhe seo no dá mbeidh liúntas cleithiúnaí iníoctha do réir ráta is lugha ná cúig scillinge déag sa tseachtain, a éileamh ina dhiaidh sin go bhfuil sé i dteideal liúntas, no liúntas a bheidh do réir ráta is aoirde ná an liúntas atá iníoctha leis cheana, do dheonadh dhó, féadfaidh an tAire, más dóich leis cúis mhaith do bheith ann chun san do dhéanamh, a chur fé ndeár an t-éileamh san d'athscrúdú (ach ní níos minicí ná uair sa bhliain) agus, má gheibhtear amach go bhfuil an t-éilitheoir i dteideal liúntas cleithiúnaí no liúntas cleithiúnaí méaduithe d'fháil, beidh an liúntas no an liúntas méaduithe sin iníoctha ón dáta ar a bhfuighidh an tAire an t-éileamh no ón dáta ar a dtiocfaidh an t-éilitheoir chun bheith i dteideal an liúntais sin no an liúntais mhéaduithe sin d'íoc leis, pe'ca dáta acu san is déanaí.

Aiscí Speisialta.

Iocaíocht ex gratia le daoine áirithe do créachtadh no do gortuíodh.

41. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, aisce (dá ngairmtear aisce speisialta sa Chuid seo den Acht so) de pé méid (ná raghaidh thar céad punt) is dóich leis is ceart do dheonadh do dhuine ar bith go ndeintear do réir gach coinníll acu so leanas ina thaobh, sé sin le rá:—

(a) go bhfuair an duine sin créacht no gur gortuíodh é i rith na tréimhse dar thosach an 1adh lá d'Abrán, 1916, agus dar chríoch an 30adh lá de Mheán Fhómhair, 1923—

(i) de bhíthin an duine sin do bheith ag coimeád arm ba le haon chó-ghléasadh acu san, no

(ii) de bhíthin ball de cheann de sna có-ghléasanna san do bhí ag cur fé i dtigh an duine sin agus do bhí ag seachaint gabhála do lámhach an duine sin tré thionóisc;

(b) ná raibh an duine sin, an tráth do fuair sé an chréacht san no gortuíodh é amhlaidh, ina bhall d'aon cheann de sna có-ghléasanna le n-a mbaineann Cuid II d'Acht 1932.

(2) Duine ar bith atá i dteideal pinsin, liúntais no aisce fé sna hAchtanna, no fé sna hAchtanna mar a leasuítear iad leis an Acht so, no fé aon Chuid eile den Acht so, ní bheidh sé i dteideal aisce speisialta d'iarraidh ná san do dheonadh dhó.

Iarrataisí ar aiscí speisialta.

42. —(1) Beidh feidhm ag na forálacha so leanas maidir le hiarrataisí ar aiscí speisialta, sé sin le rá:—

(a) beidh gach iarratas i pé fuirm agus beidh pé mion-innste ann éileoidh an tAire,

(b) déanfar gach iarratas roimh an 1adh lá d'Iúl, 1938.

(2) Ní déanfar aon iarratas ar aisce speisialta dar diúltuíodh d'athscrúdú tar éis an 30adh lá de Mheitheamh, 1938.

Iarrataisí ar aiscí speisialta do chur fé bhráid Bhúird na nArm-Phinsean.

43. —Déanfaidh an tAire gach iarratas ar aisce speisialta do chur fé bhráid Bhúird na nArm-Phinsean.

Forálacha i dtaobh Liúntaisí Cleithiúnaithe agus Aiscí Speisialta.

Tuarasgabháil o Bhord na nArm-Phinsean ar iarrataisí ar liúntaisí cleithiúnaithe agus ar aiscí speisialta.

44. —(1) Pé uair a déanfar iarratas ar liúntas cleithiúnaí no ar aisce speisialta do chur fé bhráid Bhúird na nArm-Phinsean fén gCuid seo den Acht so, cuirfid tuarasgabháil chun an Aire i dtaobh pé nithe eireoidh as an iarratas san go n-iarrfaidh an tAire ortha tuarasgabháil do thabhairt ina dtaobh, agus chun crícheanna na tuarasgabhála san cuirfid fé ndeár an t-iarratas san do scrúdú i pé slí ordóidh an tAire.

(2) Chun na ndualgaisí forchuirtear ortha leis an alt so do chólíonadh féadfaidh Bord na nArm-Phinsean fiosruithe do dhéanamh, fínnéithe do ghairm agus fianaise do ghlacadh fé mhionn (agus tugtar údarás leis seo d'aon bhall acu daoine do chur fé mhionn), pé fiosruithe, fínnéithe agus fianaise is dóich leo is gá.

Feidhm do bheith ag ailt áirithe d'Achtanna 1923 agus 1927.

45. —(1) Beidh feidhm ag ailt 9, 10, 11, 12 agus 14 d'Acht 1923, agus ag alt 21 d'Acht 1927, maidir le liúntaisí cleithiúnaithe agus le haiscí speisialta, le daoine atá no adeir go bhfuilid i dteideal na liúntaisí agus na n-aiscí sin, le daoine dá ndeonfar na liúntaisí agus na haiscí sin agus le daoine iarrfaidh na liúntaisí agus na haiscí sin, fé is dá mb'iad na liúntaisí agus na haiscí sin na liúntaisí agus na haiscí luaidhtear sna hailt sin fé seach.

(2) Beidh feidhm ag alt 13 d'Acht 1923 maidir le haiscí speisialta fé is dá mb'iad na haiscí sin na haiscí luaidhtear san alt san.

(3) An tagairt atá in alt 21 d'Acht 1927 do dhaoine thiocfaidh i láthair i gcathair no i gcontae Bhaile Atha Cliath mar iarratasóirí no mar fhínnéithe os cóir Bhúird na nArm-Phinsean mar fhreagra ar ghairm ón mBord san léireofar í mar ní fholuíonn tagairt do dhaoine thiocfaidh i láthair i gcathair no i gcontae Bhaile Atha Cliath mar iarratasóirí no mar fhínnéithe os cóir an Bhúird Chlárathachta Sheirbhíse Míleata mar fhreagra ar ghairm ón mBord san.