An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VII. Liuntaisi cleithiunaithe speisialta agus aisci speisialta.) Ar Aghaidh (SCEIDEAL. Ratai Pinsean fe Chuid VI.)

15 1937

ACHT ARM-PHINSEAN, 1937

CUID VIII.

Foralacha Ilghneitheacha.

Srian le haiscí fé sna hAchtanna d'iarraidh alos daoine marbha.

46. —I gcás ina ndearnadh aisce fé sna hAchtanna do mholadh (pe 'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é) also duine mhairbh ní thabharfaidh an tAire áird ar aon iarratas eile ar aisce fé sna hAchtanna alos an duine mhairbh sin.

Breith-thortha áirithe o Bhord na nArm-Phinsean do bheith ina mbreith-thortha deiridh.

47. —(1) Na breith-thortha o Bhord na nArm-Phinsean, mar a bheid leagtha amach ina dtuarasgabháil (pe 'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin a bhéarfar í) fé sna hAchtanna no fén Acht so maidir leis na nithe seo leanas eireoidh alos aon iarratais fé sna hAchtanna no fén Acht so, beid, fé réir aon athscrúduithe dhéanfaidh Bord na nArm-Phinsean ar na breith-thortha san fé fho-alt (2) den alt so, ina mbreith-thortha deiridh agus ina gceangal ar gach duine agus ar gach bínse, sé sin le rá:—

(a) a mhéid atá créacht no galar ionchurtha i leith seirbhíse;

(b) a mhéid atá díth ionchurtha i leith créachta no galair is ionchurtha i leith seirbhíse;

(c) a mhéid atá méadú ar dhíth, gur galar is ionchurtha i leith seirbhíse fé ndeár é, ionchurtha i leith na seirbhíse sin;

(d) a mhéid atá bás ionchurtha i leith seirbhíse;

(e) a mhéid atá bás ionchurtha i leith créachta no galair is ionchurtha i leith seirbhíse;

(f) a mhéid atá bás ionchurtha i leith créachta no galair gur deonadh pinsean ina thaobh fé sna hAchtanna;

(g) a mhéid atá méadú olcais chréachta no ghalair ionchurtha i leith créachta no galair do fuarthas ina dhiaidh sin no i leith seirbhíse;

(h) a mhéid atá brostú no gríosadh galair ionchurtha i leith créachta no galair do fuarthas ina dhiaidh sin no i leith seirbhíse;

(i) an dáta ar ar léir i dtosach díth gurb é ba thrúig léi ná créacht no galar do chuaidh in olcas, do brostuíodh no do gríosadh tré chréacht, tré ghalar no tré sheirbhís;

agus déanfar tagairtí san alt so do thuarasgabháil do léiriú mar thagairtí do thuarasgabháil o Bhord na nArm-Phinsean sa mhéid a bhainfidh an tuarasgabháil sin le héinní acu san a luaidhtear sa bhfo-alt so.

(2) I gcás Bord na nArm-Phinsean do chur tuarasgabhála chun an Aire fé sna hAchtanna no fén Acht so féadfaidh an tAire, toisc fianaise ná raibh ar fáil roimh an tuarasgabháil sin do thabhairt amach do bheith ar fáil o shoin, a iarraidh ar Bhord na nArm-Phinsean tráth ar bith a dtuarasgabháil d'athscrúdú agus leis sin déanfaidh Bord na nArm-Phinsean an tuarasgabháil sin d'athscrúdú agus féadfaid an tuarasgabháil sin do dhaingniú no d'atharú fé mar is oiriúnach leo.

(3) Má deintear tuarasgabháil o Bhord na nArm-Phinsean, alos iarratais o dhuine ar bith ag lorg pinsin no aisce no liúntais fé sna hAchtanna, d'athscrúdú fé fho-alt (2) den alt so agus go n-atharófar é ar an athscrúdú san, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) má dheallruigh sé ón tuarasgabháil sin, mar do rinneadh i dtosach í, nár dhuine (dá ngairmtear duine cáilithe sa mhír seo) dá bhféadfaí pinsean, liúntas no aisce do dheonadh fé sna hAchtanna an duine sin, agus go ndeallróidh sé ón tuarasgabháil sin, mar a hatharófar í amhlaidh, gur duine cáilithe an duine sin, ansan, féadfaidh an tAire pé pinsean, liúntas no aisce (más aon cheann é) do dheonadh don duine sin a fhéadfaí dheonadh fé sna hAchtanna dá mb'í an tuarasgabháil sin, mar a hatharófar í amhlaidh, an tuarasgabháil bhunaidh, agus aon phinsean no liúntas den tsórt san a deonfar amhlaidh tosnóidh sé o pé dáta (nach luatha ná dáta an Achta so do rith) a chinnfidh an tAire;

(b) má dheallruigh sé ón tuarasgabháil sin, mar do rinneadh i dtosach í, gur dhuine (dá ngairmtear duine cáilithe sa mhír seo) dá bhféadfaí pinsean no liúntas do dheonadh fé sna hAchtanna an duine sin, agus gur deonadh pinsean no liúntas dó dá réir sin, agus go ndeallróidh sé ón tuarasgabháil sin, mar a hatharófar í amhlaidh, nach duine cáilithe an duine sin, déanfaidh an tAire, le hordú, an pinsean no an liúntas san do cheiliúradh o dháta an orduithe sin;

(c) má dheallruigh sé ón tuarasgabháil sin, mar do rinneadh i dtosach í, gur dhuine (dá ngairmtear duine cáilithe sa mhír seo) dá bhféadfaí pinsean do dheonadh fé sna hAchtanna an duine sin, agus gur deonadh pinsean dó dá réir sin agus go ndeallróidh sé ón tuarasgabháil sin, mar a hatharófar í amhlaidh, gur duine cáilithe an duine sin agus go bhfuil méid an phinsin sin níos mó no níos lugha ná an méid chun a bhfuil teideal aige, ag féachaint do théarmaí na tuarasgabhála san mar a hatharófar í amhlaidh, déanfaidh an tAire, le hordú, an pinsean san do laigheadú no do mhéadú dá réir sin o pé dáta (nach luatha, i gcás an phinsin sin do laigheadú, ná dáta an orduithe sin no, i gcás an phinsin sin do mhéadú, dáta an Achta so do rith) a chinnfidh an tAire.

(4) San alt so—

cialluíonn an abairt “na hAchtanna” na hAchtanna mar a leasuítear iad le Cuid III agus le Cuid IV den Acht so;

cialluíonn an focal “seirbhís” seirbhís—

(a) is seirbhís sna fórsaí, no

(b) is seirbhís mhíleata do réir bhrí Coda II d'Acht 1932.

Iarratasóir ar phinsean no ar aisce d'fháil bháis tar éis don Aire é dheonadh ach roimh an Aire Airgid á cheadú.

48. —I gcás—

(a) an tAire á bheartú pinsean no aisce fé sna hAchtanna do dheonadh (roimh dháta an Achta so do rith no ar an dáta san no dá éis sin) no é á bheartú pinsean do dheonadh fé sna hAchtanna mar a leasuítear iad le Cuid III no le Cuid IV den Acht so, agus

(b) an duine dá mbeidh sé beartuithe ag an Aire an pinsean no an aisce sin do dheonadh d'fháil bháis tar éis an beartú san do chur fé bhráid an Aire Airgid ach sara mbeidh an beartú san ceaduithe aige, agus

(c) an duine sin do bheith ar dháta a bháis ina chomhnaí i dtigh na pearsan ag á raibh an duine sin á chothú i bpáirt no go hiomlán,

beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(i) i gcás aon phinsin den tsórt san, féadfaidh an tAire, más ceart san dar leis, le toiliú an Aire Airgid, suim d'íoc leis an bpearsain sin ná raghaidh thar an méid do bheadh, ar dháta bháis an duine sin, dlite ar scór an phinsin sin dá gceaduíodh an tAire Airgid deonadh an phinsin sin ar an dáta ar ar bheartuigh an tAire an pinsean san do dheonadh,

(ii) i gcás aon aisce den tsórt san, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, le toiliú an Aire Airgid, suim d'íoc leis an bpearsain sin ná raghaidh thar an méid do bheadh iníoctha ar scór na haisce sin, dá gceaduíodh an tAire Airgid deonadh na haisce sin ar an dáta ar ar bheartuigh an tAire an aisce sin do dheonadh.

Fianaise i dtaobh iarrataisí ar phinsin, etc., do dhiúltú.

49. —Más rud é, roimh an Acht so do rith no dá éis sin—

(a) go ndearna no go ndéanfaidh duine ar bith iarratas ar phinsean no ar aisce no ar liúntas do dheonadh fé sna hAchtanna, no fé sna hAchtanna mar a leasuítear iad leis an Acht so, no fén Acht so, agus

(b) go ndearnadh no go ndéanfar fógra, agus é á thabhairt le tuisgint é bheith sighnithe ag oifigeach don Aire, do chur chun an duine sin á chur in úil dó gur diúltuíodh don iarratas san,

tuigfear chun críche na nAchtanna no an Achta so gur diúltuíodh don iarratas san ar an dáta ar ar cuireadh no ar a gcuirfear an fógra san chun an duine sin amhlaidh.

Teora ama maidir le cúisimh.

50. —In ainneoin éinní atá in alt 10 den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar cúiseamh mar gheall ar chionta fé alt 12 d'Acht 1923 (le n-a n-áirmhítear an t-alt san mar a cuirtear i mbaint é tré Acht 1927, tré Acht 1932 agus tríd an Acht so) do bhunú laistigh de shé mhí tar éis an dáta ar ar thárla fianaise chun neartuithe leis an gcúiseamh do theacht fé bhráid an Aire, agus beidh deimhniú fé láimh an Aire, i dtaobh an dáta ar ar thárla fianaise chun neartuithe leis an gcúiseamh san do theacht fé n-a bhráid, beidh san, chun crícheanna an ailt seo, ina chruthú ná beidh dul thairis.