Ar Aghaidh (SCEIDEAL.)

16 1937


Uimhir 16 de 1937.


ACHT POBAL-BHREITHE (DRÉACHT-BHUNREACHT), 1937.


ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN POBAL-BHREITHE D'FHÁIL AR DRÉACHT-BHUNREACHT DO CHEADUIGH NO CHEADÓIDH DÁIL ÉIREANN (ROIMH AN ACHT SO DO RITH NO DÁ ÉIS SIN) ROIMH AN OIREACHTAS DO SCUR DEN CHÉAD UAIR TAR ÉIS AN ACHTA SO DO RITH. [2adh Meitheamh, 1937.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí;

cialluíonn an abairt “an toghachán generálta” an toghachán generálta do bhaill do Dháil Éireann a bheidh ann de dhruim an Oireachtais do scur den chéad uair tar éis an Achta so do rith;

cialluíonn an abairt “an Dréacht-Bhunreacht” Dréacht-Bhunreacht do cheaduigh no cheadóidh Dáil Éireann (roimh an Acht so do rith no dá éis sin) roimh an toghachán generálta;

cialluíonn an abairt “an phobal-bhreith” an phobal-bhreith a ceangailtear leis an Acht so do chomóradh maidir leis an Dréacht-Bhunreacht.

E bheith d'oblagáid an Dréacht-Bhunreacht do chur fé phobal-bhreith

2. —(1) Cuirfear an Dréacht-Bhunreacht fé phobal-bhreith do réir an Achta so.

(2) Tógfar an phobal-bhreith ar fuaid Shaorstáit Éireann an lá is lá vótaíochta sa toghachán ghenerálta.

(3) Is tré bhallóid sheicréidigh a bhéarfar na vótanna sa phobal-bhreith.

Ceann coimhrimh na pobalbhreithe.

3. —(1) Chun críche na pobal-bhreithe beidh ceann coimhrimh pobal-bhreithe ann a cheapfaidh an tAire lá nach déanaí ná an lá deiridh chun ainmniúcháin sa toghachán ghenerálta do ghlacadh.

(2) Cólíonfaidh ceann coimhrimh na pobal-bhreithe na dualgaisí sin a forchuirtear air leis an Acht so no fé.

Daoine bheidh i dteideal vótála sa phobalbhreith.

4. —(1) Chun na pobal-bhreithe do thógaint tuigfear Saorstát Éireann do bheith roinnte sna dáilcheanntair chéanna ina bhfuil sí roinnte chun críche an toghacháin ghenerálta.

(2) Beidh gach duine bheidh i dteideal vótála sa toghachán ghenerálta (agus ní bheidh éinne eile) i dteideal vótála sa phobalbhreith.

(3) Gach duine vótálfaidh sa phobal-bhreith is sa dáilcheanntar ina mbeidh teideal aige vótáil sa toghachán ghenerálta a vótálfa sé.

(4) Más rud é, toisc gan an méid iarrthóirí bheidh ainmnithe i ndáilcheanntar do bheith níos mó ná an méid folúntas a bheidh le líonadh, ná tógfar aon vótaíocht sa dáilcheanntar san sa toghachán ghenerálta beidh gach duine do bheadh i dteideal vótála sa dáilcheanntar san sa toghachán ghenerálta, dá dtógtaí vótaíocht ann, i dteideal vótála sa dáilcheanntar san le linn na pobal-bhreithe bheith á tógaint.

(5) Ní bheidh duine ar bith i dteideal vótála níos mó ná uair amháin sa phobal-bhreith.

An tslí ina dtógfar an phobal-bhreith

5. —(1) Déanfar, i ngach dáilcheanntar ina dtógfar vótaíocht sa toghachán ghenerálta, an phobal-bhreith do thógaint an t-am céanna, sna háiteanna céanna, sa tslí chéanna, agus ag na daoine céanna gur ionta agus acu tógfar an vótaíocht san.

(2) I ngach dáilcheanntar ná tógfar aon vótaíocht ann sa toghachán ghenerálta toisc gan an méid iarrthóirí bheidh ainmnithe do bheith níos mó ná an méid folúntas a bheidh le líonadh, tógfar an phobal-bhreith an t-am, sna háiteanna, sa tslí, agus ag na daoine gur ionta agus acu ba ghá do réir dlí an vótaíocht san do thógaint (dá dtógtaí vótaíocht).

(3) Fé réir forálacha an Achta so bainfidh an dlí i dtaobh vótaíocht do thógaint i dtoghachán ghenerálta do bhaill de Dháil Éireann, bainfidh, gus na hatharuithe is gá, leis an bpobal-bhreith do thógaint fé is dá mba vótaíocht sa toghachán ghenerálta san an phobal-bhreith.

(4) Má ciríonn, no má mheasann an tAire gur deallrathach go n-eireoidh, aon amhrus, ceist, no aighneas maidir leis na hatharuithe, ar an dlí bhaineann leis an vótaíocht do thógaint i dtoghachán ghenerálta do bhaill do Dháil Éireann, is gá chun baint do bheith ag an dlí sin, do réir an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so, leis an bpobal-bhreith do thógaint, bhéarfaidh an tAire breith ar an amhrus, ar an gceist, no ar an aighneas san no féadfaidh an tAire, más ceart san dar leis, aon atharú do dhéanamh le hordú ar an dlí sin a chífear dó is gá chun baint do bheith ag an dlí sin mar adubhradh.

Páipéirí ballóide sa phobalbhreith.

6. —(1) Is sa bhfuirm atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so bheidh na páipéirí ballóide sa phobal-bhreith.

(2) Úsáidfear an marc oifigiúil céanna i gcóir na bpáipéirí ballóide sa phobal-bhreith a húsáidfear i gcóir na bpáipéirí ballóide sa toghachán ghenerálta.

(3) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas i ngach dáilcheanntar ina dtógfar vótaíocht sa toghachán ghenerálta, sé sin le rá:—

(a) sínfear an páipéar ballóide i gcóir na pobal-bhreithe chun gach vótálaí no, i gcás vótálaithe atá ar liost na bpostvótálaithe, cuirfear chun gach vótálaí é an tráth céanna a déanfar an páipéar ballóide i gcóir an toghacháin ghenerálta do shíneadh no do chur chuige;

(b) féadfaidh gach ceann coimhrimh, más ceart san dar leis, boscaí ballóide ar leithligh do sholáthar le haghaidh na bpáipéirí ballóide i gcóir na pobal-bhreithe agus le haghaidh na bpáipéirí ballóide i gcóir an toghacháin ghenerálta;

(c) mara soláthruítear boscaí ballóide ar leithligh fén mír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so, cuirfear na páipéirí ballóide i gcóir na pobal-bhreithe agus na páipéirí ballóide i gcóir an toghacháin ghenerálta isteach sna boscaí ballóide céanna.

Vótáil sa phobal-bhreith.

7. —(1) Déanfaidh gach vótálaí sa phobal-bhreith a vóta do thabhairt tré n-a pháipéar bhallóide do mharcáil do réir na dtreoracha i dtaobh marcála bheidh clóbhuailte ar an bpáipéar ballóide.

(2) Páipéar ballóide ar bith sa phobal-bhreith ná beidh an marc oifigiúil air, no ná cuirfear an marc “X” air in aon chor no ná cuirfear air é i slí a thaisbeánfaidh go n-aontuíonn no ná haontuíonn an vótálaí leis an Dréacht-Bhunreacht, no ar a gcuirfear an marc “X” so chearnóig os coinne an fhocail “Aontuím” agus ar a gcuirfear freisin é sa chearnóig os coinne na bhfocal “Ní aontuím”, no ar a mbeidh éinní tré n-a bhféadfar a aithint cé hé an vótálaí (ach amháin an uimhir is gá do réir dlí do bheith clóbhuailte ar chúl an pháipéir bhallóide) scríobhtha no marcálta, beidh sé gan bhrí agus ní coimhreofar é.

Droch-bhearta toghacháin do chosc sa phobal-bhreith.

8. —(1) Beidh an phobal-bhreith ina thoghachán do réir bhrí agus chun crícheanna an Achta chun Droch-Bhearta Toghacháin do Chosc, 1923 ( Uimh. 38 de 1923 ), agus déanfar an focal “toghachán”, i ngach áit ina n-úsáidtear é gan coinníoll san Acht san, do léiriú mar fhocal fholuíonn an phobal-bhreith agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin ag an Acht san maidir leis an bpobal-bhreith.

(2) I dteanta forálacha an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so agus gan dochar dóibh, beidh feidhm agus éifeacht, maidir leis an bpobal-bhreith, ag gach foráil reachtúil a bhaineann le breabaireacht no le pearsanáil no le cleachtanna cuirpthe i dtoghacháin do bhaill do Dháil Éireann, no le hachuingeacha toghacháin alos na dtoghachán san, agus atá i bhfeidhm le linn an Achta so do rith agus, chun na críche sin, déanfar gach tagairt atá in aon fhoráil reachtúil den tsórt san do thoghachán do bhaill do Dháil Éireann do léiriú mar thagairt don phobal-bhreith.

(3) Chun an ama d'áireamh gur laistigh de is gá do réir dlí éinní do dhéanamh maidir le hachuinge ag cur toradh na pobalbhreithe fé cheist déanfar an dáta ar a bhfoillseoidh ceann coimhrimh na pobal-bhreithe an toradh san san Iris Oifigiúil do réir an Achta so do chur in ionad an dáta ar a ndéanfaidh ceann coimhrimh an freagra ar an rit chun baill do Dháil Éireann do thoghadh do chur chun Cléireach Dháil Éireann.

(4) Ní bheidh sé d'oblagáid ar Chúirt éistfidh achuinge ag cur toradh na pobal-bhreithe fé cheist a chur fé ndeár ath-choimhreamh do dhéanamh ar na vótanna do tugadh, ná fiosrú do dhéanamh ar shlí eile i dtaobh na vótála ná i dtaobh coimhreamh na vótanna, sa phobal-bhreith in aon dáilcheanntar gur deimhin leis an gCúirt ina thaobh ná fuil an vótáil do rinneadh sa dáilcheanntar san i gceist san achuinge sin.

(5) Beidh ag gníomhaire iarrthóra sa toghachán ghenerálta, sa mhéid ná beidh san buiniscionn leis an Acht so, na príbhléidí céanna maidir leis an bpobal-bhreith bheidh aige maidir leis an toghachán generálta.

(6) Gach gníomhaire pearsanála ceapfar, fé alt 22 den Acht chun Droch-Bhearta Toghacháin do Chosc, 1923 (Uimh. 38 de 1923), chun crícheanna an toghacháin ghenerálta tuigfear é do cheapadh freisin mar ghníomhaire phearsanála den tsórt san chun crícheanna na pobal-bhreithe agus, dá réir sin, beidh aige, maidir leis an bpobal-bhreith, na comhachta agus na dualgaisí céanna bheidh aige maidir leis an toghachán generálta.

Na vótanna do bhéarfar sa phobal-bhreith do choimreamh.

9. —(1) Déanfar na vótanna do bhéarfar sa phobal-bhreith in aon dáilcheanntar ina dtógfar vótaíocht sa toghachán ghenerálta do choimhreamh san áit chéanna agus, chó fada agus is féidir é, an tráth agus sa tslí chéanna ina ndéanfar na vótanna do bhéarfar sa dáilcheanntar san sa toghachán ghenerálta do choimreamh, agus gach duine bheidh i dteideal bheith i láthair ag coimhreamh na vótanna san do bhéarfar sa toghachán ghenerálta beidh sé i dteideal bheith i láthair ag coimhreamh na vótanna san do bhéarfar sa phobal-bhreith.

(2) I ngach dáilcheanntar ná tógfar aon vótaíocht ann sa toghachán ghenerálta toisc gan an méid iarrthóirí bheidh ainmnithe do bheith níos mó ná an méid folúntas a bheidh le líonadh, cuirfidh an ceann coimhrimh don dáilcheanntar san fé ndeár na vótanna do bhéarfar sa phobal-bhreith sa dáilcheanntar san do choimhreamh san áit, an tráth agus, chó fada agus is féidir é, sa tslí chéanna inar ghá do réir dlí na vótanna do bhéarfaí sa toghachán ghenerálta sa dáilcheanntar san (dá dtógtaí vótaíocht ann) do choimhreamh, ach amháin go gcinnfidh an ceann coimhrimh fé mar is rogha leis féin é (fé réir aon treoracha do bhéarfaidh an tAire amach fén Acht so) cé hiad na daoine bheidh i dteideal bheith i láthair ag coimhreamh san na vótanna san.

(3) Ar choimhreamh na vótanna do bhéarfar sa phobal-bhreith i ndáilcheanntar ar bith do bheith críochnuithe ag an gceann coimhrimh don dáilcheanntar san glacfa sé na slite céanna agus déanfaidh na nithe céanna, maidir leis an bpobal-bhreith do thógaint sa dáilcheanntar san, is gá dhó do réir dlí a dhéanamh maidir le vótaíocht do thógaint, ach amháin go ndéanfaidh, díreach ar choimhreamh na vótanna san do bheith críochnuithe, tuairisceán do chur tríd an bpost go dtí ceann coimhrimh na pobal-bhreithe, fé chlúdach ar a mbeidh marcálta “Tuairisceán Áitiúil ar an bPobal-Bhreith”, á rá cadé an méid vótanna do tugadh sa phobal-bhreith ina dháilcheanntar ag aontú leis an Dréacht-Bhunreacht agus cadé an méid vótanna do tugadh amhlaidh ag eas-aontú leis an Dréacht-Bhunreacht agus foillseoidh cóip den tuairisceán san sa tslí is gá dhó do réir dlí toradh vótaíochta do tógfaí d'fhoillsiú.

(4) Gach clúdach ar a mbeidh “Tuairisceán Áitiúil ar an bPobal-Bhreith” marcálta agus a chuirfidh ceann coimhrimh tríd an bpost chun ceann coimhrimh na pobal-bhreithe do réir an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so déanfaidh an tAire Puist agus Telegrafa é do chur ar aghaidh agus do sheachadadh in aisce.

(5) Ar thuairisceáin ar an vótáil sa phobal-bhreith sna dáilcheanntair go léir do bheith faighte ag ceann coimhrimh na pobalbhreithe o sna cinn choimhrimh uile agus fé seach cuirfe sé na tortha san le chéile i bhfuirm táible agus gheobhaidh amach uatha toradh na vótála sa phobal-bhreith, agus foillseoidh san Iris Oifigiúil tuairisceán á dhearbhú cad is toradh don vótáil sin agus a rá cadé an méid iomlán de vótanna do tugadh sa phobal-bhreith ag aontú leis an Dréacht-Bhunreacht agus cadé an méid iomlán de vótanna do tugadh amhlaidh ag eas-aontú leis an Dréacht-Bhunreacht agus á rá freisin, maidir le gach dáilcheanntar, cadé an méid vótanna do tugadh sa phobal-bhreith sa dáilcheanntar san ag aontú leis an Dréacht-Bhunreacht agus cadé an méid vótanna do tugadh amhlaidh ag eas-aontú leis an Dréacht-Bhunreacht.

(6) An foillsiú déanfar san Iris Oifigiúil do réir an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so ar an tuairisceán is gá do réir an fho-ailt sin d'fhoillsiú amhlaidh beidh sé ina fhianaise dhochlaoite ar na nithe uile agus fé seach a bheidh dearbhuithe no ráite sa tuairisceán san, ach amháin sa mhéid go n-atharófar na nithe sin no aon cheann acu ar achuinge toghacháin no dá dhruim.

An tAire do thabhairt treoracha amach.

10. —(1) Féadfaidh an tAire treoracha do thabhairt amach do gach ceann coimhrimh no d'aon cheann coimhrimh, pé treoracha, maidir le stiúradh na pobal-bhreithe agus, go sonnrách, maidir le déanamh do réir na n-achtachán agus le húsáid fuirmeacha i dtaobh toghachán a cuirtear i mbaint leis an bpobal-bhreith tríd an Acht so, is dóich leis an Aire is gá no is oiriúnach chun a chur in áirithe go dtógfar an phobal-bhreith go héasca agus go héifeachtúil agus gurb é an nós imeachta céanna leanfar ina taobh i ngach dáilcheanntar.

(2) Beidh sé de dhualgas ar gach ceann coimhrimh na treoracha uile gheobhaidh ón Aire fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so d'fhorchoimeád agus do chólíonadh.

(3) Má ciríonn aon deacracht agus an phobal-bhreith á tógaint do réir an Achta so, féadfaidh an tAire, le hordú, éinní no aon rud a dhéanamh a chífear dó is gá chun na pobal-bhreithe do thógaint i gceart.

(4) Ní ceanglófar ar aon cheann coimhrimh ná ní húdarófar dó, le treoir do bhéarfar dó ná le hordú dhéanfaidh an tAire fén alt so, éinní dhéanamh (tré ghníomh no tré fhaillí) a bheadh contrárdha don Acht so no dhéanfadh sárú go díreach no go neadhíreach ar sheicréideacht na ballóide sa phobal-bhreith.

Costaisi ceann coimhrimh.

11. —(1) Beidh ceann coimhrimh na pobal-bhreithe agus gach ceann coimhrimh do dháilcheanntar i dteideal a éilithe réasúnta, nach mó ná na suimeanna luadhfar sa scála oiriúnach d'éilithe maximum a leagfar amach fén alt so, alos seirbhísí agus costaisí de sna cineálacha uile agus fé seach a luadhfar sa scála san agus 'na mbeidh sé tar éis iad a thabhairt uaidh no dul fútha go ceart chun crícheanna na pobal-bhreithe no maidir léi.

(2) Déanfaidh an tAire Airgid méid aon éilimh den tsórt san a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so d'íoc amach as an bPrímh-Chiste no as a thoradh fáis ar chuntas a cuirfear chuige do réir rialachán a dhéanfa sé fén alt so, ach, más oiriúnach leis é, féadfaidh an tAire sin, sara n-íoca sé éilithe aon chinn choimhrimh do dháilcheanntar, a iarraidh ar an mBreitheamh den Chúirt Chuarda go ndlighinse sa dáilcheanntar san an cuntas san do mheas agus leis sin cuirfidh an Breitheamh san fé ndeár don chlárathóir chontae an cuntas san do mheas agus a chinneadh cadé an méid is iníoctha fé.

(3) Féadfaidh an tAire Airgid, más oiriúnach leis é, ar n-a iarraidh sin air do cheann choimhrimh na pobal-bhreithe no d'aon cheann coimhrimh do dháilcheanntar, roimh-íoc do dhéanamh, ar pé téarmaí is dóich leis an Aire sin is ceart, leis an gceann coimhrimh sin alos éilithe an chinn choimhrimh sin fén alt so.

(4) An meas a déanfar fén alt so ar chuntas chinn choimhrimh do dháilcheanntar folóidh sé, má orduíonn an Breitheamh amhlaidh ar an gceann coimhrimh sin á iarraidh san air, meas agus cinneadh méide aon éilimh a dhéanfaidh duine ar bith i gcoinnibh an chinn choimhrimh sin alos éinní go mbeidh éileamh déanta ina thaobh sa chuntas san.

(5) Chun crícheanna an ailt seo ordóidh an tAire Airgid scálaí d'éilithe maximum cinn choimhrimh na pobal-bhreithe agus ceann coimhrimh do dháilcheanntair fé seach agus déanfaidh rialacháin freisin ag ordú an ama bhéarfar agus na slí agus na fuirme ina dtabharfar cuntaisí dhó chun éilithe fén alt so d'íoc.

Gearr-theideal.

12. —Féadfar an tAcht Pobal-Bhreithe (Dréacht-Bhunreacht), 1937 , do ghairm den Acht so.