An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III. Ilghneitheach agus Generalta.) Ar Aghaidh (DARA SCEIDEAL. Siuicre, Molas, Glucos, Sacairin—Ratai Diuitethe, Ais-Tarraici agus Liuntaisi.)

18 1937

ACHT AIRGID, 1937

CEAD SCEIDEAL.

Diuitethe Airithe Custum.

Uimh. Thag.

An saghas carra is ionchurtha fé dhiúité

Ráta an diúité

Forálacha speisialta

1

(a) Adhastair mhuiníl le haghaidh ainmhithe, a hiomportálfar ina mór-choda, agus a bheidh déanta go hiomlán no de mhórán, agus a bheidh déanta ar fad no nach mór ar fad d'abhar fhighte, no de théadra, no d'abhar fhighte agus de théadra;

40%

--

(b) earraí is compáirteanna d'adhastair mhuiníl le haghaidh ainmhithe agus a hiomportálfar ina mór-choda agus a bheidh déanta ar fad no nach mór ar fad d'abhar fhighte no de théadra no d'abhar fhighte agus de théadra.

2

Boscaí agus cásaí ná beidh déanta ar fad no nach mór ar fad de mhiotal agus a hiomportálfar folamh agus is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith de shaghas atá oiriúnach agus a húsáidtear de ghnáth chun fáinní, bioráin, dealga, buinn. uaireadóirí, cluig, ceangail chufa, bocóidí agus carraí seodóireachta i gcoitinne do thaisbcáint no do dhíol.

50%

Ní déanfar an diúité forchuirtear le hAlt 1 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 4), 1932 ( Uimh. 34 de 1932 ), agus a luaidhtear ag Uimh. Thag. 16 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san d'éileamh ná do ghearradh ar aon carra is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

3

Snáth abhrais de chadás, de líon no de chnáib a bheidh ina cheirtlín le linn a iomportála.

Scilling agus reul an punt.

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

4

Earraí d'aon tsaghas acu so leanas is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith ceaptha agus beartuithe chun iad do chaitheamh istigh i mbróig no i mbróig

40%

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

ísil chun ainimh no éagcrutha coise do shuaimhniú no do cheartú, sé sin le rá:—

(a) buinn,

(b) tacaí,

(c) peadanna leagha cos.

5

Stocaí, gearra-stocaí agus bandaí leaistic is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith de shaghas a húsáidtear chun éalaingí no éislinní cuirp do mhaolú no do leigheas.

40%

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

6

(a) Adhmad a hiomportálfar sa phíosa agus ar a mbeidh athchroiceann adhmaid curtha dar leis na Coimisinéirí Ioncuim;

50%

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

(b) Athchroicne adhmaid is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do cuireadh fé cheann amháin no níos mó de phróisisí gearrtha, ullamhuithe agus déantóireachta.

7

Tuaslagán greamuitheach gur húsáideadh cúitsiúc chun é d'ullamhú no ina mbeidh cúitsiúc.

50%

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

8

(a) Cláir silte bheidh déanta i bpáirt no go hiomlán d'asbeist agus a bheidh oiriúnach chun iad d'úsáid ar dhóirtil tighe no maidir leo;

Trí scillinge an céadmeáchaint.

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

(b) earraí bheidh déanta i bpáirt no go hiomlán d'asbeist agus a bheidh oiriúnach chun iad d'úsáid i bhfoirgneoireacht no i ndréineáil.

9

(a) Méadair aon-tsrutha (chun tomhaltacht leictreachais do chomhaireamh in uat-uaire) ná tógfaidh níos mó ná céad ampeir de shruth agus is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith cóghabhtha ar fad no de mhórán;

(b) earraí is dóich leis na Coimisinéirí Incuim do bheith ceaptha, déanta agus oiriúnach chun iad d'úsáid mar chompáirteanna de sna méadair a luaidhtear sa mhír sin roimhe seo.

(a) Ar mhéadair— pé ráta acu so leanas gur as do gheobhfar i ngach cás fé leith an méid diúité is mó, sé sin le rá:— 50% no deich scillinge an méadar;

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

(b) Ar chompáirteanna —50%.

10

Gabhadáin uisce nach lugha ná galún agus nach mó ná ocht ngalún fichead a luchtmhaireacht agus is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith ceaptha, déanta agus beartuithe chun iad d'úsáid i gcóraisí cúrsaíochta uisce te agus chun iad do théidheamh le heilimint leictriciúil inmheánach agus leis sin amháin agus is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith có-ghabhtha ar fad no de mhórán.

50%

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

11

(a) Fearas cócaireachta chun úsáide tighe a téidhtear le leictreachas agus leis sin amháin agus gurb é bheidh ann ná oigheann agus ceann ar a laighead agus ceithre cinn ar a mhéid d'fháinní cócaireachta no bheidh ceaptha agus déanta chun san do bheith ann;

25%

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

(b) earraí (seachas eilimintí téidhimh leictriciúla a hiomportálfar ar leighligh) is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith ceaptha,

déanta agus oiriúnach chun iad d'úsáid mar chompáirteanna d'aon fhearas chócaireachta den tsaghas a luaidhtear sa mhír sin roimhe seo.

12

Abhar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do rinneadh ar mheaisín fighe no leis agus a hiomportálfar ina ghréasán agus nach ionchurtha fé dhiúité ar shlí eile.

100%

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

13

(a) Earraí (pe'ca déanta go hiomlán no go leathrannach dóibh) a bheidh déanta ar fad no nach mór ar fad d'abhar fhighte agus is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith oiriúnach chun úsáide pearsanta no chun úsáide tighis no tighe agus is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim nach baill éadaigh ná cóir ghléasta phearsanta agus nach ionchurtha fé dhiúité ar shlí eile;

(b) tarpóil;

(c) earraí (pe'ca déanta go hiomlán no go leathrannach dóibh) d'aon tsaghas acu so leanas a bheidh déanta ar fad no nach mór ar fad de chadás, de línéadach, no d'abhar mheasctha, agus compáirteanna (déanta ar fad no nach mór ar fad d'abhar fhighte) d'aon earraí den tsórt san, sé sin le rá:—

(i) braitlíní talmhan,

(ii) clúdaigh puible,

(iii) cnapsacanna,

(iv) lón-mhálaí,

(v) málaí codlata,

(vi) clúdaigh ámóige;

40%

Earra ar bith is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so agus a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann tar éis í d'easportáil amach as beidh sí saor ón diúité sin má cuirtear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim gur i Saorstát Éireann do rinneadh an earra san agus gur chuige amháin a heasportáladh as Saorstát Éireann í chun aon ní no nithe acu so do dhéanamh uirthi, eadhon, í dhéanamh díonach, í thuaradh, í dhathú, í phéinteáil, í chlóbhualadh no í chríochnú agus nár cuireadh í fé aon phróiseas eile déantóireachta faid a bhí sí lasmuich de Shaorstát Éireann amhlaidh.

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

(d) málaí agus sacanna (pe'ca déanta go hiomlán no go leathrannach dóibh) a bheidh déanta ar fad no nach mór ar fad de chadás fhighte, de línéadach, no d'abhar mheasctha agus a hiomportálfar folamh, agus fós compáirteanna (déanta ar fad no nach mór ar fad d'abhar fhighte) d'aon mhálaí no sacanna den tsórt san.

14

Earraí d'aon tsaghas acu so leanas is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith déanta ar fad no nach mór ar fad d'ailimíne no de chóimmiotal gur ailimíne is príomh-tháthchuid dó no d'ailimíne agus d'aon chóimmiotal den tsórt san le chéile, sé sin le rá:—

50%

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

(a) áruistí tighis no tighe cuasacha;

(b) soithigh agus árthaighe nach mó a luchtmhaireacht ná sé ghalún agus is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith ceaptha, déanta agus oiriúnach chun iad d'úsáid in uachtarlanna no i ndéirithe;

(c) úirlisí sceana dóireachta;

(d) bioráin chniotála;

(e) claibíní do bhuidéil agus do sheáranna.

15

(a) Earraí d'aon tsaghas acu so leanas is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith có-ghabhtha go hiomlán no de mhórán agus a bheidh déanta, no go mbeidh a gcreatlach déanta, ar fad no nach mór ar fad de chruaidh no d'iarann no de chruaidh agus d'iarann le chéile (agus an chruaidh no an t-iarann san i bhfuirm leatháin, stéill, no fonnsa nach mó ná an t-ochtú cuid d'orlach ar tiughas no i bhfuirm feadáin no go leathrannach i bhfuirm agus go leathrannach i bhfuirm no i bhfuirmeacha eile acu san), sé sin le rá:—

(i) búird (ar a n-áirmhítear búird d'ionstruimidí leighis agus búird do chóracha leighis), cathaoireacha, stóil, suidheacháin, tuilg, cupaird, trucailíní bídh, locaird agus scáileáin íoscaidh no scáileáin leapan,

(ii) racaí agus seilpreadh de shaghas is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith ceaptha, déanta agus oiriúnach chun úsáide tráchtála no oifige no leabharlainne, agus gabhadáin chun a n-úsáidthe i dteanta na racaí no an tseilpridh sin,

(iii) comhad-chaibinéidí, comhad-bhoscaí, agus comhad tráidirí is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith ceaptha, déanta agus oiriúnach chun úsáide tráchtála no oifige,

50%

Ní déanfar an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so d'éileamh ná do ghearradh ar aon earra go mbeidh an taobh amuich dhi clúduithe ar fad no nach mór ar fad le sionne ná ar aon earra is ionchurtha,

(a) fén diúité forchuirtear le hAlt 4 den Acht Airgid, 1933 ( Uimh. 15 de 1933 ), agus a luaidhtear ag Uimh. Thag. 12 i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san, no

(b) fén diúité forchuirtear le hAlt 8 den Acht Airgid 1934 ( Uimh. 31 de 1934 ), agus a luaidhtear ag Uimh. Thag. 8 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san, no

(c) fé aon diúité is inéilithe de thurus na huaire de bhuadh orduithe reachtúla (do rinneadh roimh an Acht so do rith) ar áruistí cuasacha gloineach-mhaithnithe.

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

(iv) seastáin taisbeántais tráchtála,

(v) coimeádáin do chairteacha corp-theodhachta, frámaí do sna coimeádáin sin, leabachliabháin mháinliaghachta, frámaí siúil máinliaghachta, tacaí coise, tacaí droma, sínteáin rothacha ospidéil, agus cróchair rothacha;

(b) earraí is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith déanta ar fad no nach mór ar fad de chruaidh no d'iarann no de chruaidh agus d'iarann le chéile (agus an chruaidh no an t-iarann san i bhfuirm leatháin, stéill no fonnsa nach mó ná an t-ochtú cuid d'orlach ar tiughas no i bhfuirm feadáin no go leathrannach i bhfuirm agus go leathrannach i bhfuirm no i bhfuirmeacha eile acu san), agus do bheith ceaptha, déanta, agus oiriúnach go príomhdha chun iad d'úsáid mar chompáirt d'aon earra dá luaidhtear sa mhír sin roimhe seo mar earra is ionchurtha fé dhiúité.

16

Stuic do shuidheacháin agus do chrinlíní bheidh déanta ar fad no nach mór ar fad d'iarann no de chruaidh no d'iarann agus de chruaidh le chéile.

40%

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

17

Cóistí do bhréagáin agus compáirteanna (seachas rothaí) de sna cóistí sin.

50%

Ní déanfar an diúité forchuirtear le hAlt 7 den Acht Airgid, 1936 ( Uimh. 31 de 1936 ), agus a luaidhtear ag Uimh. Thag. 30 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san d'éileamh ná do ghearradh ar aon earra is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

18

(a) Málaí is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith ceaptha, déanta, agus oiriúnach chun cleatha golf d'iompar;

(b) compáirteanna de sna málai luaidhtear sa mhír sin (a) roimhe seo.

40%

Ní déanfar an diúité forchuirtear le hAlt 11 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), agus a luaidhtear ag uimhir thagartha 35 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san d'éileamh ná do ghearradh ar aon earra is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

19

Páipéar ná beidh einní ná aon phátrún clóbhuailte air agus a bheidh, agus é leathnuithe go hiomlán, de mheáchaint is có-ionann le meáchaint is mó ná dhá phunt déag gan bheith níos mó ná céad agus triocha punt an réam de cheithre chéad agus ochtó leathán coróinn dhúbhalta triocha orlach ar fhaid agus fiche orlach ar leithead, ach gan aon pháipéar d'áireamh is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is páipéar d'aon tsaghas acu so leanas, sé sin le rá:—

50%

Ní déanfar an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so d'éileamh ná do ghearradh ar aon earra bheidh déanta de pháipéar is ionchurtha fén diúité sin ná ar aon pháipéar a bheidh, le linn é d'iomportáil, á úsáid mar abhar pacála no fillteála d'earra eile, ná ar aon earra is ionchurtha fén diúité forchuirtear le, hAlt 7 den Acht Airgid, 1936 ( Uimh. 31 de 1936 ), agus a luaidhtear ag Uimh. Thag. 34 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san.

(a) pár bréige (agus páipéar páruithe d'áireamh),

(b) páipéar gréis-dhíonach,

(c) páipéar do cuireadh fé phróiseas uisce-dhíonta le híle, céir, tarra, no pic,

(d) páipéar do cótáladh no do cuireadh fé phróiseas i slí gur tugadh éadan dó cosúil le miotal,

An diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so is diúité é i dteanta agus ní diúité é in ionad an diúité forchuirtear le hAlt 11 den Acht Airgid, 1935 ( Uimh. 28 de 1935 ), agus a luaidhtear ag Uimh. Thag. 15 sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san.

(e) páipéar fillteála tréimhdhearcach ceallulóis, (f) páipéar tréimhdhearcach gloinithe,

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

(g) páipéar den tsaghas ar a dtugtar de ghnáth páipéar nuachtáin,

(h) páipéar do cótáladh i slí gur tugadh éadan dó cosúil le leathar,

(i) páipéar motháluithe atá beartuithe chun é d'úsáid chun seiceanna, grianghrafanna, pátrúin, no tarraiceoireachtaí do phriontáil,

(j) cló-pháipéar cótálta den tsaghas ar a dtugtar de ghnáth páipéar lonnardha,

(k) páipéar lonnardha bréige,

(l) páipéar fé bhioth,

(m) páipéar de shaghas is oiriúnach chun fallaí no síleála do mhaisiú,

(n) páipéar go bhfuil aon abhar fighte ionchorpruithe ann go buan no greamuithe dhe go buan.

20

Rollaí ceoil agus earraí eile dá samhail atá ceaptha agus déanta chun ceol do sheinnt le pianola no le hoirnéis eile dá shamhail.

33½%

Bainfidh forálacha Ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so ach an abairt “Saorstát Éireann” do chur in ionad na habairte “Great Britain and Ireland” agus fé is dá ndeintí earrai is ionchurtha fén diúité sin do luadh sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san, sa liost d'earraí go gcuirtear dhá dtrian den lán-ráta i mbaint leo mar ráta tosaíochta.

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

21

Plátaí gramafóin agus earraí eile dá samhail a bheidh ceaptha agus déanta chun fuaim d'ath-thabhairt amach le gramafón no le hoirnéis eile dá shamhail, ach gan áireamh do dhéanamh ar scannán chinematografach a bheidh ceaptha agus déanta chun fuaim d'ath-thabhairt amach i dteanta le pictiúirí no éifeachtaí eile radhairc do thaisbeáint le cinematograf no le fearas eile dá shamhail.

Naoi bpingne an earra.

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

22

Frámaí miotail cainéaluithe nach lugha a dtimpeall lasmuich ná caoga orlach agus is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith oiriúnach chun iad d'úsáid mar fhrámaí do scátháin agus ná beidh scáthán ionta le linn iad d'iomportáil.

40%

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

23

(a) Feadánra no píopra hóis so-lúbtha bheidh clúduithe no ceangailte le sreang mhiotail, ach gan aon fheadánra ná píopra den tsórt san a bheidh déanta ar fad no nach mór ar fad de chúitsiúc d'áireamh;

50%

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

(b) feadánra no píopra hóis a bheidh déanta de chúitsiúc agus de chanfás le chéile agus go mbeidh a tholl líneálta no feistithe le sreang mhiotail chaisimíneach.

24

Abhar ullamhuithe is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith ceaptha agus oiriúnach chun é d'úsáid chun teinte d'adhaint.

331/3%

--

25

Aon earra acu so leanas a bheidh déanta de ghruaig no ina mbeidh gruaig agus is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith, le linn a hiomportála, déanta go hiomlán no de mhórán, sé sin le rá, peiribhicí, bréagfholta, toupets, bréagchneasa, duail, chignons, trilseáin, cuacha, ulchanna, croimbéil, agus carraí eile dá samhail, ach gan aon earra den tsórt san d'áireamh go gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina taobh gan í bheith á hiomportáil ach chun úsáide amharclainne no chun bheith ina cuid de shamhail-chulaith.

30%

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

26

(a) Uaireadóirí agus oibreacha uaireadóra is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith có-ghabhtha go hiomlán no de mhórán;

(b) compáirteanna d'uaireadóirí, ach gan aon carra d'áireamh is ionchurtha fé dhiúité mar cheann d'oibreacha uaireadóra fén mír sin (a) roimhe seo.

Ar uaireadóirí agus ar oibreacha uaireadóra —pé ráta acu so leanas gur as do gheobhfar i ngach cás fé leith an méid diúité is mó, sé sin le rá:—331/3% no cúig scillinge an earra; ar chompáirteanna is ionchurtha fé dhiúité fé mhír (b) sa dara colún— 331/3%

Bainfidh forálacha Ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so ach an abairt “Saorstat Éireann” do chur in ionad na habairte “Great Britain and Ireland” agus fé is dá ndeintí earraí is ionchurtha fén diúité sin do luadh sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san, sa liost d'earraí go gcuirtear dhá dtrian den lán-ráta i mbaint leo mar ráta tosaíochta.

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so sa mhéid go bhfuil sé inéilithe ar chompáirteanna is ionchurtha fé dhiúité fé mhír (b) sa dara colún.

27

Píopaí gloinithe bheidh déanta ar fad no nach mór ar fad de chré no de chriadha, agus cuingí gloinithe (do phíopaí de shaghas ar bith) a bheidh déanta ar fad no nach mór ar fad de chré no de chriadha.

Scilling agus reul an céadmeáchaint.

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

28

(a) Paisteanna greamuitheacha;

(b) púdair chun paisteanna greamuitheacha d'ullamhú.

37½%

Bainfidh forálacha Ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so ach an abairt “Saorstát Éireann” do chur in ionad na habairte “Great Britain and Ireland” agus fé is dá ndeintí na hearraí is ionchurtha fén diúité sin do luadh sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san, sa liost d'earraí go gcuirtear dhá dtrian den lán-ráta i mbaint leo mar ráta tosaíochta.

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

29

(a) Raicéidí is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do bheith ceaptha, déanta agus oiriúnach chun iad d'úsáid chun tennis, tennis faithche, badminton, raicéidí, no cluichí eile dá samhail d'imirt no chun aon chluiche no cluichí acu san d'imirt;

(b) frámaí agus lúbáin chun úsáide i ndéanamh aon raicéidí den tsaghas a luaidhtear sa mhír sin (a) roimhe seo;

(c) compáirteanna (bheidh déanta ar fad no nach mór ar fad d'adhmad agus a bheidh déanta i bpáirt no go hiomlán agus ná luaidhtear sa mhír sin (b) roimhe seo) d'aon raicéidí den tsaghas a luaidhtear sa mhír sin (a) roimhe seo.

(a) Ar raicéidí, frámaí, agus lúbáin —75% agus deich scillinge an earra;

 

(b) ar chompáirteanna is ionchurtha fé dhiúité fé mhír (c) sa dara colún—75%

Ní déanfar an diúité forchuirtear le hAlt 11 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), agus a luaidhtear ag Uimh. Thag. 35 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san d'éileamh ná do ghearradh ar aon earra is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

An diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so is diúité é in ionad an diúité forchuirtear le hAlt S den Acht Airgid, 1934 (Uimh. 31 de 1934) , agus a luaidhtear ag Uimh. Thag. 15 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san, ach san sa mhéid sin amháin go bhfuil an diúité sin inéilithe alos carraí luaidhtear i mír (a) sa dara colún den Uimh. Thag. san 15.

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

30

Earraí is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is rópa, téad, no sreangán agus do bheith déanta de chadás, de líon, de chnáib, de ráimí, d'iút, de chaighear, no d'aon abhar den tsórt san no d'aon dá abhar no níos mó acu san le chéile, ach gan sreangán ceangaltóra d'áireamh, ná fós aon earra is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do rinneadh ar mheaisín fighe no leis agus do bheith oiriúnach chun í d'úsáid chun iallacha do dhéanamh, ná fós aon earra is cuid d'earra eile le linn í d'iomportáil.

40%

An diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so is diúité é in ionad an diúité forchuirtear le hAlt 8 den Acht Airgid 1934 ( Uimh. 31 de 1934 ), agus a luaidhtear ag Uimh. Thag. 36 sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san.

Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so.

31

Fíon-chaora a hiomportálfar aon 1adh lá de Mheán Fhómhair no dá éis sin agus an chéad 24adh lá de Dheireadh Fómhair ina dhiaidh sin no roimh an lá san, agus is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is fíon-chaora tighe ghloine.

Cúig pingne an punt.

An diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so is diúité é i dteanta gach diúité eile is inéilithe ar an earra.

Pé uair is dóich leis an Aire Airgid, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta, gur ceart san do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú d'aon duine áirithe, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is ionchurtha fén diúité luaidhtear ag an uimhir thagartha so d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha ortha agus an iomportáil sin do dhéanamh gan teora maidir le n-a ham no le n-a méid no maidir le ceachtar acu no go dteora áirithe maidir le n-a ham no le n-a méid, fé mar is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim is ceart.