20 1937


Uimhir 20 de 1937.


ACHT UM CHOMHACHTA FEIDHMIÚCHÁIN (FORÁLACHA IARMARTACHA), 1937.


ACHT CHUN LEASUITHE IOMDHA, A LEANAS AS NA LEASUITHE DO RINNEADH AR AN mBUNREACHT LEIS AN ACHT BUNREACHTA (LEASÚ Uimh. 27), 1936 , NO IS GÁ NO IS OIRIÚNACH DÁ nDRUIM, DO DHÉANAMH AR AN DLÍ, AGUS CHUN SOCRUITHE SPEISIALTA DO DHÉANAMH I dTAOBH AN DUINE BA DHÉANAÍ BHÍ I SEILBH OIFIGE MAR SHEANASCAL. [8adh Meitheamh, 1937.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Bunreachta (Leasú Uimh. 27), 1936 (Uimh. 57 de 1936);

cialluíonn an focal “reacht” Acht—

(a) do rith an tOireachtas roimh an Príomh-Acht, no

(b) do rith Páirlimint Ríochta Aontuithe na Breataine Móire agus na hÉireann do bhí ann tráth, agus ag á bhfuil feidhm dlí i Saorstát Éireann, no

(c) do rith Páirlimint do bhí ina suidhe in Éirinn tráth ar bith sara dtáinig an Union with Ireland Act, 1800, i ngníomh;

cialluíonn an focal “cairt” cairt, leitreacha paitinne, barántas, no ionstruim eile den tsaghas chéanna do dheon no do rinne an Rí, no do thug sé amach, i bhfeidhmiú comhachta príbhléidighe agus ag á bhfuil feidhm dlí i Saorstát Éireann;

foluíonn an focal “Rí” Bainríoghan.

Comhachta áirithe, etc., d'aistriú chun na hArd-Chomhairle.

2. —(1) Gach comhacht, feidhm, dualgas agus dlighinse do bhí, díreach roimh an bPríomh-Acht do rith agus tré mheán ar bith, ina ní dob infheidhmithe no ba ghá a chólíonadh ag an Rí no ag Ionadaí na Coróinneach (pe'ca ar chomhairle, ar ainmniúchán, ar athchomharc no ar chonbharsáid eile no gan aon chonbharsáid den tsórt san é) beidh sé agus tuigfear é bheith, o am an Phríomh-Achta do rith, aistrithe chun na hArd-Chomhairle agus ina ní is infheidhmithe no is gá do chólíonadh (do réir mar a bheidh) ag an Ard-Chomhairle, ach amháin i gcás agus sa mhéid go bhfuil feidhmiú no cólíonadh na comhachta, na feidhme, an dualgais no na dlighinse sin bronnta no forchurtha ar dhuine éigin eile de bhuadh leasuithe do rinne an Príomh-Acht ar an mBunreacht no de bhuadh an Achta Údaráis Fheidhmiúcháin (Caidreamh Coigríche), 1936 (Uimh. 58 de 1936) .

(2) Gach tagairt atá in aon reacht, cairt, ordú, barántas, rialachán no ionstruim eile, ag á bhfuil feidhm dlí agus do ritheadh no do deonadh no do rinneadh roimh an bPríomh-Acht do rith, do chomhacht, d'fheidhm, do dhualgas no do dhlighinse a haistrítear leis an alt so, déanfar, maidir le haon fheidhmiú no cólíonadh ar an gcomhacht no ar an bhfeidhm no ar an dualgas no ar an dlighinse sin tar éis an Phríomh-Achta do rith (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é), í do léiriú agus beidh éifeacht aici mar thagairt d'fheidhmiú no do chólíonadh (do réir mar a bheidh) do dhéanamh ar an gcomhacht, ar an bhfeidhm, ar an dualgas no ar an dlighinse sin ag an Ard-Chomhairle.

Alt 99 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 , do leasú.

3. —(1) An méid sin d'alt 99 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 ( Uimh. 10 de 1924 ) le n-a gceangailtear an dearbhú a horduítear leis an alt san do dhéanamh agus do shighniú ag an bPrímh-Bhreitheamh i bhfianaise an tSeanascail athghairmtear leis seo é o am an Phríomh-Achta do rith, agus ina ionad san achtuítear leis seo go ndéanfar agus go sighneofar an dearbhú san o am an Phríomh-Achta do rith agus dá éis sin, agus go dtuigfear o am an rithte sin é bheith údaruithe agus ceangailte an dearbhú san do dhéanamh agus do shighniú, ag an bPrímh-Bhreitheamh sa chúirt go hoscailte i bhfianaise beirte no níos mó de ghnáth-bhreithiúin na Cúirte Uachtaraighe.

(2) Na focail “ar an gcuma roimhráite” atá sa mhír dheiridh den alt san 99, léireofar iad agus beidh éifeacht acu maidir leis an bPrímh-Bhreitheamh, agus tuigfear éifeacht do bheith acu o am an Phríomh-Achta do rith maidir leis an bPrímh-Bhreitheamh, mar fhocail a thagrann don chuma a horduítear leis an bhfo-alt san roimhe seo den alt so.

An tAcht um Thuarastal agus Theaghlachas an tSeanascail, 1923 , d'athghairm.

4. —(1) Athghairmtear leis seo an tAcht um Thuarastal agus Theaghlachas an tSeanascail, 1923 (Uimh. 14 de 1923) , agus beidh sé fé mar a bheadh sé athghairmthe ar dháta agus o dháta an Phríomh-Achta do rith agus tuigfear chun gach críche é do scur d'éifeacht do bheith aige ar an dáta san.

(2) Chó luath agus a bheidh caoi ann chuige sin tar éis an Achta so do rith, íocfar, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, le Domhnall Ua Buachalla, eadhon, an duine bhí i seilbh oifige mar Sheanascal díreach roimh an bPríomh-Acht do rith, na suimeanna so leanas i lán-tsásamh agus i lán-ghlanadh ar gach éileamh uaidh fén Acht um Thuarastal agus Theaghlachas an tSeanascail, 1923 (Uimh. 14 de 1923) , in aghaidh tréimhse ar bith roimh an bPríomh-Acht do rith no dá éis sin no go leathrannach roimh an bPríomh-Acht do rith agus go leathrannach dá éis sin, sé sin le rá:—

(a) suim dhá mhíle punt, agus

(b) pé suim is gá chun aisíoc do dhéanamh le Domhnall Ua Buachalla san i ngach íocaíocht do rinne sé, agus gur ghá no gur chóir dó dar leis an Aire Airgid í dhéanamh, maidir le n-a thigh comhnuithe oifigiúil agus le fuirinn an tighe sin do chothabháil tar éis an Phríomh-Achta do rith no maidir leis an tigh comhnuithe sin do dhúnadh agus leis an bhfuirinn sin do scaoileadh chun siúil.

(3) Déanfar an tsuim bhliantúil de chúig céad punt, ag tosnú ar dháta an Phríomh-Achta do rith, do mhuirearú ar an bPrímh-Chiste no ar a thoradh fáis agus d'íoc go ráithiúil as a gcéanna le Domhnall Ua Buachalla san le n-a shaol.

(4) Beidh sé dleathach don Aire Airgid íoc do dhéanamh, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, i pé costaisí fé n-a ndeachthas tar éis an Phríomh-Achta do rith maidir le teaghlachas an tSeanascail agus gur ghá no gur chóir, dar leis an Aire sin, dul fútha agus is iníoctha go cóir amach as airgead puiblí.

(5) Gach íocaíocht do rinneadh tar éis an Phríomh-Achta do rith agus roimh an Acht so do rith agus do bheadh ina híocaíocht dhleathaigh, de bhuadh an ailt seo, dá mbeadh an t-alt so i bhfeidhm an uair sin, tuigfear chun gach críche í do dhéanamh fén alt so agus beidh sí agus tuigfear í bheith riamh dleathach dá réir sin.

Comhacht don Ard-Chomhairle chun oiriúnuithe agus aistrithe do dhéanamh.

5. —(1) Féadfaidh an Ard-Chomhairle le hordú, pé uair is ceart san dar leo, aon oiriúnú no atharú do dhéanamh i reacht no i gcairt ar bith, no in aon ordú, barántas, rialachán no ionstruim eile do rinneadh (roimh an bPríomh-Acht do rith) fé reacht no cairt ar bith, is oiriúnú no atharú ná beidh buiniscionn le haon fhoráil den Acht so agus a bheidh, dar leis an Ard-Chomhairle, ina oiriúnú no ina atharú a leanann as an bPríomh-Acht do rith agus is gá no is oiriúnach toisc an Phríomh-Achta do rith.

(2) Féadfaidh an Ard-Chomhairle le hordú, pé uair is ceart san dar leo, aon chomhacht, feidhm, dualgas no dlighinse d'aistriú chun na hArd-Chomhairle agus do bhronnadh no d'fhorchur ortha do bhí, díreach roimh an bPríomh-Acht do rith, ina ní dob infheidhmithe no ba ghá a chólíonadh tré mheán ar bith, ag an Rí no ag Ionadaí na Coróinneach (go gcoinníoll no srian ar bith no dá éamuis) agus ná bronntar ná ná forchuirtear ar an Ard-Chomhairle leis an Acht so ná ar éinne eile de bhuadh leasú do rinne an Príomh-Acht ar an mBunre acht ná de bhuadh an Achta Údaráis Fheidhmiúcháin (Caidreamh Coigríche), 1936 (Uimh. 58 de 1936) .

(3) Gach ordú dhéanfaidh an Ard-Chomhairle fén alt so beidh éifeacht aige do réir a bhrí agus tiocfaidh i bhfeidhm pé lá (roimh dháta an orduithe sin, no ar an dáta san no ina dhiaidh ach nach luatha i gcás ar bith ná dáta an Phríomh-Achta do rith) a ceapfar chuige sin leis an ordú san agus, má bhíonn an lá ceapfar amhlaidh roimh dháta an orduithe sin, tuigfear chun gach críche go raibh an t-ordú san i ngníomh agus go raibh éifeacht aige an lá san agus ón lá san amach.

Comhacht don Ard-Chomhairle chun feidhmeanna, etc., d'aistriú chun Aire den Ard-Chomhairle.

6. —(1) Beidh sé dleathach don Ard-Chomhairle, pé uair is ceart san dar leo, aon chomhacht, feidhm, dualgas, no dlighinse bheidh, de bhuadh an Achta so no de bhuadh orduithe ar n-a dhéanamh fén Acht so, aistrithe chun na hArd-Chomhairle agus dílsithe ionta d'aistriú le hordú chun Aire ar bith den Ard-Chomhairle.

(2) Aon chomhacht, feidhm, dualgas, no dlighinse aistreoidh an Ard-Chomhairle fén alt so chun Aire den Ard-Chomhairle féadfar í d'aistriú amhlaidh, do réir mar is rogha leis an Ard-Chomhairle, i bpáirt no go hiomlán, agus go gcoinníoll no teora no srian no dá éamuis, agus o aon dáta, pe'ca caithte no le teacht dó, ach nach luatha ná dáta an Phríomh-Achta do rith.

(3) Gach ordú dhéanfaidh an Ard-Chomhairle fén alt so ag aistriú comhachta, feidhme, dualgais no dlighinse chun Aire den Ard-Chomhairle oibreoidh sé (fé réir aon leasuithe ar an ordú san agus go dtí go gceiliúrfar an t-ordú san) chun feidhmiú no cólíonadh na comhachta, na feidhme, an dualgais no na dlighinse sin do dhílsiú san Aire sin den Ard-Chomhairle agus do bhronnadh no d'fhorchur air do réir téarmaí an orduithe sin i ngach slí.

(4) Féadfaidh an Ard-Chomhairle le hordú, pé uair is ceart san dar leo, aon ordú bheidh déanta acu fén gcéad fho-alt den alt so do leasú no do cheiliúradh, agus féadfar aon leasú den tsórt san do dhéanamh amhlaidh go n-éifeacht aige o pé dáta, pe'ca caithte no le teacht dó, is ceart dar leis an Ard-Chomhairle ach ní déanfar aon cheiliúradh den tsórt san o dháta roimh dháta orduithe dhéanta an cheiliúrtha san.

Dleathacht ghenerálta do thabhairt do nithe do rinneadh roimhe seo de dhruim an Phríomh-Achta.

7. —Gach gníomh no ní do rinneadh tar éis an Phríomh-Achta do rith agus roimh an Acht so do rith agus go bhfuil a dhleathacht ag brath, i bpáirt no go hiomlán, ar an Acht so no ar ordú ar n-a dhéanamh fén Acht so, beidh sé chó dleathach agus chó héifeachtach, agus tuigfear é bheith riamh chó dleathach agus chó héifeachtach, agus do bheadh dá rithtí an tAcht so no dá ndeintí an t-ordú san go cuibhe fén Acht so sara ndéanfaí an gníomh no an ní sin amhlaidh.

Gearr-theideal.

8. —Féadfar an tAcht um Chomhachta Feidhmiúcháin (Forálacha Iarmartacha), 1937 , do ghairm den Acht so.