|
|||||
|
| Ar Aghaidh (An Achmaireacht ar Sceidil (A) agus (B) da dTagartar san Acht so.) |
| [EN] | ||
Uimhir 22 de 1937. | ||
| [EN] |
ACHT LEITHREASA, 1937. | |
ACHT CHUN SUIMEANNA ÁIRITHE AS AN bPRÍMH-CHISTE DO CHUR CHUN SEIRBHÍSE NA BLIANA DAR CRÍOCH AN tAONÚ LÁ DÉAG AR FHICHID DE MHÁRTA, MÍLE NAOI gCÉAD A hOCHT TRIOCHAD AGUS CHUN NA SOLÁTHAR DO DEONADH SA tSIOSÓN SO DEN OIREACHTAS DO CHUR I LEITHREAS. | ||
[11adh Meitheamh, 1937.] |
ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTAIT ÉIREANN MAR LEANAS:— | ||
Deontaisi as an bPrimh-Chiste. | ||
| [EN] |
£18,790,005 do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste in aghaidh na bliana 1937-38. |
1. —Féadfaidh an tAire Airgid suim ocht milleon déag, seacht gcéad agus nócha míle, agus cúig púint do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste agus í do chur chun iomlánú do dhéanamh ar an soláthar a deonadh chun seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá déag ar fhichid de Mhárta, míle naoi gcéad a hocht triochad. |
| [EN] |
Comhacht don Aire Airgid chun méid suas go dtí £18,790,005 d'fháil ar iasacht. |
2. —(1) Féadfaidh an tAire Airgid aon tsuim no suimeanna ná raghaidh a n-iomlán thar ocht milleon déag, seacht gcéad agus nócha míle, agus cúig púint d'fháil ar iasacht o aon duine agus féadfaidh Banc na hÉireann an céanna do roimh-íoc leis agus chun críche na hiasachta san féadfaidh an tAire Airgid aon urrúsanna do bhunú agus do thabhairt amach ar pé ráta úis agus fé pé coinníollacha i dtaobh aisíoca no fuascailte no éinní eile is oiriúnach leis. |
| [EN] | (2) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thoradh fáis a bheidh muirear colna agus úis aon urrúsanna do bhéarfar amach fén Acht so agus muirear na gcostaisí fé n-a raghfar i dtaobh tabhairt amach na n-urrús san. | |
| [EN] | (3) Aon airgead a gheobhfar de bharr urrúsanna do bhéarfar amach fén Acht so cuirfear chun creidiúna do chuntas an Stát-Chiste é agus beidh sé ina chuid den Phrímh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon tslí 'na mbeidh an Ciste sin ar fáil. | |
| [EN] | Deontaisi do Chur i Leithreas. | |
| [EN] |
Suimeanna vótáladh i gcóir seirbhísí soláthair do chur i leithreas. |
3. —(1) Na suimeanna uile deontar as an bPrímh-Chiste, leis an Acht so agus leis an Acht eile luaidhtear i Sceideal (A) a ghabhann leis an Acht so, chun an tsoláthair a deonadh do dhéanamh iomlán agus 'na ndeineann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal san, suim naoi milleon fichead, ceithre chéad agus sé mhíle ceathrachad, ocht gcéad agus sé púint fhichead, cuirtear iad i leithreas agus tuigfear iad do bheith curtha i leithreas o dháta rithte na nAchtanna luaidhtear sa Sceideal san (A) chun na seirbhísí agus na gcríoch a luaidhtear i Sceideal (B) a ghabhann leis sin. An achmaireacht ar sceidil agus na sceidil a ghabhann léi sin, maraon leis na nótaí (más ann dóibh) a ghabhann leis na sceidil sin, tuigfear gur cuid den Acht so iad díreach fé mar a bheidís i gcorp an Achta so. |
| [EN] | (2) I dteanta na suimeanna deontar leis seo as an bPrímh-Chiste, féadfar na suimeanna a taisbeántar fé seach sa cholún deiridh de Sceideal (B) a ghabhann leis seo agus 'na ndeineann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal san, suim dhá mhilleon, seacht gcéad agus seacht míle nóchad, céad agus naoi bpúint cheathrachad do chur chun úsáide amach as aon airgead a horduítear fé alt 2 den Public Accounts and Charges Act, 1891, a chur chun úsáide mar leithreasaí i gcabhair do sna deontaisí i gcóir na seirbhísí agus na gcríoch a luaidhtear sa Sceideal san. | |
| [EN] |
Gearr-theideal. |
4. —Féadfar, chun gach críche, an tAcht Leithreasa, 1937 , do ghairm den Acht so. |