24 1937


Uimhir 24 de 1937.


ACHT OISPIDÉAL BHAILE ÁTHA CLIATH, 1937.


ACHT CHUN AN BHUIRD MHAOIRSEOIREACHTA DO CEAPADH FÉ ALT 11 DEN DUBLIN HOSPITALS REGULATION ACT, 1856, DO SCUR, CHUN DEIREADH DO CHUR LE hOIFIG RÚNAÍ AN BHUIRD SIN, AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE EILE BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE.

[14adh Meitheamh, 1937.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Minithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí;

cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an Dublin Hospitals Regulation Act, 1856;

cialluíonn an abairt “an Bord” an Bord Maoirseoireachta do ceapadh fé alt 11 den Phríomh-Acht.

An lá ceaptha.

2. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, lá do cheapadh chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna an Achta so.

(2) San Acht so cialluíonn an abairt “an lá ceaptha” an lá ceapfar fén alt so chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna an Achta so.

An Bord do scur agus deireadh do chur le hoifig Rúnaí an Bhúird.

3. —Ar an lá ceaptha beidh éifeacht ag na forálacha so leanas de bhuadh an ailt seo, sé sin le rá:—

(a) tiocfaidh an Bord chun bheith agus beidh sé scurtha;

(b) tiocfaidh deireadh le hoifig rúnaí an Bhúird, oifig do bunuíodh le halt 14 den Phríomh-Acht, agus beidh deireadh léi;

(c) an duine bhí, díreach roimh an lá ceaptha, i seilbh oifige sin an rúnaí scuirfidh de bheith i seilbh na hoifige sin.

Maoin an Bhúird d'aistriú.

4. —(1) An mhaoin uile, réalta no pearsanta (agus rudaí-ar-fiunraoi d'áireamh), a bheidh, díreach roimh an lá ceaptha, dílsithe sa Bhord no dá gcuid féin acu no i seilbh ar iontaoibh dóibh agus gach ceart, comhacht agus príbhléid a bhaineann no ghabhann le haon mhaoin den tsórt san tiocfaid chun bheith agus beid, ar an lá ceaptha agus gan leithliú ná sannadh ar bith ach fé réir a n-aistrithe i leabhair aon bhainc, corpráide no cuideachtan más gá san, dílsithe i gCoimisiún na nOspidéal no dá gcuid féin acu no i seilbh ar iontaoibh dóibh (fé mar is gá sa chás) chun an estáit, an téarma no an leasa uile chun a rabhadar, díreach roimh an lá ceaptha, dílsithe sa Bhord no dá gcuid féin acu no i seilbh ar iontaoibh dóibh.

(2) An mhaoin uile a haistrítear leis an alt so agus a bheidh, díreach roimh an lá ceaptha, i leabhair aon bhainc no cláruithe i leabhair aon bhainc, corpráide no cuideachtan in ainm an Bhúird, aistreoidh an banc no an chorpráid no an chuideachta san í sna leabhair sin chun ainm Choimisiún na nOispidéal ar n-a iarraidh sin do Choimisiún na nOispidéal an lá ceaptha no aon uair ina dhiaidh sin.

(3) Gach rud-ar-fiunraoi a haistrítear leis an alt so ón mBord go dtí Coimisiún na nOispidéal féadfaidh Coimisiún na nOispidéal, an lá ceaptha agus dá éis sin, dul chun dlí mar gheall air no é do bhaint amach no é d'fhoirfheidhmiú ina n-ainm féin agus ní gá do Choimisiún na nOispidéal fógra, i dtaobh an aistrithe deintear leis an alt so, do thabhairt don té ar a mbeidh an rud-ar-fiunraoi sin ina cheangal.

Fiachaisí an Bhúird d'aistriú.

5. —Na fiacha agus na fiachaisí eile go léir (ar a n-áirmhítear fiachaisí nea-shocruithe do tháinig as torta no as sáruithe connartha) a bheidh, díreach roimh an lá ceaptha, dlite ar an mBord agus gan íoc acu no curtha suas agus gan glanadh acu tiocfaid chun bheith agus beid, ar an lá ceaptha, ina bhfiacha no ina bhfiachas ar Choimisiún na nOispidéal agus íocfaidh no glanfaidh Coimisiún na nOispidéal iad agus féadfar iad do bhaint díobh no iad d'fhoirfheidhmiú ina gcoinnibh dá réir sin.

Rúnaí an Bhúird do dhéanamh iarratais ar chúiteamh.

6. —I gcás an duine is sealbhóir, díreach roimh an lá ceaptha, ar oifig rúnaí an Bhúird, oifig do bunuíodh le halt 14 den Phríomh-Acht, do dhéanamh iarratais tar éis an lae cheaptha chun an Aire ar chúiteamh alos deireadh do chur leis an oifig sin aige de bhuadh an Achta so, féadfaidh an tAire a ordú do Choimisiún na nOispidéal pé suim (nach mó ná céad agus caoga punt), is dóich leis an Aire do réir a dhiscréide féin is ceart, d'íoc leis an duine sin agus leis sin íocfaidh Coimisiún na nOispidéal an tsuim sin leis an duine sin agus, mara n-íoctar í, féadfar í bhaint amach mar fhiacha ghnáth-chonnartha in aon Chúirt dlighinse inniúla.

Costaisí.

7. —Déanfaidh Coimisiún na nOispidéal na costaisí fé n-a raghaid agus iad ag feidhmiú a bhfeidhmeanna fén Acht so d'íoc as na suimeanna san a híocfar leo fé fho-alt (1) d'alt 16 d'Acht na nOispidéal Puiblí, 1933 ( Uimh. 18 de 1933 ), fé is dá mba chostaisí fé n-a raghaidís agus iad ag feidhmiú a bhfeidhmeanna fén Acht san na costaisí sin.

Athghairm.

8. —Deintear leis seo ailt 11 go 18 den Phríomh-Acht d'athghairm agus beidh éifeacht ag an athghairm sin an lá ceaptha agus ón lá san amach.

Gearr-theideal.

9. —Féadfar Acht Oispidéal Bhaile Atha Cliath, 1937 , do ghairm den Acht so.