An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV. An Iomarca d'eileamh ar Earrai na Baineann Orduithe Praghais leo.) Ar Aghaidh (CUID VI. Foralacha Ilghneitheacha.)

26 1937

ACHT CHUN PRAGHSANNA DO RIALÚ, 1937

CUID V.

Liostai de Phraghsanna Mion-Diola do Thaisbeaint i Siopai Mion-Diola.

Molta maidir le liostaí de phraghsanna do thaisbeáint i siopaí mion-díola.

41. —(1) Féadfaidh an Coimisiún tuarasgabháil (dá ngairmtear tuarasgabháil i dtaobh liosta de phraghsanna sa Chuid seo den Acht so) do thabhairt don Aire á rá gurb é a dtuairim go raghadh sé chun leasa na puiblíochta an tAire do dhéanamh orduithe fén gCuid seo den Acht so á cheangal ar gach duine bhíonn ag mion-díol aon chiníl no cineálacha áirithe (a míneofar sa tslí sin agus do réir na nithe sin is ceart dar leis an gCoimisiún) d'earra áirithe in aon áit i Saorstát Éireann no in áiteanna áirithe i Saorstát Éireann (fé mar a luadhfar sa tuarasgabháil sin) liost ar a mbeidh praghas mion-díola gach ciníl fé leith den earra san do thaisbeáint san áitreabh ina mbíonn an gnó san ar siúl ag an duine sin.

(2) Féadfaidh tuarasgabháil i dtaobh liosta de phraghsanna baint le níos mó ná aon earra amháin.

(3) Luadhfar i ngach tuarasgabháil i dtaobh liosta de phraghsanna—

(a) na fáthanna atá le tuairim an Choimisiúin go raghadh sé chun leasa na publíochta an t-ordú is abhar don tuarasgabháil do dhéanamh;

(b) gach cineál fé leith den earra no de sna hearraí le n-ar cheart baint do bheith ag an ordú beartuithe;

(c) an dáta mholann an Coimisiún chun an orduithe bheartuithe do theacht i bhfeidhm, agus ré an orduithe sin;

(d) an líomatáiste mholann an Coimisiún gur cheart an t-ordú beartuithe do bhaint leis;

(e) an tslí mholann an Coimisiún is ceart a chur mar cheangal leis an ordú beartuithe an liost de phraghsanna do thaisbeáint.

Orduithe praghas mion-díola taisbeáint).

42. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo, féadfaidh an tAire, pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é, ordú (dá ngairmtear ordú praghas mion-díola (taisbeáint) sa Chuid seo den Acht so) do dhéanamh á cheangal ar gach duine bhíonn ag mion-díol aon chiníl no cineálacha áirithe (a míneofar sa tslí sin agus do réir na nithe sin is ceart dar leis an Aire) d'earra áirithe in aon líomatáiste áirithe liost ar a mbeidh praghas mion-díola gach ciníl fé leith den earra san do thaisbeáint, sa tslí a héilítear leis an ordú san, in aon áitreabh, feithicil, stalla, both, no seastán eile ina mbíonn an gnó san ar siúl aige sa liomatáiste sin.

(2) Féadfaidh ordú praghas mion-díola (taisbeáint) baint le níos mó ná carra amháin.

(3) Féadfaidh an tAire, le hordú fén bhfo-alt so ordú praghas mion-díola (taisbeaint) do cheiliúradh no do leasú.

(4) Déanfar gach ordú praghas mion-díola (taisbeáint) fén alt so d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus luadhfar ann an dáta (ná beidh níos luatha ná deich lá tar éis dáta a fhoillsithe san Iris Oifigiúil) ar a mbeidh an t-ordú san le teacht i bhfeidhm.

(5) Ní dhéanfaidh an tAire ordú praghas mion-diola (taisbeáint) maidir le haon chineál d'earra mara bhfaighe sé tuarasgabháil i dtaobh liosta de phraghsanna alos an chiníl sin den earra san ach nuair a bheidh an t-ordú san á dhéanamh ag an Aire ní bheidh téarmaí ná aon cheann de théarmaí na tuarasgabhála san ina cheangal air.

Ciontaí maidir le horduithe praghas mion-díola (taisbeáint).

43. —Má dheineann duine ar bith éinní is sárú ar ordú praghas mion-díola (taisbeáint) a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire no má theipeann air no má fhaillíonn sé déanamh do réir orduithe den tsórt san, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air másé an chéad chionta aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin aige é, fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná trí mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.