27 1937


Uimhir 27 de 1937.


ACHT TORA TALMHAÍOCHTA (ARBHAR) (LEASÚ), 1937.

ACHT CHUN NA nACHTANNA TORA TALMHAÍOCHTA (ARBHAR), 1933 GO 1936, DO LEASÚ TRÉ N-A SHOCRÚ, MAIDIR LE CRUITHNEACHTAIN GO nDEINTEAR AN PLÚR DO GHEIBHTEAR AISTI D'ÚSÁID CHUN BRIOSCAÍ DO DHÉANAMH, GO nDÚNFAR AMACH Í NUAIR A BEIFEAR Á ÁIREAMH, CHUN CRÍCHEANNA NA nACHTANNA SAN, CADÉ AN MÉID CRUITHNEACHTAN DO MEILEADH I MUILTE BHEIDH CEADÚNUITHE FÉ SNA hACHTANNA SAN, AGUS CHUN AILT 30 DEN ACHT TORA TALMHAÍOCHTA (ARBHAR), 1933 , DO LEASÚ. [12adh Mí na Samhna, 1937.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

cialluíonn an abairt “na hAchtanna” na hAchtanna Tora Talmhaíochta (Arbhar), 1933 go 1936;

tá leis na habairtí “ceadúnas muilneoireachta”, “roimh-thréimhse quota” agus “bliain quota” na bríonna cuirtear leo fé seach leis na hAchtanna.

Cruithneacht do meileadh ina plúr do húsáideadh chun brioscaí do dhéanamh do dhúnadh amach nuair a beifear á áireamh cadé an méid cruithneachtan do meileadh ina plúr i muilte ceadúnuithe.

2. —Má chuireann an té is sealbhóir cheadúnais mhuilneoireachta alos muilinn ina luighe ar an Aire go ndearna duine no go bhfuil beartuithe ag duine bhíonn ag gabháil do dhéantóireacht bhrioscaí chun iad do dhíol ina mór-choda an plúr do fuarthas as méid áirithe cruithneachtan do meileadh ina plúr sa mhuileann san i rith na roimh-thréimhse quota no i rith aon bhliana quota don mhuileann san d'úsáid chun brioscaí do dhéanamh. féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, a ordú go ndéanfar, nuair a beifear á áireamh, chun aon chríche de chrícheanna na nAchtanna, cadé an méid cruith neachtan do meileadh ina plúr sa mhuileann san i rith na roimhthréimhse quota no na bliana quota san (do réir mar a bheidh) caindíocht de chruithneachtain is có-ionann leis an méid áirithe sin d'fhágaint as an áireamh, agus beidh éifeacht do réir a bhrí ag aon ordú den tsórt san.

Alt 30 den Acht Tora Talmhaíochta (Arbhar), 1933 , do leasú.

3. —Deintear leis seo alt 30 den Acht Tora Talmhaíochta (Arbhar), 1933 ( Uimh. 7 de 1933 ), mar a leasuítear san le halt 9 den Acht Tora Talmhaíochta (Arbhar), 1934 ( Uimh. 41 de 1934 ), do leasú tríd an mír bhreise seo leanas do chur isteach i bhfo-alt (1) den alt san 30, sé sin le rá:—

“(d) aon tsuim is iníoctha leis an Aire fé mhír (a) no mír (b) den fho-alt so beidh sí ina fiacha bheidh dlite don Aire agus iníoctha leis agus féadfar í do bhaint amach mar fhiacha gnáth-chonnartha i gcúirt dlighinse inniúla,”

agus léireofar an t-alt san 30 agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Costaisí an Aire.

4. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costaisí uile fé n-a raghaidh an tAire chun an Achta so do chur in éifeacht

Gearr-theideal agus có-luadh.

5. —Féadfar an tAcht Tora Talmhaíochta (Arbhar) (Leasú), 1937 , do ghairm den Acht so, agus féadfar na hAchtanna Tora Talmhaíochta (Arbhar), 1933 go 1937, do ghairm de sna hAchtanna Tora Talmhaíochta (Arbhar), 1933 go 1936, agus den Acht so le chéile.